Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Seaghán an Díomais

Title
Seaghán an Díomais
Original Title
Shane the Proud
Author(s)
Ó Séaghdha, Pádraig,
Pen Name
Conán Maol
Compiler/Editor
Borthwick, Norma
Composition Date
1901
Publisher
Irish Book Company, The

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


1"Tuigim agus ní léighim,
2Ach tuigean fear léighinn leath-fhocal."
3SEÁGHAN AN DÍOMAIS.


4
5

BLÚIRÍN AS STAIR NA h-ÉIREANN.


6
7

Caib. I.


8
9

BILE NA COILLE.


10
11

Is iomdha fear gaisgeamhail do h-oileadh i n-Uladh ó Choin
12Chulainn anuas go dtí Seághan an Díomais. I bhfad ins na
13ciantaibh do rugadh ann Niall naoi nGiallach, rí cúmhachtach do
14bhí i dTeamhair. Is minic do mhothuigh na Rómhánaigh i mBreatain
15a chosgairt siúd. I gceann d'á thurusaibh thug sé leis mar chime
16buachaill óg d'ár bh'ainm 'na dhiaidh súd Pádruig. Do b'é an
17chime úd an Tailgin gur innis na draoithe roim rae a theacht.
18Tá a chlú, agus a cheannas go h-aibidh fós imeasg Gaedheal, acht dála
19Néill naoi nGhiallaigh is beag nách bhfuil a ainm dearmhadta.
20Ar a shon soin ba mhór le rádh an rí úd lá, agus as a leasracha d' fhás
21an aicme ba chumasaighe agus ba chalma d'á raibh i nÉirinn le n-a
22línn féin, 'ná b'fhéidir ar dhruim an domhain. Cuardaigh stair
23na gcríoch eile, féach imeasg aicmíbh abhus agus thall agus ní bhfuighfir
24fir d'aon chineadh amháin do b'áilne dreach, do ba chalma i ngleó,
25do ba ghléir-inntineach i gcómhairle 'ná na sáir-fhir do shíolraidh ar
26feadh na gcéadta bliadhan as an bhfréimh uasail sin Muintir
27Néill.


28
29

Fá mar do liúghann an ghaoth mhór timcheall crainn daire i
30n'aonar ar lár machaire, gan baint le n-a neart acht amháin na
31duilleóga do sgiobadh dhe agus fo-cheann d'á ghéagaibh do bhriseadh
32le h-árd iarracht, do ba mhar sin do na Sasanaigh ar feadh cheithre
33chéad bliadhan d'á mbasgadh féin i gcoinnibh na gcuraidhe úd do
34tháinig ó Niall naoi-nGiallach; agus is é mo thuairim ná buaidhfídhe
35choidhche ortha súd muna mbéadh gur eirigheadar i n-aghaidh a
36chéile.


37
38

Ní raibh fear ar an gcineadh ba mhó cáil 'ná an Seághan so do
39luadhmuid. Éireannach 'na bhallaibh do b'eadh é, chómh maith 'na
40lochtaibh agus 'na thréithibh fearamhla. Ní raibh sé chómh glic i
41gcómhairle 'ná chómh géar-chúiseach i gceist le h-Aodh Ó Néill
42d'fhoghluimidh cleasaidheacht riaghla i dtigh Elíse, bainrioghain
43Shasana. Ní raibh bun-eólas cogaidh aige chómh clisde le h-Eoghan
44Ruadh, acht níor sháruigh aon duine aca so é i ngaisge, i ngníomh,
45'ná i ngrádh d'á thír. Tá aon smál amháin ar a ainm. D'fhoillsigh
46na Sasanaigh go soiléir an smál soin dúinn go h-áthasach, mar
47ba bheag ortha Seaghan Ó Néill. D'fhuadaigh sé bean Chalbhaigh Uí
48Dhómhnaill, deirbhshiúr do Thighearna na nOileán cois Albain, agus is
49dóich le n-a lán úghdar gur éaluigh sise leis le n-a toil féin. Is
50suarach nách raibh sé chómh h-olc leis na Sasanaigh féin ar an
51gcuma sain, acht amháin go n-admhóchadh seisean a dhroch-chleachtadh
52mar níor bha fimineach é, acht fear fírinneach ná ceilfeadh a cháim.
53


L. 4


54

Caib. 2.


55
56

ÉIRE LE N-A LÍNN.


57
58

Ní fheacaidh Inis Fáil lá suaimhnis riamh ó ghabh seólta na
59Normánach i gcuan ar "Tráigh an Bhainbh" le Diarmaid na nGall
60ins an mbliadhain 1169. Tháinig na Normánaigh go Sasana ó'n
61bhFrainc céad bliadhan roimh an am soin, fá stiúrúghadh Liaim
62Buadhthaigh, agus do sgaipeadar na Sasanaigh i n-aon bhruighin amháin.
63Bhí na Sasanaigh fá chois gan mhoill agus Normánach 'na righ agus 'na
64bhuanna ortha feasda. Níor ba dhala soin d'Éirinn. Ó'n rí sin
65an dara Hanrí go dtí an t-ochtmhadh Hanrí bhí righthe Shasana 'na
66"dtighearnaibh" ar Éirinn. Ní raibh sé i misneach aon rí aca Rí
67Éireann do ghlaodhadh air féin gur cheap an t-ochtmhadh Hanrí gur
68chóir dó féin bheith 'na rí dáiríribh ar Éireannaigh.


69
70

Ar an adhbhar soin chuir sé gairm sgoile amach go raibh sé
71riachtanach ar thaoiseachaibh móra Éireann cruinniúghadh ar aon
72láthair go mbronnfadh sé tiodail agus talamh ortha.


73
74

Do b'é nós na dtaoiseach soin go dtí súd bheith 'na gcinn
75ar an dtreibh agus sloinneadh a dtreibhe féin do thógbháil. Bhí
76Ó Briain mar cheann ar Muintir Bhriain, Ó Néill mar cheann ar
77Mhuintir Néill, agus mar sin dóibh. Cuirfidh an t-ochtmhadh Hanrí deir-
78eadh leis an nós soin feasda, agus d'á réir sin chuireann sé fógra ag
79triall ar árd-thaoiseachaibh Éireann nách bhfuil uaidh acht síothcháin
80do dhéanadh leó, agus go ndéanfaidh sé tighearnaí móra dhíobh, agus go
81mbronnfaidh sé talamh na treibhe ortha acht géilleadh dhó. Do
82mhachtnuigh na taoisigh. Do réir nós na h-Éireann an uair sin
83níorbh' leis an dtaoiseach talamh na treibhe, acht leó féin agus
84leisean i dteannta chéile. Bhí seisean mar cheann ortha mar
85d'árduigheadar féin é ar choingheall go dtabharfadh sé ceart
86dóibh. Ar an adhbhar soin bhíodar saor agus ní leómhfadh an taoiseach
87a gcuid talmhan do bhaint díobh mar bhí an oiread cirt aca féin
88chum na talmhan soin agus bhí aigesean.


89
90

Acht féach an dlíghe seo do cheap an t-ochtmhadh Hanrí agus a mhinis-
91téir glic Wolsey. Bheadh an taoiseach feasda mar mháighistir ar gach
92treibh i n-ionad bheith mar do bhí sé go dtí so 'na uachdarán ortha.
93Níor thaithnigh an gnó i n-aon chor leis an dtreibh, acht do réidhtigh
94sé go dian mhaith leis na taoiseachaibh, agus do smuainidh gach ceann
95aca ar a shon féin go raibh sé agus a dtáinig roimis tnáite, tuirseach
96le cómhrac i n-aghaidh na Sasanach, agus gur mhithid cosg do chur leis
97an imreas.


98
99

D'á chionn soin léighmíd gur thriall taoisigh móra na h-Éireann
100anonn go Lúnduin chum Hanrí ins an mbliadhain 1541, agus 'na
101measg Conn Ó Néill; agus go raibh an rí go fial, fáilteach,
102urraimeach leó, agus go ndeárnaidh sé iarlaí agus tighearnaí díobh do
103réir a gcéim 'sa tsaoghal.
104


L. 6


105

Ba thubaisteach an turus é mar do dheaghail sé gach treibh i
106n-Éirinn ó'n nós do bhí aca leis na ciantaibh — sé sin flaith do
107dhéanadh dóibh féin as an dtreibh gan spleádhchas do righ Shasana.
108Caithfid siad feasda úmhalúghadh do'n Iarla nuadh so do chúm an
109rí dhóibh, agus muna mbeidh siad úmhal dó cuirfear saighdiúirí Shasana
110chum cabhruighthe leis an Iarla nuadh i gchómhair smacht do chur ar an
111dtreibh ndán. Ní fuláir do'n Iarla nuadh leis aire thabhairt dó
112féin nó árdóchaidh Sasana Iarla eile 'na ionad a bheidh úmhal agus
113muinteardha do'n riaghaltas.


114
115

Caib. 3.


116
117

GRUAIM I DTÍR EÓGHAIN


118
119

Níor bh'iongnadh go raibh siosmarnaigh i dTír Eóghain ar theacht
120ar n-ais do'n Iarla nuadh, agus cogarnach agus crothadh ceann agus láimh-
121seáil claidheamh go bagarthach abhus agus thall. "Is é an Conn so an
122chéad Ó Néill do chrom a ghlún chum rígh iasachta," ar siadsan, agus
123thugadar súil ar Sheághan, aosánach Chuinn. "Tá adhbhar rígh ann,"
124adubhradar le chéile; "fan go bhfásaidh sé. Féach an ghruaig fhada,
125fháinneach, fhionn soin air, agus an dá shúil lasmhara ghlasa soin aige.
126Tá sé ag borradh go tiugh. Tá breis agus sé troighthe ar áirde ann
127cheana féin. Féach go cruinn air, nách leathan-ghuailneach fuinnte
128fearsadach atá sé, chóm díreach le sleigh, chómh lúthmhar le fiadh,
129chómh dán le tarbh tána. Beidh Seághan mar fhlaith orainn agus caith-
130fidh Iarla nuadh an ochtmhadh Hanrí greadadh leis."


131
132

Chualaidh Conn Ó Néill an chogarnach agus do ghoill sí air.
133Chualaidh sé fir ag caint le chéile agus faobhar 'na radharc. "Is
134annsa leis an mac toghartha, Matú an Feardorcha, 'ná Seághan
135a mhac dlistineach féin do thug a bhean-tighearna dhó, an bhean
136is uaisle i n-Éirinn leis." Do b'í máthair Sheághain inghean an
137Ghearaltaigh, Iarla Chille Dara, an fear ba chúmhachtaighe i
138n-Éirinn.


139
140

D'iarr an t-ochtmhadh Hanrí ar Chonn a oighre d'ainmniúghadh.
141"Matú," ar Conn, agus rinneadh Barún Dhúngeanainn de Mhatú
142láithreach. "Caithfead-sa mo cheart d' fhághail," adeir Seághan.
143Chonnaic Conn O Néill an lasair i shúlaibh a mhic. Chonnaic sé an
144ghruaim ar an dtreibh. "Beidh Seághan mar oighre orm," adeir
145sé fá dheireadh, tar éis mórán tafhaint.


146
147

D'iarr Matú cabhair ar Shasana agus fuair sé í gan moill mar
148ba mhaith leis na Gallaibh an leathsgéal chum muintir Néill do
149chur ar céasaibh a chéile. Cuireadh fios láithreach ar Chonn Ó Néill
150i gcómhair sásaimh do bhaint de i dhtaobh Mhatú do dhí-láthairughadh,
151acht ní rachadh sé siar ar a gheallamhaint do Sheághan agus buaileadh
152fá ghlas i mBaile-atha-cliath é.
153


L. 8


154

Caib. 4.


155
156

FAOBHAR CLAIDHIMH.


157
158

Do bhladhm Seághan an Díomais suas agus ghlaodhaidh sé ar a
159mhuintir eirghe amach, le n' athair d'fhuasgladh. Níor bh'fheárr leis
160na Sasanaigh gnó bhí aca. Seóladh sluagh ó thuaidh go cúige Uladh
161i gcómhair smaicht do chur ar an bhfear óg bhaoth so, acht do
162tháinig seisean aniar ortha go h-obann, do ghabh sé thríotha, agus bhíodar
163ag baint na sála dh'á chéile ag teicheadh uaidh. Do gléasadh
164sluagh eile ar an mbliadhain do bhí chúgainn (1552), acht do thiomáin
165Seághan roimis iad 'nós sgata gabhar. Bhí fear i n-aghaidh na
166Sasanach an cor so. Sgaoileadh Conn Ó Néill le tí síothchána
167do dhéanadh acht ba bheag an mhaitheas é. Do bhlais Seághan an
168Díomais fuil.


169
170

"Caithfear an fear mórdhálach borb so do chosg," arsan fear-
171ionad ó Shasana, agus do chóirigh agus do ghléas sé slóigheachd láidir.
172Bhí a gcuaird ó thuaidh i n-aisdear mar do bhuaileadh Seághan leo
173'sa n-áit nách raibh coinne leis, bhaineadh sé geit asda, bhaineadh
174sé gé asda, agus dhruideadh sé leis go dán, míochuíbheasach.


175
176

Bhailigh Matú dream de'n treibh, mar do lean cuid aca fá
177na bhrat-san, agus do ghluais sé chum cabhrughadh leis na Gallaibh, acht
178d'éaluig Seághan 'na threó i lár na h-oidhche agus do chis sé ar Mhatú
179go tapaidh. "Déanfam daingean i mBéalfeirsde chum a
180smachtuighthe," adeir an ridire Uilliam Brabason. Bhris Seághan
181isteach ortha ins an dún neamh-chríochnuighthe úd agus do mhill sé a
182bhfurmhór. Bhris sé ar an gcuma gcéadna isteach ar dhream eile
183do lucht conganta Bhrabason cois Doire agus do sgaip sé iad.
184Níor bh'iongnadh gur tháinig eagla ar na Sasanachaibh agus gur sgein-
185neadar leó ar n-ais go Baile-atha-cliath.


186
187

Leigeadh dó ar feadh cheithre mbliadhan 'na dhiaidh súd (1554-8),
188acht ní raibh aon fhonn suaimhnis ar Seághan an Díomais. Chúimhnigh
189sé gur le n-a shinnsear cúige Uladh. Bíodh an lámh láidir i
190n-uachdair, adeir sé leis féin. Bhéadh sé riachtanach ar na taoisigh
191eile géilleadh dhó. Dá mbéadh sé chómh glic le h-Aodh Ó Néill do
192dhéanfadh sé ceangal agus caradas leis na taoiseachaibh borba úd
193i n-ionad do chur d'fhiachaibh ortha géilleadh dhó.


194
195

Dubhairt O Riaghallaigh, iarla nuadh Bhrefini, leis nách géillfeadh
196sé féin i n-aon chor dó, acht léim an fear teinnteach thríd, agus do
197b'éigean do mac Uí Riaghallaigh bheith umhal dó feasda. Níor
198mhar sin de Ó Dómhnaill i dTír Chonaill. Ní mó 'ná ghéill an
199Chlann Dómnaill ó Albainn d'áitigh na gleannta cois fairrge i
200n-Aontruim, acht thug Seághan aghaidh ortha go léir idir Ghaedhil agus
201Gaill. Níor eirigh leis go maith ins an iarracht do ghnídh sé chum
202clanna cruadha Thír Chonaill do thabhairt fá na riaghail, mar phreab
203Calbhach Ó Dómhnaill i gan fhios air 'na chábán ist oídhche ag Baile-
204aghaidh-chaoin agus ba bheag nár mhill sé Seághan. Do thuit a lán d'á


L. 10


205

chuid fear ins an ruagadh obann úd, agus do chaill sé airm agus capaill,
206agus 'na measg a each cíordhubh féin. Do b'é an t-each cogaidh úd
207an capall ba bhreaghdha i n-Éirinn. Mac-an-Fhiolair do tugthaoi
208uirthe. Fuair Seághan ar n-ais arís í. Níor chuir an bac úd
209cosg abhfad leis an bhfear gcumasach ndán.


210
211

Do thuit Matu i ngrásgar éigin le cuid de mhuintir Sheághain
212ins an mbliadhain 1558, agus do ghnidh na Sasanaigh iarracht ar an
213gcoir do chur i leith Sheághain féin acht dubhairt sé nách raibh aon
214bhaint aige le bás Mhatú agus go gcaithfidís bheith sásta leis an
215bhfreagra soin. Fuair Conn Ó Néill bás ar an mbliadhain do bhí
216chúgainn. "Tá an bóthar réidh do Sheághan anois," adeir an
217treibh; "ní bheidh iarla mar cheann orainn a thuilleadh."


218
219

Caib. 5.


220
221

Ó NÉILL ULADH.


222
223

Amach leat ar bhárr Tulaighóig, a Sheághain an Díomais! Tá
224an leac ríoghachda ann ag feitheamh leat led' chois deis do bhualadh
225uirthe mar ghnídheadh do shinnsear ríghthe rómhat! Agus do
226sheasaimh Seághan Ó Néill ar Thulachóg, agus do síneadh slat bhán
227dhíreach chuige mar chómhartha cothraim cirt d'á threibh; buaileadh
228clóca gréasda ar a shlinneánaibh cumasacha agus cathbhárr ar a
229cheann. Caitheadh slipéid a choise siar tar a ghualainn. Casadh
230míle claidheamh ós cionn ceann agus dúisígheadh mac alla na
231gceanntar le fuaim-ghlór míle sgornach — "Ó Néill abú! Go
232mairidh ár bhFlaith a thogha!" Do thaithnimh an ghrian ar cheannaighthe
233dhathamhail, luisneamhail Uí Néill, agus do chuir coin mhóra ar iallaibh
234amhastrach asda fé mar chualadar ualfartaigh an mhactíre 'sa
235choill agus géim na h-eilite ar an gcnoc.


236
237

"Do b'onóiríghe liom bheith am' "Ó Néill Uladh" 'ná am' rí ar
238Spáinn," arsa Aodh Thír Eóghain tamall maith 'na dhiaidh súd.
239"Is mó le h-Ultaigh an ainm "Ó Néill" 'ná "Caesar" le
240Rómhánaigh," ars an sgriosdóir Mountjoy.


241
242

Caib. 6.


243
244

"DEARBHRÁTHAIR THAIDHG DÓMHNALL."


245
246

Cailleadh Máire, bainrioghain Shasana fá'n am so, agus bhí Elís
247'na h-ionad. Do b'í an bhean mhí-bhanamhail seo an chroidhe chloiche
248agus na sgartacha práis an bhean ba mhó inntleacht le n-a linn. Do
249chrom sí féin agus a riaghaltas láithreach ar chur isteach ar Sheághan.
250Sydney do b'ainm d'á fear-ionad i n-Éirinn. Ghluais sé ó thuaidh
251go Dúndealgain agus chuir fógra chum Seághain teacht 'na ghaor.
252


L. 12


253

Níor leig Seághan air gur chualaidh sé an fógra acht chuir sé
254cuireadh chum Sydney teacht chum a thíghe agus bheith 'na athair baistidhe
255d'á mhac óg. Níor dhiúltaigh an fear-ionad dó agus do sheasaimh sé
256leis an mac. "Táim-se am' Ó Néill i n-Uladh le toil na treibhe
257seo," arsa Seághan. "Ní theasduigheann uaim cómhrac le Sasana
258má leigthear dom, acht má cuirthear orm, bíodh oraibh féin." Bhí
259Sydney sásta leis sin agus bhí síothcháin ar feadh tamaill i n-Uladh
260gur tháinig Sussex 'na fhear-ionad go h-Éirinn. "Ní bhéad am'
261shuaimhneas," adeir sé, "go mbeidh Ó Néill fá chois," agus do ghléas
262agus do chóirigh sluagh le h-aghaidh an ghnótha. Fear fealltach, borb,
263glic, do b'eadh Sussex so acht ní raibh sé chómh géar-inntineach le
264Sydney. Do chabruigh Calbhach Ó Dómhnaill leis, agus mar an
265gcéadna clann Domhnaill na hAlbann, i nAontruim. Do
266ghearán Seághan-an-Díomais go rabhthas ag cur air gan chúis. Bhí
267a chúige ag dul chum cinn i maoin agus i maitheas. Tagadh teachtaire
268Elíse agus féachadh sé. Níor chuir Elís suim 'na chuid cainte acht
269leig sí d'á fear-ionad gluaiseacht ó thuaidh go h-Árd-Macha ins
270an mbliadhain 1561.


271
272

Phreab Seághan go h-obann isteach go Tír Chonaill sul a raibh
273coinne leis agus do sgiob sé leis sean Chalbhach Ó Dómhnaill agus a bhean
274óg, an bhean úd d'fhág an smál ar a ainm. Do chuir an cleas
275cogaidh obann soin mearbhthall ar na Tír Chonailligh agus do thochuis
276Sussex a cheann le cangcar. Chas Seághan ó dheas fá mar do
277bhéadh sé ar tí iarraicht do thabhairtfá Bhaile-atha-Cliath. Bhí Mac-
278an-Fhiolair fá agus níor bh'ionntaoibh Seághan ar muin an eich sin ar
279cheann dreama dísgireach d' Ultachaibh. Níor thuig Sussex cad é
280an fuadar do bhí fá Sheághan. Fá dheireadh do shílidh sé go raibh
281Seághan 'na ghlaice aige agus do bheartuigh sé innil dó. Do dhruid
282sé míle fear isteach go Tír Eóghain ag creacha agus ag cosgairt, agus
283d' fhan sé féin cois Áird-Macha ag feitheamh le Seághan. Bhailigh
284an míle fear na céadta ba dúbha, na caoirigh bána, agus na capaill,
285agus do ghluaiseadar ar n-ais go buacach. "Féach Mac-an-Fhiolair,"
286arsa duine éigin, "tá Seághan an Díomais chúgaibh!" Ní raibh
287le Seághan ar an láthair úd acht céad agus fiche marcach agus dhá chéad
288coisidhthe, acht gaisgidhigh blosgbéimeacha do b'eadh iad. Bhí cinn
289agus cosa 'na gcárnánaibh ar an machaire úd fá cheann uaire an
290chloig, agus an fuighleach beag créachda, stolltha, ag sgeinneadh go
291hÁrdmacha, na biailibh faobhracha d'á n-gearradh agus d'á n-éirleach, agus
292an gáir-catha uamhnach úd — "Lámh dearg abú!" 'na gcluasaibh.
293Innseann Sussex féin le crádh croidhe an raon-madhma do
294cuireadh air. — "Ní raibh sé i misneach aon Éireannaigh riamh fós
295seasamh am' aghaidh-se, acht féach indiu Ó Néill seo agus gan aige acht
296a leath n-oiread fear liom, ag brúchtadh isteach ar mo arm breágh


L. 14


297

ar mhachaire réidh leathan. Do ghuidhfinn chum Dé faill d'fhághail air
298'na leithéid d'áit gan coill i ngiorracht trí míle dhó le sgáth do
299thabhairt d'á chuid fear. Mo náire é, d'fhóbair ná fágfadh sé
300aithid dom' arm beó i n-uair an chloig, agus is beag nár strac sé mé
301féin agus an chuid eile amach leis as daingean Áirdmacha"


302
303

Ní chromfadh Sussex ar Thír Eoghain do chreachadh go fóil arís.
304Chuir an brisleach úd sgannradh ortha i Lúnduin agus d'iarr Elís ar
305Iarla Chilledara, bráthair Sheághain an Díomais, sióthcháin do
306dheánadh. Chuir sí teachtaireacht maitheamhnais chum Seághain agus
307cuireadh chuige teacht go Lúnduin le labhairt léi. "Ní chorróchad
308cos," adeir Seághan, "go dtugaidh arm Shasana a mbóthar ortha
309as Uladh." "Bíodh mar sin," adubhairt Elís.


310
311

Nuair do mheath Sussex cheap sé a chleas feíll do chur i bhfeidhm.
312Tá a sgríbhínn féin chum Elíse mar fhiadhnaise ar an bhfeall. I
313mí na Lúghnasa 1561, sgríobhann sé chum na bainrioghna sin gur
314thairig sé luach céad marc 'sa mbliadhain de thalamh do Niall
315Liath, maortíghe Uí Néill, ar choingheall go muirbheóchadh sé an
316flaith sin. "Do mhúineas dó cionnus d'éalóchadh sé leis tar éis
317na bearta," adeir sé, Ní fios dúinn an raibh Niall Liath
318dáiríribh, acht gibé sgéal é ní chloistear gur ghnídh sé iarracht ar
319Sheághan do dhúnmharbhughadh.


320
321

Caib. 7.


322
323

SEÁGHAN-AN-DÍOMAIS I LÚNDUIN.


324
325

Rinne Iarla Chilledara síothcháin idir Ó Néill agus Sasana, mar
326ba mhór le h-Ó Néill é, agus do sheoladar araon anonn go Lúnduin
327i ndeireadh na bliadhna agus gárda gallóglach i n-éinfeacht leo.


328
329

Dubharthas le Seághan nách bhfillfeadh sé ar ais go deó toisg,
330go raibh an tuagh agus an ceap 'na chómhair ag Elís, acht bhí muinighin
331aigesean as a theanga líomhtha agus bhí dóich aige nár mheath sé riamh
332i n-aon chúmhangach.


333
334

Bean uallach do b'eadh Élís. Bhí sí dathamhail, gruaig ruadh
335uirthe, agus súla glasa aici, an t-éadach ba bhreaghdha agus ba dhaoire le
336fághail uirthe, agus an iomad de aici le h-í féin do chórúghadh go
337minic 'sa ló. Péacóg do b'eadh í le féachaint uirthe, acht bhí
338croidhe an bheathadhaig allta, gan truagh, gan truaghmhéil aici, agus
339inntin agus aigne tar mhnáibh an domhain. "An labharthair Béarla
340chúici?" arsa duine éigin le Seághan. "Ní labhórad go deimhin,"
341ar seisean, "mar leónfadh an teanga dhuairc ghránna soin mo
342chorráin." Bhí Fraincis agus Spáinis agus Laideann ag Seághan i
343dteannta a theanga bhinn bhlasda féin. Bean teangacha do
344b'eadh Elís leis, agus dubharthas gur sháruigh Seághan 'sa bhFraincis í
345agus gur eitigh sí cómhrádh leis 'sa teanga soin.
346


L. 16


347

Lá Nodlag beag ins an mbliadhain 1562 do bhuail sé isteach
348go seómra ríoghachda Élís. Bhí fir calma sé troighthe agus níos mó
349'na cuideachta, go mór mhór Herbert óg, acht chonnacathas
350láithreach nách raibh ionnta acht spreasáin i n-aice Sheághain-an-
351Díomais. Tugann stáir na Sasanach cúntus ar a chuairt agus ar a
352chruth. "Bhí falluing bhuidhe-dhearg do dhéanmhús dhaor ar sileadh siar
353síos go talamh leis, agus gruaig fhionn-ruadh go cripineach, camarsach
354tar a shlinneánaibh síos go lár a dhroma, súla glasa fiadhainp
355aige d'fhéach amach ort chómh lonnrach le gath gréine; corg
356fuinnte lúthmhar aige agus ceann-aighthe dán." Bhí na céadta an
357iarraidh radhairc d'fhághail air féin agus ar a ghallóglacha. Deir a'
358tuairisg go rabhadar so ceann-lomnochta, foilt fhionna ortha
359léinteacha lúirigh ó mhuineál go glún ortha, croiceann mactíre
360tar ghuailnibh gach fir aca, agus geárr-thuagh catha i láimh gach aon
361aca. Níor bh' ionntaoibh fearg do chur ar a leithéidibh siúd. Is
362deallrathach go rabhadar i mbruighin Árdmacha. "Úmhaluighidh!"
363arsa Seághan de ghuth ghlórach agus ní raibh an focal as a bhéal nuair
364do bhí na gallóglaigh ar a leath-ghlúin. Stad sé i gcómhgar do'n
365chathaoir ríoghachda mar a raibh Elís, agus í éaduighthe ar nós
366péacóige, do chrom sé a cheann, do chrom sé a ghlún, agus do sheasaimh
367sé annsoin chómh díreach le gáinne. D'fhéach sé féin agus Elís idir
368an dá shúil ar a chéile. Labhair sí i Laideann leis agus d' fhreagair
369seisean í go binn-bhriathrach. Do mhol sé a mórdhacht agus dubhairt
370sé gur dhall a sgéimh agus a cruth é, mar ba mhín í a theanga le
371mnáibh. Níor luigh súil Elís riamh ar a leithéid d' fhear agus ba bhinn
372léi é bheith 'gá bréagadh. Do theasbáin sí dhó i n-aindeóin a
373cómhairleóirí gur thaithn sé léi, gidh go raibh na cómhairleóirí sin
374ar tí a chuid fola do dhortadh. Dubhradar leó féin go raibh
375greim aca anois nó riamh air, agus gidh gur thugadar na coinghíl dó
376ná bainfidhe leis ar a thurus, mheasadar, mar ba ghnáthach, an glas
377do bhualadh air. "Táthaoi ar tí an choinghíl do bhriseadh," ar
378Seághan go dán. "Leigfear ar n-ais tú uair éigin," ar Cecil
379leis, "acht ní fhuil aon am áirighthe ceapuighthe 'sa choingheall
380soin!" "Mealladh mé," arsa Seághan leis féin, agus do bhuail sé
381isteach go láthair Elíse agus d'iarr sé coimirc uirthe. "Ní leómhthar
382aon bhárthainn do dhéanadh duit," adeir sí leis, "acht caithfir
383fanamhaint againn go fóil." Ní fios cionnus do mheall Seághan
384í. Ba mhaith léi le n-a h-ais é, agus meastar go raibh saghas gráidh
385ainmhídhe aici dhó, agus is é iongnadh gach leightheóra gur sgaoil sí
386uaithe é fá dheireadh ar gheall go mbéadh sé úmhal dí féin amháin agus
387gan baint 'gá fear-ionad i n-Éirinn leis. Deirthear go raibh
388eagla uirthe leis d'á gcuirthídhe i gcuibhreach é go ndéanfadh
389Muintir Néill flaith de Thóirdhealbhach Luineach Ó Néill 'na ionad,
390agus do b'annsa léi Seághan 'ná eisean. Bhí Sussex ag cogaint a
391theangan le buile toisg ná'r baineadh an ceann de cholainn
392Sheághain i Lúnduin, agus chuir sé sgéala chum Elíse go raibh sé
393leathta ar fud Éireann gur mheall Seághan í d'á fheabhas í a


L. 18


394

h-inntleacht agus gur ghnídh sí rí ar Uladh dhe. D'iarr sé cead airthe
395é mhealladh go Baile-átha-Cliath i gcóir greama d'fhághail air,
396acht bhí Seághan ró-amharasach agus níor ghabh sé i ngaor do Bhaile-átha-
397Cliath, gidh gur gheall Sussex a dheirbhshiúr mar mhnaoi dhó acht
398teacht d'á feicsint.


399
400

Caib. 8.


401
402

NIMH agus FUIL.


403
404

Ins an mbliadhain 'na dhiaidh súd (.i. 1563) do chrom Sussex ar
405chur isteach ar Sheághan agus ar uisge fá thalamh do dhéanadh idir é
406féin agus Elís. Do chabhruigh sean-námhaide Sheághain, na Tír-
407Chonailligh agus Albanaigh Aontruim, le Sussex, agus do ghluais seisean
408ó thuaidh go h-Uladh ins an Abrán 1563, acht má ghluais do ghnídh
409Seághan liathróidh coise dhe féin agus d'á shluagh, agus bhí Sussex an-
410bhuidheach go raibh sé 'na chumas teicheadh le n'anam. Sgríobh Elís
411chum Sussex síothcháin do dhéanadh le Seághan, mar nách raibh aon
412mhaith dó bheith leis.


413
414

Do ghnídh Sussex rud ar Elís, agus ar an am gcéadna chuir sé
415féirín síothchána chum Seághain — ualach fíona measguighthe le nimh.
416D'ól Seághan agus a linn-tíghe cuid de'n fhíon agus d'fhóbair go mbéadh
417sé 'na phleist. Bhí sé ag cómhrach leis an mbás ar feadh dhá lá,
418agus nuair do tháinig sé chuige féin níor bh'iongnadh go raibh sé ar
419dearg-lasad le feirg agus gur ghléas sé a bhuidhean chum cogaidh.
420Leig Elís uirthe go raibh sí ar buile i dtaobh an fheíll-bheart úd
421agus do gheall sí go dtabharfadh sí ceart dó acht a shuaimhneas do
422ghlacadh. Do ghlaodhaidh sí abhaile ar Sussex. Leig sí uirthe gur mar
423shásamh do Sheághan é, acht do b'é an chúis do bhí aici ar Sussex gur
424mheath sé. Do shnaidhm sí síothcháin agus caradas mar dh'eadh le
425Seághan arís, agus bhí sé 'na rígh dáiríribh ar Uladh anois agus leigeadh
426dó. Acht mar sin féin bhí a fhuath do'n Ghall chómh géar agus bhí sé
427riamh. D'á chómhartha soin chúm sé caisleán ar bruach Locha n-Echach.
428Fear tagartha do b'eadh é agus cheap sé gur bheag ar na Sasanaigh
429radharc an chaisleáin sin agus do bhaist sé air "Fuath na nGall."
430Deirthear gur cheap sé an uair seo ríoghacht na h-Éireann do
431ghabháil chuige féin, agus na Sasanaigh do ghlanadh amach aisde. Acht
432níor chabhruigh na h-Éireannaigh leis. Do sgríobh sé chum righ na
433Fraince ag iarraidh congnaimh air. "Má thugann tu dhom sé
434mhíle fear ar iasacht," ar seisean, "tomáinfead na Sasanaigh
435as an dtír seo isteach 'sa bhfairrge." Do gheobhadh sé a dheich
436n-oireadh soin i n-Éirinn féin d'a mb'áil leó eirghe leis, acht níor
437chorruigheadar cos.
438


L. 20


439

Caib. 9.


440
441

LÁMH DEARG ABÚ!


442
443

Muna gcabhruighidh Éire linn, mar sin féin caithfeam dul ar
444aghaidh. Bhí an Chlann Domhnaill seo i nAontruim ó uair go
445h-uair ag cabhrughadh leis na Sasanaigh. Amhasanna do b'eadh na
446fir calma úd. Thángadar ó Albain ar chuireadh Chuinn Uí Néill
447agus a athar, agus do chuireadar fútha i n-Aontruim agus i nDalriada.
448Ní raibh Seághan sásta 'na aigne fad do bhíodar 'sa tír. Do
449ghéilleadar dó agus do chabhruigheadar leis aon uair amháin, acht ní
450raibh aon ionntaoibh aige asda. Dubhradar leis nách raibh aon
451smacht aige ortha, agus nách raibh sé riachtanach ortha cabhrughadh leis,
452acht le n-a dtoil féin. Do ghríosaidh bainrioghain Elís iad i
453gan fhios. "Seadh má's eadh," adeir Seághan leo, "greadaidh
454libh abhaile. Ní fhuil aon ghnó agamsa dhíbh feasda." Acht do
455chuir na h-Albanaigh colg ortha féin agus dubhradar leis go bhfan-
456faduis mar a raibh aca gan spleádhachas dó soin. "Do bhuadhmar
457ar d'athair-se cheana agus ar Sussex 'na theannta," adeir na
458h-Albanaigh dána.


459
460

Do leath Seághan-an-Díomais a chosa ar Mhac-an-Fhiolair,
461bhailigh sé a shluaighte timcheall air agus do bhris sé isteach go
462h-Aontruim ar nós tuinne fairrge. Bhuail na h-Albanaigh leis i
463nGleanntaise 'na ndreamaibh ndísgireacha agus do fearradh cath
464fuilteach eatortha. Tá sean-bhóthar dia thuas de'n bhaile sin Bun-
465abhann Duinne, i gcondae Aontruim, agus do chuir Seághan-an-Díomais
466a each cíordhubh, Mac-an-Fhiolair, ar chos-in-áirde tar chorpaibh
467Albanach ann, agus fá mheádhon laé bhí Clann Dómhnaill 'na srathaibh
468sínte timcheall air. Do mharbhuigheadh annsúd Aongus Mac
469Dómhnaill agus seacht gcéad d'á chuid fear, do gabhadh agus do gonadh
470Séamus Mac Dómhnaill, agus do thóg Seághan leis Somhairle Buidhe
471an taoiseach eile bhí ortha. Do b'fheárr dhóibh d'á dtógfaduis a
472chómhairle agus greadadh leo as a shlíghe, agus do b'fheárr dó soin leis
473é, mar do b'iad fuighleach na buidhne úd do mhairbh le feall é
474féin dhá bhliadhain 'na dhiaidh súd.


475
476

Ní raibh sé an uair seo acht ocht mbliadhna déag ar fhichid
477d'aois, agus ní raibh aon fhear i n-Éirinn ba mhó cáil agus cúmhacht 'ná é.
478Leig na Sasanaigh ortha go rabhadar go mór leis. Bhí áthas ortha
479ar dtúis gur mhill sé Clann Dómhnaill ó Albain agus do gháireadar
480leis. Thuig Seághan go dian mhaith iad. Ní gan fáth do cúmadh
481an sean-fhocal úd — "dranntán madra gáire Sasanaigh." "Is
482maith an rud," ar siadsan, "Clann Dómhnaill do bheith claoidhte
483mar níor bh'fhios dhúinn cá h-am do chabhróchaduis leis na
484h-Éireannaigh, acht mar sin féin beidh O Néill ró-láidir ar fad
485anois."


486
487

Is truagh ná's ghnidh sé caradas le taoiseachaibh Éireann an
488uair seo. I n' ionad soin chrom sé ar a chur d'fhiachaibh ortha
489géilleadh dhó gibé olc maith leó é. "Caithfidh taoisigh Chonacht a


L. 22


490

gcáin bliadhantamhail do thabhairt domhsa mar ba ghnáthach leo do
491righthibh Uladh," ar seisean. D'eitigh na Conachtaigh é agus phreab sé
492go h-obann i láthair thighearna Chloinn Riocárd, an fear ba threise
493i gConacht, agus mhill sé é gan puínn duaidh. Do chreach sé Tír
494Chonaill ins an mbliadhain gcéadna (1566), agus tháinig sgannradh
495ar Shasana. Do ghríosaidh Elís Iarla Fearn Muineach, Maguidhir,
496le h-eirghe 'na aghaidh acht do meileadh an Maguidhir fá mar do
497mheilfeadh bró mhuilinn dornán coirce.


498
499

Do b'é Sydney bhí 'na Ardiuistís arís ar Éirinn an uair úd
500i n-ionad Sussex, agus bhí aithne mhaith aige ar Sheághan. Chuir sé
501teachtaire riaghaltais d'ár bh'ainm Stukeley chuige le h-áiteamh
502air bheith réidh. "Ná h-eirigh amach i naghaidh na Sasanach agus
503gheobhair gibhé nídh do theasduigheann uait," ar Stukeley. "Déan-
504far Iarla Thír Eoghain díot má's maith leat é." Chuir Seaghan
505srann as agus labhair se go neamathach. "Bréagán is eadh an
506Iarlacht soin," ar seisean. "Do ghnídheabhair iarla de
507Mhac Cárthaigh i gcúige Mumhan, agus tá buachaillí aimsire agus fir
508capall agamsa atá chómh maith d'fheas leis sin. Do mheasabhair
509mé chrochadh nuair do bhí greim agaibh orm. Ní fhuil aon mhuinighin
510agam as bhur ngeallamhna. Níor iarras síothcháin ar an
511mbainrioghain acht d'iarr sise ormsa í agus is sibhse féin do bhris í.
512Do thiomáineas na Sasanaigh as an Iúbhair agus as Dúndroma agus ní
513leigfead dóibh teacht ar n-ais go deo. Ní leómhfaidh Ó Domhnaill
514bheith 'na fhlaith arís ar Thír Chonaill mar is liomsa an áit sin
515feasda. Ná bíodh aon mhearbhthall ort gur liomsa cúige Uladh.
516Bhí mo shinnsear romham 'na righthibh uirthe. Do bhuadhas í lem'
517chlaidheamh agus lem' chlaidheam do choingbheóchad í."


518
519

Gidh go raibh Sydney 'na fhear an-mhisneamhail, thréan, bhí a
520chroidhe 'na bhéal aige nuair d'innis Stukeley dhó an cómhrádh soin.
521"Muna ndéantar árd iarracht beidh Éire imthighthe as ár láimh.
522Is le h-Ó Néill Uladh go léir agus caithfear é chosg," ar Sidney le
523h-Élíse. "Buail é láithreach," ar sise. Do sheól sí dream
524Sasanach anall agus do bhailigh Sidney fir as gach áird i n-Éirinn,
525Sasanaigh agus Éireannaigh, mar is iomdha taoiseach do chabhruigh leis.
526Do bhí cuid aca leisgeamhail go leor chum an ghnótha acht do
527b'éigean dóibh beartúghadh ortha chum cabhartha le Sasana fá mar
528do ghnídhid indiu.


529
530

Táthar chúgat, a Sheághain-an-Díomais, a mharcaigh an chlaidhimh
531ghéir, gléas Mac-an-Fhiolair, agus cóirigh do bhuidhean bheag laoch.
532Ní fhuil agaibh acht neart bhur gcuisleanna féin, mar nách bhfuil
533cabhair 'ná congnamh díbh ó éinneach lasmuich.


534
535

An Phádhail do goirthidhe ar cheanntraibh na Sasanach timcheall
536Bhaile-atha-Cliath. Do léim Seághan isteach innte ar nós tóirníghe.
537Do raobh agus d'argain sé í go ballaidhe Bhaile-atha-Cliath. Thug sé
538iarracht fá dhaingean na Sasanach i nDundealgain agus bhí bruighean
539áir aige le Sydney cois an bhaile sin. Bhítheas ró-mhaith do
540Sheághan annsúdh, agus cuireadh ar gcul é le duadh, acht d'imir sé


L. 24


541

éirleach ar shluaghthaibh Sydney sul ar dhruid sé leis. Lean Sydney
542ar aghaidh. Do ghluais sé thré Thír Eóghain, agus as soin go Tír
543Chonaill, i n-aindheoin Sheághain, acht do lean seisean gach órlach
544de'n tslíghe é agus ba bheag an suaimhneas do thug sé dhó ar feadh an
545turuis. Níor theasbáin sé riamh roimhe sin cleasa cómhraic níos
546feárr 'ná an uair seo. Bhí Sydney agus a shluagh líonmhar cráidhte
547tuirseach ó fhoghanna obanna Sheághain. Do dhruid sé i ngár dóibh
548láimh le Doire agus thug cath dhóibh. Bruighean gharg do b'eadh í, mar
549do thuit a lán fear ar gach taobh, agus shamhluigh Seághan go raibh an
550buadh leis, acht faire go bráth! féach an dream so ag teacht
551aniar air — na Tír Chonailligh chruadha fá Ó Domhnaill do bhí i
552gcómhnuidhe 'na choinnibh — agus briseadh ar Sheághan fá dheireadh.


553
554

Do dhruid sé leis ar gcúl go bealaighe Thír Eóghain ag
555dranntan ar Sydney. Bhí se chómh neamheaglach soin, agus chómh
556muiníghneach soin as féin go raibh faitchios ar na Gallaibh teacht
557'na ghoire agus do ghluaiseadar ortha go Baile-atha-Cliath arís gan
558puinn do bhárr a dturuis aca. "Cuirfead rian mo lámh ortha
559fós," adeir Seághan. "Ní rachadh aithid aca ar n-ais muna mbiadh
560na cuirpthigh sin i dTír Chonaill; tá sáithe beach annsoin atá am'
561chrádh agus am' chealg le fada, acht bain an chluas díom, go múchfad
562iadsan ar ball."


563
564

Caib. 10.


565
566

SGAMAILL AGUS BÁS.


567
568

Bhí Seághan go foluightheach 'gá ullamhúghadh féin agus ní raibh na
569Sasanaigh 'na gcodla. Bhíodar ag cabhrúghadh le h-Ó Dómhnaill i
570gan fhios, agus 'gá ghriosadh i gcoinnibh Sheághain. Aodh do b'ainm
571de'n Ó Dómhnaill do bhí anois ar Thír Chonaill, mar cailleadh
572Calbhach le déidheannaighe. Níor bh'fhuláir do'n triath nuadh so
573éacht éigin do dhéanadh i dtosach a riaghla, mar ba ghnáthach le gach
574flaith an uair úd. Bhris Aodh isteach go Tír Eóghain ar órdúghadh
575na Sasanach agus do chreach sé an taobh thiar thuaidh di. Do dhuibh agus
576do dhearg ag Seághan-an-Díomuis. Dar claidheamh gaisge Néill
577Naoi nGiallaigh, díolfaidh Ó Dómhnaill as an gcosgairt seo!


578
579

Do chífá troightheacha agus marcaigh ag triall as gách áird fá dhéin
580tíghe mhóir Bheinnboirb roimh eirghe gréine i dtosach na Bealtaine
581ins an mbliadhain 1567. Chrom na coin mhóra ar uaill le teasbhach
582ar theacht na sluagh, agus ag lútáil agus ag crothadh a n-earball, mar do
583shíleadar go mbiadh seilg aca mar ba ghnáthach. Rith an fiadh ruadh
584agus an mactíre i bhfolach ins na coilltibh mór-dtimcheall mar
585shíleadar soin leis le tuigsint an ainmhídhe go rabhthas ar a
586dtóir.


587
588

Ní raibh dúil i sealg ag Ó Néill an cor so, mar bhí deabhadh
589air chum Ó Dómhnaill do thraochadh, agus do bhuail sé féin agus a


L. 26


590

shlóigeachd trí mhíle fear siar ó thuaidh. Déarfadh daoine
591pisreógacha go raibh na cága ag sgréachaigh ós cionn tíghe Sheághain-
592an-Díomais an mhaidean so, agus nár chualaidh sé ceól na cuaiche
593ná píobaireacht an loin duibh indiu.


594
595

"Nách dán iad na Tír Chonailligh seo, agus nách mór an truagh
596dhóibh bheith 'gá gcur a slíghe a marbhtha," ar seisean, nuair do
597chonnaic sé Ó Dómhnaill agus a bhuidhean bheag suidhte ar Árd an Gháire
598ar an dtaobh thuaidh d'inbhear Súiligh i nDún na nGall.


599
600

Bhí an taoide tráighte as an inbhear agus do shílidh Ó Néill gur
601gainimh thirm do bhí ann i gcómhnuidhe. Níor mhar sin do
602Ó Dómhnaill. Bhí aithne mhaith aigesean ar an áit úd, agus do thoghaidh
603sé í i gcómhair é féin agus a chuid fear do chosaint ar Ó Néill, mar
604eirgheann an taoide go tiugh agus go h-obann annsúd.


605
606

Agus féach i n-achrann le chéile an sliocht do tháinig ó bheirt
607mhac Néill naoi nGiallaigh — na Tír Chonailligh ó Chonall Gulban,
608agus na Tír Eóghainigh ó Eóghan, é siúd do bhris a chroidhe le brón i
609ndiaidh Chonaill nuair do marbhuigheadh an curadh soin.


610
611

Deirthear nách raibh aon fhonn bruighne ar Ó'Néill nuair do
612chonnaic sé an sluagh beag do bhí ag Ó Dómhnaill 'na choinnibh, agus
613gur bh'fheárr leis dá ngéillfidís, acht mar sin féin do bheartuigh
614sé a chuid fear go cruinn agus do stiúraidh sé 'na ndreamaibh agus 'na
615ndíormaibh tarsna an chuais fairrge iad. Thug Ó Dómhnaill fogha
616feargach fá'n gcéad chuid do shroich anonn agus do bhris sé iad.
617Muna raibh mórán fear aige, cait fiadhaigh do bh'eadh iad go léir.
618Rinne sé mar an gcéadna leis an darna cipe calma. "Caith-
619fear iad do chur as soin," arsa Ó Néill, agus do bhuail sé é féin ar
620ceann cor capall, acht do phreab marcaigh Uí Dhómhnaill amach as
621log air 'nós gála gaoithe, agus d'á fheabhas é Seághan-an-Díomais is
622ar éigin do bhí sé 'na chumas cosg do chur leó. D'fhéach sé
623timcheall air. Bhí cuid d'á dhreamaibh measgtha thré n-a chéile agus
624a thuilleadh aca sgartha ó n-a chéile. Níor thuig Seaghan fáth an
625mhearbhthaill go bhfeacaidh sé an taoide ag eirghe agus sgeoin ag
626teacht ar a chuid fear, agus Ó Domhnaill le n-a bhuidhean laoch ag cur
627ortha go dian. Níor mheath croidhe Sheághain ins an amhgar úd, agus
628do chrom sé ar éirleach le n-a mharcaigh go fiadhain, agus ar dhul ar
629chosanáirde annso agus annsud ag glaodhach ar a chinnfeadna a gcuid
630fear do chóiriúghadh. Do ghnídh sé féin iarracht ar an sluagh do
631bhailiúghadh leis i n-eagar chóir, acht ní raibh slíghe chum casadh aca,
632agus bhí cuid aca go glúnaibh i n-uisge agus an taoide ag rómhar tim-
633cheall ortha. Fir ó lár tuatha do bh'eadh a bhfurmhór. Tháinig
634sgeóin níos mó ortha agus bhriseadar.


635
636

Báthadh agus marbhúigheadh trí chéad déag fear aca. Do b'é cath
637deireannach Sheághain-an-Díomais é agus an tubaiste ba mhó do
638thárluigh riamh dó. An méid a chuaidh treasna slán tar inbhear
639mílteach Súiligh do theicheadar leo, agus do sgeinn a bhflaith suas


L. 28


640

cois na habhann ag cuardach átha, agus dorn marcach leis. Do
641theasbáin Tír Chonallach d'ár bh'ainm Gallchabhair ath 'san abhainn dó
642dhá mhíle ó pháirc an bhualadh agus do thug Seághan Ó Néill a chúl
643ar Thír Chonaill, allus air, a theanga agus a charbaill chómh te, tirm,
644le sméaróid teine, agus cnap na sgórnaig le buaidhirt aigne.


645
646

Bhí Ó Dómhnaill agus a shár-fhir go meidhreach, agus a dteinnte cnámh
647aca d'éis an bhuaidh, acht ní raibh fhios aca go rabhadar ag déanadh
648oibre na Sasanach, obair do theip ar na Gaill sin ar feadh chúig
649bhliadhna déag roimhe sin, gidh gur chailleadar na mílte fear agus
650dhá mhilliún púnt chuige.


651
652

Cad do dhéanfaidh Ó Néill Uladh anois? Deir leabhar na
653Ceithre Ollamhain go raibh sé éadtrom 'na cheann tar éis bruighne
654Áird an Gháire, acht ní fuil 'sa méid sin acht cor cainte. Bhí an
655curadh úd ró-aigeantamhail agus ró-láidir i gcroidhe agus a gcorp chum
656cromadh ar phlubaigheal agus ar chneadaigh i dtaobh briseadh aon
657bhruighne amháin. Ní raibh sé dá fhichead bliadhan d'aois fós agus bhí
658misneach an leomhain i gcomhnuiche aige. D'iarr cuid d'á
659oifigeacha cogaidh air géilleadh do Shasana acht níor bh'é sin intinn
660Sheághain i n-aon chor. Sgaoil sé Somhairle Buidhe do bhí mar
661chime aige le dhá bhliadhain, agus chuir mar theachtaire go Cloinn
662Dómhnaill i nAlbain é ag iarraidh conganta ortha. Do ghealladar
663dó í, agus ghnídh sé féin agus gárda marcach ionad coinne leo i
664mBunabhann Duinne, i nAontruim. D'úmhluigheadar go talamh
665dó agus ghléasadar féasda i gcábán fhairsing dó. Tháinig fear eile
666ar an láthair leis, d'ár bh'ainm Pierce, brathadóir ó Elíse do
667chualaidh cad do bhí ar siubhal ag Seághan. Ní fhuil aon sgribhínn
668le fághail do dhearbhuigheann gur thug an captaen Pierce úd díol
669fola do na hAlbanaigh, acht tá amhras géar ag gach úghdar air.


670
671

A Sheághain-an-Díomais, tá do ghnó déanta.


672
673

Deir do námhaide féin amhain, go raibh do lámh láidir mar
674sgáth i gcómhnuidhe ag an bhfear lag, agus nách raibh gaduidhe 'ná fear
675mí-riaghalta id' cheanntaraibh led' linn. Deir siad, leis, gur bh'é
676do ghnáth gan suidhe chum bídh go mbiadh a sáith de'n fheoil do
677b'fheárr, mar deirtheá, ag bochtaibh Chríosd, do chruinnigheadh ar dó
678tháirsig. Acht tá deireadh led' fhéileacht agus led' ghaisge láithreach,
679mar tá na hAlbanaigh go cíocrach ag cogarnaigh le Captain
680Pierce ins an gcábán. Ní chloisfir uaill de chonairt agus ní lean-
681fair an fiadh ruadh thre coilltibh cnó na Triúcha go deó arís. Ní
682chloisfidh sluaighte Tír Eóghain do gháircatha níos mó, mar tá fiche
683Albanach ar do cúl a gan fhios duit agus Pierce d'á ngriogadh gur
684mharbhuighis a n-aithreacha i mbruighin Ghleanna taise. Preab id'
685shuidhe ó'n mbórd soin a Sheághain-an-Díomais agus féach dia thiar
686díot mar tá an tsleagh i ngiorracht órlaigh ded' dhrom leathan.


687
688

Agus liúghann an coirrliún amuich ar Shruth na Maoile, agus


L. 30


689

briseann na tonna bána ar an dtráigh le fuaim cois Bunabhann
690Duinne, agus teasbánann na daoine annsud carn cloch i log mar a
691bhfuil Seághan-an-Díomais 'na chodla le breis agus trí chéad
692bliadhan.


693
694

"Seacht mbliadhna Seasccatt cúic céd
695Míle bliadhain is ní brécc,
696Co bás tSeaáin mic mic Cuinn
697Ó thoidhecht Criost hi ccolainn."


698
699

Thóg Pierce leis an ceann do b'áilne i nÉirinn agus baineadh an
700t-éadach daor de chorp dícheannta Uí Néill. Fuair Pierce a mhíle
701púnt mar dhíol ar an gceann ó'n mbainrioghain, agus buaileadh an
702ceann caithiseach úd ar bhiorr ar an rinn do b'áirde ar chaisleán
703Bhaile-átha-Cliath.


704
705

CRÍOCH.
706

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services