Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An Chúis agus an Teanga

Title
An Chúis agus an Teanga
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1902
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Claidheamh Soluis
Áth-Cliath, Samhain 15, 1902



An Chúis agus an Teanga



Is cumasach an lán glugair & gaoithe & fothrom
cainnte atá ar siubhal ar an aimsir seo. Níl
ceárd do'n tír nach bhfuil an buailim-sgiath go hárd-
ghlórach, agus, mar is gnáthach leis, go beag-mhaitheasach.
Cainnt, cainnt, & síor-chainnt i mBéarla, ag déanamh
dlighthe dhúinn as Béarla, ag clabaireacht agus ag
siúiteadh, agus gan dalla dhá bharr acht torann in do
chluais agus éadtruimeacht cinn. Badh chóir go mbeadh
daoine curtha do'n chineál so gaoithe, agus ní fuláir
nó tá na cainnteóirí iad féin sáruighthe aici, acht is
binne le daoinibh a nglór féin ná ceól clársaighe, & is
céillidhe leó a gciall féin ná eagna Sholaimh Mhic
Dháibhidh.



Bíonn leithsgéal aca go hiondamhail: Is so-thuig-
sionaighe do chách an Béarla; tá an Béarla chomh
coithcheanta gur fearr é le daoine d'athrughadh ar
éan-aigneadh linn; ní feidir linn féin an Ghaedhilg a
labhairt go ro-chlisde fós, nó tá drugal orainn
labhairt le daoinibh nach bhfuil acht ag foghluim. Sin
iad na leithsgéil a chluinimid, agus sin iad na daoine
atá dílis do'n teangaidh. Caithfear Béarla a sgríobhadh
dhóibh, caithfear é labhairt leó, nó níl éan-chion ort.
Sin é an gnás anois ar fud na tíre seo.



Ceaptar nach bhfuil toradh ar Ghaedhilgeóirí má
labhrann sé a theanga féin i gcoinne an té a chuireas
air as Béarla. Níl seafóid ná mearbhall san domhan
is mó 'n a leithéid sin. Bhí aithne againn ar fear a
chuaidh amach oidhche lena chosa a shíneadh taréis a bheith
ag léightheóireacht Ghaedhilge dhó ar feadh cúpla uair a
chluig. D'imthigh leis ar an uaigneas dhó féin & níor
bh'fhada dhó go dtáinig triúr sgurthacha ina dhiaidh & iad
ar bhog-mheisge. B'ann leó píosa grinn a bheith aca
ar an bhfear so — do réir mar deir sé féin — & bhíodar
ag caitheamh droch-mhúnadh leis. Bhí seisean ag siubhal
rompa & gan “seadh” ná “ní headh” aige dhóibh. Fá
dheireadh thángadar suas leis, leag duine aca a lámh
ar a ghualainn, & ar seisean as Béarla, “Nach droch-
mhúinte an mhaise dhuit é. Cé an chiall nach bhfreag-
ruigheann tú mé — cá bhfuair tú do chuid oideachais?”
Cé an freagra a thug an Gaedhilgeóir air? “Donas
is tubaiste shíoruidhe ort, nach cuma duit cá bhfuair
mé é; tháinig sé ó Neamh chugam, marach thú caidéiseach
badh bheag agat cá bhfuighinn é,” ar seisean i nGaedhilg.



Mar bhuailfeá an Béarlóir sin an pholl na cluaise
tháinig cruadhóg nimhe neannta éigin a bhaile air agus
d'fháguigh sé an Gaedhilgeóir, mar deir an sgéal, len'
an-shogh féin. Bhí an bheirt eile 'na seasamh ag
éisteacht, & thosuigh duine aca ag briseadh a chroidhe
ag gáiridh, is cosmhail gur thuig sé an dá theangaidh, &
go mb'éigin dó tosughadh ag gáiridh nuair a chonnaic
sé an breall a cuireadh ar an bhfear eile. I
gcruthamhnas duit gur tairbhighe beagán Gaedhilge a
thabhairt mar fhreagra ar Bhéarlóir ná bheith a' séideadh
Béarla amach ó oidhche go maidin.



Ní le Béarla ná tré Bhéarla a cuirfear teanga na
tíre ar a cosaibh, acht le misneach & le teangaidh na
nGaedheal, & is mithid dúinn dá bhrigh sin an Ghaedhilg
a labhairt, & cur leis a bheith ionainn 'ghá labhairt, agus
gan í mhúchadh i ndeatach le teann Béarla dhá ghalant-
aighe.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services