Cúrsaí an tSaoghail
Craoibhín Aoibhinn Bréige.
Fá thuairim fiche bliadhain ó shoin bhí
mé ann mo chomhnaidhe i Leitir Ceannnain
i dTírchonaill. Bhíodh cumainn liteardha
ar siubhal againn ann. Is í Sacsbhéarla
do dhéantaoi an chaint acht thárla go
raibh conspóid againn uair amhain ar
cheist na Gaedhilge agus socruigheadh an
cheist gur ceart an Ghaedhilg do
bhuanughadh i nÉirinn. Ní shaoilim go
raibh aon tsúil ag aon duine an sgéal
do chur ní b'fhuide, acht amháin ar
mbarramhail do thabhairt gur mhaith an
rud an Ghaedhilg do coimeád beó dá
gcastaoi déanta é.
Acht cúpla lá na dhiaidh sin tháinig
duine éigin chun mo thighe-se agus eólaidhe
leis ó'n bhaile dá stiúradh sa' bhealach
ceart.
B'iongantach an seort duine é, fear
beag géar-radharcach fá thuairim dá
fhichead bliadhan d'aois agus cuma ar gur
ísligheadh sa saoghal é. Bhí a ghuailne
tarraingthe le chéile amháil is dá
mbéadh galar cléibhe air agus tháinig a
ghruaidhe leis an rud céadna mar bhí
dath shean-leathair orra. Bhí culaith
éadaigh air a bhí ró-mhór do agus cuma
uirre gur caitheadh le fada í. Éadach
dubh do bhí inntí ar dtús acht gur
mheath an dubh agus b'é dath glas a bhí air
anois. Síobhránach bocht do bhí againn
do réir chuma, agus chá raibh fhios agam
faoi 'n ghréin goidé 'n gnoithe bhí aige
liomsa, acht go raibh barramhail agam
gur ag iarraidh déirce no cabhra
éigin do bhí sé. “Tchím,” ar san
sompla, “go dteastuigheann múin-
teóir Gaedhilge uaibh?”
“Ní'l fhios agam go dteastuigheann,”
arsa mise.
(Ní cuimhneach liom i gceart ar na
focla thárla eadrainn acht tá mé cur
síos brigh an sgéil.)
“Connaic mé sá' pháipéar gur
cheap sibh rún ag an Chumann Liteardha
go mbadh mhaith an rud an Ghaedhilg
do chur ar aghaidh agus ar ndóighe teas-
tuigheann múinteóir Gaedhilge uaibh.”
B'éigin damh admháil go raibh sé
ceart go leór.
“Tháinig mé annso,” ar seisean
“le mo chuid seirbíseachta do thairgsin
daoibh. Do shéirbíseach umhal,” ar sé,
ag baint de a shean-cháibín agus a'
cromadh go deagh-mhúinteach.
“Agus cé thú féin?” (“an ainm
Dé” ar leath-taoibh), arsa mise.
“Is dóigh liom,” ar seisean, “go
bhfuil eólas agat ar mo chuid filidhe-
achta mura bhfuil aithne agat orm féin.
Mise an ‘Chraoibhín Aoibhinn’”.
Bhain sé preab asam an uair seo agus
níor mhisde damh admháil gur rug mé
gréim láimhe air agus thug croitheadh
láimhe go lán-chroidheamhail dhó.
Caithfidh mé cur síos ann seo an méid
eólais a bhí agam ar an Chraoibhín
Aoibhinn an uair sin. Fuair mé
“Irisleabhar na Gaedhilge” ó cuireadh
ar bun é san bhliadhain 1882 agus léigh
mé filidheacht an Chraoibhín le spéis
a's cuimse, acht mar bhí mé ar siubhal i
Sasanaibh go dtí 1883, agus mar nach
raibh mé i mBaile Átha Cliath chá raibh
aithne ar bith agam, acht amháin an
méid tuairisge fuair mé san “Iris-
leabhar,” ar chosantóirib na Gaedhilge
na haimsire sin. Níor tugadh ainm
cheart an Chraoibhín riamh san “Iris-
leabhar” agus chá raibh eólas ar bith agam-
sa ar cé é féin. Acht anois, dar
liom, so i láthair agam é agus san riocht
so! An duine bocht! Sár-fhile nár
bh'fiú trácht ar fhile Bhéarla na fharradh
agus sean-chulaith ghlas éadaigh streach-
ailte faoi na ghuailníbh! Agus sean-
cháibín briste bruighte air! Agus
bróga agus poill ionnta! Agus
droch-shláinte air, do réir chuma, agus
b'fhéidir ocras agus cruadhtáin agus leath-
trom. Ní mór ná gur thuit na deóra
anuas liom ag amharc ar an chréatúir
bhocht. Thug mé air suidhe síos agus níor
bh'fhada go raibh braon tae réidh fá na
choinne.
Chomh fhad is bhí an tae dá ghléasadh
thug sé tuilleadh tuaraisge dhamh air
féin. Bhí sé 'na ollamh le teangachaibh
do theagasg i nOllsgoil i Siceágó i
nAmeriocá. Teangacha an domhain
Thoir do bhí air do mhúnadh do na Macaibh
Léighinn, acht Éireannach a b'eadh é ar
dtús agus b'fhearr leis a theanga dhúthchais
féin ná gach a raibh aige agus bhí eólas
aige ar sheacht dteangachaibh déag, acht
nach raibh sé ró-réidh a' labhairt acht i
ndá cheann déag aca. Bhris sé amach
annso gur aithris sé giota mhaith de
shean-dán Gaedhilge, agus is ar fheabhas do
bhí an dán aige agus sár-bhlás ar a theang-
gain ghá aithris.
“Is breagh iad na seandánta” ar
seisean, “ní'l in mo chuid filidheachta
acht tuathal na filidheachta i bhfarradh
's na sean-bháird” ar sé, agus ann sin ghabh
sé giota mhaith de'n dán deireannach
do bhí ag an Chraoibhín san Irisleabhar.
“Chá deirfinn sin,” arsa mise,
“chuirfinn féin spéis chomh mór san
dán sin féin is chuirfinn sa' sean
dántaibh.” Bhí mé smuaineadh ar
fhilidheacht Cúige Mumhan a tháinig
amach tamall roimhe sin a bhí deacair
agam le léigheadh agus mar nár eirigh
liom a sónughadh i gceart níor mheas
mé gur fhilidheacht ró-mhaith í.
Chá leigfeadh sé damh a leithéid a
rádh acht ag maoidheamh na sean-dán-
taibh thar a chuid féin agus ba mhó an meas
do bhí agam air, ar an tséala so.
(Leanfar de seo.)
Cú Uladh.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11