Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Ag Foghluim Béarla

Title
Ag Foghluim Béarla
Author(s)
Dul Amudha,
Pen Name
Dul Amudha
Composition Date
1902
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Ag Foghluim Béarla



Tá tamall maith ó shoin ann ó cuireadh buachaill
beag ar sgoil náisiúnta i gConndae Chorcaighe ag
foghluim Béarla. Bhí sé chomh faisiuntamhail an uair
sin bheith a d'iarraidh Béarla do labhairt 'sa' tuaith a's
tá sé anois bheith a d'iarraidh Gaedhilg do labhairt
'sa' chathair, & do shamhluigh a lán daoine 'sa dtuaith
ná raibh aca le déanamh acht lá nó mar sin do chaith-
eamh i dteannta múinteóra Béarla chum a dá ndóthain
Béarla do bheith aca. Ní deirim ná go bhfuil an sgéal
céadna nach mór ag na daoinibh 'ga bhfuil Gaedhilg
ag teastáil uatha anois. Is dóigh leis a lán aca ná
fuil aca féin le déanamh acht dul ag triall ar mhúin-
teór Gaedhilge & tamall do chaitheamh 'na theannta &
go mbeidh Gaedhilg a ndóthain aca gan aon phioc dá
duadh d'fhagháil acht an mian do bheith aca bheith i n-ann
í labhairt ar chuma éigin.



Acht pé'r domhan é, nuair a tháinig an buachaill seo
abhaile tar éis an chéad lae dho ar sgoil, do chrom a
mháthair ar é sgrudughadh féachaint a' raibh puinn
Béarla aige dá bhárr an lae.



“Cuir Béarla ar corcán,” ar sise leis.



“Kurkan, a mham,” ar seisean léi.



“Mhaise kurkan lem' chroidhe thú, a Johnny boy bán.
Raghaidh sé dhíom, nó déanfaidh mé sagart díot.” Cuir
Béarla ar sgadán,” ar sise.



“Sguddan, a mham,” ar seisean.



“Mhaise sguddan lem' chroidhe thú, a Johnny boy
bán. Raghaidh sé dhíom nó déanfaidh mé sagart díot,”
agus mar sin do lean sí air nó gur chuir sé a Bhéarla
féin ar gach rud a chuir sí chuige, & í siúd deimhnigheach
go raibh an ceart aige & gur gearr go mbeadh sé 'na
cheann ar an bparóiste, dá leanfadh sé ar aghaidh mar
ar thosnuigh sé. Ní raibh acht cúpla focal Béarla aici
féin. Acht, mo léan! is gearr go raibh sé chomh searbh
do'n sgoil & do'n tsaghas teagaisg bhí dá fhagháil aige
ann gur dá lom indeóin a rachadh sé ann i n-aon chor,
acht do chuireadh an mháthair d'fheáchaint air dul ann an
fhad a bhí smacht aici air, & ní ró-fhada é sin. Mar an
beann a bhí aici féin ar an nGaedhilg anois is é an
beann céadna bhí ag na páisdibh uirthe féin ar ball.



Aon mhaidin amháin 'ga raibh sé ag dul ar sgoil go
dólásach, ag gabháil tar chlaidhe dho, chonnaic sé caora
'na luighe ar a suaimhneas ar thaobh na gréine cois a'
chlaidhe. Bhí éad air leis an gcaora bocht ná raibh aon
bhuaidhirt aigne mar geall ar Ghaedhilg nó Béarla
uirthe, & do sgairt sé amach:



“Ó! mo chreach cráidhte nach caora dhéin Dia díom!”



Bhí an chaora sásta le na glór féin. Dá mb'áil le
hÉireannaigh bheith sásta le na glór féin. Dá mb'áil le
hÉireannaigh bheith sásta leis an nGaedhilg nuair bhí sí
aca ní bheadh an duadh atá aca anois dá fhagháil chum í
thabhairt thar n-ais; acht nuair ná rabhadar sásta leis
sin, is ceart dóibh bheith foidhneach & an duadh d'fhagháil
anois. Caithfidh duine éigin díol as an dithcéille, acht
ní i lá nó i mí nó i mbliadhain a féadfaidh duine a
dhothain Gaedhilge d'fhoghluim. Caithfidh sé bheith a'
foghluim i gcomhnuidhe, & beidh rud éigin nua le fagháil
aige nuair is dóigh leis go bhfuil gach rud de ghlan-
mheabhar aige.



“Dul Amudha”.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services