Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Guth na mBárd - Cailín Deas Crúidhte an mBó

Title
Guth na mBárd - Cailín Deas Crúidhte an mBó
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1905
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Guth na mBárd.



Cailín Deas Crúidhte an mBó.



I.



Ar maidin cois leasa ar rúcht dom
'Seadh dhearcas an chúilfhionn dheas óg
Bhí sí teamfaidhthe maiseamhail múinte
'S ar leacain bhí lúireamh mar rós
Do leogas mo lámh ar a malainn is do dhiúltuigh
Sí dúntacht a' dúbalt na bpóg, —
Ó's nach meidhreach mar a raghainn-se fé'n bhfúnsa
Le cailín deas crúidhte na mbó.



II.



Do ghabhas thré bacha ba crúidhte
Is mé tuirseach tinn tabharthach go leor
Ó tharrach an ama gan congnamh
Cois leasa is mé 'spiúnadh na bhfód.
Do dhearcas an ainnir mhilis mhúinte
Bhí maiseamhail clúmhail go leoir
Do shuidheas-sa 'n-a haice is dá gcaillfidhe chúig
phúinnt leis,
Deoch bhainne gan chúntal do gheobhann.



III.



Achraim ar Mhuire is ar a hÚr-mhac
Nár chaillidh tu crúidhteacht do bhó,
Nár laighduighidh sé do chana 'ná do chrúsca
Dá n-eolainn-se piúnt de nó dhó;
Arú, éist suas, a ghaige gan mhúineadh
Gheobha' tú an maide ód' chúl go dtí d' bhróig
Is measa liom m'athair 'sa chúigear
Gan a mbréagadh is a thabhairt doíbh len' ól.



IV.
Ó's, a Mhollie, ná bíodh mearaidhe ná gruaim ort,
Ó ní gaige ró-mhór mé go leor,
Ó mo chorrán im' dheas-láimh chun buanadh
Is mo chamán chun fuadaigh sa ghleo,
Mo sheisreach ar deiseal ná ar tuathal
Is a phunnann-sa á bhualadh ar a gcomhair, —
Agus leat-sa go raghainn-se go Lonndain,
A chailín deas crúidhte na mbó!



Gluais.
Rúcht, rocht, reaching; teamfaidhthe, light-hearted; lúireamh,
brilliancy; dúntacht, pressing, closeness; dúbalt, enticement,
attraction; fúnsa, a hoop, probably the marriage-ring; bacha =
macha, a “bawn” or herd of milch-cows; tabharthach, jaded, tired;
ama, yoke; spiúnadh, stirring, digging; go leoir = go léir,
beyond measure; cúntal = cúntas, reckoning; achraim, I beg,
call; bréagadh, the act of soothing; mearaidhe, frenzy, confusion
of mind; buanadh, act of reaping.



Conán Maol

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services