Cúrsaidhe an tSaoghail
THALL 'S I BHFUS I dTÍRCHONAILL
Bhí an ghrian 'na luighe nuair d'fhág mé teach Phroinn-
siais Chonaill Ruaidh i ndiaidh tráthnóna bhreágh do chaith-
eadh. Bhí gealach bhreágh gheal sa' spéir & na réalta
ag soillsiughadh orainn. Bhí an oidhche ag cur shiocáin
arís, & an sneachta go briosg faoi n-ar gcosaibh.
Tháinig Micheál amach liom ag mo chur ar an bhealach.
Casadh orainn baicleach buachaill óg & iad ag im-
theacht ag áirneáil, b'fhéidir ag imirt cárta, nó ag
dul ag ringce i n-áit eighinteach. Labhradar Gaedhilg
linn ar fad & ba chuma de'n dúthaigh seo muna mbéadh,
innti acht Gaedhilg go léir. Shiubhlamar linn thríd
bhearnáin fhiadhain atá idir Ghleann Fhinne & Gleann
tSúiligh, & d'innis Micheál sgéal iongantach damh a
raibh eólas aige air i n-aimsir a óige. Ní'l tighthe ar
bith comhgarach do'n bhearnáin úd, acht fá thuairim míle
taobh thíos dé, i nGleann tSúiligh, bhí fear 'na chomh-
nuidhe a bhíodh ag déanamh uisge beatha a gan fhios do'n
Riaghaltas. Bhí braich déanta aige fá choinne uisge
do dhéanamh; acht, mar nach raibh sé ullamh chum a
dhéanta, rug sé leis an mála braiche le n-a chur i
bhfolach 'san bhearnáin. Chuaidh sé isteach faoi bhruach
carraige do bhí ann, leis an bhraich do chur i bhfolach, &
goidé fuair sé ann acht fear marbh & é curtha ann
sin. Bhí an oidhche ann an uair sin; acht cha raibh aon
sgannradh ar an bhfear, acht thóg sé an corpán amach
as an pholl & chuir an mála braiche i n-a áit. D'imthigh
sé leis 'na bhaile annsin, & d'innis an méid do chonnaic
sé. Chruinnigh sé beirt nó triúr dá chuid chomharsan
go ndeachaidh siad fá dhéin an chorpáin. Acht nuair
d'innis sé an sgéal ar dtús bhí gasúr 'sa' tigh, & nuair
chuala sé fá'n bhfear marbh, & go raibh a chuid éadaigh
uime, & cnaipí ar a chuid éadaigh, goidé rinne sé
acht imtheacht leis go raibh sé 'san áit a raibh an corp-
án, & na cnaipí bhuaint de'n éadach le sgein, i modh go
mbéadh siad aige le haghaidh cnaipí d'imirt! Ní beag
an t-uchtach do bhí ag daoinibh san tsean-aimsir. Rug-
dadar an fear marbh leo go tigh an duine fuair é. Bhí
faire dhá oidhche aca air. Bailigheadh airgead
le n-a chur. Caitheadh tobac & tae, & bhí
tóradh aca ar an tríomhadh lá gur cuireadh an
duine bocht, & cha fhuair siad sgéala nó tuair-
isg riamh cé hé féin nó cárab as dó, nó goidé thug
ann súd é, nó ciaca taisme nó tubaiste tháinig air
le n-a mharbhadh, nó an dúnmharbadh d'imireadh air. Tá
tubaiste eighinteach ar an áit i gcomhnuidhe. Marbhadh
fear ann fá thuairim seacht mbliadhna ó shoin, & seal
'na dhiaidh sin fuarthas cnámha daondha curtha 'sa'
phortach i aice na háite. Tá cáil ar an áit go mbíonn
taidhbhsí le feicsint ann, nidh nach iongnadh; & bhí
luathgháir orm féin go raibh Micheál i n-éinfheacht
liom.
Cú Uladh
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11