Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An Fáidh agus an Ghaedhilg

Title
An Fáidh agus an Ghaedhilg
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1902
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Claidheamh Soluis
Áth-Cliath, Samhain 8, 1902



An Fáidh agus an Ghaedhilg.



Do sgríobh fear darab ainm Cormac Munrua alt
i New Ireland Review na Samhna ar aithbheóchan
na Gaedhilge. Is é alt na míosa roimhe sin ar aith-
bheóchan teangadh eile do bhí ina cheann aige nuair a
sgríobh Cormac a alt féin. Ní cosmhail gur thaithnigh
an t-alt eile seo go ró-mhór leis, agus déanann sé a
dhicheall le taisbeáint nach bhfuil an greim ceart ag
an bhfear eile ar an sgéal ó thús, nó nár chuir sé an
bun ceart faoi, mar déarfá, agus, dá bhrígh sin, gur
mearbhall atá 'san gcuid eile dhe. Ní'l Cormac sásta
le fios fátha an sgéil a thabhairt uaidh mar is léir dhó
féin é, & do réir tuigsint bhundhasaighe — & an méid
do'n sgéal atá ar an gcunntas soin aige tá ciall
ann — acht tosnuigheann sé ag déanamh fáidh dhe féin,
agus cuireann sé i n-iúl nach bhfuil dul uaidh aige (is
Sasanach é) a bheith leith-leasach mar gach éinneach eile,
& leis sin ní hiongnadh go dtigeann mearbhall air.



Nuair is mian leis a chur i gcéill dúinn gurab é an
Béarla a bhéas buadhach insan troid seo idir an dá
theangaidh, nó insan troid seo ar son na héan-
teangaidh, sgríobhann sé síos na neithe seo le tais-
beáint go bhfuil an ceart aige. Ní'l duine as an
deichneabhar i nÉirinn, a deir sé, a labhras an Ghaedh-
ilg; is insan mBéarla a ghníos na daoine i gcoit-
chinne a ngnó, agus dá bhrígh sin ní maith leó sgaradh
leis; ní'l éan-ghaol ag an nGaedhilg le teangachaibh
eile, & ní'l glacadh aici le foclaibh uatha a chuideóchaidh
léi; támuid ag iarraidh an Ghaedhilg a chur ar a cos-
aibh anois le naoi mbliadhna, agus céard tá déanta
againn anois féin (ceist í seo); cur i gcás gur féidir
linn í chur ar bun, an fiú dhúinn é (ceist eile í seo);
(& annsin dhá cheist eile) an gceapann éinneach, dá
ríribh, go mbeidh an oiread, eólais ar Ghaedhilg i
nÉirinn, & bhí ag Seaghán Ua Donnabháin, & atá anois
ag an “gCraoibhín Aoibhinn”; & cé an fáth a gcuirfidhe
dá theangaidh ar bun i nÉirinn; ó thárla ceann ann
cheana a dhéanfadh cúis. Seo é an fáidh annsin: — Tar
éis ár ndíchill, ní beidh againn act slapaireacht Ghaedh-
ilge, múilaighthe ar an mBéarla; &, má tá i ndán &
go n-éiroghaidh file mór-chlisde inár measg, is i
mBéarla a sgríobhfas sé.



Ní móide go mbadh cheart dúinn an oiread so-aith-
eantais a thabhairt do'n fhear so chor ar bith agus
thugamar, mar nach hé an oiread soin céille atá
'san gcainnt seo aige, acht mar sin féin ní misde
focal nó dhó a rádh. Tá an Béarla sgaipthe
go foir-leathan ar fud na tíre seo. An Béarla
é i n-éan chor? Is Bhéarla na focla. Acht an
Béarla é an cor cainnte? Dá mba Béarla é
an cor cainnte & na focla, bheadh leis an Sasanach, acht sé
croidhe & nádúr an Éireannaigh atá 'san smaoine, i ngan
fhios d'on Éireannach go minic, &, cé go labhrann sé sórt
Béarla anois, is fusa dhó Gaedhilg shlachtmhar a fhoghluim
ná Béarla slachtmhar. Tá an croidhe & an nádúr
Gaedhealach, & is amhlaidh tá an cor cainnte, má tá grádh
ar Shasana ní ag an Éireannach é, & is cumhachtach an
dá ainmhidhe iad an grádh & an ghráin. Má sprogtar
i gceart iad-san ní bhéidh Cormac Munrua ag fiar-
frughadh deich mbliadhna ó indiu céard tá déanta
againn. Níl mórán déanta fá láthair le hais mar
atá romhainn acht ní saothar deich mbliadhain, ná saothar
geinealaighe a thiubhras teanga ó bhás go beathaidh, ná a
chuirfeas sgoláirí Gaedheilge mar an gCraoibhín chomh
fairsing le spré-mhóin ar fhuaid na tíre. Badh mhaith
linn áit a bheith againn le tuilleadh a rádh le Cormac,
acht b'éidir nach cóir dhúinn a dhul as ár mbealach ag á
freagairt.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services