Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Portsailin, Dún-na-nGall.

Title
Portsailin, Dún-na-nGall.
Author(s)
Seaghán Mhichil,
Composition Date
1902
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Portsailin, Dún-na-nGall.



Is aoibhinn áluinn an áit eadh, Portsailin, le duine
a laethe saoire a chaitheadh ann. Ar an taobh siar de
“Loch na Sgáile” — Loch Súiligh — atá seadh suidhte, &
ar bhruach na fairrge móire. Tá teach ósda mór ann
ag an tighearna talaimh, Curnal Bartón, fá choinne na
huaisle, agus thig na sluaighte annso gach samhradh as
Albain, Sasain, & ó áitibh eile. Tá “lóistín” com-
pórtach go leór le fagháil ag na daoinibh coitcheann
'sa chomharsanacht ó dhá sgilling déag go dtí punnt
'sa' tseachtmhain. Tá sgoil saoire anois ar bun aca
ann le haghaidh na nGaedhilgeóirí faoi churam agus
oideachas an Mhaighistir Uí Bhuaidhe; agus bheirfeadh
seisean eólas ar bith riachtanach do'n té a sgríobhfas
chuige.



Tá an áit seo ar imeal an cheanntair Gaedhealach.
Fá Phortsailin fairíor! ní'l an oiread Gaedhilge is
ba mhaith le duine a chluinsint; acht, 'na dhiaidh sin &
uile, tá an chúis ag dul ar aghaidh. Fá thuairim míle,
nó míle go leith, síos ó thuaidh, go híochtar na paróisde
— go dtí an Aigean Mhór — ní'l agat le chluinstin ó
na daoinibh ó lá go lá agus ó bhliadhain go bliadhain
acht an tsean-Ghaedhilg, 'seadh, & an Ghaedhilg is binne
bríoghmhara atá le fagháil, b'fhéidir, i dtaobh istigh
ceithre fairrgí na hÉireann.



Is iomda radharc deas atá le feiceál ó mhullach na
gcnoc atá thart timcheall na háite. Ó mhullach
Chnocalla — “Craig-a'-tSeabhaic” — dhá chéad déag
troigh os cionn bháirr na fairrge, atá an t-amharc is
deise 'á bhfuil le fagháil, b'fhéidir, i gCúige Uladh.



Ar shiubhal i siar-thuaidh chídhtear Oileán Thorraigh, le
na beannaibh árda, trí chéad troigh ar áirde, & ar an
soir-thuaidh an roinn is fuide thuaidh i nÉirinn, Ceann
Mhailin. Deirthear mar a' gcéadna, gidh nach ndeirim-
sé go bhfuil sé fíor, gur féidir le duine, ar lá geal
grianmhar, sléibhte Alban a fheiceál ó mhullach an
chnuic chéadna seo. Faoi do chosaibh, mar dearfadh, ar
an taobh thiar, tá an Mhaoil Riabhach spréighte os do
chomhair, agus i breac brocach le oileánaibh beaga thall
's i bhfus ar éadan an uisge. Ar an taobh soir
féadann tú Sléibhte Inis Eoghain a fheiceál, & ar an
taobh ó dheas duit chífidh tú chomh fada suas is Leitir-
ceanainn, Dhoire, & b'fhéidir níos sia.



Acht ní'l sé riachtanach domh-sa an puinte a
oibriughadh níos faide. Tar annso, a leightheóir
ionmhuin, thú féin 'gan mhoill, & beir do comráidí
leat, agus chídhfidh sibh an t-iomlán, agus bíodh fhios
agaibh, go mbeidh againn-ne fáilte agus fiche romhaibh.



Beir leat na cheadtaí, beidh 'n cuan réidhte,
Na seoltaí spréighte, seo dhuit mo gheall;
Do ló nó oidhche ní bhfuigh tú choidhche
An áit ba deise na Dún-na-nGall.



Seaghán Mhichil.
Dún-na-nGall, Lughnasa, 1902.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services