Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Éire - Laochas is Seanchus

Title
Éire - Laochas is Seanchus
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1904
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Éire



Léigheachta do léigh Conán Maol
do
Ghaedhealaibh Lonndain, 1903-4.



AN TRÍOMHADH CHEANN



Laochas is Seanchus.



Dá mhéid é teist na hÉireannach i dtaobh a gcapall
ba mhó go mór é i dtaobh a ngadhar fiadhaigh. Bhí an
míol-chú chomh láidir sin is go muirbheochadh aon cheann
amháin aca mactíre.



I n-aimsire Néill Naoi-nGiallaigh, rí Éireann
beireadh trí chinn aca go cathair na Róimhe, & nuair do
chonnaic na daoine annsúd ar an tsráid iad dhúnadar
na doirse ortha féin le heagla, mar shíleadar gur bha
beithidhigh allta na míol-choin sin as Éirinn.



Ba chosamhail an fhaitchíos soin na Rómhánach leis na
phreib do baineadh as rígh Dhelthi na nIndiacha Thoir dhá
chéad déag bliadhain 'na dhiaidh súd nuair do bhronn
ceannuightheoir ó Lonndain dhá mhíol-chú air, & ba
shuarach nár chuaidh cuallacht an ríogh soin i laige nuair
do chonncadar na gadhair úd.



Goideadh an chuid ba mhó des na conaibh iongantacha
úd as Éirinn i n-aimsir cogaidh is coimheascair, & ní
fhuil le fágháil indiu acht fó-cheann dá síol & ní bhfuilid
sin féin chomh mór ná chomh láidir leis na míol-chonaibh
do bhí i nÉirinn fad ó. Ní bhfuil aon ghnó dhíobh leis
mar do bhí an uair úd, mar bhíodh na mictíre go
cíocrach lasmuich istoidhche, & ba bheag an mhaitheas
sleagh do chaitheamh leo toisc go rabhadar chomh tapaidh
is chomh faireach soin nár bhféidir teacht i ngaor dóibh
le sleigh.



Ní raibh uirlisí lámhacha i nÉirinn sa tsean-aimsir
ná i n-aon tír eile acht chomh beag; acht do shíolruigh na
hÉireannaigh le togha eolais an míol-chú as conaibh eile
& is maith an teist & an comhartha ar a ngéarchúiseacht
a leithéid de ghadhar do shíolrughadh mar bhí sé féin i
n-aonar i n-ann ar mhactíre do leagadh.



Bhí a leithéid sin do chion ag na hÉireannachaibh ar
an míol-choin, & a leithéid sin de mheas aca ar a
chródhacht & a thréineacht, nár mhisde leo “cú” do
thabhairt mar ainm ar thaoiseachaibh toirteamhla tréan-
mhara mar atá Cúchonnacht ina ainm go coitcheann
imeasc chlainne Maguidhir, & Cú Uladh ina ainm chreid-
eamhnach imeasc sloinnte uaisle eile i dtuaiscirt
Éireann. Cuir i gcás gurab ionann i n-intinn na
nÉireannach an focal “cú” & “laoch,” is inmheasta
gur bh'ionmhain leo i gcomhnaidhe fear neamh-eaglach, &
tá an teist sin ortha ó'n gcéad uair do chloisimíd
trácht ortha i stair na hEorpa. “Nách mórdhálach
mór-chúiseach iad na Ceiltigh,” arsa Alasdrom na
nGréag, trí céad bliadhain is breis roimh ghein Chríost
nuair do thug sé cuireadh dhá dtaoiseachaibh le haghaidh
caradais do dhéanamh leo & dubhradar leis go mac-
ánta go raibh báidh aca leis, acht ná raibh éan-eagla
ortha roimh aon dream ar dhruim an domhain. Do ba
d'aon treibh amháin an treibh neamh-eaglach soin do
labhair le hAlasdrom & an treibh do ghabh Éire na
céadta bliadhan roimhe sin, mar bhí ríghthe go buannach
ar Chnoc na Teamhrach i bhfad sul ar chualathas trácht
sa tsaoghal ar Alasdrom na nGréag. Ní féidir a
rádh go beacht cathain do shuidh an chéad rí ar Teamhair,
acht is inmheasta gur de threibh Fear mBolg é, & do
réir an áirimh is cruinne, do cualathas ordughadh an
Áird-Ríogh i dTeamhair míle bliadhain roimh Chríost.
Bhí daoine roimhe sin i nÉirinn, acht cia'r bh'iad nó
cá'rbh as iad ní féidir linn a rádh anois. Fuightear
anois is arís crocáin is soitheacha tighe déanta as cré
fá thalamh cois fairrge is fá ghainimh ar chnocánaibh, is
cnámha éisc is ainmhidhthe, is tuaghanna is ceap-óird
déanta de chloich, is rianta eile do theasbánann dúinn
go raibh daoine 'na gcomhnaidhe i nÉirinn mílte
bliadhan sul a gcloisimíd trácht thar ríghtibh na Teamh-
rach, acht ní féidir linn leis an eolas atá againn anois
aon tuairisc cheart do thabhairt ortha.



Chímíd as chrom-leacht suidhte annso is annsúd ar
mhullaighibh cnoc go raibh nós ag na Sean-Éireannachaibh
a ndaoine móra uaisle d'adhlacadh ar ardánaibh aon-
racha mar a mbíonn an ghaoth ag caoineadh timcheall
a n-uaighe. Ní fhuil aon tuairisc i n-aon stair atá
againn go ndóighidís cuirp a marbh, acht fuightear
luaithre i soitheachaibh cré do theasbánann dúinn go
soléir gur bh'é sin a nós le n-a mairbh do chur, i bhfad
ins na ciantaibh — níos sia siar ná thugann aon scríbhinn
cunntas dúinn. Tugann na scríbhne sin mórán
cunntais dúinn ar imtheachtaibh na Sean-Éireannach, &
gidh go bhfuil lúb ar lár i bhfuil is thall sa chunntas
soin, is mór an iongnadh go bhfuil sé chomh cruinn is
chomh beacht is tá sé, cuir i gcás go raibh buaidhirt is
achrann i nÉirinn leis na céadtaibh bliadhain is go
mbíodh sé riachtanach ar an té mbadh leis na scríbhne
is na leabhair staireamhla iad do chur i bhfolach i n-áit-
eachaibh ná geobhadh an scriosadóir greim ortha, & go
dtagadh an clúmh liath ortha annsoin & go lobhaidís.
Is le duadh do congbhuidheadh an méid aca atá againn
& dóigheadh is báthadh na mílte ceann aca, acht dá
aindeoin sin ní fhuil aon tír eile go bhfuil tuairisc
aici ar thosach a staire chomh cruinn is atá againne, ní
fhuil tír le fágháil go bhfuil an oiread scríbhne
cnuasuighthe aici ná a cuid lámh-scríbhne chomh húghdar-
ásach. Ní fiú sean-scríbhne aon tíre eile do chur i
gcomórtas leis an smut atá againn de'n Leabhar
Laighneach, de Leabhar na hUidhre, & de Leabhraibh
Leacain, & go mór-mór le hAnnálaibh na hÉireann do
bhailigh na gCeithre Mháighistir. Ní fhuil ionnta so mar
sin féin acht cuid bheag de leabhraibh Éireann acht
d'éis sin 's eile, is mór an ceann suas do thír a
leithéidí de leabhraibh do bhaint léi. Ní mholaid an
tuairisc atá ionnta tréithe na hÉireann acht pé áit
go dtuilleadh na hÉireannaigh é, & cáinid siad go
minic na daoine, mar teasbánaid a n-olc, & a
maith — a mbruigheanta le chéile, a mailís dá
chéile, a gcuid feill ar a chéile, acht 'na theannta
soin a bhféileacht & a bhfearamhlacht, a n-inntinn &
a gcalmacht, a ndúil i léigheann & i gceol, a
n-urraim d'fhearaibh foghlumtha, a gcion ar a gcreid-
eamh, a ndéirceamhlacht & a dtruaighmhéil do'n
easlán. Má shoillsigheann na scríbhne droch-chleachta
chuid de na daoinibh ní le fonn loicht d'fhágháil ortha
do ghnídhid siad é mar ghnídh úghdair bhréagacha Shasana,
acht chuireadar rómpa corp-lár na fírinne d'innsint,
& tuillid siad 'na thaobh soin urraim is cumann na
nÉireannach go léir indiu. Níor bh'iad na hÉireannaigh
amháin do bhí cionntach is droch-chleachtach sa tsean-
aimsir, mar bhí a gcomhursain seacht n-uaire níos
measa 'ná iad, acht ní raibh na báird ná na scríbhneoirí
'na measc le trácht thar a dtréithibh, & is beag é
ár dtuairisc ortha. Fá mar adeir úghdar Sasanach,
bhíodh na Sasanaigh ag gráscar is ag feannadh a chéile,
ag goid is ag fuadach, ag imirt fheill ar a chéile & ag
tabhairt nimhe dhá chéile, acht ba chosmhail é le coimheas-
car priachán is cág mar ná raibh an bárd is an t-ollamh
'na measc do chuirfeadh le chéile an rann ghlórach is an
rosc catha do léighfidhe go fonnmhar bliadhanta 'ndiaidh
bháis an úghdair.



Conán Maol

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services