An Claidheamh Soluis
Baile Átha Cliath, Eanair 17, 1903
An tAthair agus an Máthair anois.
Támuid arís ar thóir na dtuismidhtheóirí, an mhuinn-
tir sin atá ina nGaedhilgeóiríbh, & a labhras Béarla —
slán an tsamhail — le n-a gcloinn. Léigheamar na
céadta uair fa an sgéal so i gcunntais na dtimthirí,
chualamar ó na céadta é, chonnacamar féin go mion is
go minic daoine ag labhairt rud le n-a gcloinn a
dtiubhraidís Béarla air. Tuigeann na páisdí an
Ghaedhilg acht ar chroiceann a gcluas ní labhraidís
focal di os comhair an athar ná na máthar. Tháinig
litir chugainn tamall ó shoin ó Chreachmhaoil — an áit a
bhfuair an chraobh bás sgathamh ó shoin — & seo beagán
dá raibh innti: “Bhaineas geallamhaint de gach uile
dhuine aca (.i. na tuismidhtheóirí) Gaedhilg a labhairt
feasta le n-a gcloinn, acht ní fhéadaim cur fa ndeara
dhóibh a bheith dhá ríribh chor ar bith. Síleann siad gur
breagh an greann é go gcuirfinn-se suim ar bith san
teangaidh... Tháinig aon tsean-bhean amháin go
dtí mé... bhí móir-sheisear cloinne aici & ní
gheallfadh sí go labhróghadh sí Gaedhilg leo, cé nach raibh
focal Gaedhilge aca eatortha. ‘Níl aon mhaith le mo
chuid-se Gaedhilge,’ adeir sí, ‘as na leabhraibh a thagas
sí sin, & ár ndóigh ní múintear sa sgoil annso í.’
... Deir bean eile liom go bhfuil a cuid páisdí
ag déanamh fiolla dhi ó mhaidin go fuíthin, mar gheall
orm, ag iarraidh uirrí focla Gaedhilge a labhairt leó.”
Nach shin sgéal a chuirfeadh fearg ar aon duine beo?
Agus 'na dhiaidh sin tá leigheas air.
Cé hiad na daoine is mó a dtiubhraidhe áird ortha
n-áiteachaibh mar Chreachmhaoil dhá labhraidís le na
tuismidhtheóiribh? Níl aon duine, dar linn, acht na
sagairt. Is fuide a rachadh focal ó'n sagart ortha ná
dhá mbeimís ag sgríobhadh ar an gceist go Lá an Luain.
Dá mbeadh a fhios amháin go raibh na sagairt ar thaobh
na Gaedhilge chuirfeadh sé sin féin athrughadh mór ar an
sgeál, acht dá labhraidís an focal d'athroghaidís aghaidh
na tíre ar fad.
Ina n-éagmais sin caithfear rud eile a dhéanamh.
Ní maith linn a bheith ag tafann ar chraobhachaibh seo &
siúd a dhéanamh mura gceapadh siad féin gur rud ar
fongnadh é, acht dar linn nar mhisde dhóibh corr ruathar
a thabhairt amach anois & arís fa'n tuaith & cruinniughadh
beag a bheith aca tar éis Aifrinn nó uair ar bith a
mbeadh na daoine cruinn leis an sgéal a mhíniughadh.
Más ceart dóibh é sin a dhéanamh, déanaidís é. Ní
cóir a bheith níos fuide ag forcamhás ar na cnuic a
theacht chugainn mar bhí Mahomet, téighmís go dtí iad.
Ní féidir le na timthiribh píosaí a dhéanamh dhíobh féin &
a bheith annso is annsúd, ní dhéanfadh duaiseanna an
gnó ar fad, acht is i dteannta a chéile is fearr iad &
má fheiceann na daoine dalla go bhfuilmíd dá ríribh
is gearr go dtiocfaidh a radharc dóibh.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11