Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Tarbh Mór an Ghleanna Uaignigh.

Title
Tarbh Mór an Ghleanna Uaignigh.
Author(s)
Ó Máille, Micheál,
Composition Date
1902
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Tarbh Mór an Ghleanna Uaignigh.



Lá dá ndeacha mé suas chum an chnuic — i dtús an
fhoghmhair thimcheall fiche bliadhain ó shoin — thug mé
fá deara go raibh péire de mo chuid caorach imthighthe
uaim. Bhí mé chomh cruadhógach an t-am céadna agus
nach bhféadfainn a dhul dá dtóruigheacht gur chaith-
eadar cupla lá imthighthe uaim, agus annsin d'fhan mé
leis an Domhnach go bhfaghainn a dtuairisg ó na
maorthaíbh eile; acht ní raibh tuairisg an dá chaoirigh ag
duine ar bith aca.



“Tá sé chomh maith agam a dhul dá dtóruigheacht go
moch i mbáireach,” a dubhairt mé liom féin, “cibé rud
dhéanas gnótha ar bith eile.”



Ghléas mé orm annsin go moch ar maidin Dia Luain
go dtéighinn ag tóruigheacht an dá chaoirigh. Bhí madadh
maith agam an t-am céadna, &, nuair a chonnaic sé mé
ag breith ar an maide & do mo fheisdiughadh féin le
haghaidh an tsiubhail, léim sé amach an doras romham.



Bhog mé suas ar thaobh na leargan os cionn an tighe,
& bhí mé thuas ag barr an chnuic sul dá raibh deatach
ag teach ar bith sa mbaile. Bhí baramhail mhaith agam
cia'n áit ar thóig an dá chaoirigh, mar ceannuigheadh
iad, i n-a n-uasgáin, ar an gCoill Ghlais an bhliadhain
roimhe sin.



Bhí an Choill Ghlas tuairim is chúig mhíle dhéag beal-
aigh uaim treasna na gcnoc, & bhí nimh curtha ins 'ach
uile áit thart, i riocht is go mb'éigin dom an musal a
chur ar an madadh, ar fhaitchíos go n-imtheóchadh sé ó
mo chois i n-am ar bith & go dtóigfeadh só an nimh.



Bhuail mé liom thar ísleán & árdán, thar cnoc agus
gleann. Ní raibh mórán eólais agam ar na bealaighibh
an uair sin; acht dá bhfeicinn an dá chaoirigh uaim,
d'aithneóchainn iad, cibé achar a mbeidís uaim.



Bhí sgathamh maith do'n lá caithte nuair a d'ísligh mé
'sa' nGleann Uaigneach — & níor bhréag gleann uaig-
neach a thabhairt air, mar ní raibh teach nó árus 'sa'
ngleann. Bhí baile beag toiniúntaí ann fadó; acht
bháinigheadh é i n-aimsir an droch-shaoghail, agus bhí na
sean-bhallaí féin ionann a's a bheith leaghta.



“Nach mór,” a dubhairt mé liom féin, “atá na
Gaedhil bhochta dhá n-ídiughadh ó am go ham leis na
ciantaibh!” agus tháinic brón & duibhthin croidhe orm
nuair a chuimhnigh mé air.



D'ísligh mé anuas tuilleadh ar an talamh réidh, i
n-áit a raibh beithigh ar cimín. Shuidh mé síos & d'ith
mé greim aráin a bhí in mo phóca agam, agus d'ól mé
deoch fíor-uisge as sean-tobar a bhí ag muinntir an
bhaile fadó; & shuidh mé síos aríst & dhearg mé mo
phíopa, & thosuigh mé ag cuimhniughadh cia'n bhail a chuaidh
ar na Gaedhil bhochta a bhí 'n-a gcomhnaidhe annsin 'sa'
tsean-aimsir.



Níor airigh mé riamh go bhfaca mé chugam tarbh mór
millteach adharcach dubh, agus é ag rith go dtí mé ar
dearg-bhuile. Ní raibh claidhe nó fál comhgarach dhom
le go bhféadfainn imtheacht uaidh, nó mórán ama le
cuimhniughadh féin air, nuair a bhí sé in mo mhullach.



Cheap mé dhá bhféadfainn greim polláire fhagháil air
go mbeinn i ndán é a cheannsughadh, mar bhí mé


L. 671


sgafánta go maith an t-am céadna. Léim mé uaidh
beagán de leath-taoibh, agus thug mé iarracht greim
polláire fhagháil air; acht chraith sé a chloigeann 'sa'
n-aer go fiadháin, & níor éirigh liom. Chas sé chugam
go tobann, & ní raibh mé i ndan tadaí a dhéanamh acht
breith ar dhá adhairc air. Chuir mé leath-ghlún suas
i n-aghaidh a pholláirí, acht bhí sé do mo theannadh i
ndiaidh mo chúil, & ba mhinic a thóigeadh sé suas glan
ó'n talamh mé.



Chas sé mé fá dheireadh do leath-taobh, & leag sé ar
mo dhruim ar an talamh mé. Bhí sé ag brath ar a
adharca do chur tríom agus mé sínte; acht thug mé
iarraidh faoi n-a shróin le mo dhá sháil, & d'éirigh liom
buille trom go maith a thabhairt dó, gur leig mé fuil
tsrónach leis, & gur chuir mé beagán siar uaim é. Bhí
mé ag gabháil 'sa' tsróin air le mo shálaibh, gach le
cois, gur chongbhuigh mé annsin é, & gan goir aige mé
a lot.



Fhad is bhí an méid sin ar siubhal, níor fhéad an
madadh bocht aon chongnamh a thabhairt dom, mar bhí an
musal air. Bhí sé ag tafan & ag rith thart timcheall,
acht níor fhéad sé i n-am ar bith aghaidh an tairbh a
bhaint díom. Thosnuigh sé ag síonaighil annsin, agus ag
iarraidh an musal a bhaint de le n-a chosaibh agus ag
cuimilt a chloiginn do'n talamh.



Bhí mé ag congbháil an tairbh dhíom maith go leor nó
go raibh mé chomh tuirseach fá dheireadh & go raibh sé ag
dul rithte liom mórán bríghe a chur ins na buillibh.
Acht bhí an tarbh freisin i ngar a bheith sáruighthe, & bhí
an tsrón ag éirighe go han-nimhneach leis & bhí go leór
fola ag teacht aiste.



Sheas sé os mo chionn fá dheireadh ag dearcadh orm
go réidh socair, & thug sé sin beagán sgíthe dhom agus
é ag teasdáil uaim go géar. D'fhan sé mar sin
tamall fada, agus bhí súil agam go dtiocfadh duine
éicin an bealach a thiubharfadh congnamh dhom, acht ní
raibh éanduine ag tigheacht. Bhí an madadh bocht ag
síonaighil go truaighmhéileach, nuair a chonnaic sé sínte
annsin mé os a chomhair & gan goir aige aon mhaith a
dhéanamh dhom.



Nuair a chonnaic mé nach raibh an tarbh ag cur cor
de, ghlaoidh mé chugam an madadh go sgaoilinn an
snaidhm buaic a bhí air; acht chomh luath & chonnaic an
tarbh ag coruigh' me, thug sé iarraidh fúm; acht bhí mé
'sa' n-aithreachas air, agus thug mé na cosa go cruadh
láidir dó aríst, & ghortuigh mé go han-mhór é. Chuir
sé sin le buile aríst é, & bhí comhrac millteach agam
leis an dara huair, nó go mb'éigin dó leigean faoi,
& creid mé ann go raibh mise féin spionta amach go
maith.



Thosuigh an tarbh ag búraighil annsin, acht d'fhan sé
i n-a sheasamh os mo chionn i gcomhnaidhe. Bhí mé ag
ceapadh go n-imtheóch' sé uaim ag ithe féir dó féin —
mar bhí sé i n-am ag an mbeitheamhnach ocras a bheith
air — acht níor imthigh. D'fhan sé annsin sgathamh fad
eile i n-a sheasamh ag faire orm. Bhí mar sin go raibh
sé i n-a dheiradh lae, & dubhairt mé liom féin cibé
rud a dhéanadh sé go sgaoilfinn an madadh.



Bhlaoidh mé chugam ar an madadh aríst go sgaoilinn
é; & nuair a bhí mé dhá sgaoileadh, céard a dhéanadh
an tarbh acht féachaint le léim a thabhairt in mo
mhullach. D'éirigh mé go tapa as a bhealach; acht
tháinic sé le n-a chloigeann fá mo leath-taobh gur chaith
sé suas ar a ghuailnibh mé. Acht rug mé ar adharcaibh
air, & bhuail mé mo dhá chois treasna ar a dhruim, agus
dubhairt mé go ngabhfadh sé sáthach cruadh liom nó
chongbhóchainn ag marcaidheacht air.



Nuair a fuair an madadh an musal bainte dhe,
thosuigh sé ag stialladh & ag strócadh an tairbh, & rith
an tarbh thart timcheall na háite; acht, mar sin féin,
ní raibh sé i ndan é féin a chosaint ar an madadh. Bhí
sé n-oidhche dhubh an uair sin, acht go raibh beagán
soluis gealaighe ann; & bhuail an tarbh anonn treasna
an ghleanna, & bhí súil agam go ngabhfadh sé i bpoll
móna nó i mbogach eicín, le go bhféadfainn imtheacht
uaidh, mar bhí mé ag éirighe sáthach tuirseach de'n
mharcuidheacht a bhí mé fhagháil.



Thug an tarbh amach ar an mbóthar mé ag bhéal an
ghleanna, & bhí coill beag le hais an bhóthair & bhuail sé
isteach 'sa' gcoill, & mé féin ar a dhruim. B'in é an
rud ba mhó a chuaidh orm ó thús, mar ní raibh snáithe
éadaigh ar mo chorp nach raibh steallta stróicthe ag na
géagáin.



Bhí leisg orm sgaradh le mo ghréim, acht chuimhnigh mé
ar bheart eile. Nuair a bhí sé ag rith le hais crainn
mhóir, lúb mé a chloigeann do leath-taobh, agus tháinic
adharc leis suas i n-aghaidh an chrainn, & briseadh dhe í
amach glan ó'n gcnáimh. Rinne mé an cleas céadna
leis an adhairc eile — ag dul amach as an gcoill — &
d'fhág sin i n-a mhaol é; & bhí sé sáthach ceannsuighthe i
n-a cheann sin.



D'ísligh mé dhe annsin, & níor bhac sé liom nídh ba
mhó, & dá mbacadh bhí an choill le m'ais le rith isteach
innte. Bhí sé chomh socair le uain annsin, & bhagair
mé ar an madadh éisteacht leis. Bhí go leór fola ag
teacht as áit na n-adharc, & luigh sé síos ar an talamh
& é lag go maith.



Nuair a chonnaic mé sin, tháinic truagh agam dó, &
chuir mé caonach agus slán-lus le áit na n-adharc gur
chuir mé cosg leis an bhfuil, gidh gur thóig sé tamall
fada uaim dhá dhéanamh, mar bhí an oidhche ann. D'éirigh
sé i n-a sheasamh annsin, agus thiomáin mé amach ar an
mbóthar é; mar nár mhaith liom é fágáil 'mo dhiaidh,
acht é a sheóladh i n-áit eicín a dtiubhrfaidhe aire dhó.
Bhain mé maide coll 'sa gcoill, mar bhí an maide a bhí
agam ar maidin caillte agam 'sa' nGleann Uaig-
neach.



“Ní go dona a dhearcfas sé i n-a tharbh mhaol,” a
dubhairt mé, & mé dá thiomáint romham ar an mbóthar.
Bhí sé thar éis uaire an mheadhon-oidhche, an t-am sin, &
ní raibh teach nó solas le feiceál.



Cé d'fheicinn romham ar an mbóthar acht beirt fhear;
& nuair a theannadar chugam d'aithin mé gur dhá phóilí
a bhí ann, & bhí gunna ag duine aca. D'imthigheadar
tharm, acht d'fhilleadar in mo dhiaidh arís.



“Cuir dhíot,” arsa duine aca liom go borb.



“Tuige?” a dubhairt mise.


L. 672


“Sin é tarbh an tighearna talmhana atá agad,
goidthe,” ar seisean.



“Thor 'íot a sgraiste,” a dubhairt mé féin, “cé leis
a ndéarfá go ngoidfeadh sé rud, gan fhios agad cé
leis an tarbh.”



“Aithnighim tarbh maol an tighearna,” ar seisean,
“& níl aon tarbh maol eile sa' tír acht é — Seo,” ar
seisean, leis an bhfear eile, “cuir ceangal lámh air.”



“'Dar ar a shon?” arsa mé féin.



“Dhruid duine anall chugam go mbeireadh sé
orm, acht rug an gadhar greim cúil air, & leag sé go
talamh é. Bhí an póilí eile ag cur a ghunna suas go
gcaitheadh sé an gadhar, acht bhuail mé féin le buille
de'n mhaide é gur leag mé ar a ghlúinibh é. D'éirigh
sé chugam, & dhírigh sé an gunna chugam le mo chaitheadh;
acht sáith mé an maide siar i mbéal an ghunna, & nuair
a leig sé an turchar, deárnadh brusgar don ghunna
i n-a lámhaibh. Leag mé féin & an madadh ar an da
phóilí annsin, & ba ghearr go mb'éigin dóibh rith.



Thomáin mé liom an tarbh go dtáinic mé go teach a
bhí ar cholbha an bhóthair. Bhuail mé ag an doras &
dubhairt mé leobhtha éirghe & rud eicín a thabhairt le
n-ithe dhom, go raibh mé sáruighthe. Thugadar sin dom
& fáilte, & nuair a d'aithris mé dóibh fa'n tarbh,
d'innsigheadar dhom go mba le feiliméaraí san áit é.



Chuireamar feisdiughadh ní b'fhearr annsin ar an tarbh
le pic agus teara; & thomáin mé liom é go teach an
fheilméaraí, & sgaoil mé isteach i gceann do na
stáblaibh é. Bhí fáinneadh an lae ann go díreach nuair
a bhuail mé ag doras an fheiliméaraí.



D'aithris mé dhóibh iomlán an sgéil, “& má faghann
an tarbh bás,” ar sa mise leis an bhfeiliméaraí,
“bhéarfaidh mé a luach dhuit.”



“Ní headh,” ar seisean, “acht luach-saothair ba
ceart dom-sa a thabhairt duit as ucht an tarbh sin a
cheannsughadh; mar ní raibh goir ag duine ar bith a dhul
i n-aice leis le mí.”



Chuir sé buachaillí óga an tighe ag tóruigheacht na
gcaorach liom, & fuaireamar iad & d'fhill mé abhaile ag
mo theach féin leis an dá chaoirigh.



Ní raibh tadaí ar an tarbh fá cheann míosa acht
feabhas, & ordughadh ní b'fhearr ná bhí riamh roimhe sin, &
é chomh socair le uan.



Mícheál Ó Máille

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services