Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Modh Nua Foghluma

Title
Modh Nua Foghluma
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1902
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Claidheamh Soluis
Áth-Cliath, Mí Nodlag 6, 1902



Modh Nua Foghluma



Ní hé amháin go bhfuil orainn an Ghaedhilg chur ar bun
arís i nÉirinn, acht tá orainn fosda í mhúnadh, & ní hé
amháin go bhfuilmíd 'gá múnadh, acht seo leabhar nua —
“Handbook of Irish Teaching” — ó láimh Pheadair Mhic
Fhionnlaoich & níor mhisde do lucht Bhoird an Oideachais
é do léigheadh, & cheachta a thabhairt dá chéile as. Níor
tháinig leabhar Gaedhilge amach i mbliadhna chomh foghan-
tach leis, & badh cheart go gcuirfeadh sé athrughadh
éifeachtach ar na modhaibh múinte atá againn fa láthair.



Do tháinig sé i gceann Franncaigh, tamall ó shoin,
go mb'í an chaoi ba nádúraigh le teangaidh a mhúnadh,
an chaoi a bhfoghluimeann páisdí í. Fear grinn
glic do b'eadh é seo — Gabhain do b'ainm dó — agus
d'oibrigh sé an beart go healadhnta dhó féin. Chum sé
ceacht simplidhe, ar dtús, & do réir mar deireadh sé
an focal badh mhian leis a chur i n-iúl, ghníodh sé an
gníomh (dá mb'fhéidir é) do bhí san bhfocal. Annsin
chuireadh sé dhá fhocal nó trí fhocal, nó cheithre fhocal le
chéile, & do réir mar deireadh sé ná ráidhte seo ghníodh
sé na gníomha do bhíodh sna foclaibh. Lean sé dhe sin, &
fé dheireadh bhí a lán ceachta aige, cumtha go cruinn
i ndiaidh a chéile, gach aon cheann aca beagán níos
deacra ná an ceann roimhe. Níor mhór gach uile fhocal
ionnta a rádh go minic, & go síor-mhinic, & i ngach uile
cheacht nua dá mbíodh aige bhíodh cuid do na focail do
bhí san gceacht roimhe sin, & b'éigin iad-san a rádh, agus
a ath-rádh nó fá dheireadh go mbídís na focail seo ag
na daltaibh chomh maith & bhídís ag an mhúinteóir féin.
Ar an tslighe seo do thuigeadh na daltaí an múinteóir,
sé sin, le aire ghrinn a thabhairt dó i gcomhnuidhe, acht
ní mór do'n dalta aire ghrinn a thabhairt do'n cheacht,
& a chroidhe & a anam a chur ina chluasaibh, mar adéarfá.



Bhí sin go maith san bhFrainncis, acht ní raibh sé chomh
forusta an modh d'fhoillsiughadh i nGaedhilg & cheapfadh
duine. Níor bh'ionann é & an ubh do chur ina sheasamh
ar a ceann, an cleas do mhúin Columbus do mhuinntir
a thíre féin, uair. Ní hiad na cora cainnte céadna do
bhí ag Peadar Mac Fhionnlaoich le foillsiughadh & do bhí
ag an bhFranncach, acht mar sin féin tá leabhar againn
ó Pheadar a chuirfeas athrughadh thar cionn ar mhúnadh
na Gaedhilge i nÉirinn.



Níor mhór do gach uile chraobh múinteóir do bheith
innti leis an teangaidh do mhúnadh ar an modh so, & má
glactar comhairle an ughdair, & na cora cainnte d'ath-
rádh arís, & arís, agus arís eile & na ceachta do
dhéanamh beagán níos fuide do réir mar bhéas sé
oireamhnach, ní bhéidh rang san gcraoibh níos fearr ná an
ceann d' bhéas ag foghluim ar an modh so.



Ní ó fhoclaibh dó thiocfas eólas do dhuine ar thean-
gaidh acht ó ráidhtibh, agus ní ó ráidhtibh féin do thiocfas
eólas dó ar theangaidh acht ó shíor-dhlúth-éisteacht le
ráidhtibh. Ná síleadh éinne go bhféadfaidh sé an
Ghaedhilg d'fhoghluim gan éisteacht chomh géar & tá ina
cheann finne. Sé a sheinneire í fhoghluim mar sin féin.
Tá an chomhairle seo tughta ag Peadar Mac Fhionn-
laoich san leabhar, & má leantar í, agus gach comhairle
eile dá bhfuil ann is fearr-de an teanga aith-
bhliadhain é.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services