Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Five seventeenth-century political poems

Title
Five seventeenth-century political poems
Author(s)
Mac an Chaoilfhiaclaigh, Donnchadh,
Compiler/Editor
O'Rahilly, Cecile
Composition Date
1640
Publisher
(B.Á.C.: I.A.B., 1952)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


0Do fríth, monuar, an uain si ar Éirinn,
1do fríth a faill 's a caill i n-aonacht,
2seanabhean Chríomhthainn, Chuínn is Fhéilim,
3bean tsiúil cé dubhach dise ar ndéanamh.
4A crádh go bhfuíghe an sgaoilteach éithig,
5ar dteacht tar sáil tug 'lámh 's a bréithir
6's a móide pósta le ló a saogail
7d'fhuil Ír, Éireamhóin is Éibhir,
8is gurab amhla atá le spás 'na méirdrig,
9Och! gan choigilt a croicinn ar éinfhear.
10Fir an domhain mar ghabhaid go léigfeadh
11i leabuig Bhriain, Niall is Éanna,
12Anngar chúiche, an trú bhréagach!
13Is mór an ghráin 's is nár go héag dhi,
14na fir mhaithe do thaithig do thréigean
15air dheóraibh ainigí falachaí éithig


L. 4


16

is ná raibh riamh fá rian éasga,
17fa shiúl gréine, spéire is réaltan
18fir mar mheasaim dob fhearra 'na réimheas
19do rí ná d'ímpire ná d'éarla.
20'S a n-abraim ná meastar gur baosra;
21ba rithe iad i n-iathaibh céana,
22do mhianach ríoga do bhí déanta;
23do chuaig le n-a gcruas a mbua céimeann.
24Is mór díobh 'na ríthe do naomhadh
25le díorga a mbreath, a reacht 's a gcéimeann;
26's a ngéaga geinealach uile go mbéarfainn
27suas go fuiris gan fille go hÉabha.
28Is mór an trua don stuaire stéadach
29tug aimsir fhada dá n-altram go haerach
30éirí suas d'fhuil ua na saoirfhear
31do thriall uirthe ó imealaibh Gréige.
32Is uirthe cé labhraim go trom éadmhar,
33ní hí is cionntach le crú Ghaedhil Ghlais,
34acht fórsa is neart na bhfear dá héigean
35's gan do bhrí 'na cluinn a caomhna.
36Is fir na cruinne mar thugadar géirshearc,
37


L. 5


38

ní nár bh'iongna, uile do Vénus,
39ar ghnaoi bhriocht seirce do dheilbh Heléna,
40is don mhnaoi dob oiriric crotha Minérva,
41tugadar aire cé seanabhean aosta
42don mhnaoi si síos le luigheadh mar chéile
43Niall dár fearadh na frasa do néalaibh.
44Níor bh'iongna liomsa a dtnú le a sgéimh sin.
45Do bhí sí dathúil flathúil maorga,
46geal deas fada úr geanúil déanta,
47suiríoch páirteach cráifeach céadfach,
48tromaí dána náireach néamhga.
49Ba throm lúbach a cúl craobhach,
50altach ómrach bórrchas péarlach.
51Luisní an ghrá ag fás 'na héagcosg
52is coiméad orthann na toile 'na héadan.
53Dob úr cúrtha a cúm caoltiubh,
54a ruisg ba dhamhna dream do bhréaga,
55ba gheal a taoibh, a baill 's a géaga,
56ba bhreá solasghnaoi a corrachích géara.
57A buadha uile dá gcuirinn i n-aonacht,
58a cáile maithe, a fearta 's a féile,
59is dul amach ar fad dá léirmheas,
60is mó ná ar áirmheas atá tar m'éis de.
61


L. 6


62

Dá maireadh gárda mhná Chuinn Chéad-chath
63nó a maca samhla i n-am a taomluit,
64an Eóraip uile is dimhin nár bhaol di
65is níor dhóigh cur le n-a holc do dhéanamh.
66Ba díobh Fionn mac Cumhaill na Féine,
67Oisín mac Fínn, Caoilte is Caol Glas,
68Goll is Usgar, Cuireall is Daolgas,
69is trí sáirmhic Aoincheárda Béara
70Donn is Coinnche is Colla is na hAodha,
71na trí gairbhmhic, Cairbre is Céadach,
72Smeig ar Drúcht is Mac Lúighidh na ngéarlann,
73Brian Ó Biorrainn, Conn Crithir is Faolan.
74Is na gaisgíg i ngleacuíocht ba thréine:
75an Chú do thuit ar Mhuigh Mhuirthéimhne,
76Conall Ceárnach an t-ársa léidmheach
77is Laoghaire gruaigheal Buadhach na mbéimeann.
78Ar fad tímcheall na dtrí gcaomhrann
79laoch ná cura ní chluinim gur bh'fhéidir
80d'fháil do chuirfeadh le cumas na dtréan so
81ar mháigh, ar choill ná ar thuinn taosgaig.
82Slán leó, na hóig fhuilteach' fhaobhrach'
83nár ob cath ná treas ná tréanghoin,
84ionnsuí gharbh, sparainn ná céidil,
85troid ná gleó ná cómhrac éinfhir,


L. 7


86

's nár iarr seasgaireacht collata ar chaomhchuilt,
87is fa phroinn nár iarr an mhias phéatair,
88acht feóil do chleith ar dheis an fhéir ghlais
89's a mbeóil ar chuid don tsruith do léigean.
90Sioc ná sneachta ná fearthainn níor éignig,
91tart ná ocras, othras ná créachta,
92fuacht ná túirse ná siúl saothrach
93fá Ghort na bhFiann dár thriath Art Éinfhear.
94Is fá mar nochtaid damh croinice an Fhéarmhaigh
95fuidhle a sua, a ndrua 's a gcléire,
96d'fhiadhain dearbhtha a seancha naofa
97ó aois go haois go tíocht Éibhir,
98go cloí na dtrí nAodh i n-aonacht
99is tsíl gCéin Laighean i bhfeidhm nár thréithbhog
100is cuaine Mhuighe Chruachan Mhéidhbhe
101ar ar ghoill an bhuíon so i n-éagcruth,
102gurab amhla bhíd a laoichre laochdha
103mar ghríbh nímhnig faoi n-a céid-nid,
104


L. 8


105

nó mar león i n-uaimh 's a chuaine i mbaogal,
106is mar dhraig ar tí a bíobha d'éirleach,
107ag faire a cuanta, a bruach 's a sléibh-chnoc,
108a beann, a gleannta 's a béillic,
109a longphort, a dún 's a haonach
110ó cheann go ceann is go slios taobhgheal,
111go teacht iona rí do rí Séamus
112is dá mhac 'na dhiaig do riar Rí Séarlas.
113Atáid ó shoin 'na dtocht fá dhaorsmacht
114nach míne tréad le taobh na faolchon.
115'S an mhéid aca nár ceangladh i ngéibhinn,
116do díbreadh iad i n-iathaibh céana,
117's i gcrích Eachaidh a maireann dá n-éis sin,
118Courts of Wards is cách dá léirsgrios,
119meirse is cíos is fís Exchequer;
120ciorrú stóir san tSeómra Réaltach,
121san King's Bench a bhfuil dá séide,
122is Cúirt na nEasbog dá n-argain d'aonghuth.
123Assizes aca 'na gceannaibh conntaethe
124ag cur talaimh is fearainn fá chéile.
125Braighde 'na gcúirt fá bhréagchoir
126


L. 9


127

is coistí i ndaoirse trí n-a saora.
128Cár ghabh ceannas ná tapa ná tréine,
129neart ná seasamh ná gaisge na nGaeul-so
130d'éis críoch Scythia is Thracia 'ghéarghoin
131is Tor Bhreogain do chur fa ghéille;
132's arís ar dteacht on dTor go hÉirinn
133'n dtug ruathar Tuatha Dé amuith
134is cath Fionntrá an áig gur éignig
135is curaí an fhíll do bhí i mBruidhin Chaorthainn;
136tar éis catha Chluana Tairbh do léirsgrios
137ionat thuit Murchadh, m'urchra, is 'aonmhac,
138is tóruíocht Cheallacháin Chaisil 's a bhaogal
139ar shluaitibh dorcha borba ón mBéirbe?
140Créad í an time nó an bhuige nó an mhéirtne,
141nó an díth fuínn nó cruí nó céille
142nó an ceas naoíon do bhíos dá dtraocha
143mar ná cuirid le a n-urchra réiteach?
144Nó an ag feitheamh atáid le fáistin bhréagaig?
145San do-níd cé rín a dtéachtain:
146


L. 10


147

banfháig an fhoínn 's a draoithe naofa,
148Áine is Aoibhill mhaoil ón Léith-chraig,
149Cathfa, Mogh Ruith na lann bhfaobhrach,
150Feargus, Fítheal, Finn is Féircheirt,
151Bearchán salmchráifeach is Bréanainn,
152is Colum Cille tug coimirc don éigse.
153Ní hé shaoilim acht díoltas Dé uile
154ortha ó nimh do shil 'na bhraonaibh,
155gan úmhla ag dís don bhuín dá chéile
156ná d'fhear ba thaca chum seasaimh do dhéanamh.
157Soradh le síol Gholaimh ón Égypt
158dob' fhéile um mhaoin don droíng daonna,
159dob' fhearr creideamh, feicsin is béasa,
160dob' fhearr ba dhiaga cliar is créidmheach,
161ba gheanmnaí mná breátha béilbhinn
162suiríoch, sguabach, tuarthach, tréitheach,
163's a leá nár bh'fheárr Gálen féinig
164ar leigheas aibig gach galair is daoirchneadh,
165ba mhaith fuil is cruith is déanamh,
166ba mhaith ainm i ngaisge 's i gcéimibh,
167


L. 11


168

do ba mharcshluach eachluath éasga
169caithmhílig, praslaoichre is tréinfhir.
170An drong atá dá gcrá gach lae amuigh,
171mura lór ortha mo sporra sa, féachaig,
172leó, mo dheacair, ní fheadar créad déarfainn
173acht beannacht leó is fóirthin Dé ortha.
174A Chríost do shil t'fhuil 'na braonaibh,
175leasú leó sirrim go dtugair don tréad so,
176glóire thall i n-am an éaga
177's a gceart abhus ria ndul dod naomhbhrog.


178
179


180A rí-bhean shultmhar dá ngoirthear an bhean úd Bhriain
181mo chruí do thuirsig tú fhaicsin ar mearú triall,
182's an chloinn do hoileadh ad bhrollach ag smachtú dian
183'na gclí go mbristear a gcroithe le hadchúmha ad dhiaig.
184


L. 17


185

B 1650 17L
186U 0001


187
188

An Síogaí Rómhánach.


189
190

Innisim fís is ní fís bhréige í.
191Le ar súile dúinn ba léir í,
192le mo chluasa do-chualas féin í,
193í ní cheilim, deirim, déarad.
194Lá dá rabhas ar maidin am aonar


L. 18


195

annsa Róimh ar órchnoc Céphas,
196lán do ghruaim ar uaigh na nGaol san,
197sínte ar lic ag sileadh déara,
198fá bhfuil dias dob' fhial fá shéadaibh,
199le n-ar ghrámhar ábhar m'éagnaigh,
200Iarla mór Thíre Eoghain Néill mhir
201is Ó Domhnaill na n-órlann bhfaobhrach,
202an tráth do shíleas sgíth do dhéanamh,
203cé do chífinn ar mhaoilinn an tsleibhe
204acht fíormhaighdean bhraighidgheal bhéasach
205do bhain an bárr go bráth do Vénus
206is do Mhinerva i ndeilbh 's i ndéanamh.
207Is maith do figheadh a braoithe caola,
208do bhí an t-ór i meón a céibhe,
209do bhí an sneachta 's a' lasair 'na héadan.
210Adubhairt liomsa san mball chéadna
211do ghlór mhilis ba bhinne ná téada
212druidim suas ó uaigh na dtréinfhear.
213Ba fada a caoi 's a croidhe dá réabadh.
214Fa dheireadh thiar i ndiaigh a saothair,
215do thóg sí uaill ba trua le héisteacht,
216do bhainfeadh deóir go leór as cléircibh
217's do bhainfeadh osna as clocha dá mb'fhéidir.
218Leis an bhfaoidh sin do shín sí a géaga


L. 19


219

ag dearcadh suas go cruaidh ar néallaibh,
220's do labhair sí le Rí na spéire,
221lán do channtlamh annsa réim si:
222A Dhia mhóir, an deóin libh m'éisteacht,
223nó an misde ceist bheag éigin
224do chuaidh i ndaingean ar mhacaibh léighinn
225d'fhiafraidhe dhíot ós díbh is léir í.
226Atáim ar mearbhall i n-ainbhfios sgéala,
227óir más ionann do tharraing gach éinneach
228cóir na sinnsear do rinne an chéidfhear,
229Ádhamh ar n-athair do mealladh le hÉabha,
230créad fá n-iarthar trian na péine
231ar aonphór níos mó ná 'chéile?
232Créad fá saorthar gach daor éigceart
233is nach bí saor nach daorthar é seal?
234Créad nach baintear le dair bhréin bhig
235is crann an toraidh dá chrothadh 's dá réabadh?
236Créad fa gcrochtar bocht gan aonchoir
237is sliocht na n-olc i dtoice an tsaoghail?
238Créad an tocht nach sgriostar éircigh
239's gur buan a dtóir i ndeóigh na gcréidmheach?
240Créad nach feanntar clann Luitéarus
241is clann Chríost dá gclaoi go n-éagaid?
242


L. 20


243

Créad nach trua na huain dá dtraochadh
244is na mic tíre ag inghreamadh an tréada?
245Créad an ceart fá leagtar Éire
246is le n-a gleó nach mór go n-éistear?
247Créad an choir noch tugtar ar Ghaeulaibh,
248dream do dhiúltaigh d'iúlaibh géilleadh?
249Óir ó tháinig Pádraig naomhtha
250leis an gcreideamh go hInis Éilge,
251níor bhain traochadh, gaoth ná éclips,
252fóirneart eachtrann ná leatrom dá ghéire
253creideamh Chríost as croidhe na nGaol so.
254Do bhí a gcoinneall mar loinnir na gréine,
255do bhí a n-athainne gan chaigilt ag spréachadh,
256is níor thuit smál ná cáidh ná aonspot
257ar feadh na Fódla ar phór Mhilésius.
258Och, a Chríost! is fíor an méid sin.
259Créad tá uait nó an rún leat m'éisteacht?
260Nó an é is áil leat go bráth gan féachain
261ar an gcuaine is buaine ' dréim leat
262fá na Gallaibh dá bhfeannadh le héigceart?
263'S gurb é a n-agallamh glafarnach Bhéarla,


L. 21


264

lucht an fhill do thuill a dtréigean,
265do chuir druim le cuing na cléire
266is do-ní cnáid fá mháthair an Éinmhic.
267Is leo nach mian do Dhia seal géilleadh
268acht an creideamh do sgriosadh le héirceacht.
269Ní áirmhím Henrí an chéidfhear
270do léig go truaillidhe uaidh a chéile
271ar Anna Builín a inghean chéadna,
272is d'imthigh ón eaglais ar theagasg Luitéarus.
273Cuirim leis Elizabeth phéisteach
274nár phós fear is nár stad ó éinneach.
275Iomdha dream ar ar fheall an mhéirdreach.
276Do rinne sí fásach do Chlár Éibhir.
277A mná 's a bhfir do sgriosadh léithe.
278Tug sí bás do Mháire Stéabhard.
279I ndiaigh na mná so tháinig Séamas.
280Níor thuar faoiseamh do chríocha Fhéilim,
281an fear do thógaibh a bpór as a bhfréamhaibh
282is d'órdaigh a dtalamh do thamhas le téadaibh,
283do chuir Saxanaigh i leabaidh na nGaol nglan
284is transplantátion ar chách le chéile.
285


L. 22


286

Is gearr 'na diaigh gur thionnsgain Séarlas
287ar nós a athar le cleasaibh 's le bréagaibh.
288Ar Leath Chuinn an chuing dob' éigceart
289is ar Leath Mhogha dá bhfoghairt go héinfhear.
290Do bhain sé díobh a gcíos 's a mbéasa,
291a maoin 's a gclann, a n-arm 's a n-éadach,
292trian a bhfearainn 's a ngairme i n-éinfheacht.
293Leis do hiarradh Dia do thréigean
294's gan labhairt i dteanga na Gaelge
295's gan 'na háit ag cách acht Béarla.
296Órd is aifreann do bacadh leis d'éisteacht.
297Tré gach gráin dá ndeárnaidh ar Éirinn,
298buan a mallacht ag fearadh go héag air.
299Marab é is cionntach, ní haithne dham féin sin.
300Créad ba cúis ar dtúis dá phéinbhruid
301far dheónaigh Dia an triath so 'shéana
302leis an lucht do thug do géilleadh,
303Parliamentárians na dtárr maothlach
304ler baineadh a cheann le lainn fhaobhraigh.
305


L. 23


306

Don rí do baineadh an ceann céadna
307is lena linn do thionnsgain Éire.
308I gcúige Uladh do mhusgail an chéidfhear,
309Mág Uidhir, fuigheall na Féine
310is Mac Mathghamhna amhail ba bhéas do,
311an dá leómhan chródha mhéinnmhaith
312nár chuir suim i maoin an tsaoghail si
313's nach dearnaidh ceangal le Danaraibh saobha,
314nó gur dóirteadh leó i n-éinfheacht
315do ghrá an chreidimh ba leisge leo 'thréigean
316ar shráid Lonnduin na dtonn dtaosgach
317a gcuid fola 'na locha craorga.
318Ní le fuath nach luaidhimse Féilim,
319an t-óg uasal ruaidhgheal péacach,
320an fear ler baineadh as eachtrannaigh méileach
321is lán na gcartach as Albanaigh d'aoileach.
322Ag so an uair do ghluais an tréinfhear
323as an Spáinn fá lán éarma,
324Eoghan ruadhghlan na sluagh mbaoghlach.
325Laoch na gcreach é, mac Airt éachtaigh,
326mac mic oirdheirc Chormaic Néill mhir,
327lámh ghaisge nár sáraigheadh i n-aonghoil.
328


L. 24


329

Bíodh ar mb'fhallaing gur dearbhtha an sgéal soin.
330Iomdha guais ina bhfuair sé 'fhéachain
331ón lá dob'eól do a shrón do shéide
332nó gur chríochnaigh Críost a théarma.
333Cuirim 'fhiadhnaise ar Dhia nach bréag so,
334is ar an Spáinn atá lán dá ghéarghol,
335is ar an bhFrainnc ba teann a' dréim leis,
336is ar Thír fá thuinn atá tinn dá fhéagmuis
337is ar chlanna Mhíleadh i dtír na hÉireann.
338Leath a ghníomh a ríomh ní fhéadaim
339Do chúige Uladh tug furtacht ar éigin.
340Do chuir sé Gaill do dhruim a chéile.
341Do chuir sé Lesley ar teitheamh go héasgaidh.
342Do chuir sé ar chosaibh Mhontgomery géibheann.
343Do chuir sé meatacht ar Albanaigh mhaola.
344Do chuir sé a ndaoine tríd a chéile.
345Do bhris sé brú an Mhúraigh bhréagaigh.
346Baile Átha Cliath do iadh an tréinfhear.
347Leis do sgiúrsadh an chúnntae chéadna
348's an Mhidhe mhealltach Ghallda Ghaolach.
349


L. 25


350

As Port Laoíse do dhíbir éircigh,
351i bPort Leastair do leagadh leis céadta,
352as Port Fáchland cách do spréidh sé.
353Do bhain sé giodar as Biorra 's as Aonach
354is as súd suas go Tuamhain Éibhir.
355Do rug sé creach gan chead don mBéarla
356ó Innis Cuinn tar bhinn an tsléibhe.
357Tug Port Láirge a lámh go léir leis,
358is Dún Canáin na gcanál dtaosgach,
359Loch Garman na n-arm bhfaobhrach,
360Ros Mhic Thriúin is Dún Bhinn Éadair.
361Do Chill Chuinne bhain uirrim ar éigin.
362Cois na Sionna ba neartmhar a ghéaga,
363Cois Abhann Móire is Feóire i n-éinfheacht,
364Cois na Bearbha ag marbhadh méirleach,
365Cois na Siúire a thrúp ba saothrach
366is as sin síos arís go hÉirne.
367Do rinne sé áthas i Ráth Méidhbhe.
368Ó Bhaile Átha Luain do fuair sé géilleadh,
369is ó sin siar go hiarthar Bréifne.
370Do bhris sé an balla ag Baile Shéamais.
371Do chuir sé Sligeach ar crith len' fhéachain.
372Is leis do ceangladh an Ghaillimh le chéile.
373Dar Mac Duach, ba suairc an sgéal soin


L. 26


374

ar gach cuan do chuantaibh Éireann,
375dá rádh, dá luadh, dá thuar, dá leaghadh,
376Eoghan Ruadh ar ghuaillibh Gaodhal
377dá chur suas ar uachtar an Bhéarla.
378An t-óg uasal uanach aerach,
379bratach buanach buadhach béimneach,
380creachach cuantach cuartach créachtach,
381dreasach duadhmhar dualach déarcach,
382feasach fuadrach fuaidhteach féasdach.
383Gaisgidheach gluasda guasmhar gléasda,
384lannach luaimneach luathmhar léimneach.
385Marcach muardha muadhghlan méinnmhaith,
386neartmhar nuallach nuachrach néata,
387reachtmhar ruagthach ruaimneach réimeach,
388searcach snuadhach stuatach saothrach,
389teastach tuaiseach tuarthach tréanmhar.
390Do-ním daithne, dá maireadh an t-éan so,
391nach biadh an ealta so i leabaidh na bhfoenix
392is nach faigheadh Gaill ná Crombhuil géilleadh
393amhail mar fuair an uair d'éag siod.
394Acht gidh crádh liom a thásg san d'éisteacht,
395liom ní cás a bhás ar aonchor
396's nach le Gallaibh do gearradh a shaoghal


L. 27


397

acht le Dia lér mhian a shaoradh
398is gairm go neamh i measg na naomh air.
399Is gearr 'na dhiaidh go dian gur éirigh
400an leomhan catha, an t-easbog Éibhear,
401fear rug bárr ar chách san léigheann,
402fear an chloiginn chomhthroim éachtaigh,
403fear ba díreach croidhe do Ghaeulaibh.
404do bhris boinéad an bhroiméin mhéallaigh,
405do ghearr gúta an Chútaigh ghaothaigh
406's do chuir ruaig ar shluaite Shéarlais.
407Uch mo chreach gur gearradh a laethe!
408Tré Easbog Dhúin ní lugha mh'éagnach
409's tré uaisle Uladh na gcuradh laochda:
410Henrí Ruadh dár dhual tréine,
411is Mac Mheg Uidhir an chroidhe Ghaolaigh,
412Ó Catháin an coileán léimneach,
413is laoch na ruag, mac Tuathail Féilim.
414Beannacht leó, a gcóireamh ní fhéadaim,
415is ó táim cráite, fágtha, céasta,
416fiafraidhim díot arís, a thréin-Mhic,
417cár ghabh tárrngaire Phádraig Naomhtha,
418rádh Bhearcháin nó Sheanáin shéimhghil,


L. 28


419

Chiaráin Chluana do fuair géilleadh,
420Choluim Cille an oinigh aeraigh,
421rádh Chaillín nó Ultáin shaothraigh,
422nó Cholmáin Eala dár bheatha féar glas,
423is gach fáidh feasach dár labhair ar Éirinn?
424Uch ochón! mo bhrón géarghuirt!
425mo ghol, mo chaoi, mo dhíth céille!
426mo lom, mo ghleó, mo cheó, mo léana!
427monuar, mo mhilleadh, mo mhire, mo phéinbhruid!
428Trian a ngalair go follus ní léir dham
429acht na Gaoil dá sníomh 's da réabadh,
430dá gcur síos, dá gclaoi 's dá ngéarghoin,
431le pláigh, le gorta, le cogadh dá léirsgrios.
432Cóir do Dhia ní hiad nár saoradh.
433Ní raibh a nglaca i nglacaibh a chéile.
434Ní raibh an tuath go fuaighte d'aontoil
435is ní raibh an chliar ariamh acht réabtha.
436Do bhí cuid líonta dhíobh do bhréagaibh,
437cuid nó dhó le pór na n-éirceach
438is dá chuid eile do Ghallaibh ag géilleadh.
439Cuid le cleasaibh ag mealladh na nGaol so,
440cuid ós árd i bpáirt na hÉireann
441is iad go bráth fá láimh dá tréigean.
442Cuid ag seasamh le Saxaibh don taobh 'muigh
443is iadsan leó fá thóin na méise.
444Biaidh mo mhallacht ag fearadh ar an gcléir sin


L. 29


445

is ar a gcuaine go Luan an tsléibhe,
446lucht gan dísle chroidhe dá chéile,
447lucht na bhfeall, na meang 's na n-éigceart,
448do thug náire do Chlár Éibhir
449's do chuir suas d'uaislibh Gaodhal,
450ar ar thuit cunntracht an Nuncio dhéidheanaigh,
451Eóin Baisde, ardeasbog Féarmo,
452aonfhear áite an Phápa i n-Éirinn,
453Ag so an chúis is cúis dom dhéaraibh
454ag so an cás do chráidh go léir me,
455do chuir folach ar sholas na gréine,
456do chuir buaire is gruaim ar spéiribh
457's do chuir an Eóraip fá cheó éclips.
458Mo mhallacht go deó le pór na bhfaolchon!
459Gidheadh fós, mo dhóigh níor thréigeas
460's ní bhiaidh mise gan misneach éigin.
461Is treise Dia ná fian an Bhéarla.
462Mairidh fós do phór Mhilésius
463an t-Aodh Buidhe se d'fhuigheall na nGaolfhear,
464an fear do thárrngair fáidh nach bréagach


L. 30


465

chuirfeas Gallaibh i ndeireadh na péice.
466Mairidh an ruaidhfhear gruaidhgheal Féilim,
467is Colonel Fearghail, an gaisgidheach éachtach,
468is Aodh Ó Broin le dtuitfeadh céadta.
469Mairidh an chóip nach dóigh d'éinneach:
470Ruarcaigh, Raghallaigh is Branaigh le chéile,
471is Síol gConchubhair sturrumhail stéadmhar,
472Síol gCeallaigh nár fionnadh bheith tréithlag,
473Síol Mheig Carrthaigh nach dearnaidh clébheart,
474Dál gCais na ngníomh, Síol gCinnéide,
475sliocht Éireamhóin is mórshliocht Éibhir.
476Mairidh Leath mogha fuair togha na héigse,
477is Leath Cuinn mhuair do bhuaidh céad cath,
478Ó Maoileachlainn, an preabaire laochdha,
479is Ó Maolmhuaidh na ruathar n-éigneach,
480Mac Cochláin na gcaisleán nglégeal,
481Ó Cearbhaill trúpach ó Dhúithe Éile,
482Ó Súilleabháin ó chlár Bhéarra,
483Ó Mórdha, Ó Floinn is Ó Duinn an tSléibhe.
484


L. 31


485

Do-dhéanaid an dáimh si go gearr aonchorp
486is do-bhéaraid lámh i láimh a chéile.
487Bualadh ar Ghallaibh i Saingeal do-bhéaraid,
488i Mullach Maistean ar Danaraibh réabfaid.
489Ní bhiaidh ceangal le Gallaibh ag éinneach,
490ní bhiaidh caidreamh le hAlbanaigh mhaola,
491ní bhiaidh marthain ar eachtrannaigh i n-Éirinn.
492Biaidh céad cómharc i dtóin lucht Bhéarla
493is Chailbhin chleasaigh bhradaigh bhréagaigh.
494Biaidh gáir fá tholl i dtoll Luitéarus.
495Biaidh an buadh ag sluagh na nGaol so.
496Biaidh a n-uaisle i n-uachtar éirceach.
497Biaidh a gcreideamh gan mhilleadh gan éclips.
498Biadh a n-eaglais ag teagasg an tréada,
499bráithre is easbuig, saguirt is cléir mhaith.
500Guidhimse Dia, más mian leis m'éisteacht,
501guidhim Íosa do-chí an mhéid se,
502is an Spiorad naomhtha arís d'aontoil,
503Muire mháthair is Pádraig naomhtha,
504Colum croidhe is Bríghid déidgheal,


L. 32


505

go ndaingnighid sin Gaoil dá chéile
506is go dtigidh dhíobh an gníomh so 'dhéanamh:
507Gaill d'ionnarbadh is Banba 'shaoradh.
508An tráth do chríochnaigh an tsíbhean phéacach,
509mar adubhras ar dtúis san méid sin,
510ar mbualadh a bas go prap fá chéile,
511do-chuaidh sí suas do ruaig go néallaibh,
512is d'fhág sí mise ar an lic am aonar
513gan ghlór, gan tapadh, gan spreacadh, gan aonchor,
514sínte ar thuama ar uaigh na nGaol san.
515Aois an Tighearna i mbliadhna 'déarad:
516míle go leith, cúig deich is céad leis.
517Ag sin díbhse críoch mo sgéil se.


518
519

Slán don mhnaoi bhí araoir ar uaigh Uí Néill,
520le crádh croidhe ag caoine uaisle Gaol.
521Gidh d'fhág sí mo chlí go suaite tréith,
522mo ghrá í 's gach ní dá gcualaidh mé.
523


L. 35


524

B 1655c 17L
525U 0099


526
527

Aiste Dháibhí Cúndún.


528
529

Is buartha an cás so 'dtárlaig Éire,
530'na buaile phráisg dá cárna ag méirlig,
531an uaisle ar lár gan fáil ar éirghe,
532'na gcuail chnámh atáid a laochra.
533Mo thrua a mná i ndáil a chéile,
534ag uaill 's a' gártha, a' fásga a méar lag,
535ag buain na gciabh go dian dá bpréamhaibh,
536ag túairt na mbas go prap dá chéile,


L. 36


537

's ag sile na súl go dúch i ndéaraibh.
538Och mo chrá! níl fáil ar réiteach.
539Is fíochmhar spáirneach atáid na spéartha,
540an ghrian ar eachaibh ag tarraing fá néalaibh
541is í le hathadh le Saturn fraochda.
542Le hiomad blian i ndiaig a chéile
543tá an t-éasga ar lasa ag taisdeal na spéire,
544tá an fhuil le faicsin i dTeachta na nDéithe,
545's ní mheasaim gur taise don mheardruin Vénus,
546is tá comet reannach ag bagar gach aonuilc.
547d'fhág súd na daoine bruíneach pléideach,
548is táid na críocha cíocrach faorach.
549Táid na ríochta gan rí gan saorfhlaith,
550is táid an uaisle buartha ón dtaom so,
551is táid na pobuil faoi choga is faoi spéirling,
552is na boicht go doilbh ag cosnamh ha hÉireann.
553Is dóibh is measa liom sparainn na spéartha
554's a mbeith cráite is fá dom dhéaraibh,
555dá gcur ó áit go háit gan réspect,
556gan díon aige taoiseach ná ag préamhfhlaith,
557gan duine díobh 'na thír dá léigean
558acht ruagairt gan fuara ar a dtréanaibh
559's a sult go Connachta uile dá léirchuir.
560Cuid dá ndícheanna díobh le héitheach


L. 37


561

is cuid dá ndíol is na críochaibh daora
562ag déanamh sochair do bhodaig an Bhéarla.
563Scum na Sagsan is na bailtibh fa thréine
564ag mille na coda dár fosgadh ar éigin,
565dá leadra, dá gcnapa is dá spréacha.
566Och! monuar, mo bhuairt lem shaogal!
567Och! mo thrua, níl suan i ngaor dham!
568Táid mo chluasa óm mbuairt gan éisteacht
569is táid mo shúile múchta ó dhéaraibh.
570Nílim balbh, mo labhairt ní léir dham.
571Níl dáil sgartha agam theangain rem dhéadaibh.
572Tá duig am cheann is treighid am thaobh deas.
573Tá mo chruí gan bhrí 's mo chéadfa.
574Tá mo mhisneach go haimhneart 's mo ghéaga,
575mo lámha gan osa 's mo chosa gan éasgacht,
576mo bhéal le hathadh ag ceangal dá chéile.
577Níl lúth ar m'aire ná caitheamh na ngaethe,
578rith ar faithche ná ar mhachaire fhéir ghlais.
579Ní ghráim an seabhac, ní marcach me ar stéideach.
580Ní bhfaghaim radharc ar ghadhar na spéasrach.
581Ní leanaim an fia go dian fá shléitibh.
582Níl mo thoil do sgoil na n-éigeas.
583Ní labhraim ceachtar díobh, Laidean ná Béarla,


L. 38


584

is orm is dall Franncais is Gréigis,
585ní chanaim Spáinnis ná ráite Éibhir
586is teanga mo mháthar, mo chrá má's léir dham.
587Ní sheinnim go sámh ar chláirsig théidbhinn.
588Ní imrim áce ar tháiplis thaobhthais
589's i n-imirt na gcárt an t-ás ní léir dham.
590Fá mo smúinte cúrsa an tsaoghail.
591Cé hiomdha dúithche, cúirt is aolchloch,
592cé hiomdha baile, cathair is tréantor,
593cé hiomdha ríocht is críoch is saorthreibh
594do thaisdil mo chos ón bport go chéile,
595mo chrá má b'fhollas dam modh i gcrích Fhéilim
596i n-áit dár ghabhas ná i mbaile dar fhéachas.
597Do bhíos san each do cheapadar Gréagaig
598ar ndul asteach i mbaile na Trae shoir.
599Do bhíos am sgolaire ag imeacht mar Aongus
600an uair do briseadh a loingeas ó chéile;
601do chuas don Chártage le hárdmhac Vénus
602an uair do chealg an ainnir dheas déidgheal.
603Do chuas le Jáson go hárus Médea
604i gcoinne na holla lér tolladh na laochra.
605Do bhíos i dtímcheall an ímpire Caesar


L. 39


606

an uair do dhíothchuir Puímp 's a thréine.
607Do bhíos i gcamptha an Fhranncaig fhraochda
608is ansa trúp do thiúnsgain Séarlas
609dá chuir go Rí na ndúl le sgéalaibh.
610Le hAlasdram Muar do chuas ó Ghréagaibh
611ag taisdeal na gcríoch 's gach tír dá léirsgrios,
612ar ndul don Ásia, don Spáin 's don Égypt,
613Eóraip is Afraic nuair cheangail fá aonsmacht.
614Do bhíos am Shampson an chúil chraobhaig
615ar gcur na bhFilisteanach uile faoi dhaorbhruid.
616Do bhíos am Maoise, an tsaoi gan éalaing,
617an uair thug a luingeas ó fhuirinn na hÉgypt,
618clann Isra-íl 's a mbuíon i n-aonacht
619tré lár na mara 'nar basgadh na céata.
620Do bhíos am Thítus ba líonmhar tréine
621ar dtógbháil cathrach Jerusaléma.
622Do bhíos san Róimh nuair d'fhógair Néro
623an chathair do dhó 's a stór 's a gcréithre,
624's am Musidórus ba chróga i gcéidil
625is am mhac Eabhrach d'aistrig 'éadach
626tré ghrá na mná dob' áille mhaorga.
627'S am Rí Artúir an Bhúird chaomhchruinn


L. 40


628

ar ngeimhle a halla le chéile
629ar Mhá na n-Iongna le Ridire na Gréine;
630do bhíos am Mhadra .i. Alasdram éachtach
631ag taisteal gach críoch ar sgaoile a spéasrach.
632Do bhíos am Ghalfas ag tabhairt gach aonchath
633ar thóruíocht soithig na druinge naofa.
634Do chuas le hEarcuil go Cerberus tréinteann
635an uair thug amus ar chonnsgar Théseus.
636Do sporras 'na dhiaig sin ag tíacht don taobh so
637d'fhéachain saoithe is laoichre Éireann.
638Do bhíos am Chonall 'na cholla i mBinn Éadair
639an uair leig Eithne chum loinge gan spéirling,
640's i gcath Mhucruimhe ba tubaist mo sgéalta,
641do ghabhas lot go docht am thaobh deas.
642Do bhíos am Osgar i gcosgar na mbéimeann
643an uair d'fhág na catha 'gus Cairbre créimeach.
644Do bhíos am Chonn nár chrom ó chéidil
645ar tháin an tailimh lér threasgair na laochra,


L. 41


646

's am chloinn Uisneach nuair sgiobadar Déirdre,
647do chuir Rí Uladh ar cuthach le héad leo.
648Do bhíos am Lúig ba lúbach géaga
649ag buain an fhearainn do Bhalar na mBéimeann;
650's am thriúr cluinne Tuireann léidmheach,
651i gcuinne na muice mo thuras don réim sin;
652am Mhac uí Dhuibhne san mBruidhin Chaorthainn
653is ar thóruíocht Shaidhbhe, an bhraighidgheal
654bhéusach;
655i gcath Fionntrágha mo dháil ba phléideach,
656cíos na hainnise chailleas mar mhéirlig.
657Do bhíos am Chonn ag tabhairt gach aonchath;
658do chuas le Niall nuair thriall a hÉirinn,
659is tug géille an taoibh shoir leis ar éigin.
660Do bhíos ag fosgain Lochlann ón dtaobh so
661an uair do threasgair Maoileachlainn Turgésius,
662is i gcath Chluana Tairbh inar basgadh a dtréine
663an uair do thuit Brian is Murchadh i n-aonacht;
664i gcath Ruis na Rí is Muighe Léana
665's i gcath Muighe Tualaing chruaig na mbéimeann.
666I n-áit dár ghabhas ní fheaca is níor léir dham,
667's a bhfuaras ó Aoibhill na Craige Léithe,
668ná ó Chlíona an tsí-bhean mhaorga,
669ná ó Áine an bhánfhlaith bhéaltais,


L. 42


670

ná ó Fhionnlag bhannda bhéasach,
671ná ó inín Deirg, an ainnir ghlan déidgheal,
672ná ó mhnaoi ar bith díobh dár fhéachas,
673ná ó Dhonn Fírinne, saoi na saorchleas,
674ná o Ghearóid Iarla, triath na gcaol-each,
675ná ó Mhacaomh Innse Creamha níor éisdeas,
676ná ón tsaoi nuíanta Síomon aosda,
677ná ó Fhuaim Tuinne ba chlisde ar na gaothaibh,
678ná ó Bhrog na Bóinne 'nar chómhnaig Aongus,
679ná ó bhruín do bhruíontaibh Éireann,
680ná i leabhraibh fáig, mo chrá! má léas-sa
681ná i sórt staire dár ceapadh san tsaogal
682samhail an turais si d'imig ar Ghaeulaibh.
683Do léas leabhair seannda na nGréagach,
684is gach stair dár ceapadh i dteanga na n-Éabhrach,
685is gach ar sgríobhadh ar Phuímp is ar Caesar
686is gach ar smúinig Plútarch d'fhéachas,
687is ar sgríobh Hómer, rós na héigse,
688's ar sgríobh Virgil ar imeachtaibh Aonguis,
689's ar sgríobh Cicero i gcoinne na méirleach,
690is gach ar deachtadh le Hector Boetius,
691's an méid do canadh le Marcus Aurelius.
692Saltair Chaisil is dearbh gur léir dham,
693Leabhar Ghlinn Dá Loch gan ghó do léas-sa


L. 43


694

Leabhar Buí Moiling is Leabhar na n-Aosa,
695Leabhar Molaige is Oirecheapt Chionnfhaolaig,
696is Leabhar na gCogaí ór bh'osnadhach céata.
697An Réim Ríogra is fíor gur léir dham,
698Amhra Choluim na bhfocal naofa,
699is mórán farrais ná fachtar i n-Éirinn.
700Dar mo bhasa, ní fheaca is níor léir dham,
701annsna starthaibh do chanaim san méid sin,
702samhail peannaide an tailimh si Fhéilim.
703Do-bheirim go deimhin le linn na n-Aosa
704ó Ádhamh go bátha an tsaogail,
705is ón mbátha go hÁbhraham naofa,
706is ó Ábraham go Dáibhí Réxa,
707is ó Dháibhí annsan go bruid na saorchlann,
708is ón mbruid arís go teacht Chríost dár saora,
709is ó theacht Chríost go críoch an tsaogail
710nach raibh, nach fuil is nach baogal
711do chur ar fhuirinn dár geineadh ó Éabha
712samhail na bruide fár cuireadh críoch Fhéilim.
713Anois tráchtfad páirt dá sgeálaibh,
714bíodh gur páis ar bhárr mo phéine é.
715


L. 44


716

Is tinn an aithris dam eaglais Éireann,
717mar chím i n-easba a sagairt 's a cléirig
718tar taobh don talamh tug tabharthas naofa,
719a dtréad ar machaire, a marbhchuirp spréachta
720's a gcinn ar sparraibh mar cheannaibh na bhfaolchon.
721Cuid dá gcnapa 'na gceannaibh mar mhéirlig
722is cuid tar farraige ag seachna an éirlig.
723Is baintreach gach teampoll le tréimhse
724is táid a mainistreacha dá dtreasgairt gach lae aca,
725's an méid dá n-eaglais sheasmhas ar fhéar ghlas.
726Mo thrua is measa liom caille a dtréada
727is gan buachaill aca chum seasaimh san éigin.
728Monuar is measa mar mhairg ná'n méid sin
729a mbuaine i bpeaca 's gach aca an té réifeadh.
730Mo chrá má mheasaim gur taise dá laochra.
731Atáid dá ngearra 's dá gcreacha gach lae aca,
732's a bhfuil gan leaba acht aiteann an tsléibhe,
733seisg an churraig is ruide fá 'dtaobhaibh,
734fá shioc, fá shneachta, fá fhearthainn, fá ghaothaibh,
735gan greim re hithe acht biolar is féar glas,
736samha na gceapach nó seamair na ré-chnoc.
737Och monuar! an uaisle ar dtréigean!
738Do measadh a stát is tá ar láimh na méirleach,
739is táid a mbailte faoi bhastartaibh Béarla,


L. 45


740

is táid a gcartacha daingean le tréimhse
741ar láimh na nGall nach ceannsa céadfa,
742is a ndúnta faoi mhúnlach lucht céirde,
743is gan dá ndaingeanacha aca le féachain
744acht príosúin dhubha nó tithe na ngéibheann.
745Cuid dá gceannaibh ar sgarthain re a gcaomhchorp,
746is cuid i nglasaibh don ghorta go n-éagaid.
747Cuid dá bhfosgain go Connachta an éirlig
748faoi ghlas na Sionna nach fuiris a réiteach,
749's an lón diamhair do bhiathadh a mbéiltir
750i n-árus chlúimh fá stiúsaí an éithig,
751's gan le rá mar shásamh d'aonneach
752acht a rogha aca bás d'fháil nó éirghe.
753Transplantátion dá rá i n-éifeacht.
754Mo thrua a gcumas ar n-imeacht a bpréimhe!
755A gcinn chum cláir go brách ní léigfear.
756I dtaobh an íoca bíd fá ghéibheann.
757Caithfid an dlí si Chríost do thréigean
758is briathra Chailbhin do ghlaca mar phrécept.
759Cé do gheallas duit dearbh na sgéal so,
760mo chrá má chím cá slí 'na ngéabhad.
761Níl sórt peannaide le haithris fá néalaibh
762do phláig, do ghorta, do choga, do chréimibh,
763nár thairg tíocht don chrích si Fhéilim,


L. 46


764

ó lá an Bhealaig 'nar sgaipeadh na céata
765is ó lá an Leasa 'nar cailleadh na laochra
766is ó lá Chnuic na nDos ba dhéarach
767ionar fealladh ar Alasdram éachtach.
768Bíodh gur cailleadh sgata san léith-chloich,
769an chlú an uair cailleadh, chuaidh ainm i n-éaga.
770Is ón lá tháinig Táaf mar léader
771do bheir chum ceana do ghlaca 's do thraocha
772nó chum dísle 'shíne ar mhéaraibh
773nó chum coga do chosnamh ar bhaoghal.
774I n-áit a gcreidimh ó bheireadar géille
775's ó tugadh masla do theachtaire an phréamhfhlaith,
776's ó cuireadh sgaipe ar an eaglais ó chéile,
777's ó cuireadh le bárr nirt Clann Márgan a hÉirinn,
778's ó lá an aitinn do ghlaca dá léana,
779's ón lá briseadh i nDuibhlinn a dtréine
780's do bhádar 'na sodar ó Life go Léithghlinn,
781ní raibh mo shúil i rún le Gaeuluibh.
782Siúd an uair ba dhual bheith déarach,
783siúd an uair do bhuair an taobh so.
784Siúd an lá cailleadh a sagairt 's a gcléirig.
785Siúd an lá ionar thráig a dtréine,


L. 47


786

Siúd an lá ionar crádh a laochra.
787Siúd an lá do bhí a gcás le réiteach.
788Siúd an áit ionar fágadh Éire.
789'S ón lá fuair Cromuil an chonair 'na slaodaibh,
790'nar sgaoil fá chumas an brusgar so an Bhéarla
791ar fuaid chupaird is chláir an t-ár 's a' t-éirleach,
792is tug i nDroithead Átha an t-ármhach créachtach
793ar mhnáibh, ar leinbh, ar fhearaibh is ar laochra,
794is tug an sgíomhal so tímcheall Éireann,
795's ón lá cuireadh fá thubaist críoch Laoghaire,
796ionar glacadh go fíor a ndlí 's a bprécept,
797siúd mar dhlí go glinn dár ndaora.
798Inneósad páirt dá gcás má fhéadaim:
799caithfeam ár gcreideamh fá dheire do shéana.
800Níl cead le fáil chum lámhaig ar ghaethibh,
801ná marcachas ar eachaibh an fhéir ghlais,
802ná snámh go leabhair ar abhannaibh tréana.
803Ní leómhthar pionnsa 'thionnsgna ar aon chor,
804iomrasgáil ná trácht ar léimrig,
805ná ar aon tsórt airm dár ceapadh i n-éifeacht.
806


L. 48


807

Prioca práis 'na láimh ní léigthear.
808Gach a measaid bheith óg ní leómhaid ar aon chor.
809'Sé chanaid gan ghó gur Rogue nó méirleach.
810Ní fhoidhnid teagasg ar Laidin ná ar Ghaelge
811ná d'aon bheith gasda 'sna healadhnaibh saora.
812'Sé is cúis bhunaig, mar thuigim, don méid sin:
813mallacht an Phápa gach lá dá léirsgrios.
814Siúd an ní do-bheir Gaoil fá mhéala,
815do-bheir ár mná faoi ghártha a' géarghol,
816do-bheir an phláig ins gach áird dár dtraocha,
817do-bheir ár n-aibhne ar díth éisge,
818do-bheir an talamh gan tartha le chéile,
819do-bheir dath fola ar shrothaibh na hÉireann.
820Guím thu, a Mhuire, agus fortaig an taobh so,
821a bhuime na mbocht nár loc ón réiteach.
822Guím Eóin Baiste 's na hapstail le chéile,
823naoimh an domhain i bhfuirm mar adéarfainn,
824do chur a nguí chum Críost dár saora
825ón mbruid, ón bpeannaid is ón ngéibheann
826'na bhfuilid Gaoil, mo dhíth, le tréimhse.
827Is dá ndáileadh Dia d'aontriath do Ghaeulaibh,
828d'uaislibh Táil nó don Chárrthfhuil thréanmhair
829do ghlacfadh do láimh i dtráth an éachta,
830do chuirfeadh an t-ár le lánchath chréachtach,
831is do chuirfeadh tar ais le slait na méirlig,


L. 49


832

cé nach buan ón mbuairt mo shaogal,
833am shrón, dar Duach, an t-uar do shéidfeadh.
834Yes, by Gad, I'd swag my béaver.
835Ní léigfinn mo chluas do thuargaint d'aonneach.
836To kick my arse ní rachadh gan spéirling,
837To break my chaps mo chreach dá léigfinn
838le haonmhac boduig dár choguin an Béarla
839gan bheith 'na bhruicill 's a shiolla do léirchleith.
840An uair nach faighim-se leigheas na gcréacht so,
841leagfad mo shúile dúnta i n-aonacht,
842ní chuirfead mo dhúil re smúine ar aonrud
843is ní chuirfead cor dom chois go n-éagad,
844bíodh Críoch Fáil mar atá le tréimhse,
845go dtigid grása ó árdMhac Dé ghil,
846'na buaile phráisg dá cárna ag méirlig.
847


L. 59


848

B 1657c 17L
849U 0100
850TUIREAMH NA hÉIREANN.


851
852

An uair smaoinim ar shaoithibh na hÉireann,
853sgrios na dtíortha is díth na cléire,
854díothú na ndaoine is luíod a ngréithe,
855bí mo chroí-si am chlí dá réaba.
856Tar éis na díleann, fé mar léitear,
857níor mhair puinn don chine dhaonna
858nár bháig neart na tuile tréine
859acht Naoi 's a chlann, Sem, Cam is Japhétus.
860


L. 60


861

Acht amháin go raibh i n-Éirinn
862Fionntain fáig gan bhá sa déirlinn.
863Ní hé a shnámh ná a rith thug ré dho
864acht toil an Áirdrí, sé sin 'éifeacht.
865An uair do chaith Naoi gan bhaois gan bhréaga
866mórán aoise is críoch a shaogail,
867do-chuaig go Liombó d'fhéachain Éabha,
868is d'fhág agá chloinn an domhan braonach.
869An Ásia thoir fuair Sem mar chéadchuid,
870's an Aifric theas fuair Cam nár naomhadh,
871do thuit an Eóraip chum Japhétus.
872Do ghlacfainn mar roinn an chuid déanach.
873Ó Cháin do mharbh Abel gan aonchoir
874is ó Cham do geineadh na haithig gan bhéasa:
875Atlas ar a mbíodh leath na spéire,
876is aontsúil i gceann Polyphémus.
877Briareus ar a raibh céad lámh méirsgeach,
878Argus 'na gceann, fear céad léath-rosg,
879Títan d'alpadh deich dtairbh ar bhéile,
880Gogmagog is corp gan léine,
881Cyslops, Centaurus, Cerberus, Éryx,
882Gorgon do-níodh clocha do chéadaibh,
883Minotaurus d'itheadh na Gréagaig,


L. 61


884

Nimrod, ceann is rí na féine.
885d'eagla arís go dtiocfadh an déirlinn,
886do mheas Nimrod tor do dhéanamh
887ba aoirde ceann ná na réalta -
888ní nár chríochnaig d'éis a shaothair.
889Cruinníd musturún do na saoraibh
890ar chnoc Olympus, Ossa is Pélion.
891Ní hiad do bhíodh go huíche ar aonchuid
892ag cur fataoi i ngarrdha fhéarmhar.
893Do bhí Dia forusta soithimh le daonnacht
894ar an dtalamh ó fhlaitheas ag féachain.
895Do rinne gáire faoi na péistibh;
896níor bheag leis 'fhaid do bhí ag éisteacht.
897Do leag sé síos le n-a sméide
898iad fein 's a gcnuic ar mhuin a chéile.
899Táid siad fós ag luasga a ngéaga,
900ag casa le héirghe, ag cneadaig 's ag béicig.
901An máistir do bhí ar na saoraibh
902an tuir Neamhruaidh 's a lucht saothair,
903an uair d'iarradh crann, do-beirthí cré dho,
904's an uair d'iarradh cloch, do-bheirthí aol dho.
905Sguirid go tapaig is sgaraid le chéile.
906Do bhí cainnt fá leith i mbéal gach éinfhir.
907Ní raibh roimhe sin aca acht aonghuth:


L. 62


908

an teanga Eabhra do mhúin Éibhear.
909Do bhí fán am soin prionnsa tréitheach
910annsa Scythia, Niúl mac Féinius.
911Do chuir sé dias is fiche is caogad
912ag togbháil teangtha an tuir i n-aonacht.
913Do rinne coinne riú ar mhachaire Shénair.
914Ann sin cruinníos sgoil go saothrach
915ba lia ealadha, teangtha is tréithe,
916Gréigis, Eabhra, Laidean is Gaelge.
917Do-chuala Pháro tásg mhic Féinius.
918d'iarr air dul leis féin don Égypt.
919Tug sé a iníon do mar chéile,
920ainnir an órfhuilt, Scóta dhéidgheal.
921Is uaithe tugadh Scóti ar Gaeulaibh,
922Scotia i Laidin mar ainm ar Éirinn.
923Do rug sí mac ró-mhaith Gadélus,
924se sin Gaeul Glas, sinnsear Éireann.
925Ag so an t-am do bhí Maois san Égypt
926is pobal Isra-él fá dhaorbhruid,
927Pháro fíochmhar fallsa daor leis,
928is Scóta cheannsa lán do dhaonnacht.
929Do rug Maoise a mhuinntear féin leis
930tríd an Mhuir Ruadh slán gan éislinn.
931Do mheas an rí a bhfille 's a dtraocha


L. 63


932

gur bádh é féin 's a bhuíon i n-aonacht.
933Do ghlac sgrupal mór Gadélus
934comhnaí do dhéanamh ar an dtaobh san.
935Do ghluais i gcobhlach mhór go gléasda
936's níor stad gur shoich sé críoch na Gréige.
937Do bhí sé sealad i gcathair na Tébe,
938ba leis Athens i gceart Féinius.
939Do-chuaig as soin go lacedémon;
940do ghluais leis as soin mórán Gréagach.
941Bile mac Breoghain is a ghaolta
942's a sheisear mac do bhí 'na laochaibh
943do rinne íobairt do na déithibh
944's do ghlac fairsinge mhachaire Thétis.
945d'éirig stoirm is d'árduig gaoth air
946idir Ortygia is oileán Créta,
947idir Melos is Ephésus
948is Pyramides mhic Alcuména.
949Idir Scylla na dtonn dtaosgach
950Is Charybdis bhagarach bhaolach
951do bhí an mhurrúch go binn taobh leis,
952a gruag sgaoilte is í dá réiteach.
953


L. 64


954

Do ghlac caladh i dtalamh Hespéria,
955is annsa mBiosgáin do gairmeadh réx de.
956Fuair le gaisge mar ainm Milétius,
957Míle Easpáin annsa nGaelge.
958Gaoth is anfa is mearbhall spéire
959do chuir go Banba tamall roimh Ghaeulaibh
960Ó hEidirsgeóil cróga is Ó Laoghaire
961is Ó Cobhthaigh binn do shinneadh ar théadaibh.
962Bráthair Mhíle, Íthe aorach
963ó Bhaighóna tig dá bhféachain
964Tuatha Dé Danann gan taise gan daonnacht
965é do mharbh 'na leabaig an' aonar.
966Do ráinig tásg a bháis a ghaolta.
967Is fuathmhar feargach ghlacaid na sgéalta.
968Tugadar míle mionn nár bhréagach
969go bhfaighdís ríocht is fuil an' éiric.
970Glacaid a n-airm 's a loingeas go gléasda,
971seisear mac Bhile nár bh'urasa thraocha
972ochtar mac meacanta meara Mhilétius
973is clann mhaith Ír do cailleadh don chéad dul.
974A sinnsear uile gan imreas Éibhear,


L. 65


975

Éireamhóin fuair rath is Éanna,
976Colpa an Chluímh is Aimhirghin tréitheach,
977is Donn do cailleadh i n-iarthar Bhéarra.
978I gconntae Chiarraí i n-iarthar Éireann
979do ghlacadar caladh ag Inbhear Sgéine.
980Atá ag bun Choirreáin fós gan traocha
981an charraig lér cailleadh go seachmallach Éanna.
982Do bhí triúr bainríon ar an dtaobh soin.
983D'iarr gach bean díobh ar a céile
984a hainm fein ar feag a réime
985do thúirt mar ainm ar Inis Éilge.
986Fódla, Banba a n-ainm is Éire.
987A dtriúr fear do thuit i n-aonacht
988Mac Cuill, Mac Céacht is Mac Gréine
989i gcath Taillteann, mór an slaoda.
990Ó chruthú an domhain go maidhm an lae sin
991trí mhíle blian fara cúig céada.
992Ní dheachaig ón ngleó do chluinn Mhilétius
993acht Éireamhóin, clann Ír is Éibhear.
994Na Muimhnig uile do gineadh ó Éibhear,
995ó Éireamhóin clann Néill le chéile,
996ó shliocht Ír ba mhór géille
997clanna Rúraí do riaradh éigse.
998


L. 66


999

Is iomdha rí ró-rathmhar réimeach,
1000tiarna tíre is duine naofa,
1001fáig is flaith is file faorach
1002tháinig ar gach taobh don mhéid sin.
1003Is uatha shíolraig Fianna Éireann:
1004Fionn mac Cumhaill mic Airt mic Tréinmhir,
1005Diarmuid do níodh lúth is léimneach,
1006sinnsear mhic Ailín ó Dhún Éadain,
1007Goll mac Mórna do níodh éirleach,
1008Caoilte is Osgar is Oisín éachtach,
1009Glas Donn mac Aoincheárda Béarra
1010is Conán Maol, fear mhillte na Féine.
1011d'éis na ríochta do chur ar éanchois
1012is Tuatha Dé Danann do leaga 's do thraocha,
1013ní, fáríor, do lean do Ghaeulaibh,
1014d'éirig imreas eatorra is céidil.
1015Idir Eoghan Mhór is Conn tug céad cath
1016an uair do rinneadar dá leath d'Éirinn,
1017d'éirig gleó nár bh'urasa réiteach;
1018is ann do cailleadh gan aiseag na céata.
1019Bíodh go rabhadar lán do dhaonnacht,
1020cosantach, cabharthach, tabharthach, tréitheach,
1021ní raibh soillse an chreidimh i n-Éirinn


L. 67


1022

acht draíocht is deamhain is fallsacht déithe.
1023Do gheibheadh Jupiter iomad géille
1024mar dhia flaithis is tailimh i n-aonacht;
1025Neptúne 'na dhia ar an muir mbraonaig,
1026Plúto i n-ifreann is ní an' aonar.
1027d'adhradh cuid díobh dia na gréine,
1028cuid eile aca ré agus réalta,
1029Mars, Bacchus, Cupid is Phoebus,
1030Apollo glic mar dhia na céille.
1031Dia na ngaibhne Vulcán béaldubh,
1032Pan dia bhuachaillí na gcaorach,
1033Juno, Pallas, Venus, Thétis
1034is Aoibhill beanfháig Chraige Léithe.
1035d'éis Chríosd do theacht i gcoluinn daonna
1036trí dheich, dá bhliain is ceithre céada,
1037muicí Mhiolco, rí Dháil Réada,
1038do ghluais ón Róimh tar ais dár saora.
1039Celestinus an Pápa naofa
1040do chuir Pádraig chugainn 's a chléirig;
1041is é do theagaisg diadhacht is daonnacht
1042Íosa Críosd i gcríochaibh Éireann.
1043Do dhíbir draíocht is deamhain is déithe,
1044do bhaist a leinbh 's a ndaoine aosda,
1045do chlaoig an rí gér dheacair a dhéanamh.


L. 68


1046

mac leasg Néill Naoighiallaig Laoghaire.
1047Is cruaig an cúntar ar ar réidheadar,
1048duine ón duine do chur i n-éintig,
1049dá cheann an tí do lasa ortha i n-aonacht
1050's an té ná dóifí, dá dhia géille.
1051d'eagla go mbiadh geasa 'na n-éadach,
1052sóinseálaid bruit le n-a chéile.
1053Do dóigheadh an draoi 's níor deargadh ar Bhéininn.
1054Is uime sin tugadh Beirtheart Naofa air.
1055Do bhí san Mumhain roimhe go saothrach
1056ceathrar d'easbogaibh beannaithe naofa:
1057Ailbhe Imlig is Diaglán Déise,
1058Íobhar umhail is Ciarán Cléire.
1059Do labhair Íosa béal ar bhéal leis.
1060Tug dó leabhar is bachall mar ghréithe.
1061Tug do bheith 'na bhreitheamh ar Ghaeulaibh
1062farrais ar Síón, Luan an tsléibhe.
1063Tug do ceithre hanmana do Ghaeulaibh
1064do bhreith go flaitheas gach Satharn saor leis.
1065


L. 69


1066

Do dhearbhaig Éimhin do bhí naofa
1067gur trí ceathrair tug Mac Dé dho.
1068d'eagla cleas is beart is baogail
1069Antichrist do luí ar Ghaeulaibh,
1070do gheall an díle do chur tar Éirinn
1071seacht mbliana roimh lasa na spéire.
1072Do gheall, an dán do rinneadh dá naofacht,
1073i bponnc an bháis gach duine adéaradh,
1074nó dá mbeith i gcás, na trí rainn déanach,
1075an t-anam do bhreith ó ifreann saor leis.
1076Iomuin Phádraig is ainm dhi i nGaelge
1077do rinne Seachnall mac Darérca.
1078Atá sí agamsa do mheabhair le chéile,
1079is d'ordóchainn a beith ag fearaibh Éireann.
1080Dá fhichid trí dheich duine d'éis éaga
1081d'aithbheóig ó bhás chum beatha daonna.
1082Do thóg sé naoi bhfir déag i n-aonacht,
1083ó bhliain go bliain duine is caogad.
1084Trí chéad trí fichid easbog gan chéile,
1085cúig mhíle sagart diaga déarcach,
1086


L. 70


1087

seacht gcéad eaglais do rinne an naomh so,
1088trí fichid bliain do mhair sé i n-Éirinn.
1089Iomdha maighdean bhraighidgheal bhéasach
1090do ghlac stoil is do rinne tréanas,
1091deagánach, canánach, cléireach
1092do bhaisd an fear do rugadh le naofacht.
1093An ríocht uile do tuileadh do naomhaibh,
1094do bhí grá is eagla Dé ortha.
1095An feadh do mhair teas an chreidimh gan traocha,
1096Oileán na Naomh dob ainm ar Éirinn.
1097Sin mar do chaitheadar sealad go séanmhar
1098nó gur chasadar Danair dá n-éileamh,
1099a loingeas láidir lán do laochaibh
1100do bhuaig tamall ceannas na hÉireann.
1101Do shaor Brian Bóraimhe Banba ó dhaorbhruid
1102i gcath Chluana Tairbh, Aoine an Chéasta.
1103Is ann do mharbh, gé cailleadh é féin leis,
1104laochra Lochlann is clann Turgésius,
1105d'éis na ríochta arís do shaora
1106is buannacht Lochlann do stopa le haonchath,
1107tug clann na gcarad aire dá chéile
1108


L. 71


1109

ag dó 's ag creacha na mbailte 's dá réaba.
1110Nós is measa 's is mallaithe b'fhéidir
1111do bheith ar talamh do bhí sealad ag Gaeulaibh:
1112mná dá malartú thar a chéile
1113's a mná pósta féin dá dttréigean.
1114Mac Murchadha Laighean is mar sin d'éignig
1115bean Thighearnáin uí Ruairc rí na Bréifne.
1116Do chuir sin fearg ar áirdrí Éireann
1117's do bhain de a thalamh 's a bheatha mar éiric.
1118Do-chuaig rí Laighean go huaibhreach léanmhar
1119i gceann rí Saxan is d'athchuir é féin air.
1120d'iarr air cabhair i n-aghaig a ghaolta
1121's do gheall dó Banba mar luach saothair.
1122An dara Hénrí dob' ainm don réx sin.
1123Fuair ón bPápa bulla le héifeacht
1124ceart is creideamh do sheasamh i n-Éirinn
1125is áirdchíos Pheadair do dhíol gach féile.
1126Mac Mhaoil na mBó tar ais faoi shéirse,
1127tug fir Shaxan leis i n-armaibh gléasta,
1128Iarla Strongbo leó mar léadar -
1129sé críoch an sgéil, do ghabhadar Éire.
1130Ocht bhfichid bliain, míle is aondeich
1131dob' aois do Chríosd annsin gan bhréaga.
1132Do bhíodar caoin sibhialta tréitheach,


L. 72


1133

ba mhaith a ndlithe, a gcreideamh 's a mbéasa.
1134Gach duine d'úmhlaig, do bhí a chuid féin leis.
1135Do bhíodar ceannsa mar cheann cléire.
1136Do shíolraig a bhfuil trí na chéile,
1137do bhí an Gaeul Gallda 's an Gall Gaeulach.
1138A gcreideamh 's a ndlithe fá dheire gur chlaochlaig
1139Cailbhin coitcheann is Lúter craosach,
1140dias do thréig a gcreideamh ar mhéirdrig
1141's i n-aghaig na heaguilse sgríobhaid go héigneach.
1142Prionnsaí Saxan - olc dearbh an sgéil sin -
1143an t-ochtú Hénrí is Élizabétha,
1144Rí na Breataine 's Alban Séamus,
1145Lúter leanaid 's an eaglais séanaid.
1146Do rinneadh don rí ceann na cléire;
1147do tógadh a dtalamh 's a mbeatha i n-aonacht;
1148do hiompuíodh an Bíobla ó Laidin go Béarla;
1149do níd acht gan Aifreann d'éisteacht.
1150Pobal na Saxan is gasra 'Ghaeulaibh
1151an creideamh so glacaid 's an t-Aifreann tréigid.
1152'S iad so comharthaí dheire an tsaogail
1153d'osgail an geata chum peaca do dhéanamh.
1154Stad ó Aifreann Domhnach gréine;


L. 73


1155

bean asteach 's amach ag éinfhear;
1156iomad mionn is mórán éithig,
1157goid is broid is breith ar eigin;
1158Aoine pháise feóil is féasda,
1159Vigil na n-apstal gan seasamh ar aonchuid,
1160is duine as an gcéad do ghlacfadh mar bhéile
1161arán eórna, biolar is caol-deoch;
1162craos is meisge orra i n-ionad a dtréanais:
1163so chugad! súd ort! Dia dot réiteach!
1164rinnce mar a mbeir! deisig do bhéabhar!
1165is airgead ceann dá ghlaca ar an gcléire;
1166fuil gan chúis dá dorta 's dá séide;
1167boicht dá gcreacha is cealla dá réaba;
1168an bhaintreach bhocht ag caoine a céile
1169's an díleachtaí san díg ag béicig.
1170Is docht na dlithe do rinneadh dár ngéarghoin:
1171Siosóin cúirte is téarmaí daora,
1172wardship livery is Cúirt Exchéquer,
1173cíos coláisde in nomine poenae;
1174greenwax, capias, writ, replévin,
1175bannaí, fíneáil, díotáil éigcirt,
1176provost, soffré, portré, méara,


L. 74


1177

sirriaim, sionascáil, marascáil chlaona.
1178Dlí beag eile do rinneadh do Ghaeulaibh,
1179surrender ar a gceart do dhéanamh.
1180Do chuir sin Leath Cuinn trí na chéile,
1181glacaid a n-airm gé cailleadh iad féin leis.
1182An t-iarla Ó Néill fuair bárr féile
1183's an tighearna Ó Domhnaill ba mhór géille,
1184Ó Catháin na n-each mbán is na n-éide
1185is Ó Ruairc uasal, tiarna Bréifne,
1186Mág Uidhir Gallda is Mág Uidhir Gaeulach,
1187Ó Ceallaig, Ó Buídhill is Ó Raghallaigh,
1188Glas mac Mathghamhna is mac Aonguis,
1189Niall Garbh san Túr 's a mhac Maonas.
1190Mac Donnchadha ó Chorainn na Céise
1191's a raibh as soin ar fad go hÉirne,
1192Ó Dúbhda na gcaisleán aolbhaig,
1193Mac Samhairle Bhuidhe gé gur saoradh.
1194Síol gConchubhair fuair clú le daonnacht
1195's na trí mic Suibhne nar ob spéirling,
1196na trí Murchadh ba leabhair géaga,
1197Murchadh na dTuagh, na Maor, na méithMhart,
1198Uaithne do chuir an sop ar séide
1199ó íochtar Laighean ar fad do hÉirne,


L. 75


1200

Branaig bheóga is Caomhánaig chaomha,
1201Ridire an Ghleanna 's an Ridire gléigeal,
1202Iarla Seanaide, Callainne is Méine
1203is Iarla Dúna Baoi na gcaolbharc,
1204Ó Dotharta in' Oisín d'éis na Féine
1205do thóg coga nár chosain ar aonchor.
1206Sin mar d'imig an donas ar Éirinn
1207bíodh nár imig an tubaist le chéile
1208nó gur thionnsguin an coga so Fhéilim
1209is gur chaill a cheann 's a theann Séarlas.
1210Ag son an coga do chríochnaig Éire
1211's do chuir na mílte ag iarra déarca.
1212An uair do díbreadh an Nuntius naofa
1213do rith pláig is gorta ortha i n-aonacht.
1214Tógaim fínné Risdird Béiling
1215nach díth daoine, bíg ná éadaig
1216ná neart námhad do bhain díobh Éire
1217acht iad féin do chaill ar a chéile.
1218Ginearál Gallda ar armáil Ghaeulaig,
1219armáil Ghallda ag ginearál Gaeulach,
1220cess is tax is fís Recéiver
1221do níd robáil chaoch gan aonta.
1222


L. 76


1223

Do bhí cáil amhrais - níl acht bréag ann -
1224go raibh Donnchadh, Murchadh is Séamus
1225is Uiliog a Búrc mar chúl daortha
1226ar mhá an stanncáird ag imirt na hÉireann.
1227Do sginn eatorra cíoná spéireat
1228do rug an bun 's a' ghoin i n-aonacht,
1229's a mhac Hénrí go cróga taobh leis.
1230Fleetwood, Ludlow, Waller is Éarton,
1231slua teann na n-each ngarbh 's na n-éide,
1232a cluíomh 's a phiostol ag gach éinneach,
1233carbín stopaithe is firelock gléasda.
1234'S iad so do chríochnaig conquest Éireann,
1235do ghabh a ndaingin 's a mbailte le chéile
1236ó Inis Bó Finne go Binn Éadair
1237's ó Chloich an Stacáin go Baoi Béarra.
1238Ní ná measfuí dhóibh do dhéanamh,
1239's iad do dhíbir seanGhaill tséimhe:
1240Búrcaig, Builtéaraig is Déisig


L. 77


1241

is Tiarnaí na Midhe ba mhór éileamh,
1242Barraig óga is Barraig aosda
1243's an Róisdeach flathúil ná tug éitheach,
1244Gearaltaig Laighdean is Gearaltaig Méine,
1245Iustásaig, Pluinncéadaig, Paoraig.
1246An Bagóideach mórórnach déiseach,
1247Cuntlúnaig, Stundúnaig, Raelaig,
1248Rísig, Treanntaig, Múraig, Méachaig,
1249Gaillíg, Gúlaig, Cúrsaig, Créachaig.
1250Brúnach Tuirc is Brúnach Éile
1251is Cúndúnach na Cloiche Léithe,
1252Puirséalaig, Suipéalaig, Léisig,
1253Curlógaig, Cíosógaig, Céitinn.
1254'S iad do mhínig príomhfhuil Éibhir,
1255síol mBriain seannda na n-each léimneach,
1256Mac na Mara na gCreatalach nglégeal,
1257Tiarnaí Chorca Bhaisginn is Chlaonach.
1258'S iad do dhíbhir - ní do chéas me deire
1259don díograis, sinnsear Éireann,
1260prionnsa na nGaeul, mo thriath saolta,
1261Mac Cárrtha Mór is a shliocht i n-aonacht.
1262Mac Donnchadha posda na cléire
1263's na trí mic rí do bhí fé sin,
1264


L. 78


1265

Tiarna móraí Músgraidhe méithe
1266is Mac Cárrtha Riabhach ó Chúl Méine,
1267Ó Suilleabháin Bhealaig Béime
1268is Domhnall Ó Súilleabháin Béarra,
1269Mac Finghín ó Ucht an Éinghil,
1270Finghín seabhac na Ruachtaighe is Féilim,
1271Tiarna Choise Mainge na méithbhreac
1272is Domhnall Mac Cárrtha ó Chill Éige,
1273Domhnall Dhúna Ghoill 's an Aonaig
1274is Domhnall Donn deas ó Shruith Gréine,
1275Ó Donnchadha an ghrinn an Ghlinn 's an Ghaortha,
1276Mac Giolla Choda calma ón Maol-lios
1277's na gCruach árd ar a bhfásaid caora,
1278Sliocht Aodha Bheanráin ba mhór éileamh
1279ó bhruach Leamhna go Cnoc Bréanainn,
1280Clann Domhnaill Fhinn ón Lios gcraobhach
1281muinntir Chonaill, clann Chriomhthainn 's a ghaolta.
1282Créad ná caoinfinn saoi na féile
1283Piaras Feiritéar ba mhór tréithe,
1284Conchubhar, Tadhg 's an t-easbog Baothlach
1285do crochadh i gcroich Chnocáin na gCaorach.
1286


L. 79


1287

Ceann uí Chonchubhair ar an spéice.
1288Transplant, transport go Jamaica.
1289Dún Gidh, Dún Dágh is Dún Aoinfhir
1290gan fhíon, gan cheól, gan dán dá éisdeacht.
1291d'éis ar cuireadh tar Sionainn fá dhaorbhruid
1292's an mhéid fuair Pilib gan fille le sgéala,
1293chugainn na mionna do cumadh chum léirsgrios
1294atá gan miotal acht iomarca is éitheach.
1295Cá ngeabham anois nó créad do dhéanfam?
1296Ní díon dúinn cnoc ná coill ná caolta.
1297Níl ár leigheas ag liaig i n-Éirinn
1298acht Dia do ghuí 's na naoimh i n-aonacht.
1299A Dhia do dhealbhaig ré is réalta,
1300do chúm flaitheas is talamh is spéire,
1301do bhí agus tá is bhias gan traocha,
1302aoinDia amháin tu is ní trí déithe.
1303An bhfuil tú bodhar nó cá bhfuile ag féachain?
1304Nach tú do leag na hathaig led sméide?
1305Cá beag duit 'fhaid ataoi ag éisdeacht?
1306d'imig ar gcreideamh, ní mhaireann acht spré dhe.
1307An é so do gheallais do Phádraig Naofa
1308ar chnuc Hermon chionn teacht go hÉirinn


L. 80


1309

nó ar an gCruaich tar éis a thréanais,
1310an t-aingeal Victor an tan do réig leis?
1311Ó ní hamhla, níl tú bréagach.
1312Ní móide h'aois ar chaithis dot shaoghal.
1313Níl poll ad stór gé mór do dhaonnacht.
1314Sinn féin do thuill gach ní tá déanta.
1315Cá bhfuil Muire bhraighidgheal bhéasach,
1316maighdean ghlan is máthair Éinmhic,
1317Eóin do bhaisd is Eóin ba ghaol di,
1318Aindriú, Peadar, Pól is Séamus,
1319Mícheál archaingeal na hÉireann,
1320Pádraig ar n-árdapstal naofa,
1321Dáibhí an Breathnach ó Mhinéabha
1322ós í a mháthair bhí do Ghaeulaibh.
1323Colum mac Criomhthainn is Colum mac Féilim,
1324Ailbhe Imlig is Diaglán Déise,
1325Ciarán Chluana is Ciarán Cléire
1326's an té do bheannaig i n-Árainn naofa;
1327Éimhin Áine is Fiacha Sléibhte,
1328Sionán Innse Catha na péiste,
1329Conall is Caomhán, Faolán Léithghlinn
1330is Maoineach Acha Deó na gréine;


L. 81


1331

Fuirse mac Fionntain mic Gilghéise,
1332Bréanainn Bhiorra is Colmán Éile,
1333Bréanainn Árd Fhearta ba mhór naofacht
1334do bhí seacht mbliana ag iara déarca.
1335Colmán mac Duach fuair bua féile,
1336bráthair Ghuaire do bhí in' aonar,
1337Mochuda, Molaige, Laichtín, Béininn,
1338Bríde, Míde is Gobonéta;
1339Fíonán Faithleann ar an Léin-loch,
1340Fíonán Locha Luíoch, mo naomh-sa
1341do rug ó phláigh Uíbh Ráthach saor leis.
1342Guígse is guím Dia na ndéithe,
1343an t-Athair 's an Mac 's an Spiorad Naofa,
1344ár bpeacaí uile do mhaitheamh i n-aonacht
1345's a gcreideamh 's a gceart d'aiseag ar Ghaeulaibh.


1346
1347

Pater noster qui es in coelis,
1348sic nomen tuum santificetur,
1349debita nostra feasta ná héilimh
1350sed libera nos ó thuille péine.
1351


L. 82


1352

Ave Maria, grantia plena,
1353benedicta tu, Dominus tecum,
1354ora pro nobis, a chara na héigne,
1355nunc et semper is do-gheabhair éisteacht.
1356


L. 86


1357

B 1658c 17L
1358U 0101
1359Mo lá leóin go deó go n-éagad
1360's go dul am luí fán líg am aonar
1361's go héirí suas dam Luan an tSléibhe,
1362ruaig an ráis si ráinig ort, a Éire,
1363d'fhág mo cheann gan mheabhair gan éifeacht,
1364mo chluasa bodhar ó fhoghar a ngéimeann,
1365do bheir a radharc ag leighe na n-aé agam
1366is fuaim a nglóir ag cló mo chéille.
1367An uair do-chím-se maidhm is éirleach,
1368cinn na gcura curtha ar spéice,
1369is bail na cóipe cróine céire
1370ar do chloinn gach laoi dá léirsgrios.
1371Dá mbeinn marbh níor dhaithnid na sgéala,
1372nó mé dom straca 's dom ghearra am stéigibh,
1373nó mé dom tharrang am ballaibh ó chéile
1374seoch an díol so ar shíol na saorfhlaith,
1375Éireamhóin aoird is Ír is Éibhir,
1376Chuirc is Chuinn is Fhloinn is Laoghaire,
1377Oilioll Óluim, Eóghain is Fhéilim,
1378Chairbre Chais is Airt is Néill Duibh.
1379Is mórán leó atá ró fhada am sgéalaibh


L. 87


1380

noch táinig uatha d'uaislibh Gaeul maith,
1381do dhíoladh dáimh is do dháileadh séada
1382is do bhí cruaig cróga i gcomhlann céad cath.
1383Is gach a raibh teann don Ghallfhuil Ghaeulaig,
1384do bhí fial bronntach tobharthach déarcach,
1385do cheannuíadh fíonta is do dhíoladh éigse
1386's 'na gcinn sluaigh ar ruagaibh éachta:
1387Gearaltaig chróga nár clódh i gcéidil,
1388Buitléirig, Búrcaig is Pluinncéadaig,
1389Cúrsaig, Cúndúnaig, Paoraig,
1390Róistig, Barraig is Breathnaig an tSléibhe.
1391Is tiarnaí leó go leor is léir dam,
1392is finí feadhma ar oighreacht aordha,
1393giollaí óga i mbrón 's i mbaogal
1394fa achtaibh anba Danar is daorsgur.
1395Lán an tailimh do Shagsanaig chlaona.
1396Do gheibhid ceathrú 's an cheathrú séantar.
1397A leithsgéal ann gach feall dá ndéinid
1398gur ceathrú phonncúil Chonndúin chaomhnaid.
1399An méid le treicíocht ar mhercy ghéilleas
1400ceanglaid daingean gan arm gan éadach,
1401a bhuille 's a shátha i láimh gach aonneach
1402is musgaod fada 'na gceannaibh dá bpléasga.
1403Prealáidí eagailse is easbuig ní fhéachaid
1404gan a gcosgairt 's a gcrocha san chéadchroich.
1405Bráithre d'áireamh a n-áir ní féidir,
1406dochtúirí is sagairt ar bhearannaibh caolstoc.
1407


L. 88


1408

Bíd le fallsacht ceannsa séimghlan.
1409Congmhaid ceart is smacht dá ghéire.
1410Crochaid duine fá uiread na caorach,
1411dá bhreith a ceathrúin, dá mharú i n-éigceart.
1412Do-chíd a lán so, is gráid an géarsmacht,
1413is mar gealltar dóibh nách leómhthaidh aonneach
1414uiread an bhruibh do bhuint dá n-éadach
1415acht gibé íoc cothrom do shoichfeadh a spré-chnuic,
1416cnósaíd chúcha an dúithe i n-aonacht
1417do ghrá suainis is buartha 'thréigean.
1418Téid fé cheathrúin tré dhea-chlú a dtréithe
1419mar dhíon daoine is maoine ar bhaogal.
1420Leagaid a n-airm, idir eachra is éide,
1421dá gcur chúcha i gclúid nó i n-aentig,
1422le mórán bronntais is tobharthais séada
1423do mhartuíocht álainn, pláta is péatar.
1424Is ró-iomad breab ag teacht do phlé ortha,
1425ag ól go minic 'nár dtithibh is féasta,
1426is gach re lá san táirne ar daorthaibh,
1427is a reicneáil bhíos a díol go léir linn.
1428Do mhúch an t-íoc 's a dhíol ár ndaonnacht.
1429Do lom ár lámha gan fáil ar fhéile,
1430go ndeachaig ár dtrian ag iarraidh déarca,
1431mná is leinibh gan pingin san tsaogal.
1432An feadh do mhair don each a thréinrith,
1433do bhíodar páirtiúil báigiúil béasach.
1434Call an chumais ár gcumann do chlaochlaig,
1435ní compáin dóibh sinn, d'fheóig ár ngréithre.
1436Sgaoiltear amach 'na sraith na faolchoin,
1437madraí allta i gceann na gcaorach,


L. 89


1438

tarrang teallaig bathlaig ar bhéith ghluin,
1439is dá ndéana creach, níl smacht dá éis air!
1440Tógaid ceann dá bhfeall is dá n-éitheach,
1441gabhaid ár n-uaisle dá dtuairt chum tréalach
1442fá gach ní dá luíod le h-éileamh
1443ó thúis cogaig go tosach an lae sin.
1444Cailltear ar dtúis san chúis sin sgae 'gainn
1445i gComhairle Chogaig bhíos ollamh dár ndaora.
1446Cuirid a lán 'na dtáin chum sléibhe,
1447fágaid aca a mbailte 's a saothar.
1448Cumaid san tír an líne léin dúinn
1449go gcurthaoi gorta i bhfortacht an mhéid sin,
1450le fógra teacht asteach dúinn fé sin
1451chum lae dháirithe i gcás gach péine.
1452Gluaisid uile chum cuinne aca an lae sin
1453's ag teacht san teórainn dóibh do héirgheadh
1454marcshlua is coisithe chuirid i ngléas mhaith
1455'na mbannruig tímcheall cruinn gach taobh díobh.
1456Buala claduig is leadairt an lae ortha,
1457idir mhnaoi, sheanduine, leanabh is laoch mear.
1458Ní dheachaidh uatha trua ná tréinfhear,
1459slán ná teinn, fear innste sgéil dhíobh.
1460Cnósaíd caoire is maoin na gcréachtach,
1461a mba 's a gcapaill, a n-earra 's a n-éadach,
1462i gcóir go croinn a roinn le chéile,
1463mar bhíos oifig a shochair dá réir sin.
1464Tories ghuirid d'fhuirinn an tsléibhe,
1465's an fear astig gan choir gan chéim air,
1466caithfidh a íoc, gach ní dá ndéineann
1467an Tory amuith, má bhíon a ghaol ris.
1468Muna bhfuil gaol dá thaobh re féachain
1469nó an costas do shoichfeadh an t-éileamh,
1470is dá mbiaid gan fios cia rinn an t-éirleach,


L. 90


1471

caithfidh an tír an díol so 'dhéanamh.
1472Bíd fá choistí ar slí a ndaortha,
1473le faobhar focal a gcrocha nó a gcéasa.
1474Gach cladhaire uilc adeir murder bréige
1475i n-aghaig a phearsan 's a dhearbha in' aonar,
1476atá sin 'na bhás gan cháirde ag aenneach,
1477gé tá dearbhtha a theastas 's a mhéinn mhaith.
1478Baintiarna Róisteach mhór na déarca
1479mar fhínné suas do chuaig chum Dé air seo.
1480Atá cuid dár mbuín fá dhaoirse i ngéibheann
1481nár ghlac arm 's nár easmuiltig aenneach.
1482Ní bhfaighid tacuíocht, bannaí ná réiteach
1483go teacht dúinn fá thír dár saora.
1484Má beirthear breath le neach i bplé againn,
1485breabfaidh fear eile aca an breitheamh dá éis sin.
1486Le execútion bhíos súil an chéidfhir,
1487costas buinte 'na chuinne ag an ndéanach.
1488Transport, transplant, mo mheabhair ar Bhéarla.
1489Shoot him, kill him, strip him, tear him
1490A Tory, hack him, hang him, rebel,
1491a rogue, a thief, a priest, a papist.
1492Bíd na mílte dínn i n-aonacht,
1493iad 'na mbanna dá dtarrang 'na gcéadaibh
1494chum gach cuain ar fuaid na hÉireann,
1495dá gcur don Spáinn ar áis nó ar éigin.
1496A ngoid san uíche do-níd na méirlig
1497gan fios a n-íde, a gcríoch ná a sgéala,


L. 91


1498

gabháil is priosáil gach lae ortha
1499is tiomáin go hoileánaibh Statesy.
1500Lódáil chobhlaig thonnthaig thaosgaig,
1501iadhta a mbuilc san muir 'na bpéirse,
1502mar sglábhuíocht díola, mar bhuín na hÉgypt,
1503leó mar eallach chum tobac do dhéanamh.
1504Gach ar fágadh d'fhás na Féine,
1505do bhí i n-oighreacht, i bhfeidhm nó i bhféile,
1506go Cóige Connacht do cuireadh ar séirse
1507nó go tuasgeart Tuamhan 'na dtréinrith.
1508I n-áit a dtailimh do gealladh dóibh stéigeach
1509i gConnachtaibh thuaig, i dTuamhain nó i mBréifne,
1510do réir cáile is cáis gach aenfhir,
1511dá gcurthaoi asteach gan stad a gcléim air.
1512Gluaisid uile, nó iomad a bplé air seo,
1513go Baile Loch Riach i ndiaig an éilimh,
1514le fís fairsiong a' breaba na gcléireach
1515do ghealladh fa seach a gceart gach lae dhóibh.
1516Do-bheireadh an tsithléig leathsgéal bréagach -
1517gnótha an stáit, a gcás 's a n-éigean
1518ná léigeadh dóibh an gnó sin d'fhéachain
1519go mbíd cortha 's a gcostas ar dtraocha.
1520Aimsir fhada gibé fhanfadh le sgéala,
1521tig Leabhar Dubh an uilc 's an éithig
1522'na bhfuil gach coir le cur in' éadan,
1523an ní do-níodh 's an gníomh nach déineadh.
1524Críoch a ndála a stát do thréigean
1525ar ainim do chearúch atchúch éadtrom.
1526Fille folamh ón oifig is éigean
1527is lámh ghlan lom gan bonn chum béile.
1528


L. 92


1529

'S a raibh ar áird san áit dá n-éis sin,
1530nár ghlac arm ná talamh re héileamh,
1531do ghlac brugh bodaig ag obair nó ag aedhreacht
1532nó faoi dhaoirse íoca is féaraig.
1533Annsin díolaid trínne ar éigin,
1534is ní cothrom Gaill ag roinn ar Ghaeulaibh;
1535bí fear trí mbó nó comhroinn caorach
1536le fear céad damh i dtasg chomh daor leis.
1537An t-íoc do dhíol ar mhaoin 's ar spré-chnuic,
1538is ní íocfaidh Gall 'nár dteannta raol de,
1539nó gur shúghdar chúcha an ghléire
1540is nár fhan 'nár gceathrúin deachú an chéadstuic.
1541Toghaid 'na gcéill dóibh féin Recéiver
1542's an t-íoc 's an t-airgead theangmhas éirgheas
1543do ghlaca asteach 's amach do léigean,
1544trí raol sa phúnt 'na chúram téid do.
1545Mar thig asteach an tasg le chéile,
1546gluaisfidh uainn gan tuairisg aenfhir;
1547glana a chúntais dúinne is éigean
1548's an tasg arís do dhíol go léir linn.
1549Gur mhaith an Rí gibé dínne adéarfadh
1550nó fiú a shláinte i dtáirne 'réiteach,
1551do bhéadh 'na mhírún i bpríosún tséile
1552go ndíoladh faoi cháim fíneáil dhaor as.
1553Fé chuid caisleáin sgiúrsáil phlé ortha,
1554gach ré sholuis iad gobhtha nó i ngéibheann.
1555Bíd gan sgaoile go ndíolaid daor as,
1556cíos na hainnise, an mhairsil 's an tséile
1557le tacuíocht Gall mar fhabhar dá réiteach
1558is mórán as sin breab is baochas,
1559is gan spás d'fháil acht cáirde an lae sin
1560nó go mbeirthear iad chum tréalach.
1561Ar son teagaisg a leanabh i léigeann,
1562máistrí sgoile do ghobhadar fé seo,


L. 93


1563

iad mar ghadaithibh ceanguilte ar théadaibh
1564is ag sul ó phórt go pórt convey ortha.
1565Carraig Fheargusa eachraí a séala
1566go gcuirfí iad go h-iath Iaméca.
1567Do thairg an chóip si dóibh a réiteach
1568is bheith dá mbuín acht Críost do shéana.
1569Bí dá máistir a ngrá go héigneach
1570ag tarrang chuige gach nduine dá bhféadann.
1571Fabhar mór gheallann 's a thalamh le chéile
1572do gibé d'iompódh leó ar shórt uilc éigin.
1573Turcach Iúdaíach Múraíach Négro
1574's an dial dá dtigeadh i bhfuirm dhaonna,
1575do bheidís grámhar leó i bpáirt 's i n-aonta:
1576Catoilic buan a bhfuath go léir sin.
1577Gach sect creidimh eile atáid réig leis,
1578aon mháistir dóibh gach sórt dá n-éirgheann;
1579le muinntir Íosa síth ní dhéinid,
1580do mhuinntir chirt an fhir ní ghéillid.
1581Do dhochtúiríbh diadhachta Chríost ní staonaid,
1582ná do theagasg na n-aithreach naofa,
1583ná fós dá mBíobla, bíodh gur bréagach:
1584múinidh a spioraid gach nduine aca fé leith.
1585Baiste ná pósa cóir ní dhéinid,
1586ná aon lá saoire naoimh i bhféiltibh,
1587ná a léigean fós dá ndeóin a dhéanamh
1588acht an Domhnach lom in' aonar.
1589Gach ní loitid d'obair nó 'shéadaibh
1590do rachadh chum glóire mórgacht Dé 'gainn.
1591Measaid cuítheach na puínntí naofa
1592don droing do rinn gach uilc dá mhéid do.
1593Do bhris gach mainistir bheannaithe ghléigeal,


L. 94


1594

clogás, cloigtheacha 'na gcladach dá réaba,
1595crosa na gceall is teampaill dhaora
1596do tharrang leó chum pórt do dhéanamh.
1597A gclocha snuite 'na dtithibh aolchuir
1598bíd ortha a gcinn 's a slinn go gnéitheach.
1599Gach reilg árd 'na ráile caorach
1600nó mar bhuaile do bhuaibh a laogh aca.
1601Cuirid mar dhlí againn díbirt cléire,
1602gach órd crábha, bráithre is Jésuits,
1603Dia do dhíol is maoir a thréada
1604is an diagaire diaga i bhfiaclaibh faolchon.
1605Tar éis an acht gach neach don mhéid sin
1606díobh dár gabhadh i bpoll nó i n-aentig,
1607ní bhfuair spás ná cáirde lae aca
1608gan a gcrocha ar rochtain go Caesar.
1609Le bliain san tír atá ríneas ré aca:
1610a gcur gan díthiú i bpríosún éigin.
1611Dóibh fé ghorta ní folamh gach féile
1612's an iomad i n-Inis Bó Finne a' dul d'éaga.
1613Culaí Aifrinn bíd aca mar éadach:
1614mar dhíon corrabhrád corprás naofa,
1615an ruifil cóir chum srón do shéide,
1616tubháillí geala dá smeara le gréisg bhluit,
1617mar éadach cnis an micht 's an léine,
1618dubléid cúmtha úmpa an éide,
1619mar thaftá léis bíon leis Séluz,
1620stoil is manupel creasanna a gcaolstoc.
1621Cailísí órdha chum óil ar fhéasta,
1622trínnsiúr fé smeig do bheith paténa.
1623An leabhar Aifrinn lasair tríd léigid,


L. 95


1624

is portús Mhuire san teine 'na sméir dhuibh.
1625Cúis bhíos eadrainn gan Aifreann d'éisteacht,
1626's a rá 'nár dtig atá sin 'na thréason.
1627Bia ná leaba do shagart pé bhéarfadh,
1628biaidh a anam dá dhíth 's a bhuíon in' éamais.
1629Ní leómhthaidh duine againn turas do dhéanamh
1630gan a cheangal dá bhfaghthar air sgéala.
1631Folach paidrín ainglí is éigean,
1632relics bheannaithe, agnis, médals.
1633Fíoghar na cruise ní fhuilingid d'fhéachain,
1634coisreaga, altú is beannú béile.
1635Íomháigh díleas Chríost do réaba,
1636pictiúir Mhuire 's gach nduine do naomhaibh.
1637Do cuireadh mar smacht ar feag na hÉireann
1638gan aon nóchar do phósa a chéile
1639i bpéin a gcostais 's a gcoda don tsaogal,
1640go ndéineadh búr baoi giústís é dhóibh.
1641Diablaíocht mionn 'nár gcionn do gléasadh
1642gan Dia 'bheith san abhlainn naofa,
1643ná onóir cheana d'aingeal ná 'naomhaibh,
1644ná neart don Phápa ár gcás do réiteach.
1645Is mórán leis gan cheist is éitheach
1646do chur a n-údair fútha a dhéanamh.
1647Dá dtrian maoine do dhíth gach aenfhir
1648do theipeadh uatha a dtuairt san chéill sin.
1649Cár chás conncas complacht ghnéithig
1650do ríogaibh corónta comhachtacha éigin
1651nó d'fhuil oiriric fhoirtil na Gréige
1652ar a raghadh tuairisg uaisle is éachta,
1653acht brosgán brocach do bhodachaibh céirde,
1654do shíolbhach striapach, piast is méirleach
1655nach fios san Eóraip ó ló an chéidfhir
1656cia an chú chac gach neach don fhéin duibh,


L. 96


1657

is gan é d'fhoghluim leabhar do lé' aca,
1658ná fiú an altuithe, paidir ná cré aca,
1659ná aon aithne d'aitheantaibh Dé aca,
1660ná gaol deise 'na gcreideamh le chéile,
1661ná Dia do ghuí ag luí ná ag éirghe,
1662ná cás aca ann i gceann a ndéinid,
1663acht mar mhucaibh do luífeadh síos le méathras
1664nó mar mhadraí ablaí craosach.
1665Ní Gaill uaisle luaim san méid si,
1666atáid gan chúis acht cúrsa an éigin;
1667gérbh' éigean dóibh don fhórsa géille,
1668bíon a bpáirt do ghnáth le Séarlas.
1669Acht sluaite Chromuil chuthuig chraosuig
1670tug brón báis do rás na réxa
1671is tug dá bhuín a maoin 's a ngréithre,
1672a dtithe geala, a dtalamh 's a dtréadta.
1673Ní hiad Gaill do thuill an réim seo,
1674a gcreideamh, crábha, grá ná a ndéarca,
1675acht díoltas Dia 'tá i ndiaig a ndéine
1676do chuir drong mhalluithe d'arguin Éireann.
1677Táinig ráite an fháig i n-éifeacht:
1678sealbhú h'áruis do tháir na Héathens,
1679is uabhar fir an nirt do thraocha,
1680aitheanta beannaithe 'shalcha tréd' choir.
1681Toisg aindlíthe h'andaoine dhaor thu
1682gan ciorrú, bac ná smacht 'na n-éirleach.
1683Do chaill do nóchar phósta ort, a Éire.
1684Mar báitear long tre chionntaibh aenfhir,
1685ar chloinn Isra-íl i maídhm na nÉnrits
1686tré choir amháin Achán mhic Zéreh
1687do rug airgead, ór is éadach
1688do bhí mallaithe i gcathair Ieréco.
1689


L. 97


1690

Aduairt Dia ag seasamh nach anfadh ag aenneach
1691roimhe a naímhdibh díobh le chéile,
1692is nach biadh 'na bhfarra, 'na n-aice dá gcaomhna
1693go sgrios uatha duais an té sin.
1694Do fríth amach Achan 's a ghréithre,
1695a chlann díleas, a mhaoin 's a spré-chnuic.
1696Iad do clochadh 's a gcostas i n-aonacht,
1697do dóigheadh iad uile ar an dtulaig dá éis sin.
1698Mo chreach, fáríor, mo mhíle traocha!
1699Bíd céad smacht gan acht i n-Éirinn
1700do ghlac go sanntach cuid Gall is Gaodhal
1701is gan a gclocha ná a gcrocha 'na n-éiric.
1702Do bhí agat go ceanúil cearúig chlaona
1703do bhí ró-chliste san imirt do-bhéaradh
1704ar chur cártaoi 'na bhfághthaoi céadta,
1705san imirt chaim do bhí suim a gcéille.
1706Gach aon chluithe ar imirt na gclaenbheart,
1707ar chluíomh dá lámh ba láidir laoch air,
1708cluithe na lúb ar lúth 'na méaraibh,
1709amuith 's astig fé chion i n-aonacht.
1710Is mórán fuad ar shlua na gréisge
1711ag déanamh luit is uilc is éirlig,
1712is mar bhárr díograis fíoch is fraechnimh,
1713do bhreis ar chách i ngráin 's i ndéine.
1714Is mórán fuad do chuaig mar chéird leis
1715ag brath 's ag fealla do Ghallaibh ar Ghaeulaibh.
1716Cuid le a naímhdibh ag díol a ngaolta
1717is cuid ag spiaireacht i ndiaig na cléire.
1718Oificeach díobh ar bhuín 'na léadar
1719i ndiaig ar theith ar cheist a ndaerbhreath,


L. 98


1720

gach ar thárla dá náision féin leis,
1721dá dtuairt ceangailte do Ghallaibh ar théadaibh.
1722Do bhí riamh le rá Oileán na Naomh ort
1723gur léigis díot gach ní dod thréithibh
1724creideamh, dóchas mór is baochas,
1725coinghíol, crábha, grá is daonnacht.
1726Neimhchion tugais i dturas 's i dtréanas,
1727d'órd ná d'Aifreann ná d'eaglais géille,
1728easparta Mháire 's a trátha thréigis
1729's gan an paidrín do thaithí ar aonchor.
1730Tugais t'úrnuithe ar chúram saolta,
1731tugais taithí ar neimbrí, is léan duit,
1732tugais dea-obair ar shaibhreas bréige,
1733díbirt na mbocht is tocht na ndéarca.
1734Beag an t-iongna tu thuitim, a Éire!
1735Tugais crábha cráite ar chraosaibh
1736is gach ól carúis dár mhúin an phéist duit,
1737is ar shórt gach bíg dá líona ad mhéadail.
1738Marú, feall is fann do léirsgrios,
1739fala do chuimhniú, iomthnúth is éitheach,
1740adhaltrannas, drúis is tnúth re séadaibh,
1741brise pósta, póit is pléireacht.
1742Beathaithe eagluise is deachmhaithe 'réiteach
1743's gan cuid ná páirt do dháil dóibh féin de.
1744Argóint chlaoin an Bhíobla bhréagaig,
1745gearraíocht, goid is broid is bréaga.
1746Sainnt is meisge is leisge na ndéat maith,
1747uabhar is puímp is sgím gach sgléipe,


L. 99


1748

iomad móide mór le héitheach
1749is fuil an Tiarna Dia dá spréacha.
1750Mailís, míchothrom íoca is claenbhreath,
1751luí ar na bochtaibh 's a gcodanna 'shaora,
1752tromaíocht comharsan is deóra 'dhaora,
1753is mórán tasg tar ceart dá n-éileamh.
1754Fala ag fearthainn go fairsing gach lae oraibh,
1755gráin is gearra ag malairt do mhéine.
1756Calaois, cealga, barra ar do bhéasaibh,
1757tug don tSagsanach sealbh do shaothair,
1758tug duit turrainn na tubuiste tréine,
1759do bhrúig go brách cnámha do chléibh-se,
1760do ghearr do lúitheach lúith is t'fhéitheach,
1761do sgaoil do chuisleanna cumuis is créachta.
1762Do chaillis do cheann, do chlann is do chéile,
1763mar atá Séarlas séanmhar séadach,
1764t'iarlaí, do thiarnaí, do thréinfhir,
1765is Eoghan na gcath mac Airt uí Néill, t'fhior.
1766Bilí gan bhláth acht bárr baothghlas,
1767gan iasg ar inbhear ná innilt ar éanlaith,
1768gan tairbhthe ar thráig ná trácht ar thréithibh
1769acht guil is gártha báis is baogail.
1770Aitchim Íosa díbhse céasadh,
1771d'fhulaing an pháis do ghrá úr saortha,
1772mar tháinig ar dtúis cúis úr ndaortha,


L. 100


1773

go dtí chum críche díbhse an méid si:
1774teacht díbh fé neart tar ais gan bhaogal,
1775is úr Rí corónta reóaibh 'na léadar,
1776is Duke of York mar phosta cléire,
1777ag teacht fé mheadhair 'núr n-oighreacht féin cheart.


1778
1779

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services