Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An Triúr Dearbhráthar sa Drochshaoghal.
Title
An Triúr Dearbhráthar sa Drochshaoghal.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1906
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
AN TRIÚR DEARBHRÁTHAR SA DROCH- SHAOGHAL. Gruagach Dhúna an Óir do scríobh. Ins an droch-shaoghal, do chómhnuigh triúr dearbhráthar i nUíbh Laoghaire. Tadhg, Seaghán, agus Donnchadh, do b'ainm dóibh. Ní raibh aon tuilleamh aca ghá fhagháil, is bhíodar ag tuitim ar a gcosaibh le gábhtar. Lá áirithe dubhradar féin le chéile, go raibh sé chomh maith aca beart éigin a dhéanamh, agus gan bheith ar an gcuma so níos sia. Do ghluaiseadar ortha lá, agus níor stadadar chum go ndeaghadar go tigh tábhairne i nDroichead na Banndan, agus dubhradar le bean an tighe an dinnéar do b'fheárr a bhí aici d'ullmhughadh dhóibh; agus gan oiread is feóirlinn i n-a bpócaíbh. Do ullmhuigh bean an tábhairne an dinnéar dóibh, agus nuair a bhí sé ithte aca, do phreabh Tadhg chum díol as, acht ní leigfeadh Seaghán dó é. Dubhairt sé gur bh'é féin a dhíolfadh as. D'éirigh Donnchadh i n-a sheasamh, agus dubhairt sé ná beadh sé féin ag ithe ar phóca éinne, agus gurab é a dhíolfadh as. Bhíodar mar sin le chéile ar feadh tamaill mhóir, agus ná leigfeadh éinne aca dhon duine eile díol as. Fé dheireadh dubhairt Seághan púicín a chur ar mhnaoi an tábhairne, is leigint dóibh a dtriúr dul i bhfolach, agus pé air go mbéarfadh an bhean leigint do- san an táille a dhíol. Do chuir Tadhg an púicín uirthi agus an fhaid a bhí sé ghá fháscadh uirthi, d'éaluigh Seaghán is Donnchadh amach. Chomh luath agus bhí sé snaidhmthe ag Tadhg do scrios sé i n-a ndiaidh. Ba gheárr go dtáinig fear an tábhairne isteach, agus beireann a bhean suas air is dubhairt sí leis an táille a dhíol. “Is minic roimis seo a dhíolas-sa táille mór, agus goidé seo anois ort,” ar san fear léi. D'innis sí dhó cad a bhí imthighthe uirthi. Annsoin do ghabhadar araon múchadh na gríosaighe ar a chéile, is do b'fhiú dul ó íochtar an domhain go huachtar an domhain ag féachaint ar an mbeirt ag cíoradh is ag cuachadh a chéile. Níor stad na dearbh- bráithreacha chum go ndeaghadar go tigh tábhairne eile i gCluain Meala. Do bheannuigheadar do mhnaoi an tábhairne. Do bheannaigh ise dhóibh, is d'fhiafraigh dhíobh goidé an saghas céirde a bhí aca. Do labhair Seághan, agus dubhairt go raibh ceárd mhaith aca, acht ná rabhadar ag fagháil aon trácht uirthi toisc an saoghal a bheith chomh holc. Dubhairt sé gur lionnadóirí iad, go bhféadfaidís brannda a dhéanamh de phórtar agus uisce beatha a dhéanamh de lionn. “Is maith mar a thárlaigh,” arsa bean an tábhairne; “cad d'iarrfaidh sibh ar bharaile brannda a dhéanamh de bharaile pórtair.” Dubhairt Seaghán léi go gcaithfidís dá phúnt an duine d'fhagháil. Thug sí dhóibh an t-air- gead agus áthas a dóthain uirthi é fhagháil déanta ar an méid sin. Annsoin dubhairt
Seaghán le Tadhg is le Donnchadh preabadh amach, agus na luibhnacha a bhí ag fás le hais na habhann a thabhairt chuige, agus go mbeadh sé féin is bean an tábhairne ag obair chum go dtagaidís. Nuair a bhí Tadhg agus Donnchadh imthighthe, do fuair Seághan gimléad, agus chuaidh sé sa tseomra n-a raibh an t-ól. Do pholl sé ceann de na barailíbh, agus dubhairt le mnaoi an tábhairne órdóg na láimhe deise a chur sa pholl go fóill, agus gur geárr go mbeadh an bheirt eile chúcha. Do pholl sé baraile eile, is dubhairt léi órdóg na láimhe clé a chur ann. Fuair sé an trímhadh baraile. Pholl sé é, agus dubhairt sé leis an mnaoi ar a bás gan aon bhraon a leigint a dhortadh as, a teanga a chur ann go fóill, agus go raghadh sé féin agus go gcuirfeadh sé deithineas ar na preabairíbh eile. D'fhág sé annsoin í, is ba gheárr i n-a dhiaidh sin go dtáinig a fear isteach fé dhéin a dhinnéir. Chonnaic sé thíos ar a corra-ghiob í, & dubhairt léi preabadh aníos agus blúire bídh fhagháil dó, agus go raibh gábhadh a dhóthain aige leis. Níor fhéad sí labhairt mar bhí a teanga sa pholl. Thosnuigh sí ar speachuigheal uaithi siar le n-a cosaibh ag déanamh cómharthaí ná féadfadh sí an ball fhágaint. Dubhairt sé léi cúpla uair eile biadh fhagháil dó, acht b'é an scéal céadna aici é. Le neart feirge is ocruis, d'aimsigh sé i n-árd an droma le n-a cheap-órd í. Annsoin do thóg sí a hórdóga is a teanga as na bar- ailíbh, agus ba gheárr go raibh an méid a bhí ionnta chomh suaidhte is do b'fhéidir iad a bheith. Annsoin thiomáin na dearbhráithreacha leó is níor stad cos den triúr chum go deagh- adar go Caiseal. Bhí an sean-easpog tar éis bháis d'fhagháil agus easpog nua tar éis teacht ann. Ní raibh aithne aige seo ar éinne ná aithne ag éinne ar fuid na mball air. Nuair a shroiseadar Caiseal 'sé an chéad áit go ndeaghadar, go tigh an té a bhíodh ag coimeád bagúin leis an sean-easpog. D'fhiafraigh sé dhíobh cia'r bh'iad féin nó cad as iad. Dubhradar leis gur buachaillí leis an dtighearna easpuig iad, go raibh súil aca go mbeadh aithne mhaith aca ar a chéile sul a fada, is gur chuir sé iad a d'iarraidh deich gcéad bagúin. “'Sé is feárr 'ná chéile; do shaoileas nách uaim a thogfadh sé i n-aon-chor é,” arsa fear an bhagúin. “Ní fheadar cad a dhéanfaidh mé anois, mar is iad na buachaillí a bhí ag an sean-easpog a mharbhuigheadh na muca dham, agus ní'l éinne agam indiu a mharbhóghaidh iad,” arsa fear an bhagúin. “Is beag an gnó a bheadh againn-na i n-ar mbuachaillí ag an easpog muna mbeimís i n-ann muca a mharbhadh,” arsa Donnchadh. Do phreab Tadhg agus Seaghán amach. Do mharbhuigheadar cheithre cinn de mhucaibh, is do rugadar go dtí an margadh iad, agus fuaireadar fiche púnt ortha. Do chuaidh Donnchadh agus fear an bhagúin suas fé dhéin tighe an easpuig. Nuair a chuadar go dorus, dubhairt Donnchadh leis fanamhaint mar a raibh aige, is go gcuirfeadh sé féin an t-easpog amach chuige le hairgead a muc. Isteach le Donnchadh. Dubhairt sé leis an gcailín cistean gur theastuigh uaidh an t-easpog d'fheicsint. Dubhairt an cailín leis gur b'shin rud a theipfeadh air. Dubhairt sé léi da madh go ceann lae is bliadhna é, go bhfanfadh sé ann chum go bhfeicfeadh sé é. Do tháinig an t-easpog, & d'fhiafraigh sé de Dhonnchadh cad a bhí uaidh. Dubhairt
Donnchadh leis go raibh milltheóireacht ar a athair agus go raibh sé taobh amuigh de dhorus “ag feitheamh go ndeanfá-sa tairbhe éigin dó.” Dubhairt an t-easpog ná deineann sé féin aon tairbhe dhen tsaghas soin; acht mar sin féin, é ghlaodhach isteach. Dubhairt Donnchadh leis an easpog gur bh'é an chéad rud adéarfadh sé “fiacha a mhuc a thabhairt dó,” & muna mbuailfidhe é an uair sin go marbhóghadh sé a raibh sa tigh aca. Bhí beirt bhioránach de chloinn dearbh- ráthar ag an easpog, agus dubhairt sé leó bheith ullamh dá mbeadh aon éirighe i n-áirde fé agus dhá bhata draighin a bheith aca. Do glaeidh an t-easpog isteach ar fhear an bhagúin, agus dubhairt leis teacht ar a ghlúinibh. “Ní'l aon aicíd ná gearán sláinte orm- sa; a d'iarraidh fiacha mo mhuc a thánag,” arsa fear an bhagúin. Do phreab an dá scriosaire chuige, agus do smísteáladar ó mhullach talamh é. Is beag ná gur marbhuigheadar amuigh 's amach é. Dh'fhág Donnchadh i dteannta a chéile iad, is do leig sé dhóibh cúrsaí na muc a tharrang ó chéile. Ní rug aon lá bocht ar an dtriúr as soin go dtí lá a mbáis. [A CHRÍOCH.] Gluais. An droch-shaoghal, “the bad times,” '47. Uíbh Laoghaire, Par. of Inchigeelagh. Tuilleamh, pay, income. Ag tuitim ar a gcosaibh, getting faint. Do phreab Tadhg, T. jumped up. Ag ithe ar phóca éinne, eating what another should pay for. Púicín, a cloth over the eyes. Dóibh a dtriúr, the three of them. An táille, the tally, reckoning. D'éaluigh, escaped. Do scrios sé, he ran hurriedly. Beireann, his wife seizes hold of him. Imthighthe uirthi, had happened to her. Múchadh na gríosaighe, “putting out the members,” i.e., beating each other. Do b'fhiú dul, 'twere worth while going. Ag cíoradh is ag cuachadh, tearing and exhausting each other. Do bheannuigh do, saluted. Goidé an saghas céirde, what kind of trade. Ná rabhadar ag fagháil aon trácht uirthi, that they were not getting much to do at it. Trácht = cus- tom. Lionnadóirí, ale-makers. Mar a thárlaigh, how it has happened. Cad d'iarrfaidh sibh? How much do you ask? Dhá phúnt an duine, two pounds a piece. Preabadh amach, to go (jump) out. Luibhnacha, herbs. Go dtagaidís, till they returned; subjunctive. Gimléad, gimlet. Agus gur gearr, “and that the two others would be soon with them.” Ar a bás, for her life. A leigint a dhortadh, to let spill. Cuir deithineas ar, make hurry up Thíos ar a corra-ghiob, down on her hunkers. Blúire bídh, some food. Speachuigheal, speachghail, kicking. Comharthaí, tokens. I n-árd an droma, on the top of the back. Ceap-órd, a sledge. Suaidhte, mixed, shaken. Thiomáin leo, drove (went) away. Ar fuid na mball, in the whole place. Ag coimeád bagúin, keeping (providing) bacon. Leis an dtighearna easpuig, belonging to the lord bishop. Deich gcéad, ten hundred weights. Sé is feárr, 'tis the best could happen. Mharbhuigheadh, used to kill. Muna mbeimís i n-ann, it we would not be able. Fanamhaint, to stay where he was. An cailín cistean, kitchen-maid. Gur b'in rud, that that is a thing which would fail him — which he could not do. Milltheoíreacht, mischief, destruction. Ag feitheamh, waiting till you do some good for him. Fiacha a mhuc, the price of his pigs. Muna mbuailfidhe é, if he were not struck. Bioránach, applied to a strapping young man. Clann dearbhráthar, brother's children. Dá bhata draighin, two blackthorn sticks. Aicíd, a disease, disorder, particularly of a “taking” kind.
Gearan, complaint. Scriosaire, a big rough person. Do smísteáladar, they walloped. Amuigh 's amach, “out and out.” I dteannta a chéile, together. Cursaí na muc, the “business” of the pigs.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services