Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Notes

Title
Notes
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1902
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Claidheamh Soluis



Áth-Cliath, Iúl 19, 1902



Notes



Tugann “An Chraobh Ruadh” fá deara go bhfuil daoine
ann atá chomh líomhtha soin ag cur na Gaedhilge ar
aghaidh nuair a theighid fá'n tuaith, & nach bhfuil fuireacht
aca le torann a gcos nó go gcuirfidh siad fá ndeara
do Ghaedhilgeóiribh an teang a labhairt más olc maith
leó é. Ní neamh-chosmhail iad so leis an bhfear a
dubhairt “B'fhearr liom comhairle a thabhairt do chéad
duine, ná dhá mba duine do'n chéad mé do bhí leis an
gcomhairle do ghlacadh.” B'fhearr dhóibh go mór droch-
Ghaedhilg féin do labhairt ná Béarla dhá ghalántaidhe.
Ní bhéadh éan locht ag Gaedhilgeóir orra dhá ndeiridís
“Tá sé lá breagh,” i n-ionad “tá sé ina lá bhreagh.”
Ní mhillfeadh an droch-Ghaedhilg an Gaedhilgeóir acht
milleann an droch-shompla é, & an Béarla breagh. Tá
súil againn go dtiocfaidh litir an Craoibhe Ruaidh 'un
tairbhe do'n mhuinntir atá i gceist aici.



Do bhí sgrúdughadh ag Craobh an Chéitinnigh an
tseachtmhain seo chuaidh tharainn, & bronnadh duaiseanna
do'n mhuinntir do b'fhearr. Sé an tAthair Ua Duinnín
do shín na duaiseanna amach, & taréis a dhéanamh dhó
rinne se oráidín ag moladh leis an obair sin, agus ag
rádh go mb' iad na daoine sin do bhí ag cur oideachas
na hÉireann ar aghaidh, & nach daoine atá ag reamhrughadh
i bpostaibh árda, & ag tarraing airgid as ucht oideachas
do cur ar aghaidh. Ní daoine iad, adeir sé, ag a bhfuil
tuarasdail mhóra na suaimhneas lae, acht tigid gach
oidhche, & iad go minic trom, tuirseach, taréis a lae, le
Gaedhilg agus seanchas na tíre do mhúnadh do dhaoinibh.
Íoctar daoine eile as ucht oideachas do thabhairt do
pháisdibh na hÉireann, & i n-ionad teanga na hÉireann
& a seanchas do mhúnadh agus do chur agá múnadh, sé an
Béarla do mhúineann siad, & ní leigtear an seanchas
ceart do chur i lámhaibh na bpáisdí, mar 'dh eadh go bhfuil
sé leath-taobhach, nó poiliteach. Má tosnuigheatar ag
múnadh na Gaedhilge gheobhthar spioraid ár sinnear ar
ais aisti.



Ní misde dhó sin a rádh. Féach mar táid ag
déanamh i dTuaim dá Ghualainn. Cuireann Seósamh
Mag Fhloinn síos air, an tseachtmhain seo i n-áit eile
do'n pháipéar. Coiste Ceanntair badh cheart a bheith
ag déanamh na hoibre sin adeir sé. Seadh, acht is
dóigh linne gur ar lucht oideachais na hÉireann atá
cúram a dhéanamh ó cheart. Acht ó thárla nach bhfuil
siad-san agá dhéanamh ná cuimhniughadh ar bith aca air,
is maith an rud go bhfuil na hÉireannaigh féin agá
dhéanamh. Déanadh muinntir Thuama ar a n-aghaidh, &
déanadh craobh an Chéitinnigh & gach craobh eile ar a
n-aghaidh, ní féidir a gceart féin do choinneál uatha-
san ar ball. Go deimhin, sé an chaoi bhfuil an sgéal
ní'l a fhios ag éinneach cé an cumhacht atá siad a thuar
dóibh féin, & má ghníonn siad glan díreach ar aghaidh tá
siad ag gnothughadh in gach céim a thugaid.



Do réir an tásga ó chraoibh Bhaile Mhúirne tá
daoine ag bailiughadh isteach cheana féin ann fá
chomhair na feise. Ní dóigh go raibh a leithéid do
chruinniughadh daoine cheana riamh ann & bhéas ag feis na
bliadhna so, & tá súil ag gach éan Gaedhilgeóir dá
mbeidh i láthair nach easbaidh Gaedhilge do bhéas ar an
áit. Níl baoghal ar sin ámh, acht cad do rinneadh leis
na seóinínibh do bhí 'san gceanntar soin do'n tír?
An athruighthe nó díbrighthe, nó fá chois atáid siad, nó
a rabhadar ann i n-éan chor?


L. 325


“Dubhairt bean liom gur dhubhairt bean léi” go
rabhadar ag racadh an airgid isteach le haghaidh feise
Chonnacht, mar bhéadh fear ag racadh féir isteach
leis an tiormach mór atá anois againn. Acht is
deacair iad do shásughadh annsud. Tá siad ag casaoid
anois nach bhfuil lucht na bpáipéir nuaidheachta ag
cuidiughadh leó, & ní hé sin amháin acht gur bhain ceann
aca (.i. páipéar nuaidheacht atá san mbaile sin) an
oiread so dhíobh as ucht na daoine do thug roinnt
airgid le haghaidh na feise d'fhoillsiughadh. Ní fheadar-
amar cé mhéad é “an oiread so,” acht sin é do bhain
eisean ná an “Freeman” d'eitigh cunntas d'fhoillsi-
ughadh ó Chisdeóir Chonnartha na Gaedhilge i n-éan chor,
i dtaoibh an airgid; nó an “dhá mhar a chéile iad”?
Agus tá muinntir Chonnartha na Gaedhilge ag ceannach
na bpáipéar so 'na dhiaidh sin, & gan focal ina gcoinnibh
aca. Tá Craobh na Gaillimhe ag iarraidh an cúigeadh
do tharraing isteach orra féin, dhá lá na feise. Acht
má fhaghann siad leath scór sgríbhneóirí nua bídís
sásta.



Táthar ag tosnughadh ar a hionad ceart féin do
thabhairt do'n Ghaedhilg arís i n-imtheacht na hEaglaise.
Chualamar go raibh an seal gnáthach bliadhantamhail ag
sagartaibh Deóighse Ratha Bhoth i mbliadhna ag déanamh
a n-anma, agus go raibh seanmóireacha aca ann i
nGaedhilg, gur dhubhairt an tEasbog urramach Ua
Domhnaill an Páidrín Páirteach i nGaedhilg gach uile
lá, & gur ar naomhaibh Éireann do bhíodar ag léigheamh
'nuair do theastuigh uatha éinnidh do léigheamh ar
bheathaidh na naomh. Is truagh gan a leithéid sin do
sgéal le n-aithris go minic. Ní mórán do'n diadhacht
do tháinig chugainn riamh le teangaidh an ochtmhadh
Hanraí & 'nuair atá an tEasbog urramach so, & na
sagairt leis, ag iompódh ar ais go dtí teanga na
hÉireann níor mhaith linn a leigeann tharainn gan
trácht air.



Bhí cuirm ceóil ag Gaedhilgeóiribh Bhaile an Spidéil
i gCorcaigh, agus bhíodar go han-tsásta len' fheabhas.
Chuireadar fál deich dtroighthe ar áirde timcheall na
háite ina raibh sé amuich 'san bpáirc, & shocruigheadar
suidheacháin le haghaidh tuairim míle duine thar tim-
cheall ann. Bhí na sluaighte daoine cruinn ann ó'n
gceanntar soin, agus ba cosmhail le haonach é bhí na
bóithre ag tarraing air comh dubh soin le daoinibh. Bhí
rinnce, amhráin, & aithriseóireacht aca; bhí sagart ann
as Aimeiriocá do ghabh amhrán dóibh. B'éidir do chor-
sheóinín féin do bheith ag éisteacht leó, & is ina leithéid
d'áit atá gnó aca, mar is daoine galánta iad,
daoine ag a bhfuil árd-mheas orra féin. Gabh páisdí
sgoile Bhaile an Spidéil & Tighe Mholaga amhráin ann.
'Siad séiplíneach na háite, & Domhnall Mac Craith, &
an máighistir sgoile, Mac Uí Oileáin, d'oibrigh an
aeridheacht ó thús, & is féidir leó a bheith suaimhneach fá
chomh maith is d'éirigh a gcuid saothar leó.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services