Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Brighid Chill Dara, Amhráin agus Filíocht Chráifeach

Title
Brighid Chill Dara, Amhráin agus Filíocht Chráifeach
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1912
Publisher
Na Caipisínigh

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


1BEANNUGHADH NA LEANBH.
2(Marc x., 13-16.)


3
4

(Sliocht as “Startha as an Soiscéal,” an
5t-Ath Ó Duinnín. M. H. Gill & a Mhac. 1/-).


6
7

CHUM ÍOSA Nasardha
8Do tugadh gasradh.
9De leanbhaidhibh rathmhara,
10Chum a lámha do leagadh ortha.
11Acht lucht a leanamhna.
12Do cháin le searbhas
13An dream do bhailigh iad.
14An Tighearna carthannach,
15Ar a dtabhairt fá ndeara dhó,
16A ngníomh níor thaithneamh leis,
17Is an chainnt seo chaith sé leo:
18“Scaoilidh, aitchim-se,
19Chugham gach leanbh díobh,
20Gan cosc gan bac ortha;
21Mar is deimhin dá samhail-sin
22Dhíoghacht na bhFlaitheasa.
23Daoibh-se geallaim-se,
24An té ná glacfaidh le
25Ríoghacht na n-aingeala
26Ar nós na leanbh mbeag,
27Go deo ní rachaidh ann.”
28Mar sin iar gcanadh dhó,
29Na páistidhe laga soin
30Do ghlac go ceanamhail
31I gclúid a bhaclann,
32A Lámha do leath ortha,
33Is tré bháidh do bheannuigh iad.
34


L. 29


35

BRIGHID CHILLE DARA.


36
37

Eóin Ó Searcaigh do scríobh.


38
39

“Lóchrann geal na Laighneach
40'Soillsiughadh feadh na tíre —
41Ceann ar óighibh Éireann,
42Ceann na mban ar mhíne.


43
44

Tig an geimhreadh dian, dubh,
45'Gearradh le n-a ghéire,
46Acht ar lá Fhéile Bhríghde
47Geal linn earrach Éireann.”


48
49

Tomás Ó Flannghaile.


50
51

I n-aimsir Bhríghde agus ar feadh bhliadh-
52anta i ndiaidh an ama sin ba le Cúige Uladh
53ó thuaidh ó'n Bhóinn. Bhí Co. Lughbhaidh i n-
54Ultaibh an t-am sin fosta. Thig linn a rádh
55gur Ultach a bhí i mBrighid Chille Dara cé
56go bhfuil Dún Dealgan i gCúige Laighean
57indiu. Ultach atá ionnam fhéin, agus níl
58aon am a cluinim iomrádh ar Bhrighid nach
59lasann mo shúile le bród fá gur Ultach í.
60Is minic a cluin tú a hainm dá luadh i
61gCúige Uladh indiu, agus ní dhéan siad
62dearmad dí i dTír Chonaill acht oireadh.


63
64

I dtráthaibh na bliadhna 455 adeir na
65seancaidhthe a rugadh Bríghid. Isé an áit a
66rugadh í, i bhFachairt comhgarach de Dhún
67Dealgan. Is mór an cliú atá ar an áit
68so i seanchus na hÉireann. Badh ann a
69mair Cúchulainn “nár luaidheadh leis buille
70gan chéim; Acht cé gur iomdha sin gais-
71cidheach agus laoch mór a bhí ann ó'n tsean-
72aimsir anall is mar gheall ar Bhríghid atá
73ainm na háite sin i mbéal Éireann indhiu.


74
75

Bhí fuil árd ghlan i mBrighid. Dubhthach a
76bhí ar a h-athair agus duine de na draoithibh
77a bhí ann le n-a chois sin. De mhuintir Uí
78Chonchubhair an Iarthair a máthair agus daoine
79cliúiteacha fosta. Adeirtear nárbh'é as
80an áit so Brighid ar chos ar bith acht go rabh
81a máthair ag gabhail ar thuras go Fachairt
82nuair a rugadh an leanbh.


83
84

Ní rabh Naomh Pádraich i bhfad i n-Éirinn
85ath-uair nuair a tháinic Brighid ar an
86tsaoghal. Baisteadh í nuair nach rabh sí
87acht óg agus badh deas modhamhail an
88saoghal a chaith sí. Fuair sí oideachas maith
89dálta gach aonduine a bhí ann san am sin.
90Adeirtear gur hiarr a muintear uirthi
91pósadh uair amháin. Níor rabh a hintinn
92leis ariamh, agus d'iarr sí athchuinge ar
93Dhia mío-ghnaoi a chur uirthi, Tháinic meath
94ar shúil amháin dá cuid, agus annsin hórd-
95uigheadh dí a ghabhail isteach i na mnaoi-
96riaghalta. Chomh luath géar agus thionntuigh
97sí a Cúil ar an tsaoghal tháinic a hamharc
98chuici arais comh maith agus bhí ariamh.


99
100

Is iomdha sin scéal deas a hinnistear i
101dtaoibh Bhríghde. Adeirtear go rabh Naomh
102Pádraic uair amháin ag déanamh seanmóra
103thuas i lár na hÉireann. Bhí sé ag caint
104leis na daoinibh ar feadh thrí lá agus thrí
105n-oidhche gan stad. Thárla go rabh Bríghid
106imeasg na ndaoine a bhí ag éisteacht le
107Naomh Pádraic. Níorbh i fhada dí ag
108éisteacht gur thuit suan chodlata uirthi.
109Bhí iongantas mór ar Phádraic fá gur thuit
110sí thart ina codladh. Mhúscail an naomh í
111i gcionn tamaill; nuair a chonnaic sí
112gurb'é Pádraic a mhúscail í chuaidh sí síos
113ar a glúnaibh ag iarraidh maitheamhnais.


114
115

D'innis sí dó'n naomh go dtáinic aisling
116chuici a fhad agus bhí sí ina codladh. “Isé
117an rud a chonnaic mé san aisling,” arsa
118Brighid, “ceithre seisrighthe ag treabhadh
119bánta na hÉireann. Bhítheas ag crathadh an
120síl indiaidh na seisreach. Níorbh' fhada a bhí
121an síol curtha nuair a tháinic geamhas deas
122glas air. Thoisigh an geamhas a d'atharrughadh
123gur thionntuigh sé dath bhuidhe-ruadh. D'
124apuigh sé annsin agus líon na díogacha suas
125le sruth dheas bhainne mhilis. Bhí na daoine
126a bhí ag cur an tsíl cumhdaighthe ó bháthas
127cinn go trácht coise i n-éadach gheal.


128
129

“Tamall bheag ina dhiaidh sin tháinic
130ceathrar seisreach eile agus a lucht
131tiománta. Éadach dubh a bhí ar an mhuintir
132a bhí ag cur an tsíl an t-am so. Mhill
133siad-san agus chreach siad go dtí nár fhág
134siad duilleabhar glas ins an áit.


135
136

“Sinne,” arsa Naomh Pádraic, “an
137ceathrar seisreach a chonnaic tú. Tiocfaidh
138toradh ar gcuid oibre i n-Éirinn, acht sul a


L. 30


139

dtigidh deireadh an tsaoghail tiocfaidh
140daoine eile agus tarraingeóchadh muintear
141na tíre ar shiubhal ó Dhia, agus cuirfidh
142siad suas creideamh dá gcuid fhéin.”


143
144

Béidh ainm Bhrighid Chille Dara i mbéal
145Éireann comh fada agus mhaireas duine de
146shliocht Mhilidh Easpáinne ann. Níl aon
147tobar bheannuighthe i n-Éirinn beagnach,
148nach bhfuil a hainm air. Tá mórán de
149phaidreachaibh deasa ag na sean daoinibh fá
150dtaoibh de Bhrighid i nGaedhilc. Cha dtéid
151Féile Bhrighde thart sa Ghaedhealtacht gan
152na sean daoine agus an mhuintear óg
153fosta a bheith gnaitheach ag déanamh crasann
154chocháin i n-onóir de Bhríghid.


155
156

Deich mbliadhna agus trí fichid a bhí
157Bríghid nuair a fuair sí bás. Chaith sí dhá
158fhichid bliadhain i gCill Dara. Badh ar an
159chéad lá de na Faoillidh a d'éag sí. Badh
160sa bhliadháin 525 a chuaidh sí ar shluagh na
161marbh. “Muire na nGaedheal” a thugtar
162uirthí go minic indiu. Is le grádh agus le
163meas uirthi a bheir siad an t-ainm uasal
164sin uirthi.
165


L. 57


166

TEACHT AN CHREIDIMH GO H-ÉIRINN.


167
168

Sliocht as aiste ó lámh an Athar Pheadair
169'san Cork Weekly Examiner, Márta 15adh, 1902.


170
171

Deirtear gur b' é cúis gur tugadh
172Ailfínn ar an eaglais sin, Imleach Ónó, 'ná
173so. Nuair a bhí an eaglais déanta chuir
174Pádraig Asán naomhtha 'na bun agus thug
175sé tobar breágh fíor-uisge ainíos as an
176dtalamh i n-aice na h-eagailse. Nuair a
177bhíthas ag déanamh an tobair do togadh cloch
178mhór ainíos as. Do socaruígheadh an chloch
179ar bhruach an tobair. Bhí an t-uisge chómh
180breágh chómh glan san gus tugadh Fionn mar
181ainim ar an dtobar. Bhí an chloch ar bhruach
182an tobair agus is geár gur tugadh ail Fínn,
183'se sin, cloch Fínn, mar ainm ar an gcloich.
184As san ba ghear ná raibh ar idir chloch agus
185tobar agus eaglais, mar ainim, ach Ailfínn.


186
187

Easbog dob eadh Asán naomhtha, agus
188ceárdaidhe dob eadh é. Gabha geal dob
189eadh é. Dhéineadh sé de Phádraig na neithe
190a bhí síachtanach do Naomh-Ídhbirt an Aifrinn.
191Dhéineadh sé na h-altóracha, agus cóthraí
192na leabhar, agus miasa cearnacha, agus a
193lán neithe de'n tsórd san. Do coimeádadh
194ceann de na miasaibh cearnacha ar feadh
195abhfad i n-Árd Macha, agus ceann i n-Ail-
196fínn, agus ceann i nDomnach mór Magha
197Seóla, ar altóir an easboig naomhtha,
198Felartach, i n-Uíbh Briuin Seóla, tamal
199mór siar ó Ailfínn.


200
201

D'imthig Pádraig ó Ailfínn go crích Ua
202Oileala go h-áit dár bh' ainim Dúmacha.
203Chuir sé suas sa n-áit sin an eaglais dár
204bh' ainim Seancheall Dúmaíghe, Seanchíll a
205tugtí 'na dhiagh ran ar an eaglais sin. I
206gContae Roscomáin a bhí sí, ó dheas ó
207Ailfínn. D' fhág sé cuid mhaith dá deis-
208giobalaibh sa n-áit sin. D' fhág sé ann
209Mached, agus Cétchen, agus Ródán, sagart
210oirdheirc. Agus d' fhág ann Mátóna, deirbh-
211shiúr do Bheinín. Do choisric Pádraig agus
212Ródán í agus chuireadar an chail uirthi, agus
213bhí áthas ar Bheinín nuair a thuig sé go
214rabhthas 'ghá fágáilt fé stiúrúghadh Rodáin
215naomhtha.


216
217

Ansan do thug Pádraig aghaidh ar Ráth
218Chruachna, an áit 'na raibh an dá draoi,
219Maol agus Caplait 'na gcómhnuighe. Tá
220cnuc maith árd ann. Ó'n gcnuc iseadh
221tháinig an ainim Cruachain ar dtúis. Breis
222agus ceithre chéad bliaghan roimis sin iseadh
223bhí Méibh agus Oiliol na gcómhnuighe sa n-áit.
224Bhí i n-aimsir Pádraig, agus tá fós, mórán
225de rian na sean aimsire sa n-áit. Is ann
226atá Roilig na Ríogh, agus uaigh Dhaithi. Sídh
227Cruachna a tugtí ar an gcnuc. Amach a'
228h-uaimh Cruachna iseadh tháinig na trí cait
229druídheachta chun eagla chuir ar na dtriúr
230laoch, Conal Ceárnach agus Laoghaire
231Buadhach, agus Cúchulainn, Do theith Conal
232agus Laoghaire uatha ach níor theith Cú-
233chulain. Cheap Méibh agus Oiliol an cura-
234mír a thabhairt do Cúchúlainn mar gheall air
235sin ach ní bheadh an bheirt eile sásta.


236
237

Bhí tobar fíor uisge ag éiríghe ag bun an
238chnuic. An Clebach a tugtí ar an dtobar.
239Tháinig Pádraig agus a chualacht cléireach
240chun an tobair ar maidin agus an ghrian ag
241éiríghe, agus shuighdar i n-aice an tobair ag
242cantainn na dtráth. Ní fada bhiodar ann
243nuair a tháinig an bheirt bhan óg uasail,
244beirt íngean an Árdrígh Laoghaire, Éithne
245agus Fedelm, fé dhéin an tobair, Ba
246ghnáth leó teacht ann gach maidion 'ghá nighe
247féin agus chun díghe dh' ól. Nuair a chonach-
248dar na cléirig agus a n-aibidí Bána ortha
249mheasadar gur daoíne sídhe iad a tháinig
250amach a' Síd Cruachna. D' éistadar tamal
251leis an gcantainn. Ansan do labhair an
252cailín ba shine acu, Éithne. “Ce h-iad sibh-


L. 58


253

se?” ar sise, “Nú cad as daoíbh? Nú an
254amach a' Sídh Cruachna thánbhúir? An bhfuil
255sgéala agaibh le h-ínsint dúinn? Má tá
256déinig a ínsint dúinn, agus má tá nídh ar
257bith gur maith libh sinn 'ghá déanamh déan-
258fimíd é má's féidir dúinn é.”


259
260

“Ní daoíne sídhe sinn, a 'ghnín ó,” arsa
261Pádraig. “Is daoíne saoghalta sinn mar
262sibh féin. Ní h-amach a' Sídh Cruachna a
263thánamair. Tánamair thar farge isteach
264go h-Éirinn, agus tá sgéala againn le
265h-ínsint, sgéala maitha, agus ní'l aoinne
266gur bhfear linn na sgéala san d'ínsint dó
267ná daoíbhse mar is beirt inghean sibh
268d'Ardrígh Éirean agus ba mhaith linn sibh a
269thabhairt suas do Dhia na nDúl, d'Árdrígh
270an domháin.”


271
272

“Agus ce h-é Dia na nDúl?” arsa
273Éithne. Nú ce 'cu de na dúilibh go bhfuil
274a chomhnuíghe ann? An sa spéir a chomh-
275nuígean sé? Nú sa talamh? Nú sa
276bhfarge? Nú sa ghréin? Nú sa ghealach?
277An bhfuil clann mhac agus clann inghean
278aige? An bhfuil ór agus airgead agus
279saidhbhreas aige? An bhfuil sé óg? Nú
280an bhfuil sé aosda?”


281
282

“Cómhnuighean se ins na dúilibh go léir,”
283arsa Pádraig. “Is leis féin iad go léir
284mar isé féin a dhéin iad go léir. Isé
285chruthuig an spéir agus an talamh, an ghrian
286agus an ghealach. Isé chruthuig na cnuic
287agus na gleannta, na h-éin agus na h-éisg
288agus na beithig allta. Isé chruthuig na
289daoíne go léir. Isé chruthuig sinne agus
290sibhse. Ní'l sé óg agus ní'l sé aosda. Ní
291raibh tusach le n-a shaoghal agus ní bheidh
292deire le n-a shaoghal. Tá sé ins gach uile
293áit. Tá fios gach uile nídh aige. Is féidir
294leis gac uile nídh dhéanamh. Chíon sé gach
295nídh a dhéinimíd. Chíon sé an smuíneamh is
296sia isteach i n-ár n-aigne. Má dhéinimíd an
297an mhaith tabharfidh sé luacht saothair dúinn
298tar éis ár mbás, agus má dhéinimíd an
299t-olc déanfidh sé díoghaltas orainn mar
300gheall air.”


301
302

(B'é deire an sgéil gur ghlac Éithne agus Fedelm
303an creideamh).


304
305

LÁ FHÉILE PÁDRAIC


306
307

Corradh beag le coicthighis eile agus béidh Lá Fhéile
308Pádraic againn. Léimeann mo chroidh féin le
309lúthgháir ar chluinstin an scéala sin. Níl aon
310Ghaedheal ar fud an domhain mhóir nach smaointigheann
311ar Éirinn ar theacht an lae sin. Tig mórán laethe
312móra taobh istoigh de bhliadhain, acht isé lá fhéile
313Pádraic an lá is mó ag Éireannchaibh rith na
314bliadhna.


315
316

Bíonn lúthgháir agus éirghe i n-áirde go leor ar
317Ghaedhealaibh an lá sin. Badh h-é an gnás a bhí in go
318leor áiteachaibh ar fud na tíre lá fhéile Pádraic a
319chaitheamh ag ól biotáilte.


320
321

Shaoil mórán aca nach dtiocfadh leo an lá a
322chaitheamh i gceart mura mbéadh siad luchtuighthe le
323biotáilte. Chaithfeadh siad an tseamróg a fhliuchadh
324nó ní bhéadh maith ina bheith 'ghá chaitheamh.


325
326

Tá athrughadh mór, buidheachas do Dhia, ar intinn
327na ndaoine anois thar mar bhí tá deich mbliana ó
328shoin. Is mór an dí-mheas anois a saoileas fear óg
329a bheith air féin má 'tchífear é i gcionn an ghloine,
330go háirighthe ar lá fhéile Pádraic. Má choinnighthear
331an spiorad sin beo ní fada go mbéidh an t-ól
332gránda díbrighte as csíochaibh Fáil le cois gach olc
333atá ar a lorg.


334
335

Tá meas mór ag muintir na h-Éireann ar Naomh
336Pádraic. Isé an onóir is mó a thiocfadh leo a theis-
337beáint dó gan bac leis an ól ar lá fhéile Pádraic.
338Gheobhaidh na daoine óga neart pléisiúir ó na spór-
339taibh eile a bhíos ar siubhal ar fud na tíre an lá
340sin gan a ghabhail 'un toighe biotáilte leis an lá a
341chaitheamh ann. Agus biodh a fhios agat nach ar phócaibh
342folamha is ceart do dhuine ar bith a ghabhail atá ag
343smaointiughadh ar leigean leis an ól.


344
345

Is maith a thaiinsigheas sé liom na daoine óga —
346buachaillí agus cailíní — a fheiceáil cruinnighthe i
347gcionn a chéile tráthnóna an lae sin agus tamall
348damhsa a bheith aca. Níl dochar ar bith do dhaoinibh
349tamall a caitheamh ag damhsa comh fada agus nach
350dtig olc as.


351
352

Má tá lá ar bith eile sa bhliadhain is mó ar cheart
353do mhuintir na h-Éireann sean teanga na nGaedheal
354a chleachtadh ise lá fhéile Pádraic é. Badh h-é sin an
355teanga a chleacht sé fhéin nuair a bhí sé ag siubhal
356bánta na Fódla, agus badh h-í an Ghaedhilc a labhair
357sé leis na daoinibh ag míniughadh chreideamh nua
358dóbhtha. Leanadhmuis-inne a lorg. Cleachtadhmuis
359an sean teanga agus béidh meas ag Pádraic orainn.


360
361

EOIN Ó SEARCAIGH.
362


L. 85


363

CRÍOSDHAIDHTHE MAITHE.


364
365

Ó'n Athair Peadar Ua Laoghaire,
366Canónach S.P.


367
368

From “Seanmóin agus Trí Fichid,”
369by special permission of the Irish
370Book Co., 6 D'Olier St., Dublin.


371
372

“An t-é a chreidfidh agus a baistfear,
373saorfar é. An t-é, ámhthach, ná creidfidh,
374daorfar é.”


375
376

Ní gádh dhúinn trácht ar an mbaisteadh,
377Do dhein an Eaglais an méid sin dúinn
378chómh luath agus thánamair ar an saoghal.
379Dhein an Eaglais, leis, dúinn an craobh-
380sgaoileadh a dh'órduigh an Slánuightheóir a
381dhéanamh. Do chuir sí fhiachaibh orainn
382teacht anso chun tíghe Dé chun an Teagasg
383Críosdaidhe a dh'fhógluim, agus do múineadh
384dúinn é. Do tugadh fios aitheanta ár
385gcreidimh dúinn go cruinn agus go
386h-iomlán agus go fóirlíonta. Níor fágadh
387aon easnamh ar ár n-eólus. Ní raibh aon
388ghádh ag aon duine againn le Soisgéal an
389lae seo d'aireachtaint anois chun a fhios a
390bheith aige gur eirigh ár Slánuightheóir an
391treas lá ó mharbhaibh, agus gur chuaidh sé
392suas ar neamh, agus go bhfuil sé 'n-a shuidhe
393ar deas-láimh Dé, agus go dtiocfaidh sé
394as san chun breitheamhantais a thabhairt ar
395bheóibh agus ar mharbhaibh. Tá an t-eólus
396san go léir againn de ghlan mheabhair ó
397thusach ár n-óige. B'fhéidir gur b' amhlaidh
398atá an t-eólus ró ghlan againn agus an
399iomad taithighe againn air, i dtreó ná
400cuirimíd oiread suime ann agus ba cheart
401dúinn a chur ann. Ansan, cad mar gheall
402ar an bhfocailín eile úd, “An t-é ná
403creidfidh daorfar é”?


404
405

“Ó,” a déarfaidh duine, b'fhéidir, “tá
406an puinte sin socair go leór. Creidim
407gach aon rud a mhúinean an Eaglais. Pé
408rud a bheidh agam le freagairt, ní bheidh
409aon nídh agam le freagairt sa méid sin.”


410
411

Seachain! B'fhéidir go mb'fhearra dhuit
412gan codladh ar an gcluais sin. An t-é a


L. 86


413

chreidean rud, deinean sé beart do réir
414mar a chreidean sé. An fear a chreidean
415go bhfuil namhaid ag faire air chun a
416mharbhuighthe, beidh sé coitchianta ag faire
417ar an namhaid sin a d'iaraidh é sheachaint.
418Má chím an fear san, agus gan aon arm
419cosanta aige, ag dul sa n-áit 'n-a bhfuil
420an namhaid sin, cad 'tá le rádh agam? Tá
421fhios ag an saoghal go bhfuil an fear as a
422mheabhair, nó, murab é sin é, ná creidean
423sé go bhfuil an namhaid i n-aon cor ann.
424Isé an namhaid an peacadh. Do múineadh
425dúinn fadó cad é an nídh peacadh:
426“Aon smuíneamh toiltheamhail, briathar, nó
427gníomh, a déintear i n-aghaidh dlíghe Dé.”
428Chreideamair é sin an uair sin. Creidimíd
429anois é. Conus is féidir dúinn a rádh go
430gcreidimíd anois é má chomáinimíd linn
431ag déanamh an pheacaidh gan blúire suime
432chur i ndlígh Dé? Ar ndó', tá fhios ag an
433saoghal gur b'é cúis go comáinimíd linn
434ar an gcuma san ag déanamh an Pheacaidh
435mar ná creidimíd i gceart i ndlígh Dé,
436agus siné focal an tSlánuightheóra againn
437leis: “An t-é ná creidfidh, daorfar é.”
438An gcreidimíd an focal san? “Ó,” a
439déarfaidh duine, b'fhéidir, “creidimíd, ar
440nóin! Cad 'n-a thaobh ná creidfimís é?
441An focal a dúbhairt an Slánuightheóir féin!
442An t-é ná creidfeadh an focal san ní
443chreidfeadh sé aon rud; Go díreach! An
444t-é ná creidfeadh an focal san ní chreid-
445feadh sé aon rud. Ní dóich liom-sa, ámhthach,
446go gcreidimíd-ne an focal san. Agus
447cad é an chúis gur dóich liom ná creidimíd
448é? Mar ba dhóich liom dá gcreidimís é go
449gcuirfeadh sé eagal orainn. Comáinean
450duine leis i gcaitheamh a shaoghail ag
451déanamh na bpeacaí, 'ghá ndéanamh le
452smuíneamh, le briathar, le gníomh agus le
453faillighe. Agus ní'l aon bhlúire eagla air!
454Conus is féidir a rádh go gcreidean an
455fear san go bhfuil Dia ag feuchaint air?
456Go gcaithfidh sé cúntas a thabhairt ins
457gach smuíneamh; ins gach briathar; ins gach
458gníomh; ins gach faillighe? Go dtabharfaidh
459an Slánuightheóir breitheamhantas air? Agus
460go ndúbhairt an Slánuightheóir an focal,
461“An t-é ná creidfidh, daorfar é”?


462
463

B'fhéidir go bhfuil, a phobul, an creideamh
464istigh i n-ár gcroídhe, ar chuma éigin, ach is
465baoghalach gur 'n-a chodladh a bhíon sé go
466minic. Ní foláir a dh'admhail, ámhthach, go
467bhfuil Críosdaidhthe i n-ár measg agus ná
468bíon codladh ná suan ná míogarnach ar a
469gcreideamh choídhche. D'á chómhartha san
470féin, ní feictear choidhche iad ach ag faire
471ortha féin, i láthair Dé, le h-eagla go
472ndéanfaidís aon nídh do chuirfeadh fearg
473ar Dhia. Má chuirean an namhaid droch
474smuíneamh 'n-a n-aigne, is tapaidh a thóg-
475faid siad a gcroídhe suas chun Dé agus a
476dh'iarfaid siad ar Dhia, tré impidh na
477Maighdine Muire, an smuíneamh san a
478dhíbirt. Má airighid siad an droch fhocal
479ar siúbhal, beidh focal láithreach idir iad
480féin agus Dia, cogar acu d'á dhéanamh le
481Dia a gan fhios do'n tsaoghal. Siné an
482cogar a thaithnean le Dia agus ní baoghal
483ná go bhfreagaróchaidh sé an cogar, go
484ceannsa agus go cneasta agus go grádh-
485mhar. Má spriocan an namhaid iad chun aon
486droch ghnímh a dhéanamh, nó má ráinighean, tré
487nádúr chlaon an duine, go sleamhnóchaidís
488beagán ó'n mbóthar ndíreach, is tapaidh a
489bheid siad ag cathaoir na faoisdine, go
490h-úmhal agus go h-aithrigheach: 'ghá iaraidh
491ar Dhia, tríd na gcómhacht a thug an
492Slánuightheóir d'á Eaglais, toradh páise an
493tSlánuightheóra do dhul chun sochair dóibh
494sa n-asbolóid. Tá neart an chreidimh ar
495lasadh ins gach aon chor d'á gcuirean
496Críosdaidhthe de'n tsórd san díobh ó
497mhaidin go h-oídhche, ó Luan go Satharn,
498ó thusach saoghail dóibh go dtí go dtagan
499an bás ortha. Ní misde dhóibh sin aghaidh
500a thabhairt ar an mBreitheamh, atá 'n-a
501shuidhe ar deas-láimh Dé, agus do thiocfaidh
502chun breitheamhantais a thabhairt ar bheóibh
503agus ar mharbhaibh. Ní gádh dhóibh sin aon
504eagla bheith acu roimis an mBreitheamh;
505bíodh gur mó an t-eagla a bhíon ortha,
506uaireanta, 'ná mar a bhíon ar an muintir
507gur ceart dóibh eagla bheith orra.
508


L. 93


509

MISIÚN INS NA ROSAIBH.


510
511

Bhí misiún ghoirid aca ins na Rosaibh i dTír Chonaill
512an tseachtmhain roimhe an Fhéil Pádraic. Beirt
513sagart de Órd Naoimh Proinnsias a thug an misiún
514uatha. Chaith siad trí lá ar na h-Acaraibh, trí lá i
515gCeann Caslach agus tsí lá eile i n-Áth na gCoire.


516
517

Badh ar an ólachán a badh mhó a bhí siad ag trácht.
518Badh deas mar labhair siad i n-aghaidh an óil. Tugadh
519cluas agur aire mhaith do'n méid a dubhairt siad.
520Bhí an teach-pobail lán go doras gach uile mhaidin
521agus gach uile tráthnóna. Tá mé cinnte go rabh
522míle go leith duine i láthair an oidhche dheireannach a
523bhí siad i dtoigh-pobail Cheann Chaslach. Thug bunadhas
524gach duine dá rabh ann gealladh nach n-ólfadh siad
525braon biotáilte ar feadh bhliadhna. Níl amhras as
526bith ná go gcoinneochaidh mórán aca an gealladh sin
527suas agus nach bhfeictheas taobh istoigh de thoigh
528biotáilte iad go dtí an t-am so ar an bhliadhain
529chugainn.


530
531

Is mór atá an t-ól ag gabhail ar gcúl sa na
532Rosaibh ar na bliadhantaibh deireannacha ro. Is iad
533na misiúin so is cionntaighe leis an chúl mhór atá ag
534gabhail ar an ól as an moillibh chois cladaigh annso i
535dTír Chonaill. Is mór an lúthgháir a badh chóir dúinn
536ith orainn nuair atchímid go bhfuil cúl ag teacht
537an ól mhalluighthe annso i gcríochaibh Conaill
538Ghulbain fhéin. Beidh rath agus bláth ar gach aon nach
539mblasfaidh braon biotáilte go ceann bliadhna.
540


L. 116


541

“TOIL DÉ GO NDÉINTEAR!”


542
543

Ó'n Athair Peadar Ua Laoghaire,
544Canónach S.P.


545
546

From “Seanmóin agus Trí Fichid,”
547by special permission of the Irish
548Book Co., 6 D'Olier St., Dublin.


549
550

Ní fheadair an duine cad is maith dhó
551ná cad is olc dó ar an shaoghal so. Thall,
552ar an saoghal eile, iseadh do socarófar
553gach aon rud. Is ag Dia amháin atá fios
554gach uile nídh. Tá fhios aige cad is maith
555dhúinn agus cad is olc dúinn. Isé Dia do
556chruthuigh sinn agus do chuir ar an saoghal
557so sinn. Thug sé ciall agus tuisgint
558dúinn i dtreó go bhféadfaimís aithne chur
559air agus grádh thabhairt dó. Tá grádh aige
560dhúinn, grádh gan teóra, grádh nach féidir
561dúinn a mhéid ná a neart do thuisgint an
562fhaid a bheimíd ar an saoghal so. Le méid
563agus le neart a ghrádha dhúinn iseadh chuir
564sé an t-Aon-Mhac uaidh chun sinn do shaoradh
565ó'n bpeacadh agus chun geataí na bhflathas
566a dh'osgailt dúinn. Le méid agus le neart
567a ghrádh' dhúinn iseadh atá a ghrásta aige 'á
568thabhairt dúinn coitchianta, chun sinn a
569thabhairt ó'n bpeacadh agus chun sinn a
570choimeád ó'n bpeacadh. Ní féidir d'aon
571ruibe amháin d'ár ngruaig tuitim d'ár
572gceann ach le n-a thoil. Ní'l ach aon nídh
573amháin a dh'fhéadfaidh choídhche díobháil a
574dhéanamh dúinn i gcoinnibh a thoile. Cad é
575an nídh é sin, a phobul? Cad é an nidh a
576dh'fhéadfaidh díobháil a dhéanamh dúinn agus
577nach féidir do thoil Dé sinn a chosaint
578ar an ndíobháil sin? Ár dtoil féin. Is
579féidir do Dhia mé chosaint ar thoil duine
580eile má's máith leis é. Ní'l cómhacht ar
581thalamh ná i n-ifrean nach féidir dó mé
582chosaint air má's maith leis é. Ní féidir
583dó mé chosaint ar mo thoil féin má's maith
584liom mo thoil do chur i gcoinnibh toile Dé.
585D'fhéadfadh sé, nídh nach iongnadh, saor-thoil
586a bhaint díom. D'fhéadfadh sé an mheabhair
587shaoghalta a thug sé dom do bhaint díom.
588Ach ní h-í sin an cheist i n-aon chor. Ní
589fhéadfadh sé saor-thoil fhágáilt agam agus
590ansan mé chosaint ar an saor-thoil sin dá
591mba mhaith liom féin díobháil a dhéanamh dom
592féin léi i n-aimhdheóin a ghrásta. D'á bhrígh,
593sin, an Críosdaidhe gur maith leis leas a
594anama dhéanamh ní'l ach aon usáid amháin
595aige le déanamh d'á thoil, 'sé sin, í chur
596i gcómhnuighe le toil Dé. Ní féidir
597d'aon rud eile díobháil a dhéanamh duit
598ach do d' thoil féin. Cuir an toil sin
599le toil Dé i gcómhnuighe agus ansan ní
600fhéadfaidh sí gabháil bun os cionn le toil
601Dé. An fhaid ná raghadh do thoil bun os
602cionn le toil Dé ní féidir duit peacadh
603dhéanamh.


604
605

Ach is ana dheacair an toil seo againn
606do chur le toil Dé ar an gcuma san. Ní
607féidir é dhéanamh ach le congnamh ó ghrásta
608Dé féin. Tá an congnamh san ag Dia
609féin 'á thabhairt dúinn coitchianta. Ba
610cheart dúinn bheith 'ghá iaraidh coitchianta.
611D'á mhéid a dh'iarfaimíd é iseadh is mó a
612gheóbhaimíd dé. Siné an gnó ba cheart
613do'n Chríosdaidhe a cheapadh dhó féin mar
614aon ghnó amháin le déanamh ar an saoghal
615so, bheith coitchianta 'ghá iaraidh ar Dhia na
616glóire a ghrásta thabhairt dó chun go gcuir-
617feadh sé a thoil le toil Dé. Pé trioblóid
618a bhéadh ag teacht air, pé cruadhtan a
619bhéadh aige le gabháil tríd, pé éagcóir a
620bhéadh dh'á dhéanamh air, an t-aon fhocal
621amháin a bheith 'n-a chroídhe agus 'n-a bhéal
622aige i gcómhnuighe: “Dé bheatha grásta
623Dé! Toil Dé go ndeintear!”


624
625

Go dtugaidh an Slánuightheóir, tré impidhe
626na Maighdine Muire agus na n-Aspol, a
627ghrásta dhúinn go léir chun ár dtoile do
628chur le toil Dé, pé fada gairid is toil le
629Dia na glóire sinn fhágailt ar an saoghal
630so, Amen, a Thighearna.
631


L. 141


632

The Pope's Message
633translated into Irish by
634An t-Athair Peadar Ua
635Laoghaire, Canónach, S.P.


636
637

Tugaimíd anois ó chroidhe, tré mhéid ár ngrádh dhóibh,
638agus le h-ionmhuine fé leith, an bheanacht aspolda,
639do´n chlaínn seo atá i gCrúsáid na nGaedhal Óg.
640Molaimíd iad go h-árd mar gheall ar an obair ró
641rathmhar atá acu á dhéanamh, agus tá ana chion againn
642ortha mar gheall ar a gcroidhthe do bhronadh orainn.


643
644

I dtaobh na h-athchuiníghe seo atá ag na leanaíbh
645céadna 'á iaraidh orainn, ar son Cúise an leinbh
646fhóghanta san, Neilli Bheag Ní Órgain, níl againn le
647rádh leó ach bheith ag cur a nguidhe suas go dúthrachtach
648chun Déi sa chás, óir is ag Dia amháin atá a mian do
649thabhairt dóibh agus A Thoil ró-naomhtha féin a thais-
650beáint go mirbhuilteach. PIUS PP. X.


651
652

Ó'n Vatican,
653An sémhadh lá de Bhealtaine, 1912,
654


L. 145


655

ÁTHAS.


656
657

Ó'n Athair Peadar Ua Laoghaire,
658Canónach S.P.


659
660

From “Seanmóin agus Trí Fichid,”
661by special permission of the Irish
662Book Co., 6 D'Olier St., Dublin.


663
664

Ní féidir áthas iomlán a dh'fhághail ó
665aoinne ach ó'n Athair Síoruidhe. Agus ní
666féidir an t-áthas iomlán san a dh'fhághaíl ar
667an saoghal so, ach sa mhéid go seólan sé an
668duine chun an áthais atá le fághail ar an
669saoghal eile, chun an áthais atá síoruidhe.
670Bíon áthas ar dhuine nuair a mhothuighean sé
671neart agus fuinneamh na sláinte 'n-a
672bhallaibh beatha. Ní h-áthas iomlán an
673t-áthas san. D'fhéadfadh droch ghaoth, nó
674coiscéim anacair, nó lán béil de bhiadh ná
675bhéadh foláin, an t-áthas san do lot ar
676iompáil na Baise. Is fada ó áthas iomlán
677an t-áthas is féidir a chur chun siubhail chómh
678h-uiriste sin.


679
680

Bíon áthas ar dhuine, b'fhéidir, nuair a
681bhíon saidhbhreas saoghalta aige, agus creide-
682amhaint ameasg a chómharsan. Bíon fiche
683rud ag baint ó'n áthas san. Ní h-iad lucht
684an tsaidhbhris mhóir is sáimhe chodlan an
685oidhche. Leanan cúram agus buairt aigne
686an saidhbhreas. Ní bhíon an fear saidhbhir
687choídhche gan lán a chroidhe d'eagla air go
688mb'fhéidir go dtiocfadh sóinseáil éigin sa
689tsaoghal, agus go sgaipfí an saidhbhreas,
690agus go mbéadh sé beó bocht. Ní h-áthas
691iomlán, ní h-eadh, ach ní h-áthas i n-aon chor,
692rud a chuirean, agus do choimeádan, buairt
693agus céimaighrádh aigne de'n tsórd san ar
694dhuine.


695
696

Is áthas iomlán, ámhthach, ar an saoghal
697so féin, an t-áthas a bhíon ar chroídhe agus
698ar aigne an duine nuair a bhíon, cuir i
699gcás, faoisdin mhaith déanta aige agus
700síothcháin ar a choinsias, agus nuair is féidir
701dó feuchaint suas agus a rádh, i láthair Dé,
702“Má 's é toil Dé glaodhach orm tá súil le
703Dia agam go bhfuilim ollamh.” Tá an
704t-áthas san iomlán, chómh fada agus is
705féidir d'aon áthas bheith iomlán ar an
706saoghal so, mar is áthas é atá ag seóladh
707an duine sin chun an áthais agus chun an
708aoibhnis atá síoruidhe.


709
710

“Go dtí so,” arsa'n Slánuightheóir,
711“níor iarabhair aon nídh am' ainim.”


712
713

Tá brígh ana dhoimhinn leis an bhfocal
714san. Tá daoine sa tsaoghal agus nuair a
715thagan buairt nó trioblóid mhór ortha, is
716amhlaidh a léimean a gcroídhe agus a
717n-aigne suas láithreach chun Dé. Sgreadan
718a gcroídhe láithreach ar Dhia, 'ghá iaraidh air
719an trioblóid sin do thógaint díobh má 's é
720a thoil naomhtha é agus leas a n-anama, nó,
721murab é a thoil naomhtha é thógaint díobh,
722'ghá iaraidh air é bhogadh dhóibh, agus a ghrásta
723thabhairt dóibh chun é dh'fhulang mar is cóir
724do Chríosdaidhe buairt agus trioblóid a
725dh'fhulang. Freagran Dia Críosdaidhe de'n
726tsórd san. Tugan sé a ghrásta do'n
727duine sin. Bainean grásta Dé an nimh as
728an dteinneas, nó cuirean sé neart i
729gcroídhe an duine i dtreó ná géillean sé
730do'n trioblóid, go bhfuilingean sé gach aon
731rud do réir thoile Dé. Cuirid Críosdaidhthe
732de'n tsórd san buairt agus trioblóid
733díobh, agus nuair a bhíon an bhuairt nó an
734trioblóid imthighthe ní fhanan blúire cuimhne
735acu air. Ansan tagan trioblóid eile,
736trioblóid, b'fhéidir, is truime 'ná an chéad
737trioblóid. Ach is lúgha a ghoillean sé ortha
738'ná an chéad trioblóid, mar bhíon breis nirt
739fághalta acu as an gcéad fhulang, agus
740bíon breis grásta acu d'á fhághaíl ó Dhia.
741Ansan tagan dhá thrioblóid, trí trioblóidí;
742tagaid siad ag brúth ar a chéile, ag baint
743tusach slíghe dh'á cheile, ag satailt ar shálaibh
744a cheile, go dtí gur dhóich le h-aoinne gur
745cheart do'n duine sin bheith as a mheabhair,
746glan, acu. Ach ní bhíon sé as a mheabhair ná
747as a chéill. Bíon a shúil agus a intinn agus
748a aigne socair go daingean ar thoil Dé.
749Is amhlaidh a dhainginighid na trioblóidí go
750léir a chroídhe ar Dhia, i dtreo gur ag dul


L. 146


751

i ndaingineacht a bhíon sé le gach trioblóid
752d'á gcuireann sé dhé. I lár na buartha
753agus na dtrioblóidí agus na gcathana
754tagan an t-am, fé mar a tháinig an t-am
755do Pheadar go dtárnalfaí ar an gcrois é,
756nó fé mar a tháinig an t-am do Phól go
757gcuirfeadh sé a cheann ar an mbloc, tagan
758an t-am do'n Chríosdaidhe go nglaodhan
759Dia as an saoghal é suas chuige féin.
760Tagan am a bháis. Ní bhíon, tré ghrásta Dé,
761sgáth ná eagla aige roimis an mbás.
762Tugan Dia an neart san dó le linn a bháis
763fé mar a thug sé gach neart eile dhó i
764gcaitheamh a shaoghal. Téighean sé suas i
765láthair Dé, agus tugan Dia na glóire a
766thuarasdal dó. Thug an duine sin a
767shaoghal go léir 'ghá iaraidh ar Dhia, i gcómh-
768nuighe, i n-ainim an tSlánuightheóra, gach
769aon ghrásta ba mhó a bhí i n-easnamh air do
770thabhairt dó. Do tugadh dó iad. Tá a
771thoradh san anois aige. Tá áthas air, agus
772tá an t-áthas iomlán. Isé an t-áthas é a
773thugan aoibnhneas síoruidhe na bhflathas do
774dhuine.
775


L. 164


776

AN DUAIS-LITIR.


777
778

28 Tighthe Rialtó,
779Bóthar Timcheallach Theas,
780Áth Cliath, 13adh de Bhealtaine, 1912.


781
782

A Bhanbha, a chara, — Nach deas an rud é cuaird fá'n
783tír? Badh mhaith liom do bheith i mo chómhnuidhe san
784tír. Chuaidheas go Conndae Chill Mhanntain anuraidh
785nuair bhí na fir ag baint an choirce agus na neornan.
786Ó! is deas an pictiúr é — guirt buidhe le cruithneacht
787agus arbhar; páirceanna glas leis an bhféar atá ag
788fás ionta agus na ba is na caoire ag cimín ionta.


789
790

Bhíos i naice na fairrge agus chonnaiceas na longa
791ag teacht isteach cumh an chuain. Bhíos ar an bhfairrge
792go minic i mbád rámha agus ba mhaith liom é. Nuair
793d'fhilleas a bhaile bhí brón mór orm, acht, le congnamh
794Dé, beidh mé ag dul ann arís san samhraidh. — Is mise,
795le meas mór, MAIRE NÍ RAGHALLAIGH.
796


L. 165


797

BEANNACHT LEAT, A MHUIRE.


798
799

[This beautiful rhymed prayer is repeated by the
800people in certain of the Irish-speaking districts, as
801they leave the church. We give it here in the
802ordinary and simplified spellings.]


803
804

Beannacht leat, a Mhuire,
805Beannacht leat, a Chríost,
806Go gcumhdaigh sibh m'anam
807Go dtigidh mé arís.


808
809

Beannacht leat, a thigh Dé,
810Agus beannacht Dé n'ár dtimcheall,
811Nár sgara uainn-ne grása Dé
812Go bhfillimid chun a theampaill.
813


L. 171


814

TRIOBLÓID & MEISGE.


815
816

Ó'n Athair Peadar Ua Laoghaire,
817Canónach S.P.


818
819

From “Seanmóin agus, Trí Fichid,”
820by special permission of the Irish
821Book Co., 6 D'Olier St., Dublin.


822
823

Tá daoine eile sa tsaoghal agus nuair a
824thagan buairt mhór, nó trioblóid mhór, nó
825umárd mór ortha, is amhlaidh a thagan dúire,
826nó doircheacht aigne, ortha, i dtreó ná
827chuimhnighid siad i n-aon chor ar Dhia. Tagan
828mairbhithighe ar a gcroidhe, lag-spioraidighe
829éigin, agus is amhlaidh a luighid siad ar an
830dtalamh fé'n ualac. Bíon a gcroídhe
831briste brúighte, agus ní fhanan preab ná
832cor ionta. Cromaid siad a gceann agus
833sgaoilid siad a srian féin leis an nbuairt.
834Ní chuimhnighid siad i n-aon chor ar Dhia ná
835ar ghuidhe chun Dé ná ar aon rud a dh'iaraidh
836ar Dhia. Bíd siad díreach sa chás 'n-a raibh
837na deisgiobuil nuair a chas an Slánuightheóir
838leó ná raibh aon nídh acu 'á iaraidh ar an
839Athair Síoruidhe i n'ainim féin. Mura
840ndeinid Críosdaidhthe de'n tsórd san cuimh-
841neamh ar Dhia is baoghalach go ndeinid siad
842rud nach é. Is baoghalach go gcuimhnighid
843siad ar shlígh eile chun an teinnis aigne do
844mhaolughadh. Cuimhnighid siad ar an mbraon
845díghe. Luighid siad ar ól. Cuirid siad
846ortha ní chuimhnighid siad ar an mbuairt.
847Nuair a bhíon an mheisge sin imthighthe bíon
848an sgéal dhá uair níos measa acu. Mús-
849glan nimh na buartha níos géire 'ná riamh,
850agus cuirean dólas an mheisge atá curtha
851dhíobh acu tuille faobhair ar a mbuairt,
852tuille meagchaint sa bhrón atá ar a gcroídhe.
853Má ba dheacair an buairt a dh'fhulang ar
854dtúis, dá dheacra an bhuairt agus an
855brón a dh'fhulang anois. Siúd chun an óil
856airís iad. Siúd chun an óil iad airís agus
857airís eile. I ndiaigh ar ndiaigh beirean
858béas an óil greim ortha, greim ar chroídhe
859agus ar aigne agus ar intinn ortha. As
860san amach is cuma leó cad a dheinean
861Buairt ná trioblóid, gnó ná cúram, Dia
862ná duine, an saoghal so ná an saoghal eile,
863aoibhneas na bhflathas ná teinte ifrinn. Ní
864mhothuighid siad aon rud. Cuirid siad an
865chuid eile d'á saoghal díobh idir bheith 'n-a
866gcodladh agus 'n-a ndúiseacht. Ní ró fhada
867a théighean leó. Loisgean an t-ól préamh
868na beatha agus na sláinte istigh ionta.
869Tagan an bás ortha abhfad sar a mbíon a
870saoghal nádúrtha caithte acu. Ní féidir
871dóibh fanamhaint a thuille ar an saoghal so.
872Caithfid siad, pé olc maith leó é, aghaidh a
873thabhairt ar an síoruidheacht. An suas a
874raghaid siad? Conus is féidir dóibh dul
875suas? Ó, a Chríosdaidhthe, is crúaidh an cás
876é! Ní féidir dóibh dul suas. Do dhúnadar
877féin an uile dhorus ortha féin. Ní h-é Dia
878do dhún na dóirse ná na bóithre suas ortha,
879Iad féin a dhún iad. Ní h-é Dia do chuir a
880saoghal i ngioracht. Thabharfadh Dia a
881saoghal nádúrtha dhóibh dá leigidís dó é.
882Cá bh'fhios dúinne ná d'aoinne eile cad iad
883na grásta a thug Dia dhóibh i gcaitheamh a
884saoghal, a d'iaraidh iad a dh'iompáil ar a
885leas, agus ná déanfaidís rud air! Tá
886fhios againn go maith nár leig Dia uaidh iad
887gan a ghrásta thabhairt dóibh go flúirseach
888chun iad a choimeád. D'imthigheadar uaidh,
889ach is í n-aimhdheóin na ngrást a d'imthighea-
890dar uaidh. Ní raibh aoinne chun iad do
891bhreith suas go h-aoibhneas na bhflathas ach
892Dia. Bhéarfadh Dia leis suas iad dá mba
893mhaith leo dul leis. Ní raghaidís leis.
894Conus is féidir dóibh dul suas anois? Ní
895féidir dóibh dul suas anois. Síos a
896chaithfid siad dul. Síos, i gcóir na
897síoruidheachta!
898


L. 193


899

LITIR Ó SHEAN-CHARAID.


900
901

Baile an Róistigh i gCo. Corcaighe,
902An 11adh lá de Mheitheamh, 1912.


903
904

Do Bhanba — Tá ceist & ceann-fé & náire an domhain
905orm toisg gan cuimhneamh le fada d'aimsir ar mo
906charaid Banba a bhí chómh muínteardha liom & chómh
907maith dhom i gcómhnuighe. Ní h-alaidh d'aoinne ded'
908chlainn a leithéid sin dhéanamh ort, & is oth liom a
909dh'admhail gur mise a bhí ciontach an uair seo. Gaibh
910mo leath-sgéal a Bhanba. Ná tóg orm é mé bheith
911chómh fada gan sgríobhadh chughat.


912
913

Is mór a thaithn liom an méid cainte a dubhradh ins
914an Record i dtaobh “Neillí Bhig” & tá súil againn go
915léir anso go raghaidh a cúis ar aghaidh sa Róimh & gur
916gearr go mbeimíd ag tabhairt onóra dhi ar an
917altóir. Ach tá naomh eile leis go bhfuil a cúis ag
918dul ar aghaidh go maith sa Róimh & ba cheart go mbeadh
919aithne & eolas ag gach aon Y.I.C. uirthi: mar táim
920deimhnightheach go gcabhróchaidh sí leo & le gach aoinne
921a déanfaidh ímpí uirthí. Tá a cáil i n-áirde sa tír seo
922& i dtíorthaibh eile indiú, & tá cur síos ar a beatha
923naomhtha ins gach aon teangain geall leis. Nach
924chóir dá bhrígh sin go mbeadh sé i nGaoluing leis
925& go mbeadh aithne & cion ag's na Y.I.C.'s uirthi?
926Geallaim dhóibh nách miste dhóibh guidhe chúichi, mar go
927bhfaghaid siad gach aon tabarthas a iarfaid siad uirthi.
928Tá a geallamhaint féin againn leis — dubhairt sí le
929na siúrachaibh, “caithfeadsa mo shaoghal ar neamh ag
930déanamh maitheasa don chine daona.”


931
932

Sin é an machtnamh a thug deimhne dhom gur mhaith
933an rud é dá dtabharfainn fé raint neithe innsint
934díbh mar gheall uirthi a Gaoluing. Táim ar aigne
935iaraidh ar dhuine éigin Gaoluing a chur ar Bheatha an
936Seathar Terésa i gcaitheamh an tSamhraidh. D'fhéadfá-
937sa é thabhairt do'n Eatarthóir nuair a bheidh sé
938sgríobhtha, agus b'fhéidir go gcuirfeadh sé é féin &
939peictiúir an “Bhláith Ghléigil” i gcló i dteanta
940chéile. Go bhfága Dia suas abhfad tú & go gcuirfidh
941Dia an sath ort. — Mise, a Bhanba, do chara go buan
942MÁIRGHRÉAD NÍ MHAOLDHOMHNA.


943
944

“AN RÉILTHEAN LEANBHACH”


945
946

.i.


947
948

An t-Siúir Terésa ó Lísieux,
949nó Flós Gléigeal Íosa.


950
951

Do rugadh “An Réilthean leanbhach” nó mar a
952nglaodhfaidís uirthi i bhFraincis Marie-Francoise
953Thérèse Martin, i n-Alencon sa bhFrainc an dara lá
954d'Eanair, 1873. Nuair a bhí sí cúig bliadhna déag
955d'aois chuaidh sí isteach i gConbhint d'Órd na gCar-
956mailíteach & do chaith sí naoi mbliadhna go leith ann
957go subháilceach & go naomhtha & go deagh-thréitheach.
958Bhí mainighin iongantach a Dia aici & thug sí grádh a
959h-anam dó. Fuair sí bás an deichmheadh lá fichid de
960Mhí an Mheadhoin-Fhoghmhair sa bhliadhain 1897. Faghtar
961a lán grásta trí n-a h-ímpí & do h-iaradh ar an
962Eaglais Naomhtha í chur ameasg na mBeannuighthe.


963
964

Féadfar Leaflets d'fhághail ó'n Orphans' Press,
965Rochdale, England, ar cúpla pingin. Iartar ar
966gach aoinne a leighiseadh nó a fuair grásta specíala
967ó'n Naomh é innsint do'n Rev. Prioress, Le Carmel,
968Lisieux, Calvados, France.


969
970

MAIRGHRÉAD NÍ MHAOLDHOMHNA
971


L. 201


972

NAOMHTHACHT BEATHA.


973
974

Ó'n Athair Peadar Ua Laoghaire, Canónach S.P.


975
976

From “Seanmóin agus Trí Fichid,”
977by special permission of The Irish
978Book Co., 6 D'Olier St., Dublin.


979
980

Isé nádúr na ndaoine riamh go mbíon
981uraim ana mhór acu do naomhthacht beatha
982nuair a chídh siad é. Má's naomhthacht firin-
983neach é is ceart an uraim sin a thabhairt dó.
984Nuair a chíd na daoine cómharthaí so-fheicse
985naomhthachta tuigid siad 'n-a n-aigne go
986bhfuil an naomhthacht sa n-áit 'n-a bhfeicid
987siad na cómharthaí. Nuair a chíd siad an
988aghaidh bhán, mhí-lítheach agus an ghnúis
989ghruama, dhorcha, gan sult gan gáire ann,
990“Ó,” adeirid siad leó féin, “is ana naomh-
991tha an duine é sin! Is uathbhásach a ndéin-
992ean sé de throsgadh agus dé thréadhnas
993agus de chlaoidh ar a cholainn ar gach aon
994tsaghas cuma, nó ní bhéadh an driuch san
995air.” Ansan tagan árd uraim acu do'n
996duine sin. Tá daoine ann, a phobul;
997bhiodar ann an uair sin, pé 'n-Éirinn é,
998(i.e. le linn ár Slánuightheora), agus bhí
999ana dhúil acu sa n-uraim sin ó'n
1000bpoibilidheacht, ach ní raibh aon dhúil i n-aon
1001chor i dtrosgadh ná i dtréadhnas acu, ná i
1002n-aon nídh eile do ghoillfeadh ar an gcolainn
1003ná do chuirfeadh aon tsrian le h-ainmhian-
1004taibh na colna. Cheapadar an uraim a
1005dh'fhághail ó'n bpoibilidheacht agus gan aon
1006trosgadh dhéanamh chun na h-urama thuilleamh.
1007Ansan do thánadar ar a n-aghaidh agus dhein-
1008radar rud éigin leis a chuir an dath mí-
1009lítheach air i dtreó gur dhóich leis na daoine
1010go raibh an trosgadh acu 'á dhéanamh.
1011Bhuaileadar bob ar na daoine ar an gcuma
1012san agus fuaradar an uraim a bhí uatha.
1013B'shin cuid d'á ndíoluigheacht féin.


1014
1015

Má dhein cuid acu trosgadh dáiríribh,
1016agus gur chun na h-urama san a dh'fhághail
1017ó'n bpoibilidheacht a dheineadar é, agus go
1018bhfuaradar an uraim sin a bhí uatha, bhí a
1019ndíoluigheacht fághalta acu, an díoluigheacht
1020bhí uatha agus ní raibh aon teidiol acu
1021chun aon tsaghas eile díoluigheachta. Ní
1022raibh aon teidiol acu chun aon díoluigheachta
1023dh'fhághail ó Dhia na glóire mar gheall ar
1024an dtrosgadh a dheineadar má ba throsgadh
1025dáiríribh féin é. Bhí an sgéal go h-ait acu.
1026Uraim agus creideamhaint acu ó dhaoine
1027mar 'dh eadh go rabhadar ana naomhtha, ana
1028uasal i láthair Dé, agus gan blúire bríghe
1029leis an gcreideamhaint ná leis an naomh-
1030thacht ná leis an uaisleacht, i láthair Dé.
1031Ainim naomhthachta ortha agus gan acu ach
1032an ainim. An trosgadh agus an tréadhnas
1033déanta acu, bh'fhéidir, agus gan pioc d'á
1034bhárr acu ach an rud san gan ghus gan
1035tairbhe, moladh ó bhéalaibh daoine, moladh
1036baoth, moladh bréagach, moladh ná creidid
1037na daoine a thugan é, go minic. Is suarach
1038an tuarasdal é, ach isé an tuarasdal a bhí
1039uatha é, agus ní'l aon teidiol acu chun aon
1040tuarasdail eile.


1041
1042

Bhí daoine de'n tsórd san ar an saoghal
1043le linn ár Slánuightheora. Tá daoine de'n
1044tsórd san ar an saoghal fós. Is mairg a
1045dhéanfadh aithris ortha. Do chómhairligh ár
1046Slánuightheóir d'á dheisgiobulaibh gan aithris
1047a dhéanamh ortha. “Ach tusa,” ar seisean,
1048“nuair a dhéanfair trosgadh, cuir oíle ar
1049do cheann agus nigh t'aghaidh, i dtreó ná
1050haithneóchaid daoine tú bheith ag déanamh
1051trosgaidh, ach go n-aithneochaidh t'Athair é
1052atá fé cheilt, agus go dtabharfaidh t'Athair,
1053a chíon fé cheilt, do dhíoluigheacht duit.”


1054
1055

Tá Críosdaidhthe ann, buidheachas le Dia,
1056agus ní cuid bheag acu é, agus deinid siad
1057an chómhairle sin do ghnáth. Pé gníomhartha
1058maithe, diadha, a dheinid siad, a gan fhios
1059do'n tsaoghal iseadh dheinid siad iad.
1060Coimeádaid siad an sgéal go léir idir iad
1061féin agus Dia na glóire. Chíon Dia iad a
1062gan fhios do'n tsaoghal, agus tabharfaidh
1063Dia dhóibh, a gan fhios do'n tsaoghal, tuaras-
1064dal agus díoluigheacht ná féadfadh an
1065saoghal a thabhairt dóibh. Is ar Chríosdaidh-
1066thibh de'n tsórd san is ceart dúinn aithris a
1067dhéanamh agus ní h-ar dhaoinibh baoithe, ar
1068dhaoinibh leanabaidhe, ná féadfadh an gníomh
1069fóghanta is lúgha a dhéanamh mura molfaí iad.
1070


L. 232


1071

“AN RÉILTHEAN LEANBHACH”


1072
1073

BARBARA NÍ DHÓMHNAILL do scríobh


1074
1075

Is beag duine nár airig trácht éigin ar
1076an Siúr Treasa ó Lisieux. “Flós gléigeal
1077Íosa” is gnáth a thabhairt uirthi. An té gur
1078mhaith leis fhios a bheith aige cad é méid a
1079cáil ar fuaid an domhain ní gádh dho ach na
1080páipéir a léigheadh agus is beag lá ná go
1081bhfeicfidh rud éigin ionta mar gheall uirthi
1082— daoine ag breith bhuidheachais léi i dtaobh
1083leighis nú tabharthais éigin ó Dhia a fuaradh
1084trí n-a h-ímpidhe. Go deimhin níor mhisde
1085dhúinn a rádh gur naomh iongantach í a thug
1086Dia do'n Eaglais le n-ár linn féin.


1087
1088

Le congnamh Dé, agus trí impidhe Threasa
1089naomhtha beidh rath ó Dhia ar an leabhar beag
1090so leis i dtaobh an méid seo a sgríobhadh ann.


1091
1092

Rugadh Treasa naomhtha an tarna lá de
1093Mhí Dheireadh an Gheimhridh i mbliadhain an
1094Tighearna 1873. Bhí ochtar eile clainne
1095ann 'n-a teannta. B' í Treasa an té dob'
1096óige aca go léir. Fuair ceathrar aca bás
1097i dtúis a n-óige agus táid siad i bhfochair
1098a ndeirbhshéathar i Ríoghacht na bhFlaitheas
1099anois le congnamh Dé. Bhí Treasa féin
1100agus an ceathrar eile 'n-a mnáibh riaghalta.
1101Saghas ceannuighe a b' eadh a h-athair. Ag
1102ceannach agus ag díol seód is eadh is mó a
1103bhíodh sé, ach ní raibh seód riamh 'n-a sheilbh ba
1104luachmhaire ná b' uaisle 'ná Treasa bheag.
1105“An Bhainríoghain Bheag” a thugadh a h-athair
1106mar ainm uirthi; agus is minic i gcaitheamh
1107an gheimhridh a chaitheadh sí tamal de'n
1108tráthnóna nú de thosach na h-oidhche 'na
1109suidhe ar a ghlúin agus é ag trácht ar
1110Flaitheas agus ar na naomhaíbh, nú ag
1111léigheadh leabhair éigin bheannuighthe dhi.


1112
1113

Leanbh ana-chaomh a b'eadh Treasa, leanbh
1114go raibh uaisleacht 'na h-aigne agus
1115áilneacht 'n-a pearsain; agus b' í an leanbh
1116céadna san í go ló a báis. Ní misde, dá
1117bhrigh sin, an “Réilthean Leanbhach” a
1118thabhairt mar ainm uirthi.


1119
1120

Bhí Treasa ana-bheannuighthe ana-naomhtha
1121ach 'n-a dhiaidh san bhí rudaí saoghaltha agus
1122thaithneadh léi go seóigh bheith ag féachaint
1123ortha. Níl aon rud is mó a thaithneadh léi
1124'ná bheith ag féachaint ar na bláthannaibh
1125beaga dath-áilne a chíodh sí ag fás ins na
1126páirceannaibh, nú bheith ag féachaint ar na
1127móinfhéaraibh nuair a bheadh barra trom
1128féir ortha agus leoithne beaga gaoithe ag
1129séideadh agus ag síor-luasgadh an féir sin,
1130i dtreo gur dhóigh leat gur tonnta beaga
1131na mara móire a bheadh ag síor-ghluaiseacht
1132i ndiaidh chéile. Ba mhaith léi leis bheith ag
1133féachaint ar na réilthínibh nuair a thagadh an
1134oidhche, agus mheasadh sí go bhfeiceadh sí a
1135h-ainm féin sgríobhtha le réilthinibh ar an
1136spéir; agus ar nóin bhí an ceart aici, mar
1137bhí a h-ainm sgríobhtha ag na h-aingealaibh
1138ar Neamh ó thosach a h-óige. Ba mhaith léi
1139leis bheith ag féachaint ar an bhfarraige
1140móir. Nuair a chíodh sí na tonnta móra ag
1141gluaiseacht i ndiaidh chéile agus ag bualadh
1142i gcoinnibh na gcarraigreach ar an dtráigh,
1143agus an ceo gheal niamh ag eirighe go h-árd
1144sa spéir agus ag gluaiseacht isteach fé'n
1145dtír, bhíodh sí ag machtnamh ar an neart
1146iongantach agus ar na chómhachtaibh iongan-
1147tacha nach foláir a bheith sa Té a chruthuigh
1148muir agus tír. Ansan nuair a chíodh sí
1149bád beag fé seolthaibh geala bána ag
1150gluaiseacht leis an ngaoith a's ag eirighe go
1151h-éadtrom éasgaidh de druim na dtonn,
1152chuireadh sé a gcuimhne dhi anam ghlan
1153ghléigeal gheanmnuidhe a bheadh ag cur na


L. 233


1154

slighe dhi tríd an saoghal so ag gluaiseacht
1155fé dhéin na bhFlaitheas. Níl aon bhaoghal ná
1156gurb'é sin saghas anam a bhí aici féin —
1157anam a fuair gairm bheannuighthe mar
1158thabharthas ó'n Slánuightheoir. 'Sí an ghairm
1159sin a chuir 'n-a h-aigne dul isteach i
1160gconbhint. Bhí ana-dhúil aici dul isteach i
1161gconbhint na gCármailíteach mar a raibh
1162duine dá deirbhshéathrachaibh ar a raibh ana-
1163chion aici.


1164
1165

D'oir di dul isteach sa chonbhint gan
1166mhoill, ach ní raibh sí ach chúig bhliadhna déag
1167agus bhí san ró óg do'n Órd. Ní raibh fhios
1168aici ansan cad a b' fhearra dhi a dhéanamh.
1169'Sa deire shocraidh sí ar dhul go dtí an
1170Pápa í féin agus cead d'fhághail uaidh dul
1171isteach sa chonbhint agus bheith ina mnaoi
1172riaghalta i n-Órd na gCármailíteach. Chuaidh
1173sí go dtí an Pápa agus d'iarr sí an cead
1174air, ach d'fhág an Pápa an sgéal fé easpog
1175na h-áite gurbh as Treasa beag. Nár
1176ghleóite go léir an leanbh beag Treasa ag
1177caint leis an bPápa, le h-árd-cheann na
1178h-Eaglaise go léir, í ansúd 'na láthair
1179mar bheadh an t-uan beag i láthair árd-
1180aodhaire na gcaorach.


1181
1182

'Sa deire chuaidh sí sa chonbhint nuair
1183a bhí an Caraigheas caithte i mbliadhain ár
1184dTighearna 1888. Ansan thosnuigh sí ar
1185dhul i mbeannuigheacht agus i naomhthacht i
1186n-aghaidh an lae. Ní raibh de ghuidhe ná
1187d'athchuingí aici ó mhaidin go h-oidhche ach
1188á' iarraidh ar Dhia cabhair a thabhairt di chun
1189é a ghrádhughadh ón-a croidhe agus druim-
1190láimhe a thabhairt leis an saoghal agus le
1191h-oibreachaibh an tsaoghail. Ba gheárr go
1192raibh sí ar an té ba naomhtha agus ba
1193bheannuighthe dos na mnáibh riaghalta go léir,
1194agus ní raibh éinne aca óg nú críona ná
1195féadfadh deagh-shompla a ghlacadh uaithi. Bhí
1196sí umhal d'a h-uachtaránaibh, dílis do Dhia,
1197cráibhtheach, deagh-mhóideach, deigh-mhéineach,
1198deagh-aigeanta; ciúin, cialmhar, banamhail,
1199diadha. Bhí sí foidneach, fírinneac, so-
1200ghluaiste.


1201
1202

(Tuille.)
1203


L. 249


1204

CARA NUA.


1205
1206

Bóthar Árd,
1207Carraig na bhFear,
1208I gCo. Chorcaige.


1209
1210

A Bhanba dhílis, — Is dócha go gcuirfidh sé iong-
1211nadh ort litir d'fághail ó'n áit seo, ach bíodh
1212fhios agat go bhfuil seódh ded' cháirdibh anso i
1213gCarraig na bhFear; & ní nach iongnadh, cuirfidh sé
1214áthas ort san d'insint duit.


1215
1216

Tá roinnt bliadhnta anois ó fuaras an Record ar
1217dtúis, agus fuaras gach aon Record riamh a tháinig
1218amach ó thoin. Níl páipéar ná leabhar beag a
1219thagan amach is fear liom ná é; agus deirid cailíní
1220go léir an bhaill seo an rud céadna. Taithnean an
1221uile phioc de liom, ach sé “Cúinne an Aoibhnis” an
1222chuid is fearr liom de. Bíon litreacha Gaoluinne
1223ann uaireanta agus bíd siad go h-áluinn. Is truagh
1224ná bíon litir Ghaoluinne agat ann gach aon mhí.
1225Chuirfinn féin litir chúgat go minic a chuirfá ann ach
1226go deimhin níl an Ghaoluinn ar fóghnamh agam fós &
1227b'fhearr liom leogaint do'n mhúintir go bhfuil an
1228Ghaoluinn go maith aca é do dhéanamh. 'N-a dhiaidh san
1229b'fhéidir go ndéanfainn seift éigin ar litir a chur
1230chúghat uaireanta as so amach.


1231
1232

Bíon aisdí ana bhreághtha go léir sa chuid eile de'n
1233Record leis. Tá aisde ag teacht amach ann a dheinean
1234cur síos cruinn ar theacht na mBráthar go h-Éirinn,
1235agus ar a n-obair tar éis teacht dóibh. Tá an aisde
1236sin go h-ana mhaith go léir. B'fhiú d'éinne é do
1237léigheadh. Duine dos na Bráthaireachaibh atá 'á
1238sgríobhadh is dóigh liom. Is truagh ná sgríobhan
1239duine éigin rud éigin mar é a' Gaoluinn. Bíodh
1240aisdí Gaoluinne roimhe seo sa Record & bhídís thar
1241bárr. Bean gurb' ainm Eibhlín Ní Chróinín a
1242sgríobhadh iad. Dheininn féin iad go léigheadh agus
1243d'áth-léigheadh trí h-uaire go minic. Ní bheinn corra
1244go deó dhíobh. Mhuise, ní fheadar cad d'imthigh ar
1245Eibhlín. B'fhéidir go bhfuair sí bás. Má fuair
1246beannacht Dé le n-a h-anam. Mara bhfuair go
1247gcuiridh Dia ar a leas í & go gcuiridh sé n-a croidhe
1248tosnughadh ar sgríobhadh sa Record arís. Bheadh ana
1249fháilte againn go léir anso roimhe na cuid Gaoluinne.
1250


L. 250


1251

Is dóigh liom gur leigheas sa Record uair éigin go
1252bhfuilir-se ad shean-bhean chríoná chaithte, a Bhanba.
1253Tá súil agam nách mar sin atá an sgéal, agus go
1254bhfuilir ad' mhnaoí óig láidir fós. Pé aca óg nú
1255críona thú ba chóir gur mór an sásamh aigne ort an
1256deagh-obair atá agat á dhéanamh sa Record. Ní
1257baoghal leis ná go gcuirfidh na litireacha, gheibhean
1258tú ós na leanbhaíbh go léir ar fuaid na tíre, óige ar
1259do chroidhe agus faid mhór ar do saoghal. Go
1260dtugaidh Dia san, a Bhanba. — Mise, MÁIRE NÍ
1261MHURCHADHA.


1262
1263

[Mhaise, naoi gcéad míle fáilte rómhat, a Mhaire,
1264a chroidhe 'stigh! Is iongantach a bhfuil de dhaltaibh
1265nua ag teacht chugham 'na laetheannta so. Is fíor
1266dhuit go bhfuilim ag dul i n-óige, toisg na leitreacha
1267go léir. Nach é an truagh é, a Mháire, ná fuil an
1268Ghaoluinn ar do chómhairle féin agat! Is truagh ná
1269fuil Bárbara Ní Dhómhnaill nó Maighréadh Ní Mhaol-
1270dhomhna mar múinteoir agat.]
1271


L. 255


1272

“AN RÉILTHEAN LEANBHACH”


1273
1274

BARBARA NÍ DHÓMHNAILL do scríobh


1275
1276

(Ar leanamhaint.)


1277
1278

Aon tráthnóna amháin theip uirthi a lampa
1279d'fhághail. Ní raibh sé san áit nar fhág sí é
1280agus bhí fhios aici gurbh' amhlaidh a thóg duine
1281éigin é i n-ionad a lampa féin i ndearmhad.
1282Bhí gádh cruaidh aici leis an lampa ach b'é a
1283riaghail gan focal a labhairt le chéile ó uair
1284áirighthe de'n tráthnóna go h-uair áirighthe
1285de'n mhaidin. Níor mhaith léi an riaghail sin
1286a bhriseadh agus i n-ionad dul ag fiafruighe
1287i ndiaidh a lampa 'sé rud a dhein sí ná
1288fanamhaint sa doircheacht ag paidireóireacht
1289agus ag machtnamh ar Dhia, agus ag breith
1290bhuidheachais leis 'dtaobh í bheith bocht, dealbh,
1291gan aon phioc de shaidhbhreas an tsaoghail.
1292As san amach ní raibh aon rud is mó a
1293thaithneadh léi ná cruadhtan agus gádhtar,
1294agus ní a d'iarraidh aon bhuige a dhéanamh
1295ar an saoghal a bhíodh sí ach ag fulaing gach
1296aon ní dá dheacra ar son Dé. Ní misde
1297a rádh ná gur mhaith an sás foghluma í mar
1298thóg sí an léighean go tiugh. Níorbh' fhada
1299an mhoill uirthi taithighe do dhéanamh de gach
1300aon nós a bhain leis an órd, agus eolas a
1301chur ar gach aon rud a bhain le beannuigheacht
1302agus slígh De do chleachtadh.


1303
1304

Dhein sí na geallamhna nú na móide a
1305bhain leis an órd, a's ní raibh a leithéid de
1306shólás ná de shásamh aigne riamh roimhe sin
1307uirthi agus bhí an lá a dhein sí na móide sin.
1308An t-ochtmhadh lá de Mhithiomh an Fhoghmhair is


L. 256


1309

eadh a dhein sí na móide, agus ní raibh de
1310phaidir aici i rith an lae sin ach 'á iarraidh ar
1311Dhia síothcháin agus sólás aigne a thabhairt
1312di agus í do ghrádhughadh, agus cabhair a
1313thabhairt di chun an Tighearna Íosa a
1314ghrádhughadh ar feadh a saoghail.


1315
1316

Bhí sí ana-óg nuair a cuireadh an mhuíntir
1317a bhí gan na móide a dhéanamh mar chúram
1318uirthi, agus níl aon bhaoghal ná go raibh sí
1319oireamhnach do'n obair. Mhúin sí gach aon
1320rud dóibh díreach mar múineadh di féin.
1321'Sí cómhairle a thugadh sí i gcomhnuidhe dhóibh
1322a gcúl a thabhairt ar an saoghal agus Íosa
1323a ghrádhughadh díreach mar ghrádhóch' an leanbh
1324a mháthair, agus mainghín a bheith aca as an
1325dTighearna díreach mar beadh mainghín ag
1326an leanbh as a mháthair. Ní misde rádh gur
1327thug sí deagh-shompla dhóibh mar ní raibh éinne
1328dos na mnáibh riaghalta ba mhó grádh d'
1329Íosa ná ba mhó mainghín as an dTighearna
1330ná Treasa féin. Nuair déarfadh éinne léi
1331go raibh sí ana-bheannuighthe 'sé déarfadh
1332sise léi ná raibh inti féin ach duine bocht
1333dár thug Dia seódh grásta agus seódh
1334tabharaistí.


1335
1336

Bhí ana-ghrádh go léir aici d' Íosa Críost.
1337Dhineadh sí amhráin bheaga dhiadha uaireanta
1338agus bhíodh sí 'á rádh le grádh Dhó. Deireadh
1339sí go minic gur mhaith léi ana-ghrádh go léir
1340a bheith aici d'Íosa. Deireadh sí gur mhaith
1341léi é a ghrádhughadh ní ba mhó go mór ná mar
1342a dhein éinne riamh roimhe sin. Níor mhaith
1343léi aon rud a dhéanamh ach an rud gur thoil
1344le Dia í 'á dhéanamh. B'é a toil toil Dé i
1345gcomhnuidhe.


1346
1347

Bhí ana-urraim aici do shagartaibh agus
1348do dhaoinibh a bhí ag foghluim i gcóir na
1349sagartóireacht. Deireadh sí go minic gur
1350mhaith léi bheith na sagart í féin, agus dá
1351mbeadh go ndéanfadh sí Eabhra d'fhoghluim i
1352dtreó go dtuigfeadh sí an Sgríbhinn Diadha
1353ní b' feárr. Ní bréag a rádh go raibh an
1354grádh aici do Dhia ba chóir a bheith ag aon
1355Charmailíteach — grádh “do'n Tíghearna Dia
1356na Sluagh.”


1357
1358

Bhí Treasa ana-bheannuighthe agus bhí ana-
1359ghrádh aici do Dhia, ach na' dhiaidh san is minic
1360a mheasadh sí go raibh Dia tar éis í a
1361thréigint agus a chúl a thabhairt uirthi i
1362dtreo gurbh' ar éigin fhéadadh sí aon Phaidir
1363a rádh. Bhíodh sí dubhach, uaigneach, trom-
1364chroidheach mar cheapadh sí go mbíodh Íosa
1365imthighthe uaithe ar fad. Ach bhíodh a mainghín
1366as an dTighearna i gcomhnuidhe aici agus
1367d'fhágfadh sí í féin fé Dhia.


1368
1369

I dtosach na bliadhna míle ocht gcéad a
1370sé déag a's ceithre fichid tháinig droch-thaom
1371breoidhteachta uirthi. Bhí fhios aici go raibh
1372an bás buailthe léi. Níor chuir san aon
1373chorrabhuais uirthi, mar thuig sí na h-aigne ná
1374raibh aici ach bas d'fhaghail agus an saoghal
1375so d'fhágaint a's dul go Flaitheas Dé mar
1376a mbeadh sí i láthair an tSlánuightheora
1377féin ar feadh na síoruidheachta. Nuair bhí sí
1378breoidhte dudhairt sí go gcaithfeadh sí féin
1379a saoghal ar Neamh ag déanamh maitheasa
1380do'n chineadh daona. “Déanfaidh Dia mo
1381thoil-se ar Neamh,” ar sise, “mar níor
1382dhineas-sa mo thoil féin riamh i gcaitheamh
1383mo shaoghail.”


1384
1385

Chuaidh an bhreoidhteacht i n-achrann intí
1386an bhliadhain a bhí chúghainn. Fuair sí bás
1387beannuighthe an deichmhadh lá fichead de
1388Mhithiomh an Fhóghmhair i mbliadhain an
1389Tighearna míle ocht gcéad a seacht déag a's
1390ceithre fichid. 'Siad na focail dheireanach
1391a labhair sí ar an saoghal so ná: “Ó mo
1392ghrádh É: a Dhia, mo ghrádh go daingean
1393Thú!”


1394
1395

Cheanna féin tá mór-chuid míorbhuilt
1396déanta aici agus cuirean san i n-úil dúinn
1397gurbh' fhíor di a rádh go ndéanfadh Dia a
1398toil agus gur ag déanamh maitheasa do'n
1399chineadh daona a bheadh sí féin ar Neamh.
1400Ba chóir go spriocfadh san sinn go léir
1401chun seódh tabharaistí diadha agus seódh
1402grásta d'iarraidh ar Dhia trí ímpidhe Threasa
1403Bheannuighthe. Go dtugaidh Dia dhúinn go
1404léir bheith mar í — fíor-ghrádh a bheith againn
1405do Dia ar an saoghal so, agus Ríoghacht Dé
1406a shealbhughadh ar an saoghal eile ar feadh na
1407síoruidheachta.
1408


L. 291


1409

ÚMHLUIGHEACHT.


1410
1411

Ó'n Athair Peadar Ua Laoghaire, Canónach S.P.


1412
1413

From “Seanmóin agus Trí Fichid,”
1414by special permission of the Irish
1415Book Co., 6 D'Olier St., Dublin.


1416
1417

Ní'l aon chuma is fearr 'n-a bhféadfaimíd
1418maitheas na h-úmhluigheachta d'fheisgint 'ná
1419má chuirimíd os comhair ár súl olcas an
1420uabhair. As an uabhar iseadh fhásan an uile
1421shaghas uilc. An t-uabhar isé chuirean duine
1422ag formad le n-a chómharsain. As an
1423bhformad san tagan fuath do'n chómharsain,
1424agus fearg, agus mioscais, agus cúlchaint,
1425agus tromaidheacht; agus ansan, dlígh
1426agus clampar agus fuil. As an uabhar
1427a dh'fhásan an tsaint. Ní bhéadh leath beann
1428ar an airgead ag fear na sainte mura
1429mbéadh go dtuigean sé i n'aigne go
1430gcuirfidh an t-airgead ar a chumas bheith
1431níos aoirde 'ná duine eile, agus níos
1432uaisle, dar leis féin. Ar ball, nuair a
1433théighean an tsaint i n-achran i gceart 'n-a
1434chroídhe, ní chuimhnighean sé ar uaisleacht ná
1435ar ísleacht ach ar an airgead féin, Ach isé
1436an t-uabhar a thosnuigh an t-olc.


1437
1438

Mar sin do gach sórd aimhleasa d'á
1439ndeinean an duine, ar an saoghal. Isé
1440an t-uabhar a chuirean an chéad droch lámh
1441sa dhuine. Isé bun-phréamh gach uilc é i
1442gcroídhe an duine. Is leasughadh saidhbhir é
1443do gach droch intinn agus do gach droch
1444mhian agus do gach droch bhéas. Is nimh
1445marbhuightheach é do gach sobhailce diadha, do
1446gach intinn mhaith, do gach deagh-bhéas, do
1447gach deagh-shampla, do gach deagh-chomhairle,
1448do gach cogar fóghanta d'á labhran grásta
1449Dé istigh i gcroídhe an duine.


1450
1451

Ar an dtaobh eile dhé, isí an úmhluigheacht
1452a mhúchan agus a mhillean agus a mharbhuighean
1453an t-uabhar. Isí an úmhluigheacht bun-phréamh
1454gach maitheasa i gcroídhe an duine. Near-
1455tuighean sí creideamh agus dóchas agus
1456carthanacht. Tugan sí cead cinn do gach
1457intinn mhaith, breis ghreama do gach deagh-
1458bhéas, breis toradh do gach deagh-shampla,
1459feidhm níos treise do gach deagh-chómhairle,
1460agus deinean sí guth árd de'n chogar a
1461labhran grásta Dé i gcroídhe an duine. Is
1462amhlaidh mar atá an sgéal, a phobul, ní
1463féidir do Dhia na glóire féin, ná do
1464ghrásta Dé, aon cheart a bhaint de'n duine
1465an fhaid a bheidh an t-uabhar istigh i gcroídhe
1466an duine. D'fhéadfadh Dia, laithreach, an
1467mac mallachtain do thiomáint síos go
1468h-ifrean agus é choimeád thíos ann, agus
1469gan leigint dó baint i n-aon chor leis
1470an nduine. D'fhéadfadh Dia namhaid an
1471creidimh ar an saoghal so do chlaoidh
1472láithreach agus do chur fé chois. D'fhéadfadh
1473Dia an uile shólás saoghalta thabhairt dos
1474na Críosdaidhthibh, ar an saoghal so, agus
1475gan teinneas ná trioblóid do leigint 'n-a
1476ngoire choídhce. Ach cad é an tairbhe bhéadh
1477ag Dia as san go léir an fhaid a bhéadh an
1478t-uabhar, namhaid Dhé, istigh i n-ár gcroidhe
1479againne!


1480
1481

D'á bhrígh sin, sar ar féidir do Dhia
1482na glóire aon mhaitheas a dh'fhághail as
1483an gCríosdaidhe, ní foláir, ar dtúis, an
1484t-uabhar do dhíbirt amach a' croídhe an
1485Chríosdaidhe sin, agus an croídhe do líonadh
1486go bara le fíor úmhluigheacht, i n-inead an
1487uabhair.


1488
1489

Chuige sin iseadh chuirean an Eaglais anso
1490os ár gcómhair indiú, sa tSoisgéal so a
1491léigheas daoibh, an úmhluigheacht uathbhásach
1492san a bhí istigh 'n-a chroídhe ag Naomh Eóin
1493Baiste. Dúbhairt an Slánuightheóir ná raibh
1494duine beó riamh dob' aoirde i láthair Dé
1495'ná Naomh Eóin Baiste, agus dúbhairt Naomh


L. 292


1496

Eóin Baiste féin ná raibh ann ach guth, ná
1497raibh duine beó ba shuaraighe 'ná é.


1498
1499

Má bhí Naomh Eóin Baiste chómh h-árd
1500san i láthair. Dé agus chómh h-umhal san i
1501n' aigne féin, conus is féidir dúinne, atá
1502íseal, suarach go leór, i láthair Dé, bheith
1503árd i n-ár n-aigne féin? Cad é mar
1504obair dúinne uabhar a bheith orainn, agus
1505mór-is-fiú, agus eiríghe-anáirde, agus droch
1506mheas a bheith againn ar ár gcómharsain?
1507Obair gan chiall, gan mheabhair, gan tuisgint
1508iseadh é, a Chríosdaidhthe. Ach galar iseadh
1509an t-uabhar gur deacair leigheas a dhéanamh
1510air. Cuid de'n leigheas iseadh an teagasg
1511so a tugtar dúinn i Soisgéal an lae
1512indiú. Má bhí aon duine beó riamh nár
1513mhisde dhó raint mór-is-fiú bheith air b' é
1514Naomh Eóin Baiste an duine sin. Má bhí
1515sé sin gan uabhar cad é mar obair dúinne
1516uabhar a bheith orainn? Má bhí sé sin úmhal
1517nach é is lúgha is gann dúinne bheith úmhal?


1518
1519

Iaraimís anois ar Dhia, a Chríosdaidhthe,
1520an úmhluigheacht san do bhronnadh orainn,
1521go flúirseach agus go saidhbhir, tré impidhe
1522na Maighdine Muire Máthair Dé, agus tré
1523impidhe Naomh Eóin Baiste, i dtreó go
1524mbeidh ár slígh chun Dé go maith an fhaid a
1525fágfar ar an saoghal so sinn, agus ansan,
1526nuair a thógfaidh Dia as an saoghal sinn, go
1527dtabharfaidh sé aoibhneas na bhflathas dúinn
1528ar feadh na síoruidheachta, i bhfochair na
1529naomh agus na n-aingeal agus i bhfochair
1530Naoimh Eóin Baiste féin. Amen, a
1531Thighearna!
1532


L. 316


1533

NA SAOITHE ANOIR.


1534
1535

(Math. ii., 1-18.)


1536
1537

Sliocht as
1538“Startha as an Soiscéal”
1539(An t-Athair Pádraig Ua Duinnín).


1540
1541

IAR mbreith don leanbh gheal
1542Íosa taithneamhach,
1543I mBeithil, baile atá
1544Suidhte i bhfearantas
1545Na nIúdaidheach gcalma,
1546Is le linn a fhlaitheasa
1547Do Iorruadh acfuinneach,
1548Anoir seadh ghabhadar
1549Saoithe feasa chirt
1550Go cathair Salaime:
1551“Cá bhfuil an leanbh so
1552Ar an saoghal tá tagaithe
1553Anois le tamall beag,
1554Is gurab é a ghairm sin,
1555Rí ceart sleachta uile
1556Na nIúdaidheach meanmnach?
1557Mar, san oirthear dhearcamar
1558A réilteann lasamhail,
1559Is siúd ar aistear sinn
1560I gcéin n-a airchis
1561Chum adhradh an taithnimh ghil
1562Do thabhairt is gradam dó.”


1563
1564

Iar gclos an teastais sin
1565D'Iorruadh, an calmfhlaith,
1566Is buaidheartha cathuightheach
1567Do bhí sé ina aigne,
1568Is ghabh buaidhirt is eagla
1569Dá dhruim gan mearbhall
1570Lucht na cathrach;
1571'S is cruinn do bhailigh sé
1572Cinn na sagartacht
1573Is scríobhnaighe an tseanchais
1574Ag lorg feasa ortha,
1575Cá mbéarfaidhe ar talamhain
1576An Críost ró-bheannuighthe.
1577Is éascaidh fhreagradar:


1578
1579

“I mBeithil, baile atá
1580I nIúid an talaimh mhaith,
1581Mar is amhlaidh dhearbhann
1582An fáidh i dtairngireacht:
1583‘A Bheithil, ceartshuidhte
1584I nIúid na maitheasa,
1585Ní tú is lugha, admhaim,
1586Le rádh is le canadh guib
1587I measc prionnsaidhe calma
1588Iúid an aitis chirt;
1589Mar, tiocfaidh asat-sa
1590An t-urradh gaisceamhail
1591Fá réir do smacht-chuirfidh
1592Mo Phobal, treabhanna
1593Israel cheannasaigh.’”
1594Iorruadh cleasach glic
1595I ganfhios ghairm sé
1596Na saoithe cneasta soin,
1597Ag lorg feasa chirt
1598Go cruinn gan mearbhall:
1599Cathain gheal ortha
1600An réilteann taithneamhach?
1601Is ghá seoladh feasta uaidh
1602Go Beithil dreachsholuis
1603Is mar seo d'agaill iad:
1604“Imthighidh, a fheara suilt,
1605Aimsighidh an leanbh so,
1606'S ar a fhagháil daoibh, casaidh-se
1607Le scéala is teastas air
1608I dtreo go ndeachainn-se
1609Dá adhradh dhen tsamhail sin.


1610
1611

Iar gclos go fírcheart
1612Bréithre an ríogh dhóibh,
1613Is luath d'imthigheadar;
1614Is an réilteann aoibhinn
1615San oirthear shoillsigh
1616Rompa bhí sí
1617Ag foillsiughadh slighe dhóibh,
1618Gur stad go díreach
1619Ós cionn an bhaill chirt
1620Ina raibh an naoidhean bheag.
1621An reann nuair chíd sin
1622Do leath a gcroidhe ortha
1623Le háthas fíre.
1624Is siúd gan aga
1625San tigh isteach leo;


L. 317


1626

Do-chíd an leanbh
1627Is Muire chneasta
1628A mháthair fairis.
1629Umhluighid go talamh
1630Dá adhradh, is feasach;
1631A gcófraidhe osclaid,
1632Is don leanbh toirbhrid
1633Maoin is ionnmhus:
1634Ór is miorr gile
1635Is tús bhí so-bholaidh.
1636Is ó fuair siad freagra
1637I bhfís gan teacht ar ais
1638Go hIorruadh, chasadar
1639Slighe na malairte
1640Ar a gcríochaibh athardha.


1641
1642

D'éis imtheachta
1643An tslighe tar n-áis dhóibh,
1644Tháinig aingeal
1645Dé ó Neamh thuas,
1646'S i bhfís do labhair
1647Le Ioseph ceannais:
1648“Éirigh it sheasamh,
1649Beir leat an leanbh
1650Is a mháthair chneasta
1651Go hÉigipt; fan ann
1652Go bhfuighir uaim sanas
1653Dá rádh leat casadh;
1654Beidh Iorruadh, geallaim-se,
1655Ar tí, go deagbhtha,
1656An naoidhean do mharbhadh.”
1657D'éirigh an caomhfhear
1658Is rug go hÉigipt
1659An leanbh séin sin,
1660Is a mháthair mhaordha,
1661San oidhche i gcéin leis,
1662Is d'fhan gan bhéim ann,
1663An rí gur éag sé.
1664Go gcomhallfaidhe bréithre
1665An fháidhe naomhtha:
1666“Amach as Éigipt
1667Mo mhac do ghlaodhas-sa.”


1668
1669

Ghabh brón is an-fhearg
1670Iorruad an aimhris,
1671'S a rádh gur fhealladar
1672Na saoithe feasacha air;
1673Is gan moill chuir teachtairidhe
1674Fá dhéin an bhaile sin,
1675Beithil ghradamach,
1676Is na críocha i n-aice léi,
1677Chum na leanbhaidhe mharbhadh
1678Bhí dhá bhliadhain tagaithe
1679'S fá bhun an aga soin,
1680De réir mar theagaisc sin
1681Saoithe an tsanais ghil
1682I dtaobh an ama chirt.
1683Do b'shin gan mearbhall
1684Coimhlíonadh ar abarthaibh
1685Iaróim bheannuighthe
1686Fáidh le tairngireacht:
1687“Guth is gártha,
1688Is caoidh go gáibhtheach,
1689Uaill is árdghol,
1690Ba chlos i Ráma;
1691Mar do bhí Ráchail
1692Ag caoineadh a háil-se
1693De leanbhaidhibh bána,
1694Is ní bhfuighfidhe a sásamh,
1695Mar n-a gcodladh sáimhe
1696San úir do bhádar.
1697

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services