Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Déantar Sgoláirí

Title
Déantar Sgoláirí
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1903
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Claidheamh Soluis
Baile Átha Cliath, Feabhra 14, 1903



Déantar Sgoláirí



Is cuimhneach linn an t-am a raibh cáil ar dhuine bheith
i n-a sgoláire Gaedhilge dá mbeadh sé i n-ann an
Ghaedhilg a sgríobhadh & a léigheadh. Ní dóigh go raibh
céad duine 'sa' tír an t-am soin a sgríobhfadh í; bhí
sgoláireacht ar iarraidh agus gan fios cá bhfuighfidhe í.
Bhíomar náirighthe os comhair an tsaoghail & an phobail,
dá mbeadh náire i ndán dúinn.



Tháinig an náire orainn fá dheireadh, míle glóire le
Dia! agus is amach romhainn atá leasughadh an sgéil.
Déanaimís an easonóir a tugadh do'n sgoláireacht
leis an bhfad úd a chúitiughadh anois lei[,]{.} Déantar
sgoláirí. Seo é an cleas a mholfaimís. Tógtar
deichneabhar nó dhá bhuachaill déag do na buachaillíbh is
cliste agus is inntleachtamhla atá 'sa' tír; bídís 'n-a
nGaedhilgeóiribh do réir dúthchais; curtar le foghluim
iad & 'n-a dhiaidh sin le árd-fhoghluim nó go mbeidh
said deich mbliadhna fichead d'aois. Nuair a bhéas an
téarma soin caithte aca le sgoláireacht, beidh an
tsean-Ghaedhilg, an Ghaedhilg mheadhonach, & an Ghaedhilg
an lae indiu aca, beidh Gaedhilg na hAlban, an
Bhreathnais, Gaedhilg Oileáin Mhananáin, an Bretong,
& teangacha eile nach hiad aca, agus beidh ollamhain
againn le hOll-sgoill a chur ar bun arís a mbeidh
cuimhne uirri i nÉirinn.



Sin í an chaoi leis an obair a dhéanamh. Caithfear
tosughadh agá n-a tús, & fánacht nó go n-aibighidh sí
go nádúrtha uaithi féin. Annsin ní bheidh an tír taobh
le ceathar nó cúigear sgoláirí, & má fhaghann duine nó
beirt aca bás, & má théigheann duine nó beirt eile
aca ar seachrán (sin rudaí nach bhfuil aon leigheas
ortha) beidh ar ndóthain againn fá dheireadh le slacht
a chur orainn. Fá cheann deich nó dhó dhéag do
bhliadhantaibh eile beidh gnó dhíobh, ní fhéadfar déanamh
dhá bhfoireasa, & is anois an t-am ceart le ullmhughadh.



Níl fhios aginn cá bhfuighfidhe iad, ná an saidbhir nó
daidhbhir atá a muinntir, na ní feasach sinn fós cá
bhfuighfidhe airgead le n-a mbealach d'íoc. Is dóigh
linn an lá a dtugann muinntir na hÉireann a
ndóthain airgid do'n Chonnradh leis an teanga a
tharrtháil [o]{ó} bhás go gcothoghaidís ádhbhar sgoláirí ar an
mbealach céadna. Is ar an gConnradh atá é dhéanamh.
Níl aon Augustus againn anois, sí an Chonnradh sgiath-
dhídean na teangan & na sgoláireachta, & caithfidh sí ar
feadh i bhfad fós an teanga d'oileamhaint. Nuair a bhéas
an teanga neamh-spleadhach leis an gConradh is féidir
linn sgaipeadh mara mbeidhimid sgaipthe roimhe sin ag
an mbás, acht bíodh cóimhsgreas ar ár ngnótha againn
ar dtús, & déantar é le dúthracht & as a riocht, i
gcruth is go gcúiteófar leis an teangaidh an fhaillighe
do leigeadh innti le na ciantaibh fada. Níor bh'fhéidir
leis an nGaedhilg a bheith níos ísle ná nuair a dubhradh
go mba sgoláire é an fear a d'fhéad í léigheadh agus í
sgríobhadh. Tosuigheatar anois as a nua curtar an
chloch bhuin síos, & beidh fuireann ollamhain againn ar
ball a shaothroghas an Ghaedhilg ar chaoi nach mbeidh a
fhios an raibh sí riamh i ngar do'n bhás.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services