Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Féineachas Éireann. III.
Title
Féineachas Éireann. III.
Author(s)
Ó Ceallaigh, Seán,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1907
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
FÉINEACHAS ÉIREANN, nó “Seilbh ar Thalmhain fá Sheann- reacht na nGaedheal. III. [Do bhuaidh an aiste seo an chéad duais i gComór- tas a Naoi san Oireachtas i mbliadhna. Seán Ó Ceallaigh, (Sceilg), ó Chraoibh an Chéitinnigh i mBaile Átha Cliath, do bhuaidh an duais.] “SCEOLAING” do scríobh. V. (ar leanamhaint.) Bronnadh Talmhan. Ní raibh de chead ag neach aon talamh acht talamh éigin dár cheannaigh sé féin do bhronnadh gan an fhine go léir do bheith toilteanach. Mór-mhór chaithfeadh sé a scar féin de'n talamh d'fhágaint fé riaradh na fine tar a éis. Chuir so d'fhiachaibh ar gach éinne spéis do chur i gcomhacht agus i mbuaine na fine. Reic na Talmhan. Dá reiceadh duine beagán dá chuid talmhan gan gábhadh leis chuir- fidhe d'fhiachaibh air breis is an oiread eile talmhan d'fhágaint i leith na fine. Léirigh so do chách na raibh aon bhuntáiste le baint as an spriúnlaith- eacht. Ag ceannach Talmhan. Duine do cheannóchadh talamh is gan talamh ar bith do reic bheadh de chead aige cuid dá rachmus fhéin do bhronnadh nó d'fhágaint le hudhacht dá bhfágfadh sé fearann na fine slán gan baint leis nó dá mbronnfadh sé roinnt eile talamh ar na bhfine. Comhacht an Cheárduidhe. Ceaduigheadh do'n bhó-aire luach seacht gcumhal dá chuid talmhan féin do bhronnadh dá bhfágfadh sé i gcomh- air na fine dhá dtrian a raibh soláthartha de rachmus aige. Dá mba de bharr céirde nó ealadhan do sholáthróchadh sé an rachmus ní bheadh a bhac air a dhá dtrian do bhronnadh ar an eaglais. VI. An tAthair is an Mac Chuireadh daoine eile talamh i leith na heaglaise leis. Dá mbeadh fear ag dul i n-aois ní bheadh a bhac air a chuid talmhan do bronnadh ar a mhac dá gcothóchadh a mhac é
an fhaid is mhairfeadh an seanduine. Dá mba rud é go ndéanfadh an mac faillighe ar a gheallamhaint bhí de chead ag an athair an talamh do bhaint de arís agus é thabhairt do dhuine éigin a chothóchadh é. Ba mhinic a thugadh seandaoine a gcuid talmhan do mhainistir mar seo acht ostuidheacht d'fhagháil fé n-a díon an fhaid is mhairfidís. D'fhéad- fadh an fhine an talamh soin do ghabháil tar éis bháis an tseanduine ámhthach; acht dá ndéanfaidhe amhlaidh beadh de riachtanas ar an bhfine aon duine dealbh dá ráingeochadh san tuaith do chothughadh dá dheascaibh. Dá mba rud é ná beadh an oiread le baint as an talamh soin ag an mhainistir is do chothóchadh an seanduine ní bheadh aon tsásamh le fagháil ag muinntir na mainistreach dá mba mhian leis an bhfine e. Creideamhaint. Mar a chéile dá mbeadh an seanduine no a mhac tar éis nidhthe d'fhagháil ar cháirde an fhaid is bhí an talamh aca ní bheadh aon tsásamh le fagháil ó'n bhfine ag an té thug na nidhthe úd ar cháirde uaidh. Chífear as so dá mbeadh cléireach no ceannuidhe nó duine dá leithéid ró-fhlaitheamhail le duine caithteach neamh- bhaileach gurabh iad féin a bheadh shíos leis. B'é príomh-chúram an Fhéineachais talamh na fine do bhuan-cosaint i n-iomlán, agus nuair a tuigeadh so i gcoitchinne ní raibh dul ag éinne, acht ag duine éigin gan mhaith gan náire, gan a scar a dhéanamh do réir dualgais ar son na fine agus ar son na tuatha. An Eaglais. Bhí a scar féin de thoradh na tuatha ag dul do'n Eaglais, ní gábhadh a rádh. Bhí deachmhadha agus primite agus primhghenite agus nidhthe nach iad ag dul di. Buadha na hEaglaise. I n-a theannta so bhí buadh ag an Eaglais ná raibh ag an bhfine. Deir an Cháin Aigillne gurab é ba chóir a bheith i gceannas na fine ná an duine b'eolaighe is b'uaisle, ba shaidhbhre is ba léigheanta, ba charadamhla is ba chomhachtaighe ar an bhfine go léir; an duine ba bhuain-tseasmhaighe chum a scar féin de'n tsochar a bhaint amach agus chum dochar an duine thall do dhíoghal. Níor bh'amhlaidh do'n Eaglais! Ceannus na hEaglaise. Deir an Corus Bescna dá mbeadh abdainne i n-áirde gur chóir tosach do thabhairt do chine an naoimh dá mbeadh manach oireamh- nach i n-a measc, ba chuma dá mbeadh gan bheith ann acht fear seanma salm. Agus dá dtárlóchadh gan manach oireamhnach ar ghaoltaibh an naoimh b'é an dlighe an abdaine do thabhairt do dhalta éigin de dhaltaibh na fine do chéad-bhronn an fearann. Beag iongnadh éad ag easbog Árda Mhacha le easbogaibh Gallda Bhaile Átha Cliath is Port- láirge an tan do mheasadar súd eaglais dhúthchais na hÉireann do chur fé riaradh fairche Caintearbuiridh san aonmhadh aois déag. An Céile is an Manach. Dá ndéanfadh céile nó aire nó duine eile dá leithéidíbh éinnidh as an tslighe chaithfidhe é féin is a chuid talmhan is a chuid bó do chur i ngeall dá dheascaibh. Dá mba rud é go sceinnfeadh sé féin leis is ná féadfaidhe
breith air, nó dá dtuitfeadh amach ná beadh éiric le baint i n-iomlán as a raibh aige 'san tsaoghal b'é an dlighe an t-easnamh do bhaint dá mhac, is mar soin de siar síos. Acht dá ndéanfadh manach éinnidh as an tslighe, dá sciobadh an ghaoth spré teine uaidh is go ndéanfadh an spré sin díoghbháil ní hé an manach a dhíoghalfadh as acht fine an mhanaigh dá mbeadh fine aige. Níor ró- iongnadh so b'fhéidir ó thárla gur bh'aoirde an tEasbog ná an Rí do réir an Fhéineach- ais. D'éirigheadh an rí i n-a sheasamh i láthair an Éasboig agus cromadh an t-eas- bog a ghlún ag beannughadh do'n rígh dhó. Comórtas. Ní móide go bhfuil éinnidh eile is fearr a léireochaidh dúinn an tuarastal a bhí ag dul do fhlaith is do rígh agus d'easbog ná an fhaid do bhíodh i bhfaithche ceachtair aca. Faithche an Bhó-aire. Sheasuigheadh an bó-aire i n-a dhoras féin agus chaitheadh sé cnairseach uaidh amach ar a dhicheall. Bhí a fhaid sin de fhaithche ag dul do. Faithche an Aire Coisring. Chaitheadh an t-aire chosring fé dhó é ó n-a dhoras féin agus bhí faid an dá urchar de fhaithche ag dul dó. Faithche an Aire Desa. Chaitheadh an t-aire desa fé cheathair é ó n-a dhoras féin agus bhí a fhaid sin de fhaithche ag dul dó, agus mar soin de ag dúbailt ó ghrád go grád suas amach. Faithche an Ríogh, is An Áirdríogh Is Chomharba Pádraig. Bhí de chead ag an rígh an chnairseach do chaitheamh ó dhoras a dhúin go cheann cheithre n-iarracht is trí fichead agus bhí a fhaid sin de fhaithche ag dul dó. Agus bhí chomh-fhaid faithche ag dul do'n Rígh is do'n Áirdrígh is do Chomharba Pádraig. Gaisceadh. Chonnachtas cheana gur bh'é chómhairle an Fhéineachais deigh-fhear na ndeigh- fhear do thoghadh i gcómhair ceann- ais na Fine. Chítear anois nár bh'fhuláir do'n aire, do'n fhlaith, is do'n rígh féin bheith i n-a bhfearaibh gaiscidh. Agus tuigtear leis gurabh iad “clann na sean- mhuinntire” ba mhó is ba mhire théidheadh chum cinn fé'n gcoróin agus fé'n eaglais. An Fhine do chur i bhfeabhas is do choimeád fé réin b'shin é bun agus barr an Fhéineachais; agus tuigeann gach Gaedheal fé'n am so gur bh'fhearr san ná Gaill agus coigcríocha do scaoileadh isteach agus an iomad comh- achta do thabhairt dóibh. VII. Daor-stoc. I dteannta na ndaoine go bhfuil áireamh déanta cheana ortha bhí sé gráda eile daoine i ngach tuaith. Cé go rabhadar so i n-a gcomhnuidhe 'san tuaith is ar éigean is féidir a rádh go raibh aon bhaint acu leis an bhfine. Bhíodar fé smacht ag an bhflaith agus fé n-a threor- adh siúd ar leithligh. Ní leomhfaidhe d'éinne eile iad do bheith fé riaradh aige. Is iad na hainmneacha do bhí ortha ná an saor- bhothach, an daor-bhothach, an daor-aicillne, an sean-chleithe, an saor-fhuidhir, agus an daor-fhuidhir. Saor-bhothach. Fear a b'eadh an bothach go raibh a bhoth féin aige ar fhearann an fhlatha. Bhíodh dé i n-aimsir ag an bhflaith, agus b'shin é mar bhaineadh sé
amach a shlighe bheathadh. Dá dteipeadh ar chéile a chíos do dhíoghal bhainfidhe dhe a chuid talmhan agus thabharfaidhe both dhó. Samh- luigheann sé gurab é bhí i gcuid de sna saor-bhothachaibh ná sean-céilidhe do cuir- eadh amach as a gcuid talmhan féin mar seo. Daor-bhothach. Fear oibre do b'eadh an daor-bhothach. Bhiodh dé i n-aimsir ag an bhflaith go coitchianta. Ba ghnáthach na daoine seo go léir, idir bhothaigh is fuidhre, do bheith i n-a gcómhnuidhe i mbailtibh beaga timcheall leasann na bhflath. Bhíodh liosa is dúin i n-eagar a chéile i gcuma is go bhféadfaidís cabhrughadh le chéile ó cheann ceann na tuatha i n-aimsir bhuaidheartha. Dáor-Aicillne. Giolla capaill nó duine deas-lámhach éigin mar soin do b'eadh an daor-aicillne. Aicme dealbh go leor do b'eadh an dream so, gan mórán 'san tsaoghal aca, acht iad ag brath ar an bhflaith i gcómhair gach uile nidhe nach mór. Sean-chleithe. Is é bhí i sna sean-chleithíbh ná lucht freastail tighe agus lucht lean- amhna an fhlatha. Bhídís so i n-a gcómhnuidhe timcheall leasa an fhlatha agus bíodh rud éigin le déanamh aca coitchianta. Fine flatha bhí mar theideal ortha, cé nár bh'annamh iad ag síolradh ó choigcríochaibh agus ó gheibhleachaibh cogaidh agus ó n-a leithéidíbh. Fíor-fhlatha do b'eadh sean-fhlatha na hÉireann, agus bhíodh díon is fáilte is cothughadh aca i gcómhair gach tastealuidhe dá gcastaidhe ortha, ba chuma i gcruadh-chás é nó go neimhspleádhach uasal. Saor-fhuidhir. Daoine do b'eadh na saor-fhuidhre a thagadh isteach go tuaith agus gan cion gan claen-bheart le casadh leo. Bhíodh i n-a gcumas so margadh do dhéanamh leis an bhflaith, agus dá mba rud é ná taithnfeadh a choingealla súd leo ní bheadh a bhac ortha diúltadh. Thógaidís a gcuid talmhan ó'n bhflaith do réir na bliadh- na, agus ní fhéadfaidhe cur isteach ortha go ceann na bliadhna san. Dá gcuirfidís an talamh i bhfeabhas is go gcuirfidhe amac as iad i gcionn treimhse chaithfidhe díoghaluidh- eacht do thabhairt dóibh as toradh a saothair. Mar a chéile pé toradh leasuighthe bheadh gan baint as an talamh aca chaithfidhe díoghaltas do thabhairt dóibh as. Tá gnás de'n tsaghas so ag tuatachaibh i mballaibh fós. Daoine bochta go mbíonn talamh scóir aca tá de chead aca bheith ag baint barraidhe as an talamh soin go ceann dhá bhliadhain nó go ceann trí mbliadhan má's mian leo lán- toradh a gcuid aoiligh is a gcuid leasuighthe do bheith aca as. Daor-fhuidhir. An daor-fhuidhir an duine do b'ísle cáil is ba lugha comhacht i sean-Éirinn. Is é bhí ionnta so ná daoine go raibh bás nó díbirt tuillte aca, geibhligh chatha, daoine gur gearradh cáin ortha is gur theip ortha an cháin d'íoc, cladhairidhe is gaduidhthe is ropairidhe ar seachrán ó dhúithchíbh eile. Nidh nár bh'iongnadh bí a n-urmhór so fé dhian-smacht amhail is mar bheadh a leithéididhe indiu. Ní leomh- faidhe d'éinne acht do fhlaith ar leithligh díon do thabhairt dóibh. Dá ndéanfaidhe fuidhir do ghortughadh chaithfidhe eineachlann no éiric do thabhairt do'n fhlaith. Dá ndéan- fadh an fuidhir féin éinnidh as an tslighe bheadh d'fhiachaibh ar an bhflaith eineachlann do thabhairt uaidh do réir na díoghbhála. VIII. Comaoine na bhFuidhir. Cé go raibh na daor-fhuidhre fé dhian- smacht ag na flathaibh ná saoil- eadh éinne go mbíodh droch-shaoghal aca i gcómhnuidhe. Ní bhíodh.
Abair is ná raibh de chead ag neach connradh do dhéanamh le fuidhir dar ndóigh ní raibh de chead ag neach connradh do dhéanamh le geimhleach na le daoi, le mac le mnaoi ná le manach acht chomh beag. Mór-mhór, chead- uigh an Féineachas do sna fuidhribh iad féin do shaoradh is do chur i bhfeabhas chomh maith le cách. B'fhéidir le daor-fhuidhir é féin do chur chum cinn no go mbeadh sé i n-a shaor- fhuidhir cé ná féadfadh sé san do dhéanamh gan beagán moille. Ní raibh de theideal aige maoin ná stor ná dualgas d'fhagháil fé udhacht ó n-a athair ná ó n-a dhínsear dá mba rud é ná raibh a athair agus a shean- athair i n-a gcómhnuidhe 'san dtuaidh chéadna. Acht dá mbeadh daor-fhuidhir fé cheannas an dara fhlatha 'san tuaith chéadna bhí sé dleaghthach aige dul isteach ar bheith i n-a shaor-fhuidhir. Dá mbeadh sé seo dílis do'n tríomhadh flaith 'san tuaith chéadna, no dá mbeadh a athair agus a shean-athair roimis dílis do fhlathaibh na tuatha, bheadh sé dleagh- thach aige dul isteach ar bheith i n-a dhaor- bhothach, agus mar soin de. Ní bheadh an saor-fhuidhir lán-tsaor, no ní bheadh comhacht saer-chéile aige chum go mbeadh sé féin agus a sínsear 'san dtuaith go ceann naoi nglún. Dá mba rud é go mbeadh cúigear fuidhir 'san dtuaith, ámhthach, agus céad bó do bheith ag gach fuidhir acha bheadh sé dleagh- thach aca súd dul i n-urradhas ar a chéile agus a gCómhairle féin do thoghadh. Chúig Raith Céadach. Chúig Raith Céadach is eadh thugtaidhe ar an gCómhairle seo amhail is mar thugtaidhe Cúigear na Fine no Cúig Méaracha na Fine ar lucht treortha na fine. An Fine Tachuir Chitear as so gur moladh do gach aicme, ba chuma saor daor iad, cabhrughadh le chéile. Bhí an oiread comhachta ag na fuidhribh duthrachtacha so is dá mba céilidhe iad, nó beagnach de. Agus do réir mar bhíodh saoirse tuillte ag na fuidhribh is ag a saghas thagadh an Fhine i gceann a chéile is saoraidís iad. Ghlactaidhe treabh Ghallda i n-iomlán isteach 'san bhFine uaireanta. Fine tachuir thug- taidhe ortha so, agus mac faosma thugtaidhe ar an té thógtaidhe isteach i n-a aonar. Má coimeádadh fuidhre áirithe fé dhian-smacht go ceann a bhfad iad féin bha mho bhí ciontach is níor bh'é an Féineachas. Bhí an oiread comhachta ag aire na bhfuidhir is dá mba bó-aire é go deimhin. Acht níor mhian le céilíbh na dúthaighe Gaill do bheith i gceannas ortha, rud nár bh'iongnadh, agus, do réir mar chítear, níor cuireadh Gaill i gceannas de gnáth go rabhadar Gaedheal- uighthe go maith. Ceárduighthe is a raibh rómpa. Mar adubhradh moladh do gach grád is aicme bheith dúthrachtach, agus riaradh toradh an tsaothair ar chách do réir mar bhí tuillte. Féach na ceárduighthe! Céilidhe do b'eadh a n-urmhór so. Níor chuir an Féineachas an oiread spéise i gceárduigh- eacht is mar cuireadh i saothrughadh na tal- mhan. Acht bhí meas mór ar cheárduighthibh agus ar lucht ealadhan; bhí cuid mhaith aca i n-a n-airíbh, agus bhíodh cuid aca i bhfochair na bhflath. Ní raibh a bhach ar na chéilíbh uile bheith i n-a n-airíbh i dtráth dá mbeidís dílis dúthrachtach oireamhnach agus an rath ortha. Bó-airigh is a raibh rómpa. Mar a chéile dá bhféadfadh bó-aire a dheimhniughadh go raibh a dhá oiread saibhris aige is mar theastóchadh ó'n aire desa bhí dul aige féin ar bheith i n-a aire desa, 'sé sin dá mbudh rud é go raibh a athair agus a shean-athair roimis i n-a n-airíbh agus talamh aca i n-a seilbh. Agus bíodh a fhios againn gur bha flatha na hairigh desa agus go mbíodh talamh i n-aiscidh ag na flathaibh agus gur
bh'iad a thoghadh an rí. Is léir ó'n méidh seo ná raibh a bhac ar shíol an duine do b'ísle i sean-Éirinn bheith ag dul chum chinn ó chéim céim no go mbeidís ar fearaibh ceannais na tuatha dá mbeidís díreach dílis rathmhar glic a ndóthain. Na Dlighthe Pianamhla. An reacht do cuireadh ar bun i gCill Chainnigh i mbliadhain a trí céad déag is a seacht ar trí fichid dhearbhuigh sé ná raibh i bhFéineachas Éireann acht dlighthe damanta ró-mhalluighthe. Airightear go minic leis go raibh an daoir- sine go coitchianta i nÉirinn. Ní raibh san amhlaidh! Ná deintear fóiréigean air éinne agus é i gcrudh-chás, ars' an Seanchus. Fiú an daor-fhuidhir féin, dá ngoidfidhe a fhostala uaidh chaithfidhe díoghaltas do thabhairt dó asta. Eineachlann Dá dtabharfaidhe masladh ar a mhnaoi no ar a inghin óighe bhí eineachlann le fagháil aca cé ná raibh ag dul dóibh do réir na dlighe acht a leath is mar thugtaidhe do'n saor-stoc, Níor ró-iongnadh gan acht an méid sin eineachlainne ag dul do bhanaltracht an daor-fhuidhir, b'fhéidir ó ba rud é go dtugtaidhe a dhá oiread go leith eineach- lainne do'n fhear fothla is mar thugtaidhe do'n óg-aire cé gur bheag a bhí eadartha araon. Trí ba an eineachlann a bhí ag dul do'n óg-aire ché go dtugtaidhe seacht mba go leith do'n fhear fothla. Tuigtear dúinn, ámh, go raibh na daor-fhuidhre fé chomairce na bhflath. Is leor so de dheimhniughadh ná raibh aon chruadh-shaoghal ag na daor-fhuidhribh féin. Rud eile dhe, mar aduabhradh cheana dá mbeadh beagán rachmuis ag fuidhir, dá mbeadh chúig treabha fé n-a riaradh, 'sé sin dá mbeadh tigh cómhnuidhthe aige agus tigh bó, fuil muc agus lias caereach agus lias laegh bheadh dire ag dul dó, dá ndéanfaidhe éagcóir air, chomh maith is dá mba céile é. (Ní chríoch).
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services