Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Notes

Title
Notes
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1902
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Notes



Is iongantach an faobhar chun troda atá ar chlannaibh
na nGaedheal san Oileán Úr. Tá páipéar i Nua
Eabhrach ar a dtugtar “An Gaedheal,” & tá sé níos
fraochmhaire, agus níos fíochmhaire le troid a dhéanamh
i mBéarla le n-a chomh-Ghaedhil, ná bhí sé riamh, ó chuirea-
mar aithne air, leis an teanga do leathnughadh ná do
shaothrughadh. Do thug sé cunntas fada, an mhí seo, ar
imtheacht an choimh-thionóil mhóir do bhí san Oileán Úr le
goirid, & ní raibh sé sásta an mhuinntir do fuair an
bhuaidh air féin thall do cháineadh & do chur fá dhíth-mheas
acht tá faoi an t-achrann a chur anall go hÉirinn má's
féidir leis é. Níl fonn ar bith orainne troid ná
siúite a dhéanamh le Gaedhilgeóiribh — mór-mhór as
Béarla — acht do réir mar thuigimid sgéal an Gaedhil,
ó n-a pháipéar féin, is cosmhail gur cantal atá air
mar gheall air nár toghadh é i mbliadhna ar Choisde
Gnótha an Chonnartha san Oileán Úr. Is cuma linne é
bheith ar an gCoisde sin nó gan a bheith, acht déanadh sé
a ghnó gan muinntir na hÉireann, atá i nÉirinn, do
tharraing isteach ina sgéal. Támuid ceann-dána go
leór & rud beag ró-thugtha d'achrainn mar atámuid, &
má thagann troid dhomáisteach eadrainn is ró-luaith a
thiocfas sí. Má's leis an nGaedheal a chomh-Ghaedhil a
throid nach beag a luach aige iad do throid as Gaedhilg?



Badh mhaith linn go dtiubhradh sgríbhneóirí Gaedhilge
fa deara go mb' fhearr sgríobhadh ar neithibh nach
mbaineann go ró-dlúth leis an teangain, ná bheith i
gcomhnuidhe, i gcomhnuidhe ag moladh dhúinn seo is
siúd a dhéanamh i dtaoibh na Gaedhilge. Tá na chéad
daoine do thosuigh ag sgríobhadh na Gaedhilge naoi nó
deich mbliadhna ó shoin curtha ó bheith ag léigheadh gach
uile sheachtmhain ar chúis na Gaedhilge annso agus cúis
na Gaedhilge annsúd — tá an chúis i n-úir-sgéaltaibh &
i bhfáth-sgéaltaibh, i sean-sgéaltaibh, & i sgéaltaibh an
lae indiu aca. Tá a n-aghaidh tógtha ag na sean-sgríbh-
neóiribh do'n chúis anois le fada agus tá siad ag
labhairt ar neithibh eile seachas ar an teangaidh. Tá a
fhios againn go mbeidh sé riachtanach, go cheann i bhfad,
labhairt ar an gcaoi is fearr leis an teanga d'fhoghluim
agus a mhúnadh, acht is rud ar leith é sin, agus éinneach
a bhfuil an oiread do'n teangaidh aige & go ndéarfadh
sé leis féin, “sgríobhadh giota Gaedhilge,” níor mhisde
dó breathnughadh roimhe, & fiafraighe dhe féin, “an fiú
dham sgríobhadh ar an nídh seo — an bhfuil éinnídh le rádh
agam gur fiú a rádh?”



Tá dhá bhlúire Gaedhilge i gcroinic oll-sgoile Naoimh
Stiopháin an mhí seo. Má's le muinntir na croinice
seo giota Gaedhilge do chur isteach níor misde dóibh
dearcadh beagán níos grinne air sul cuirfidhe i gcló
é, ionnus nach mbeadh sé le rádh ag éinneach gur mó
an dúil atá aca a bheith san bhfaision ná leas a dhéanamh
do'n teangaidh. Tá acfuinn ag “Coileach Mhícheáil
Mhóir,” a dhul dó arís & a leasughadh beagáinín beag.



Míle buidheachas le Dia ar a shon, tá suim i gcúis
na teangadh ag an oiread soin daoine anois go
dteastóchaidh páipéar nuaidheacht ar leith uatha dhóibh
féin. Tá an oiread, freisin, ann ag a bhfuil suim
'san teangaidh, & atá mío-fhoighideach mar gheall ar a
bheith ag léigheadh Béarla dhóibh, nach saróchaidh níos lugha
'ná páipéar nuaidheacht eile ar leith dhóibh féin iad.
Go méaduighidh Dia an mhaith! acht támuid féin sáin-
nighthe eatorra, cuid aca ag brughadh an Bhéarla
orainn, & cuid eile ag brughadh na Gaedhilge orainn.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services