Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Peata an Ríogh.
Title
Peata an Ríogh.
Author(s)
Ní Shíthigh, Máire,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1909
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Peata an Ríogh. (Sgéal Gearmánach is bun leis an sgéal so) MÁIRE NÍ SHÍTHIGH do scríobh. AN CHÉAD CHAIBIDIOL. Bhí Casaimir a Dó 'na rígh ar stáit bheag san Ghearmáin i ndeireadh na hochtmhadh aoise déag. Fear aorach sgléipeach do b'eadh é, gur chuma leis cad a dhéanfadh aon nídh eile dá mbeadh saoghal breagh aige féin. Bhí naonbhar nó deichneabhar de lucht timthireachta n-a bpeataí aige; bhídís ag plámás leis, agus, pé rud ba mhaith leo a dhéanamh, cuiridís 'n-a luighe ar an rígh gur b'é an rud ceart é agus caithfidhe é dhéanamh. B'é an sgéal céadna ag furmór na ríghthe san am san é, agus ag cuid aca san am so, leis. Acht, nuair a fuair Casaimir bás, b'é a mhac a bhí 'na rígh 'n-a dhiaidh. Bhí an ainm chéadna air; acht ní mar an gcéadna an nádúr ná an aigne a bhí ionnta araon, agus ba ghearr go raibh a mhalairt de sgéal ag gach éinne ag an gcúirt, nuair a bhí an Tríomhadh Casaimir 'na rígh. Bhíodh náire agus fearg air nuair a thugadh sé fé ndeara cionnus a bhí gach rud ag imtheacht an fhaid a mhair a athair; acht chaithfeadh sé éisteacht agus an ceann is fearr do dhéanamh den sgéal. Acht anois, nuair a bhí an chomhacht aige féin, bhí atharrach sgéil aca go léir. Thug sé an bóthar do na peataíbh go léir, agus d'oifigeachaibh eile na cúirte chomh maith. Chuir sé deireadh le sna fleadhaibh agus le sna pléarácaibh agus leis an rírá go léir. Ní raibh aon pheata aige a fhéadfadh a mhaoidheamh go raibh toradh ag an rígh air féin. B'iongantach an t-atharrughadh é dar le sna daoinibh go léir - an rí féin ag riaghlughadh na tíre gan beann aige ar éinne. Ní raibh an rí óg pósta. Bhí a mháthair marbh agus a dheirbh- shiúr pósta le rígh eile tamall maith uaidh. Níor bh'aon iongnadh mar sin go raibh uaigneas sa chúirt, agus gan aon bhean tighe ann; acht níor ghoill sin ar Chasaimir. Bh'é an caitheamh aimsire
ba mhó a thaitn leis 'ná an fiaguidheacht n-a aonar sna coilltibh uaigneacha fiadhaine. Acht, ambasa féinig! do thárla gur tháinig sé a-bhaile lá áirithe ó'n bhfiagaidheacht, agus, i n-ionad an "ghéim" a bhíodh de ghnáth aige, is fiabhrus trom a bhí air. Ó bhí sé n-a leanbh, ní raibh sé breoite fiú aon lae amháin. Níor bh'aon iongnadh mar sin gur thug sé an bóthar do dhochtúir na cúirte chomh maith le cách, nuair a fuair a athair bás. Rud eile, ní raibh aon mheas aige ar dhoch- túiríbh acht chomh beag le Moliére. Acht féach anois é féin sínte go tréith lag, agus bhí abhfad níos mó eagla air 'ná bheadh ar dhuine go dtiocfadh taom anois agus arís air. Bhí an fear tighis ag tabhairt aire dho, seansheirbhíseach a b'eadh é seo, a bhí ins an chúirt le fada. Níor thaitin sé leis i n-aon chor an chuma ina raibh an rí óg ag riaghlughadh. B'fhearr leis go mór an seannós. D'éirigh leis anois geallamhaint d'fhághail ón rígh go ndéanfadh sé togha ar dhochtúir arís i gcomhair na cúirte. Ní túisge bhí an gheallamhaint tabhartha ag Casaimir ná gur chuir sé allus de n-a bhraonaibh móra agus na dhiaidh sin thuit a chodladh air agus nuair a dhúisigh sé as an gcodladh san bhí an fiabhrus imthighthe agus é chomh maith n-a shláinte as bhí sé riamh. Ní misde a rádh gur anois a bhí an diombádh air i dtaobh an gheallamhaint a thug sé uaidh don fhear tighis, acht tar éis machtnamh air, dubhairt sé leis féin ná raghadh sé siar ar a fhocal, "ní dhéanfadh fear onórach a leithéid," ar seisean leis féin agus d'órduigh sé fógra do chur amach á rádh go raibh dochtúir i gcomhair na cúirte ag teastabháil uaidh. Bhí áthas an domhain ar an bhfear tighis anois; shaoil sé gur ghearr go mbeadh gach rud sa chúirt mar bhí sé i n-aimsir an tsean-rí, acht ní mar sin don rígh óg féin, bhí a mhalairt socair n-a aigne aige. Bhí beirt dhochtúirí sa chathair go raibh cáil mhór ortha; shaoil gach éinne gur duine aca soin a bheadh n-a dhochtúir ag an rígh. Acht bhí breall ar na daoinibh. Dhein an rí togha ar dhochtúir óg. Níor shaoil éinne go mbeadh breith aige ar an bpost d'fhagháil agus bhí iongnadh ar gach éinne; agus is mó an iongna a bhí ar an dochtúir féin 'ná ar éinne eile mar níor chuir sé isteach ar an bpost i n-aon chor. Fear ana-óg do b'eadh é. Ba ghearr ó
deineadh dochtúr de agus ba bheag de dheallramh dochtúra a bhí air agus ba lugha 'ná san d'eolas ar dhochtúireacht a bhí aige; agus nuair a bhíodh daoine breoite ní hair a ghlaodhaidís, acht amháin a ghaolta bocht féin, agus thagadh sé ag triall ortha san i n-aisge. B'é deoch leighis a órduigheadh sé dhóibh go léir ná puins; ní bheadh súil aca le n-a mhalairt. Fear aorach greannmhar a b'eadh é amhthach. Nuair a bhí sé san Ollsgoil thit sé i ngrádh le mnaoi uasail óig agus bhí geall pósta eatortha. Nuair a bhíodh aon phléaráca ar siubhal sé an dochtúír a bhíodh n-a cheann air. Seán Müller a b'ainm do agus ní gádh a rádh nách ainm uasal é sin, ná gur d'uaislibh na tíre an té go raibh sé mar ainm air, agus féach an rí greannmhar so Casaimir, ag toghadh a leithéid dó féin. Acht dá mba dochtúir Seán Müller féin, fear macánta do b'eadh é, agus bhí a fhios aige ná raibh aon eolas aige ar a chéird, agus ní raibh aon iontaoibh aige as féin; agus nuair a bhí sé ag dul go dtí an chúirt chun an chéad chomhrádh do bheith aige leis an rígh, bhí a aigne socair aige an sgéal go léir d'innsint dó agus a iarraidh air, dá mbadh toil a onóra é, dochtúir éigin eile do thoghadh ina ionad féin. Nuair a bhí sé i láthair an ríogh, thug an rí fé ndeara cad a bhí n-a aigne, agus do labhair se leis mar seo, agus iongnadh an domhain ar an ndochtúir, agus é ag éisteacht: "A Dhochtúir Müller, a chroidhe, ná bí ag cuimhneamh gur mar gheall ar mhéid d'eolais a dheineas togha ort-sa chun bheith mar dhochtúir agam. Tá a fhios agam nár fhoghluimighis pioc insna hOllsgoileannaib. Acht is cuma sin. Mar a chéile na dochtúirí go léir, agus an té is lugha eolas aca is é sin an té is lugha a dhéanfaidh díoghbháil. Má bhíonn tú ciallmhar agus cúthail, déan- faidh tú mo ghnó mar dhochtúir. Is cuma dhuit sa d-l cad a dhéanfaidh mo shláinte; ná labhair liom i n-aonchor mar gheall air - ní theasduigheann purgóidí uaim-se. Is é sean-nós na cúirte seo go dtiocfadh an dochtúir gach maidin ar a hocht a chlog. Leanfad-sa den tseannós san. Bí annso gach maidin ar a hocht; ná bíodh aon trioblóid ort i dtaobh mo shláinte, agus ná labhair go gcuirfear ceist ort. Bí ciallmhar ciúin agus cúth- ail, agus déanfaidh tú do leas." (Ní críoch).
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services