Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Ár dTaobh-na de'n Scéal

Title
Ár dTaobh-na de'n Scéal
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1904
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Claidheamh Soluis
Áth Cliath, Samhain 05, 1904



ÁR dTAOBH-NA DE'N
SCÉAL



Nach greannmhar & nach ait mar atá
an scéal againne i dtaobh an Árd-
Oideachais seo. Is beag seachtmhain
ná bítear ag lorg daoine i gcomhair
postann áirithe éigin. Tá na postanna
so an-fhlúirseach le bliadhain nó dhó.
Is é an rud céadna a thuiteann amach
'na dtaobh i gcomhnaidhe. Tugthar
daoine ó Albain & ó Shasana & ó
thíorthaibh nach iad isteach annso go
hÉirinn & gheibhid na postanna so go
saoráideach. Nuair a dheinimíd-na
gearán ar an nós so, ní bhfaghaimíd acht
an freagra céadna i gcomhnaidhe,
“nár bh'fhéidir Éireannach d'fhágháil a
bhí oilte go leor chun an phost a
thabhairt dó.” Sin í an fhadhb. Tá
Éireannaigh go leor, acht níl an
tabhairt suas ortha d'oirfeadh do
phostannaibh go bhfuil éan-tuarastal
fóghanta ag baint leo.



Deirimíd-na annsoin leis an
ndream thall: “Tugaidh dhúinn, a
dhaoine uaisle, an chaothamhlacht ar an
dtabhairt suas so d'fhágháil. Faghaimís
iol-scoil 'na múinfear na healadhna
so go léir atá i n-easnamh orainn, &
annsoin ní bheidh beann againn ar
éinne. Seasócham ar ár mbonnaibh
féin.” Ar n-a chlos so do'n bhfear
thall nochtann sé a fhiacail ar an
nóimeat & deir go dúr & go doicheal-
lach: “Ní bhfuighidh sibh, ná pioc.” Sin
fadhb eile. Níl éan-dul ar go
bhfuighmíd post fóghanta i n-ár dtír
féin, mar níl an tabhairt suas orainn
a bheadh oireamhnach ár ndóthain chuige.
Agus níl éan-dul ar go bhfuighmíd an
chaoi chun tabhairt suas oireamhnach
d'fhágháil, mar tá eagla ar an
bpreabaire iasachta go mbainfimís an
tslighe dhe féin.



Is éigin dúinn corraidhe go mear
má's maith linn crut a chur ar chlódh
an scéil ghreannmhair seo. Caithfear
atharrughadh a chur air gan moill.
Níl dá luaithe a dhíreocham le corp
dáríribh ar na fadhbanna úd a
scaoileadh ná gurab amhlaidh is fearr
dúinn soin. Ní fhuilingeocham a
thuilleadh go gcaithfidhe mar acmhusán
linn ná fuil tabhairt suas orainn. Is
mian linn an tabhairt suas oireamhnach
d'fhágháil. Tá cion againn ar
an léigheann, & urraim dó, & bhí riamh.
Tugtar dúinn an chaothamhlacht &
claoidhfeam leis go toiltheannach.



Acht caidé an saghas léighinn a
gheobham? Caidé an tabhairt suas is
fearr d'oirfeadh dhúinn? Sid é an
taobh de'n cheist gur cheart dúinne
féachaint 'na diaidh. Tá an-chuid
fothraim gá dhéanamh, & b'fhéidir, tríd
an bhfothram go léir, go ndéanfaimís
dearmhad ar an bhfréim bhunadhsaigh
seo de'n scéal go léir. Is éigin
do'n oideachas a bheith Gaedhealach ó
bhun barr. Caithfear na healadhna go
léir a mhúineadh tríd an nGaedhilg, nó
san da theangain go ceann tamaill
b'fhéidir. Muna ndéanfar amhlaidh
níl i n-ár ndícheall acht suarachas.
Má dheinimíd amhlaidh ní baoghal dúinn
an fear iasachta, fanfaidh sé uainn.
Ta sé nascaithe orainne, a bhaineann
le Connradh na Gaedhilge, labhairt
amach go hárd is go neamh-spleadhach,
& gan codladh ar éan-chluais go dtí
go mbeidh an taobh so de'n gceist a
baoghal.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services