Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Smuainte ar Árainn
Title
Smuainte ar Árainn
Author(s)
Ní Fhaircheallaigh, Úna,
Composition Date
1901
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Smuainte ar Árainn I. Ní raibh aithne agam ar an bhfíor-Ghaedheal go dtí an chéad uair chuadhas thar an Sionainn anonn, suas le trí bliadhnaibh ó shoin. Is fíor é sin, go deimhin féin, gé gur shaoileas riamh gurbh' Éireannach mé féin, agus fós, gach duine dom' sheacht sinnsearaibh romham. I nduthchaigh an Bhéarla, déanmuid ar ndícheall chum bheith i n-ár nÉireannchaibh, acht, ar chuma éigin ní thuigmíd 'sa cheart an tshlighe chuige sin. Is na ceanntaraibh ar fud na hÉireann nach raibh an Ghaedhealg beó ionnta le n-ar linn, ní abraim nach bhfuil teas-ghrádh ag na daoinibh dá dtír. Tá, gan amhras, agus b'éidir níos mó, go minic, ioná atá ag na Gaedhilgeóiribh féin. Acht, is amhlaidh do'n sgéal ioná go bhfuil smuainte agus geása na nGall 'gár milleadh i gan-fhios dúinn i n-a leithéidibh sin d'áitibh. Tháinig na droch-ghnása soin agus eile isteach chugainn leis an teangaidh gcoigcríochaigh; agus mar sin de, ní orainn atá an milleán go díreach, acht, ar na daoinibh tháinig romhainn. Dún Aongusa
Bé sgéal é, rigneas-sa amach na fíor-Ghaedheala isteach agus amach le trí bliadhnaibh ó shoin agus is amhlaidh thárla. Ar rochtain na Gaillimhe dham lá i mí Lughnasa timcheall meadhon lae bhuaileas amach fá'n gCladach. Do b'é an céad-bhlas fuaras do'n teangaidh ioná beirt bhan-iasgaire ag báirseacht le n-a chéile ag doirsibh a dtighthe. B'éidir nár cheart dam é, acht ar a shon sin féin, chuir sé áthas mo chroidhe orm bheith ag éisteacht leó: do chuir, go deimhin. “Nach maith an rud é troid féin do chloisint i dteangaidh na tíre?” dubhras liom féin, gion gur thuigeas fiú an fhocail dá raibh ar siubhal eatorra. Díreach mar fhíon do dhuine gan neart nó mar uisge do dheóraidhe 'sa' bhfásach do b'eadh dhamh-sa fuaim na Gaedhilge an lá soin. Nuair d'éirigheadar tuirseach 'sa deireadh ó bheith ag gabháil d'fhoclaibh i n-a chéile agus iad gan gíog nó míog asta, d'fhágbhas im' dhiaidh iad agus d'imthigheas ar m'aghaidh liom chum na túirlinge. Bhí sgata páisdí ar an ngainimh cois na fairrge agus iad ag bailiughadh mion-neithe — blúiríní adhmaid agus a leithéide rug an taoille isteach leithi. Ní raibh an oiread Gaedhilge agam agus go mb'éidir liom caint do dhéanamh leó, acht bhí milseáin agam im' phóca, agus ní gabhadh nár thuigeadar iad-san. Thuigeadar go ríogh-mhaith, agus níor bh'fhada go raibh suas le fiche páisde im' thimcheall agus iad go léir ag breathnughadh orm le hiongantas. Bhíodar cuthal i dtosach, acht i gceann tamaillín, chaitheadar an faitcheas uatha agus do mhínigh siad dam i mBéarla bhriste gach rud dár fhiafruigheas díobh. Chuartaigheas an Cladach ar fad agus na páisdí lem' thaoibh nó im' dhiaidh. “Cá bhfuil an Rí?” arsa mise. “I dteach na mbocht,” arsa duine aca. “I dteach na mbocht! An mar sin bhíos sibh ag tabhairt onóra do'n righ?” arsa mise. “Ní headh,” adubhairt gearrcháile bheag bhíodhgach “acht, tá go bhfuilmid ro-bhocht chum a chongbháil suas. Mar sin fhéin, bímid ag déanamh ar ndíchill. Cuireadh mise chuige, an Domhnach seo ghabh tharainn le ceathramha puinnt tobac agus gráinnin tae agus an Domhnach seo chugainn, cuirfear duine eile chuige le ruidín blasta éigin dá leithéid sin.” “Is aisteach croidhe an duine,” adubhras liom féin “agus is aisteach fós é béal-oideas na nGaedheal.” Do chaitheas mór-chuid do'n lá mar sin ag bualadh anonn agus anall i gcomharsanacht na Gaillimhe, acht an lá i n-a dhiaidh sin, d'fhágbhas an tsean-chathair ar mo chúl, agus bhias amuigh ar an bhfairrge mhóir ag déanamh ar Árainn na Naomh — ag imtheacht agus ag dian-imtheacht dúinn gur fhágbhamar Ceann Beárnan ó dheas i n-ar ndiaidh, agus go bhfacamar oileáin Chuain na Mara os ar gcomhair. Fá dheireadh, chonnacas mar do mheasfadh duine, míol-mara ag árdughadh a dhroma as a tonn- trachaibh — míol-mara liath adéarfá gur bh'eadh é, agus níor bh'fhada gur éirigh ceann eile ar an nós gcéadna, agus d'éis sgathaimh bhig, an treas ceann. Acht anois do ghabhadar uile a mhalairt do chruth, gur bh' amhlaidh do bhíodar ioná cosamhlacht chlocha mór ag teacht orra. Bhíodar ag dul i méid ó nóimeant go nóimeant; do b'iad oileáin Árann do bhí ann! Ag tarraing i ngar dóibh badh dheacair d'éinneach a mheas go bhfuil daoine agus a lán daoine freisin i n-a gcomh- naidhe orra. Badh dheacair a mheas go bhfuil slighe bheathadh do dhuine nó d'aithid le faghbháil i n-a léithéid d'áit gharbh chlochach acht, níor bh' fhada go dtáinig chúig curacha amach ó cheann aca agus do stad an long- ghaile bheag ar a rabhas go dtangadar suas linn, agus iad ag coimhlint le n-a chéile ag féachaint cia aca bhéadh i n-ann a chuid earraidhe do chur ar bord i dtosach. Ar mbreathnughadh im' thimchioll dam shaoileas go dtárla dham teacht ar domhan eile — flainín éadach olna gorm ar na fearaibh agus flainín dearg ar na mnáibh do bhí i n-a suidhe i ndeireadh na gcurach; bróga orra do chroicionn mhart nach raibh an fionnadh bainte dhe, acht é ar a gcosaibh díreach mar d'fhás sé ar na beathadhachaibh agus rud níos aistighe go fóill, teanga nua dá labhairt ar gach taoibh dhíom — agus a rádh gur bh' í sin teanga mo shinnsear agus mise mar eachtrannach gan eólas agam uirri nó ar sean-nósaibh mo thíre féin. Cia ar a bhfuil a mhilleán? orm-sa nó ar na daoinibh tháinig romham! Gach ní dár thuit amach annso, do b' amhlaidh gur thuit amach beagnach mar an gcéadna i ngar do'n dara hoileán agus fa dheireadh shiar rángamar cuan agus caladh i nÁrainn Mhóir, an t-oileán as mó agus as saidbhre d' oileánaibh Árainn; acht, dar ndóigh, ní hionann soin agus a rádh go bhfuil saidhbhreas an tsaoghail seo le fághbháil i n-oileán ar bith aca. Ní hionann maiseadh; acht n-a leabaidh sin 'sé badh cheart a rádh ioná nach bhfuil an oiread céadna do dhochar agus do bhochtach ag luighe agus ag imirt ar mhuinntir an oileáin seo agus atá ar na daoinibh gaoil aca is na hoileánaibh eile. Teampall Beanain Is iomdha roilig agus sean-teampall atá le feicsin i measg na gcairrgeach annso agus annsúd, agus deir an sean- rádh nach gcomhairmhéochthar go lá an Luain an dream
naomhtha líonmhar atá curtha i gcréafóig Árann. Agus, gan amhras, ní deacair an sgéal sin do chreideamh. Ní imthéochá as mo chuimhne go deó an aimsear do chaitheas ag na Seacht dTeampallaibh. Roilig bheag shuarach i n-iarthar Árainn Móir agus láithreacha le feicsin ar gach taoibh ann — sin é mar atáid na Seacht dTeam- paill anois, acht bhí a lá féin aca tamall eile. Gleanntán úr an áit i bhfuilid, an féar ag fás ann go glas agus gan acht cairrgeacha i n' aice. Is an áit bheann- uighthe sin ní fhuil aon rud níos ársaidhe, deir siad, ioná na seacht n-uaighe cumhanga atá 'sa gcúinne ó thuaidh do'n roilig. SEPTEM ROMANI! Acht an mhéad soin amháin ní fhuil rud ar bith le faghbháil ná le feicsin ar an leic bheag atá os cionn na n-uaigh sin, agus adubhradh liom 'sa gcomharsanacht gur b'é as gnáthchuimhne i measg na ndaoine le n-ar linn gur seacht Naoimh Eachtrannaigh tháinig ó'n Róimh is na sean-aimsearaibh atá leagtha fá'n bhfód ann. Airiú! nach uaigneach an t-oileán i bhfad ó n-a dtír agus a muinntir féin fuaradar amach as ucht fhoillsighthe agus tréoruighthe Dé; agus nach uaigneach í an áit chumang so chum bheith ag feitheamh leis an Eiséirghe ann go bruinne an bhrátha! Ar léigheamh na mion-fhocail ud dam i n-a dteangaidh féin, d'éirigh na déora im shúilibh, acht, d'éirigheas im' sheasamh agus do bhreathnuigheas amach ar an bhfairrge mhóir an fhairrge chéadna gan atharrach gan chlaochlódh ar a mbreathnughadh na Septem Romani i n-allód — agus d'airigheas í go mór millteach gan chrích gan teórain, na tonna ag pléasgadh agus ag briseadh ar an tráigh díreach mar do bhídís ar feadh na gcéadtha agus na mílte do bhliadhantaibh. Chualas glór na gaoithe agus í ag súgradh leis na lannaibh agus d'airigheas na bruthanna ag léimnigh suas i n-aghaidh na gaoithe “Annso tamall agus do shíor annsúd.” Sin síosma na gaoithe ó thuaidh agus sin arís cogarnach na dtonn amuigh fá'n muir gan chrích. D'éisteas leó go ceann i bhfad, agus do thuigeas, dar liom, ceist na n-uaigh ag mo chosaibh. II. INISMEADHON Ar bhárr tuinne do chuaidh an curach i n-a rabhas-sa i dtír i nInismeadhon. Bhí a lán daoine ar an gCaladh Mhór chum congnamh do thabhairt dúinn. Bhí Páidín féin ann — Páidín Mac Donnchadha, fear na hOllsgoile Gaedhilge; agus ag fáisgeadh láimhe liom, chuir sé fáilte romham go hInismeadhon. Rug sé suas an bóithrín leis mé agus é ag caint agus ag síor-chaint i nGaedhilg, ag taisbeánadh dham na sean-tobar agus eile. Ní gabhadh a rádh gur cailleadh orm-sa an Ghaedhealg bhlasta úd agus mé ag briseadh mo chos ar na clochaibh géara, gan fiú na fhocail as mo bhéal. Fa dheireadh rángamar an Ollsgoil féin, teach atá suidhte sgathamh beag amach ó n-a tighthibh eile, agus sráidín i n-a dtimcheall. “Cúig céad míle fáilte romhat,” arsa Brighid, agus í i n-a seasamh 'sa doras “'bhfuil tú túirseach?” Thuigeas a ndubhairt sí acht ní tháinig freagradh do thabhairt uirri as Gaedhilg. Isteach liom 'sa tigh — an teach céadna ar fhoghluim an tAthair Eoghan Ua Gramhna - beannacht Dé le n' anam! — an tsean-teanga ann, agus d'airigheas go rabhas ag baile dá ríribh 'sa deireadh. Bhíos gan amhras, agus ní misde a rádh gur bh' an-tsásta mise dá dhruim. Táinig na comharsain ar Chéilidh chugainn an tráthnóna soin, agus chraith gach duine aca a láimh liom agus gé nár thuigeas a ndubhradar, bhí a fhios agam go maith gur bh' í fáilte na nGaedheal do bhí dá cur romham aca. Thosuigheadar ar sean-sgéaltaibh agus ar bhéal-aithris d'innsint. Bhíos-sa im' shuidhe i gceart-lár na cisdine ag déanamh iongantais ar ghile an bhalla agus ar fhuaim na Gaedhilge im' chluasaibh, agus bíodh nár thuigeas a raibh dá rádh aca, do b' amhlaidh gur airigheas gur bh' í an Ghaedhealg an teanga ba dhual dam. D'airigheas mac-alla dá fuamannaibh binne im' chroidhe cheana mar adéartha, agus ní fhuil Éireannach beó fá láthair nach bhfuil an sgéal céadna aige. Do b'é lá Féile Muire beag an dara lá dár chaitheas i nInismeadhon; agus ar ndul amach liom féin dam, agus mé ag siubhal an bóithrín go moch ar maidin, shaoileas gur cheart dam iarracht do dhéanamh ar bheagán Ghaedhilge do labhairt. Do bhí a fhios agam go raibh sé ag tarraing ar aimsir an Aifrinn agus do rigneas rún iarraidh ar an gcéad duine dá gcasfaidhe orm an raibh sé ag dul ag an Aifrionn. Ceist bheag shimplidhe do b'eadh í sin, agus cia thárla orm acht buachaill beag gan níos mó ioná deich mbliadhna d'aois aige. “An bhfuil tú ag dul go hIfrionn?” arsa mise. D'osgail sé a shúile beag agus a sgeón ionnta. Bhreathnuigh sé orm go ceann nóimint agus annsoin do ghabh sé dá chosaibh agus as go bráth leis díreach agus dá mbéadh gadaidhe nó geilt i n-a dhiaidh. “Is fiadhain iad na páisdí annso,” dubhras liom féin, agus go ceann tamaill mhaith níor thuigeas an sgéal
'sa gceart; acht, nuair fuaras amach cionnas mar do bhí an sgéal ní gabhadh dham a radh go ndearnas féin gáire faoi chomh maith le cách. An lá soin ná go ceann seachtmhaine níor thuigeas focal dá mbídís ag rádh acht amháin gur mhínigh fuine do bhí ag foghluim na Gaedhilge ann corr-fhocal dá raibh ar siubal aca dham. “Tá an-tóir ag Stiofán ar an Gaedhilge,” adéireadh Bhrighid, acht, is amhlaidh gur shaoileas féin, dá mbíodh an oiread Gaedhilge agam-sa agus do bhí aige-sean go mbéinn sásta go deó na ndeór. Bhí ar Stiofán imtheacht as an oileán i gcion seacht- mhaine. As soin suas b'éigean damh-sa seasamh ar mo shon féin. Ba bhreagh é fuaim na Gaedhilge do chloisint dá spreagadh an céad ni ar maidin ar ndúiseacht duit agus ba shona é dul a chodhladh i ndeireadh an lae agus an fhuaim bhinn cheadna id' chluasaibh. An lá déidheannach dár chaitheas i nInismeadhon an bhliadhain sin, thriallamar síos go dtí an Caladh Mór. Is iomdha duine idir óg 's sean do bhí lem' thaoibh an lá céadna, acht, cá raibh mo chara Páid Ua Fathartaigh, an fear do bhíodh ag léigheamh na Gaedhilge dham ó'n gcéad lá do shroicheas an t-oileán? Cá raibh sé? Nuair do bhí leath an bhóthair siubhalta againn bhuail sé thar chlaidh romhainn agus leath-choróin i n-a láimh aige. Bhí sé ag breathnughadh beagáinín beag bainte dá threóir agus d'fhan sé i n-a thost go ceann tamaillín. “Cad atá ort, a Pháid?” dubhras fa dheireadh. “Tá,” arsa Páid, “go bhfuil sean-leabhar urnuighthe agam. Fuaras ó'n Áird-Easbog Mac hÉil mar bhronn- tanas é fad ó agus mé ag dul fa láimh Easboig. Tá sé geall le bheith caithte anois agus b'fhearr liom ioná feirm talmhan a mhacasamahail do cheann fhaghbháil; ní maith liom an ceann fuaras ó'n Leomhan fhéin chaitheadh ar fad. Tá faitcheas orm, a bhean-uasal, go bhfuilim ag cur an iomarca trioblóide ort, acht, ní thuigeann tú an sgéal díreach. Fuaras ó n-a láimh féin é as ucht go raibh an teagasg Críostaidhe agam do mheabhair agus” - “Tuigim an cheist, a Pháid” adubhras “Ní gabhadh dhuit a thuilleadh do rádh.” III. Craobh na mBan Bhíodh na cailíní ag teacht isteach gach Domhnach go dtí an Chraobh do Chonnradh na Gaedhilge cuireadh ar bun le haghaidh na bhfear. Níor bh' fhada gur ghabh fonn foghlumtha na Gaedhilge go mór iad, agus go dtáinig éad orra fa gan Chraoibh do'n Chonnradh do bheith aca dóibh féin. Tugadh misneach dóibh 'n-a thaoibh sin agus do b'é adubhairt ceann aca. “Béidh Craoibh anois againn dúinn féin gan bhuidhe- achas do na fearaibh.” “Béidh, le congnamh Dé,” dubhradar uile d'aon ghuth. Agus is amhlaidh thárla, acht, mar sin féin, ní gan bhuidheachas do na fearaibh go díreach, óir thangadar, an chuid ba mhó aca-san, chum congnaimh do thabhairt dá mnáibh gaoil an lá do bhí Craobh na mban dá cur ar bun. As soin amach ba mhór an comórtas do bhíodh idir an dá Chraoibh, agus an bhliadhain i n-a dhiaidh sin do ghabhadar na mná leó a lán do na duaiseannaibh do bhí dá dtabhairt amach ar an bhFeis ar son léighthe, aithrisóireachta agus eile. Is annamh bean 'san oileán anois nach bhfuil i n-ann litear, a bheag ná a mhór, do sgríobhadh, nó píosa Gaedhilge do léigheamh 'sa tráthnóna, an chuid as lugha de. Is minic casadh bean orm, agus naoidhnean aici ar a baclainn, agus leabhrán Gaedhilge dá léigheamh aici ag dul go dtí an tobar. Tráthnóna bhreagh dá raibh cruinniughadh againn i dtigh na sgoile, bhí bean ag dul thart, agus láighe i n-a láimh aici le fataí do bhaint. Chuala sí na hamhráin ar siubhal agus isteach léithi chugainn. “Ní fhanfad acht aon nóiméid amháin,” ars ise; “caithfidh mé mo dhinnéar a bhaint.” Bhí go maith agus ní raibh go holc go ceann tamaillín. Tug sí amhrán nó dhó dhúinn. Anois agus arís do bhreathnuighinn uirri, acht, ní thug sí fá deara go raibh an aimsear ag imtheacht. D'amharc sí chomh sona sin, agus nach bhféadfainn féin a chur i gcuimhne dhi go raibh sé ag éirghe déidheannach. D'fhan sí linn ar feadh trí uaire an chluig agus do b' í an bhean ba dheireannaighe d' fhág an cruinniughadh.
Do bhí an ghrian beagnach faoi nuair bhí deireadh leis an gcruinniughadh gcéadna, agus d' fhiafruigheas dí nach raibh ocras uirri. “Tá,! muis!” a dubhairt sí, “acht, nach cuma sin? Níor chaitheas píosa lae riamh do b' fhearr liom ioná an aimsear chaitheas annso. Bíonn mo dhinnéar agam gach lá 'sa tseachtmhain, acht ní raibh a leithéid seo ar siubhal againn riamh roimhe seo.” Ní gabhadh a rádh go bhfuair sí cuireadh teacht ann aon uair go mbadh mhaith léithi, agus ní baoghal, acht an oiread, nach raibh sí i láthair ar gach cruinniughadh do chruinnighthibh na mban as sin amach. Rug sí a láighe léithi amach an lá sin, agus chuala mé a guth go ceann i bhfad agus í ag gabháil fhuinn, “A Mháire, is tú mo haon ghrádh geal!” IV. INISTHOIR Is maith as cuimhin liom an lá breagh do bhuaileamar isteach i gcurach ag triall ar Inisthoir, an t-oileán as lugha d'oileánaibh Árann. Bhí an fhairrge an- chiúin ar fad, agus na dathanna ag síor-atharrughadh ar an uisge ó dhubh go gorm agus ó ghorm go glas, agus arís go gorm-dhubh. Ní raibh deifir ar bith orainn, agus mar sin, léigeamar amach na dorughanna le rionnachaibh do ghabháil, acht, dar ndóigh, bhíodar ro-chríonda dhúinn agus ba bheag an tairbhe do Sheaghan ar ghabhamar an lá soin. Tá sé i gcuimhne dham, fós, cionnas mar chuadhmar i dtír ar an ngainimh te, agus an ghrian ag sgairteadh orainn agus ar na daoinibh do bhí i n-a seasamh ar an tráigh. Agus, i n-a dhiaidh sin, do chaitheamar mór-chuid do'n lá ag taisdeal an oileáin agus ag breathnughadh ar na sean-teampallaibh agus eile atá le faghbháil ann, agus go háirithe ar Chaisleán Ghrainne Ní Mháille atá 'na shuidhe ar árdán ghlas thuas os cionn na fairrge. I bhfoigseacht na tráthnóna nuair bhí fuineadh na gréine thart agus a hiar-solas ag tuitim ar Dhún Feara- bhuidhe ar ar n-aghaidh agus sgáile na néalta leagthe síos 'sa bhfairrge taoibh thoir do'n Chois, do thriallamar ar ar n-ais arís go hInismeadhon. Do bhuaileamar an fánán nó an tshlip mar tugtar air, díreach mar do bhí na hiasgairí ag cur amach ar an bhfairrge fa choinne oibre na hoidhche. Ba mhinic dúinn 'n-a dhiaidh sin bheith 'san oileán ó dheas, acht, 'sé céad-radharc ar áit ar bith bhíos buailte isteach i n-aigneadh dhuine. V. AN BHANAIS, AN TÓRRAMH AGUS EILE. Do bhíos ar bhanais i nInismeadhon agus ba bhanais shult- mhar Ghaedhealach í. A nGaedhilg pósadh iad agus gach duine 'san oileán beagnach i láthair 'san teampall bheag. Mise do ghearr an bulóg os cionn na lanamhna ar an mbanais. Bhíos i láthair ar torramh ann leis. Is minic cluin- im-se fós fuaim an chaointe im' chluasaibh — an fhuaim ba bhrónaighe dár chualas riamh. Máthair óg do bhí ag caoineadh ann os cionn an éin-leinbhín amháin do bhí aici. “O! a Mhicilín bháin, a leinbh ó!” Is cuimhin liom lá na socraide agus cionnas mar d'éirigh- eadar go léir ag caoineadh ag dul isteach 'sa roilig, agus fós, cionnas mar thug gach duine aca fa seach cuairt ar uaigh a dhaoine muinteardha 'n-a dhiaidh sin. Is cuimhin liom freisin — acht, ní fhuil mé chum cunn- tais do thabhairt ar gach ní dár thuit amach ar feadh aimsire mo chomhnuidhe i measg na nGaedheal. Ní fhuilim acht ag cur síos annso ar an smuaintibh do bhuail isteach im' intinn ar bheith dham ag sgríobhadh. Smuaineadh eile, agus cuirfear deireadh lem' chuid ráidhte. Bhíos ag imtheacht timcheall aon uair amháin sul mar fhág mé Inismeadhon. 'Sé do bhí am' thiomáint thart- thimcheall an lá soin ioná slán agus beannacht d'fhágbáil ag cuid do na sean-daoinibh nár bh'éidir leó an tein- teán do thréigint. Ar dteacht amach as tigh fa leith dham, do rith cailín deas im' dhiaidh agus ghlaoidhigh sí orm. D'fhán sí sgathamh 'n-a seasamh agus í go han-chuthal ar fad, acht fa dheireadh do shín sí amach a láimh agus d'airigheas go raibh fáinne óir aici innti. Fáinne beag deas leath- chaithte, b'eadh é agus is dócha go raibh sé 'sa dteaghlach aca ó n-a sean-aimsearaibh. “Chuir mo mháthair chugat an fáinne beag so, agus is mór ghoilleann sé uirri nach bhfuil rud níos deise aici gurbh' fhiú a thabhairt duit.” Ní thugas freagradh uirri bhí an oiread soin iongantais orm. Bhí a fhios agam go raibh na sgoil- teacha ag luighe ar a máthair agus go raibh sí bréoite tinn. Bhí a fhios agam, freisin, go rabhadar an-bhocht, agus gur dhócha gurbh' é, an fáinne seo, an t-éin-phíosa óir bhí aca 'sa tigh. “Leig dam 'a chur ar do mhéar má 's é do thoil é” dubhairt an cailín, agus do shín sí a láimh amach arís. “Ní thig liom soin, do dhéanamh, a chara chaoin” adubh- ras, “ní thig liom, go deimhin, acht, táim chomh buidheach céadna dhíot agus dá nglacainn é, táim, creid uaim-se ésin.” Rigne sí gach a raibh ar a cumas chum a chur d'fhiachaibh orm an fáinne do ghabháil agus bhí díombáidh an domhain uirri ar son gur dhiuilteas í. Ní hiongnadh é go rabhas ag smuaineadh ar fhlaitheamh- lacht na nGaedheal agus ar nósaibh na sean-aimsear agus mé ag triall ar an bhfairrge, mo cháirde Gaedhealaigh[;] im' dhiaidh agus fuar-chríocha an Bhéarla romhaim. 'Sé idir uaislibh Fhuinn Gaoidheal Do-ghní an t-ainm sé d'iomsgaoleadh, Reacht fíre na fréimhe ó bhfuil, Séimhe an n-dine dá ndúthchaigh. Úna Ní Fhaircheallaigh
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services