Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Turas beag ó Dhoire
Title
Turas beag ó Dhoire
Author(s)
Séamus Dubh,
Pen Name
Séamus Dubh
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Turas beag ó Dhoire Tamall ó shoin chuadhas ó Dhoire go Dungamhna ar an dtraen agus as sin ar ais go Doire ar mo "chapall-dá- roth." Ní raibh fhios agam cad é an t-ainm ceart atá ar Dungiven acht dubhairt sagart na paróisde liom gur ó ghamhain tháinig an t-ainm agus má's fíor é seo, ba dhóigh liom gur Dúngamhna is ceart a thabhairt ar an áit.* Chonnaic mé dtaobh thiar do'n roilig leac mhór na seasamh ar mhullach árdáin bhig acht ní rabhas abálta ar aon trácht 'ná tuairisg fhághail timcheall air cad é bhain do'n chloich seo. Sé an t-ainm tugthar uirri "standing stone." Fiche slát ó'n áit chéadna tá fóthrach sean-teampaill agus tuama Chumhaidh-na-nGall. Teacht a bhaile go Doire do casadh liom teach beag sgoile ar thaobh an bhealaigh. Chuadhas isteach agus d'iarras cead ó'n mhaighisdir ceisd nó dho do chur cum na sgoláirí. Ní raibh aon Ghaedhilge acu, acht mar sin féin ní rabhadar gan eólas ar an chaoi agus an réasún gur tugadh na hainmneacha ar bhailtibh 'sa chomharsanacht. Muldowney seadh ainm na sgoile seo. Dubhairt an gasúr liom gur "Sunday-peak" é i mBéarla. Má's ceart é seo is Mullach-Domhnaigh nó Maol-Domhnaigh an t-ainm ceart. Ar shon ná fuil aon Ghaedhilg 'a labhairt ar aon taobh de'n bhóthar idir Dhoire agus Dungamhna ní bhéadh sé ró- dheacair a chur ar bun airís. Ní hé amháin go bhfuil sean-ainm Gaedhealach ar gach áit acht fós ar gach uile pháirc nach mór. 'Na theannta so tá mórán cáilíní aimsire i measg na bhfeilm a tháinig ó Ghaoth-dobhair i nDún-na-nGall. Aca so tá an Ghaedhilge go binn blasda agus nuair a chasann siad ar a chéile gach lá Domhnaigh ní bhidheann eatorra acht an sean-theanga. Séamus Dubh
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services