Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear
Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaidhe an tSaoghail Tar Lear Ní fhuil puinn tuairisge ó'n gcogadh le seachtmhain agus an méid atá is éitheach a fhurmhór. Ní theasduigheann an fhírinne ó na daoinibh, agus d'á chómhartha sain cuireann tuarasgoirí na bpáipéar aon saghas ráiméise agus sgéalta bacaigh abhaile agus léigheann na hamadáin ag baile na bréaga so go dúthrachtach. Chualamar, tá coicthigheas ó shoin, go raibh dáfhíchead míle Sasanach timcheall ar dhream Bórach ins an Saor-Stát agus go raibh cáirde lae agus oidhche ag na Bóraigh chum géilleadh. Tá an méid úd Sasanach annsúd gan amhras, agus tuilleadh 'na dteannta, acht i n-ionad bheith ag cur ar na Bóraigh is iad na Boraigh atá ag cur ortha sain, agus táid siad ag crith 'na gcroiceann roimh an tréinfhear sin De Bhet, mar túir- ligheann sé ortha go hobann nuair is lugha a gcoinne leis. Sgiob sé leis trí chéad fear uatha an tseachtmhain seo ghabh thart agus ní feacuighis iongnadh riamh nách raibh greim aige ar Chitsiner an lá fá dheireadh. Cuireann sé aighneas anois agus arís ar Rundle atá suidhte ag Ficsburg agus fógrann cath air, acht tá an Sasanach sain fá sgáth daingin annsúd agus ní chorróchadh sé cos gidh go bhfuil ceathrar aige i n-aghaidh gach Bóraigh. Do sheól Roberts a choileach cómhraic Citsiner fá dhéin Dhe Bhet lúthmhair agus chuir Roberts sgéala bladhmannach chugainn gur chuir Chitsiner agus Metuen na gaoithe an rith air. Níor bhfiú trácht thar an ngrasgar mar níor dhruid De Bhet a bhfad siar. Dúisígheadh Citsiner ar uair an mheadhóin oidhche mar bhí na Bóraigh ag búithridh timhceall air. Ní raibh aige acht uain chum balcais éadaigh do bhualadh uimis - má bhí an méid sin uaine aige - phreab sé ar muin capaill, sgaoil sé a ceann léi agus gidh gur lean na Bóraigh dhá mhíle é ní rugadar air. Is beag an iongnadh go bhfuil Roberts ag déanadh a dhíchill chum an fhir seo do ghabháil. Deir na Sasanaigh gur thug fear darab ainm Loosberg cúntus dóibh nách bhfuil acht deich míle fear cómhraic 'na gcoinnibh anois agus táid go han-áthasach 'na thaobh, mar creidid siad an tuairisg seo agus tá dath na fírinne air. Is deacair de'n dream bheag sain aon tsúil do bheith aca le buaidh, acht mar sin féin deirthear go bhfuil Laoiseach Bota muinighneach agus Pól chómh dán agus do bhí sé riamh. Tá an Riaghaltas ag gríosadh Roberts chum ghnímh éigin do dhéanamh le haghaidh an chogaidh do chríochnughadh toisg go bhfuil teine na Síne ag dul i méid. Chuir sé cuireadh chum Laoisigh gur mithid dó síothcháin do dhéanamh anois, mar, gidh gur throid sé féin agus na Bóraigh go hiongantach, go bhfuil breis fear 'na gcoinnibh anois agus ná'r bh'éan náire dhóibh géilleadh. Is urrúdhasach an cabaire beag Roberts agus ní gábhadh dhó an t-eirghe 'n áirde, mar do réir tuairisge an Times ar an mbruighin úd do bhí aige le Bota an tseachtmhain fá dheireadh ba bheag ná raibh sé féin agus a shluagh líonmhar claoidhte ag dhá mhíle go leith Bórach, ó deir an tuairisg dheidheanach gurab é sin uimhir na bhfear do bhí 'na choinnibh agus deir an páipéar céadna go raibh sgannradh ar Roberts go mbiadh éirleach do nós Spiona Cop imeartha air. Dála na Síne ní fhuil cúntas cruinn ó'n áit sin fós. Tá daingean cois cuain ag Tacú agus do sgaoil na Sínigh na piléir ar loingeas na gCumhachta bhí ar ancoire annsúd, agus do sgaoil an loingeas ortha sain go tapaidh. Thóg an loingeas na daingin úd d'éis troda seacht n-uaire an chloig. Marbhuigheadh agus gonadh cuid mhaith fear ar gach taobh, acht do sgaipeadh na Sínigh fá dheireadh. Is é taoiseach sáile na Rúsach do stiuraigh fuireann an loingis mar do b'é an taoiseach do b'áirde agus ba shine bhí annsúd é. Deirthear go bhfuil ár aca ag Tientsin leis, baile atá cómhgarach de'n áit úd, agus tá an ráfla amuich gur thuit fichid Ameri- cánach ann. Do thriall taoiseach sáile Shasana fá dhéin Phecin tá coicthigheas ó shoin, Seimour is ainm dó. Bhí Gear- mánaigh, Sasanaigh, Francaigh, Rúsaigh, agus Seapánaigh le n-a chois agus níor cualathas tásg ná tuairisg uaidh ó shoin. Deirthear go bhfuil na Sínigh ag marbhadh na gCríostaithe atá 'na gcómhnuidhe ann, agus má's fhíor é is olc an sgéal é. Tá amhras go bhfuil saighdiúirí na Síne agus na Bocsers ag cabhrughadh le chéile, acht má táid féin buaidhfidh na Cumhachta ortha agus dá éis sin má roinntear an tSíne beidh imreasgáil aca féin ag roinnt na coda. Thug an tighearna Salisburi óráid uaidh an lá eile ós comhair Chuideachtan an tSoisgéil i Lúnduin. Ní
bhfuilid ró-bhuidheach de 'na taobh, mar bíonn an fhírinne searbh. Dubhairt sé leó go dtéidheadh na sagairt ins an tsean-aimsir go críochaibh fiadhaine ag múineadh creidimh gan súil le sochar aca acht grádh Dé, acht nách mar sin indiu do theachtairí creidimh Chuideachtan an tSoisgéil, mar gibé áit go gcuirid siad so fútha, go mbíonn sé riachtanach ar an Riaghaltas ceannphort airm do sheóladh 'na ndiaidh chum iad do chosaint. Is truagh gan slighe agam chum a thuilleadh de'n óráid seo do chur i gcló mar is maith d'fhóillsigheann sí fáth na buaidheartha so 'sa tSíne indiu. Conán Maol
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services