Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cúrsaí an tSaoghail - An tSiúite le lucht an Phosta

Title
Cúrsaí an tSaoghail - An tSiúite le lucht an Phosta
Author(s)
Cathach,
Pen Name
Cathach
Composition Date
1905
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cúrsaí an tSaoghail



An tSiúite le lucht an Phosta.



Tá na Gaedhilgeoirí agus lucht an
Phosta i n-árach a chéile fá láthair, agus is
cóir dúinn an sgéal do mhíniughadh do
léightheoiríbh an CHLAIDHIMH SOLUIS.
Ní maith le lucht an Phosta litreacha
muinighthe i nGaedhilg a bheith ag dul
thríd an bposta gan iad féin i n-ann
iad a léigheadh; agus níl éan-fhonn ortha
Gaedhilgeoirí a ghlacadh isteach ins na
hoifigibh de chongnamh dhóibh. Tá léigh-
theoiri an CHLAIDHIMH SHOLUIS i n-ann
a bheag nó a mhór Gaedhilge a scríobh-
adh, an chuid is dona aca; agus is maith
liom éan-athchuinge amháin a chur ortha,
agus tá súil agam nach ndéanfaidh siad
faillighe dhi. Is í an athchuinge atá mé
a chur ortha: gach éan-duine aca
cúpla litir a mhuiniughadh i nGaedhilg
agus a gcur chuig duine éigin dá gcáir-
díbh thríd an bposta i n-imtheacht na
míosa so. Má cuirtear an iomad
litreacha thríd an bposta ins gach uile
cheárd de'n tír, caithfidh lucht an
Phosta géilleadh, agus tús a thabhairt do
Ghaedhilgeoiríbh a bhéas ag iarraidh a
fhágháil isteach ins na hoifigíbh.



Is mór an t-iongantas, len' fhad is
tá an teanga Ghaedhilge dá teasgasg,
nach mbeadh gach uile dhuine i n-ann a
ainm agus a shloinneadh féin a sgríobhadh i
nGaedhilg. Duine ar bith nach bhfuil i
n-ann an méid sin a dhéanamh is beag
an mhaith é. Agus má's de'n bhunadh
Ghaedhealach é, agus muna dtig leis a
ainm agus a shloinneadh a chur síos i
nGaedhilg, is deacair dó a rádh le fír-
inne go dtig leis a ainm a sgríobhadh
chor ar bith; maidir le leas-ainm a
chur síos dó féin sa mBéarla, níl
éan-bhaint aige leis an ainm sin. Tá
go leor ainmneacha dá dtabhairt ar
dhaoinibh i nÉirinn nach bhfuil éan-bhaint
aca féin ná ag éan-dhuine eile leo.
Cuir i gcás daoine de mhuintir
Mhurchadha a dtugtar “Murphys”
ortha — is mó an cosamhlacht atá ag an
ainm sin le ainm fata 'ná le ainm
duine. Níl annsin acht samhail de na
hainmneachaibh — nó de na leas-ainm-
neachaibh a b'áil liom a rádh — atá
Clanna Gaedheal a thabhairt ortha féin
gach uile lá.



Sheas na leas-ainmneacha sin maith
go leor fhad is bhí an oiread sin
aineolais ag baint do na daoinibh agus
go nglacfaidís le ainm ar bith a
thogrócadh an Sasanach a thabhairt ortha.
D'fhágadar 'na ndiaidh na hinmneacha
a bhí ag rith le n-a sinsear, agus ghlacadar
le ainmneachaibh eile a bhí ag tigheacht
leis an teangaidh Bhéarla. Bhí an
t-athrughadh sin ag dul ar na hainm-
neachaibh i nÉirinn le os cionn céad
bliadhain; agus an té nach bhfuil fios
aige níos fearr is é an t-ainm
Sasanach a chuirfeas sé síos dó féin.
Le goirid anuas táthar ag éirghe níos
meabhraighe agus níos foghlumtha ná bhítí;
agus tá a lán daoine ag cur suas cruinn
críochnuighthe do na leas-ainmneachaibh.



Fághann an lá locht ar obair na
hoidhche adeirtear. Is iomdha locht i
gcúrsaibh na hÉireann is léar do
Ghaedhealaibh do réir mar tá an
fhoghluim ag dul ar aghaidh ina measg
arís. Is beag locht ar bith is measa
'ná an chaoi ar leigeadh do na Sas-
anachaibh ainmneacha na nGaedheal a
mhilleadh fré chéile mar rinneadar.
Tá go leor de mhuinntir an oileáin seo
sa riocht agus nach bhfuil 'fhios aca go
dearbhtha cé an t-ainm a bhí ag rith le
n-a sinsear. Níl a mhalairt le
déanamh aca sin acht gabháil leis
an leas-ainm a bhaist an Sasanach
ortha; sin, nó buille fá thuairim a
thabhairt do'n ainm badh cheart a bheith
ortha. Is teachtmhaire go mór ainm
Gaedhealach ar bith dhóibh 'ná comhartha
an tSasanaigh. Is fearr marcaidheacht
ar ghabhar ná coisidheacht dá fheabhas.
Is beag duine a rachadh ag marcaidh-
eacht ar ghabhar dá mbeadh éan-ghléas
marcaidheacht eile aige.



Agus ní hé amháin gur hathruigheadh
ainmneacha agus sloinnte na ndaoine,
acht cuireadh leagan gallda ar ainm
gach uile áite sa tír mar an gcéadna.
Tá na haimneacha sin chomh gream-
uighthe anois de na háiteachaibh agus gur
mór an céim iad a athrughadh. Acht is
fiú é a dhéanamh. Tá ciall agus ughdar i
gcomhnaidhe leis an ainm Gaedhilge,
acht ní bhíonn ciall ná réasún leis an
ainm Béarla. Cuir i gcás “Baile na
nAmadán” (má tá a leithéide d'áit i
nÉirinn) — ba rí-fheileamhnach an t-ainm
é sin le thabhairt ar áit — is iomdha áit
a bhfeilfeadh sé. Acht nuair a cuir-
tear foirm Bhéarla ar an bhfocal, agus
nuair a tugtar “Ballynanamidane”
ar an áit — is fada an focal é ní
bréag nach fada — níl bun ná barr
leis, ná míniughadh. Dá dhonacht iad
na hamadáin is measa iad nuair a
cuirtear as a n-ainm iad.



Tá corr-áit mar sin, b'fhéidir, a
bhfeilfeadh sé an t-ainm atá air a
phlúcadh fá fhalainn an Bhéarla, acht is
corr-áit é. Níl mórán áiteacha i
nÉirinn nach bhfuil ainmneacha teacht-
mhara ortha; agus is mór an feall
na hainmneacha breágha sin a leig-
ean do léig. Sílim go bhfuil neart
ughdair tugtha agam cé an fáth ar
cheart do'n Éireannach a ainm agus a
shloinneadh a sgríobhadh i nGaedhilg, agus
ainm a n-ionaid-chomhnaidhthe a thabhairt i
nGaedhilg freisin. Tá súil agam dá
bhrígh go ndéanfaidhe léightheoirí an
CHLAIDHIMH SOLUIS a gcuid litreacha
a mhuiniughadh i nGaedhilg i gcomhnaidhe,
'sé sin murab fhuil litir a bhfuil
cruadhóg mhór léithi. Tá súil agam
go ndéanfaidh siad sin, go háirithe an
mhí seo fhad agus tá an tsiúite ar bun
idir na Gaedhilgeoirí agus lucht an Phosta.



Cathach.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services