Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Céad-Imeachta na Gaedhilge II

Title
Céad-Imeachta na Gaedhilge II
Author(s)
Cú Uladh,
Pen Name
Cú Uladh
Composition Date
1904
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Céad-Imeachta na Gaedhilge



II.



Níor casadh orm riamh & is dóigh
liom nach gcasfaidh orm choidhche fear
dob' árd-aigeantaighe & dob' uaisle
mian & nádúir ná Mícheál Ó hEoghusa.
Bhí croidhe aige chomh mór le cruaich
mhóna, & chomh bog le croidhe girsighe.
Ní raibh smuaineadh 'na aigneadh ná 'na
chroidhe acht amháin smuaineadh ar chúis
na tíre & cúis na Gaedhilge do chur ar
aghaidh & an méid maitheasa d'fhéadfadh
sé dhéanamh do'n uile duine do thárla
trasna air. Mo dhuine bocht! is
dóigh liom anois go raibh greim an fhir
bháidhte air ag an ngalar mharbhtha úd
do rug leis sa deireadh é an chéad lá
riamh ar casadh orm-sa é. Bhí sé
beagán crapuighthe 'na ghuailníbh & é
tana go maith, & an dath ag imtheacht
as a ghruaidh. Is cosmhail gur fear
mór láidir gaisgeamhail do bhí ann
roimhe ré acht nach raibh aithne agam-sa
air an uair sin. Acht ní raibh fhios
agam-sa, ná aige féin acht oiread, go
raibh galar nó aicíd ag baint leis an
chéad bhliadhain do bhí mise i Lios na
gCearrbhach. Bhí a chroidhe chomh éad-
trom le croidhe gasúir. Nuair a bhíodh
na cruinnighthe úd againn b'éigin do'n
bheirt eile imtheacht 'na' bhaile fá am
luighe tráthamhail. Bhí bean & clann
ag Mícheál Mac Maolcraobhaigh, & bhí
Séamus Ó Duibhne faoi chumann eile
gur bh'éigin dó bheith sa tigh féin ag a
deich a chlog nó mar sin. Cha raibh de
dhith ar Mhícheál Ó hEoghusa ná orm
féin éirghe go luath & cha raibh clann ná
cúram againn. Cha raibh fiú gabhair
ar cnoc againn, & mar adeir an sean-
rádh badh chóir go mbeadh suaimhneas
ar sop againn. Sé an rud a thainig
de sin gur minic shuidheamar go dtí
an mheadhon oidhche & b'fhéidir, dá
ndéarfainn é, tamaillín 'na dhiaidh
& go dearbhtha is iomdha sin rud ar
chuireamar tré n-a chéile ar feadh na
bliadhna go leith úd. Thuitimís
amach beagán anois & arís mar gheall
ar poilitidheacht, mar chuidigh seisean
go tréan le Parnell i gcomhnaidhe.
Acht níor thuiteamar amach ar fad
ariamh. Cha raibh Mícheál bocht chomh
dorrdha dú-chroidheach liom-sa & nuair
a bhéinn-se agá cur go géar air sé an
rud a thuitfeadh sé siar leis na
gáiríbh nó d'innseochadh sé sean-sgéal
do bhainfeadh an nimh as an sgéal ar
fad.



Ba ag Mícheál Ó hEoghusa a bhí an
Gaedhilg dob' fhearr. Rinne sé
stuidéar de'n teanga nuair bhí sé ar
sgoil an mhúinteachais & fuair dearbh-
sgríbhinn ó na Coimisinéiridhthibh go
raibh d'acfuinn aige Gaedhilg do
theagasg do na páistíbh. Is beag
úsáid do rinne sé de'n dearbh-
sgríbhinn sin riamh mar nár theastuigh
an Ghaedhilg ó mhuinntir Aondroma an
uair sin. Rinne sé sár-obair arís,
an duine bocht, nuair nach raibh sé ró-
ábalta ar dadaidh do dhéanamh ag
teagasg Gaedhilge do Ghaedhilgeoiríbh
na háite.



Corr-uair anois & arís thárlóchadh
duine linn a raibh Gaedhilg aige. Bhí
sean-duine 'na chomhnaidhe sa bhaile ó
Chonndae na Gaillimhe & bhí Gaedhilg
mhaith aige i n-aimsir a óige, acht bhí sé
ag déanamh dearmaid di an uair seo,
acht is minic fuaramar sean-ráidhte &
sean-sgéalta uaidh. Bhí diúlach óg
eile as Tír Chonaill a thug cuairt
orainn anois & arís. Bhí sé 'na mhan-
gaire siubhail. Bhí Gaedhilg an-bhreagh
aige & d'innis sé dúinn gur fiú mórán
airgid dó an Ghaedhilg. Ag seo an
fheidhm do bhainfeadh sé aisti. Rachadh
sé go dtí tigh mhór san duthaigh & a
mháilín ar a mhuin do dhíol earraidh
éigin. Anois, dá labharfadh sé Sacs-
Bhéarla mar chách cha déanfaidhe acht é
thiomáint ó'n doras & b'fhéidir na
madaidh do dhreasughadh ann. Acht
chuirfeadh mo bhuachaill dílinn Gaedhilge
as nach dtuigfeadh Eidhear na gCaora
mBán, & rithfeadh an bain-sheirbhíseach
fá choinne a máighistreás go bhfeic-
feadh sí an coigcríochach do bhí ag an
doras. Labharfadh mo bhuicín an
Ghaedhilg leis an máighistreás go dtí
go mbeadh sí bodhar ag éisteacht leis.
Annsin labharfadh sé de Bhéarla briste
léithi do chur i n-umhail di gur Alla-
máineach nó Spáinneach nó Franncach
é & gur dheacair dó aon éifeacht do
dhéanamh san tír choimhtighigh seo, go
sonnradhach mar nach raibh Béarla i
gceart aige, & sé an deireadh do
bheadh ar an sgéal go dtiubhradh bean
a' tighe isteach é & proinn bídh do
ghléasadh dhó & neitheanna do cheannach
uaidh. Chá dhéanfadh sé dearmad 'na
dhiaidh sin ciafraighe ceodha eile do
dhíol leis na cailínibh aimsire, & ann-
sin shiubhalfadh sé leis & a theanga 'na
leath-phluic aige ag déanamh magaidh
fútha. Dá sáróchadh an cleas so air
d'innseochadh sé úir-sgéal eile mar
gur Protastúnach nó Pailitíneach é ó
Mhór-Thír na hEorpa, & go raibh na
Catoilicigh i nÉirinn ghá chur go géar
air mar gheall ar a chreideamh, & ní
baoghal ná go bhfuighbheadh sé béile
maith bídh ar an tséala sin. Buachaill
glic stuamdha, nó Éireannach binn
bréagach do bhí ann & sé an sgéal
deireannach do chualas fá dtaoibh de
go bhfuil na mílte punnt airgid
cruinnighthe aige, acht mar sin féin
níor thaitin a chuid cleasuidheachta go
ró-mhaith linn.



Cú Uladh.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services