Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cúrsaidhe an tSaoghail - An Dóighteán

Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - An Dóighteán
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1902
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Liam Ua Míodhcháin
Cúrsaidhe an tSaoghail



AN DÓIGHTEÁN
Bhris dóighteán amach i sean-teach i mBaile-Átha-
Cliath an oidhche cheana & is beag nar dóghadh cuid do
na daoinibh bhí ina gcomhnuidhe ann. Teach mór árd do
bhí ann, & bhí éan mhuirighin déag ina gcodladh i seom-
raibh ann, thuas an staidhre. B'áthamhail an rud go
bhfaca sioth-mhaor1 an teine sul bhí morán dochair
déanta aici, & thug sé fuagra do'n Bhuidhean Múchta2
ar an toirt. Bhí uathbhás ar na daoinibh fá an am so,
& briseadh isteach doirse & fuinneóga nó go dtáinig
bunáilte3 na ndaoine amach. Nuair tháinig an Bhuidhean
Múchta chuadar ar lorg thuilleadh & fuaradar-san
sean-bhean istigh i seomra, & í leath-phlúchtaighthe leis an
deatach, & leis an sgannradh. Thugadar ise amach, &
nuair nach raibh éinne eile ann, thosnuigheadar ag
stealladh4 an uisge air, & fá cheann leath-uaire ní raibh
sméaróid5 ann gan a bheith múchta. Gortuigheadh cuid
do na daoinibh ag teacht amach, acht is maith do chuaidh
an tsráid as nár dóghadh gach a raibh ann, mar is sean-
tighthe críona is mó bhí timcheall orra, & dá bhfuigheadh
an teine uair a chloig dhi féin ní'l fhios cé'n méid
daoine & luach airgid a dóighfidhe.



CAOR THEINTIDHE
Deir siad go bhfuil an chrith talmhan gnóthach fós
insna hIndiachaibh Thiar. Do phléasg caor uathbhásach
theintidhe amach ann arís le goirid, aníos glan
osgardha as an talamh d'éirigh sí, & mharbh sí chomh maith
le dhá mhíle duine. Is mór an lán cainnte a
déanfaidhe dhe dhá mba cogadh beag a thiocfadh agus
go sguabfaidhe chun siubhail an méad soin daoine
d'éan sgiotán6 amháin. Acht ní gan adhbhar a bhriseas
teine amach acht an oiread le cogadh. An té ar
gnáthach leis neithe a thabhairt fa deara, chíonn sé
gur beag tubaisde ar bith gan bun-adhbhar maith a
bheith leis. Tá daoine ann, & ceapann siad go
dtuigeann siad a leithéid seo. B'éidir é, acht má
thuigeann nach sílfeadh duine dhá dtugaidís rud mar
sin chun cruinnis7 go mbeadh fios aca roimh ré ar an
sgéal, & go dtiubhraidís fuagra do'n dream a raibh
an chontabhairt orra. Deir siad fós go bhfeiceann
muca an ghaoth, & níl amhras nach bhfuil an sgéal soin
chomh fíor leis an gceann eile a deireas go dtuigeann
daoine áirithe an fáth atá le caor theintidhe a theacht
aníos as ucht na talmhan. Nach mb'éidir go bhfuil
baint éigin ag an mBata Duaisín leis an gcúis?



DO DHRUIM AN ÓIL.
Is ait é an t-ól. Bhí pátrún i mbaile beag i
n-aice Chluain Meala an lá cheana, & níor bh'fhada bhí
sé ar bun nuair a thosnuigh gleó & eachrann. Seo
é an chaoi ar thosuigh an gleó. Bhí fear na méarachán
ann ag imirt a chuid cleas, agus shíl sé nuair a
gheabhadh sé na daoine súgach, agus leath ar meisge,
nach raibh air acht an t-airgead a chárnadh8 isteach. Ba
mhaith an tsíleachtáil dó é,9 mar is éifeachtach an t-
amadán é an té nach bhfuil ar a chéill. Ba gearr
go raibh aighneas is caismirt ar siubhal, agus annsin
thainig na síth-mhaoir, & b'ann10 leó fear na méarachán
a dhíbirt. Cibé cé an binib ná an t-olc a bhí ag
na daoinibh dóibh-sean, ní bheadh fear a raibh braon ólta
aige, sásta nó go mbainfeadh sé sásamh do na síth-
mhaoir, agus d'fhuagair sé ar fhear na méarachán
gan áird a thabhairt orra. As soin thosuigh an raic,11
gabhthas an fear, agus tugadh chun an bharraic é, &
ní dhéanfadh sin an mhuinntir eile nó go mbrisidís
isteach an barraic, agus go dtugaidís amach an
fear so.



Ba é deireadh an sgéil é gur cuireadh dlighe ar
sheisear nó ar mhóir-sheisear aca, agus nuair tugadh
chun na cúirte iad ba sámh socair ciúin na buachaillí
iad. Cuireadh fineáil orra go léir, & ina theannta
soin cuireadh dhá mhí príosúntacht ar fhear aca, & mí
ar fhear eile. Is maith an sgéal é sin. Is mór an
náire daoine ag teacht ó phátrún nó ó aonach. Bíonn
gach éan dara duine aca súgach, agus gach éan
ceathramhadh duine leath ar meisge. Is mór an t-
iongnadh nach marbhuigheatar níos mó daoine do
bharr an óil ná mar cloistear.



ÁITEACHA I nDÚN DEALGÁN ÍOCHTARACH.
Ní fear é Donnchadh Ó Loingsigh a bhfuil mórán
gaoithe aige, agus dá bhrígh sin tá am aige le beagán
oibre a dhéanamh ar son a chonndae féin. Thosuigh


L. 446


sé ar bharúntacht i n-íochtar Dhúna Dealgáin, agus
tugann sé ainm gach áit san mbarúntacht soin insan
Dundalk Democrat i nGaedhilg, agus an t-ainm
agus an míniughadh i mBéarla. Tá an obair tosuighthe
ó an tseachtmhain seo chuaidh thart, agus éinne an mian
leis na hainmneacha so bheith aige ní fuláir dó iad
do bheith aige go hiomlán. Ní'l an Democrat ag
déanamh go dona chor ar bith. Tá “Beatha Naoimh
Padruig” aige anois le fada, agus ó am go ham
bíonn sean-ráidhte, agus ceachta, agus aistrighthe eile
freisin ó'n nGaedhilg aige.



GLEANN BEITHE
Do réir deallraimh 'sí an Sgoil Saoire i nGleann
Beithe an ceann is fearr atá ag déanamh i nÉirinn, &
dar linn gur b'é Seaghán Ua Beóláin, an Feisire
is cionntach léithe. Níor mhisde d'fheisiribh, air a bhfuil
na ceanntair Gaedhealach do churam, obair fhiúnnteach
éigin do dhéanamh mar tá an fear so. Is fearr a
rachadh an cineál soin oibre do'n tír 'ná go leór dá
ndéantar, & go leór freisin a mbíonn fothrom mór
leis.



Is é Seaghán fé ndeara comhradh ar “Chéad Bhliadh-
anta do Chonnradh na Gaedhilge”, ceann ar “Oibriughadh
Éanlaith Tighe,” agus ceann eile ar “Oibriughadh na
mBeach Meala.” Sin rudaí simplidhe, acht rudaí
fós atá níos tairbhidhe do dhaoinibh atá ag pléidh
leó 'ná fios d'fhagháil céard tá Impearóir na
Gearmáine a dhéanamh, nó cé an chaoi ar mharbh
Sasanach a bhean i Lunndain le goirid, nó neithe
eile do'n tsort soin. Bean as Conndae Bhaile Átha
Cliath do thug an comhradh so, agus labhair sí ar an
mbrabach atá le baint as éanlaithibh & as uibheachaibh,
dhá saothruightidhe mar is ceart iad. Tógtar éan-
laith insan gceanntar úd a bhíos trí puinnt meadhchain,
& bíonn an margadh comhgarach dóibh annsúd i gCill
Áirne i n-imtheacht an Fhoghmhair. Ní hé sin féin amháin,
acht ní bhíonn a ndóthain, ná leath a ndóthain, aca le
haghaidh an mhargaidh sin, & is minic a chaitheann siad
fios a chur ar éanlaithibh go háiteachaibh eile, bíonn
siad chomh gann soin fútha 'san mbaile.



Gabhadh buidheachas leis an mnaoi uasal, do thug na
comhráidhtí seo i ndeireadh na dála, & do mhol duine
do na cainnteóiribh leis an aos óg greamughadh go
dílis do'n teangaidh, mar, adeir sé, “tá trácht mór
fá láthair ar chainnteóiribh Gaedhilge atá i n-ann an
teanga do mhúnadh insan bpáirt do'n tír atá
gallda.”



CAPAILL RÁSA
Nach aisteach nár tugadh ainm i nGaedhilg ar éan-
chapall rása fós. An é nach bhfuil éan-Ghaedhilgeóir i
nÉirinn a bhfuil capall rása aige? — nó an é go séan-
ann na Gaedhilgeóirí a bhfuil capaill aca an teanga,
mar do rinneadh fiche bliadhain ó shoin? Nár bh'éidir
a chur i n-iúl dóibh go mbadh taithneamhach an rud ainm
i nGaedhilg do chur ar chapall rása. Chuaidh sé gann
go maith ar an bhfear a thug “Care not” ar chapall.
“Cactus” a bhaisd fear eile ar a cheann féin. “Sing,”
fear eile. B'fhearr “An Preachán Mór” féin a
thabhairt ar chapall 'ná “Sing.”



1 Pílear. 2 Fire Brigade. 3 An chuid is mó. 4 Doirteadh,
a caitheamh. 5 a spark, a cinder. 6 Ruaig. 7 Fá deara. 8 To
take in heaps. 9 Bhí sé ion-cheaptha aige. 10 Ba mhian leó.
11 Troid, gleó.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services