Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaidhe an tSaoghail - Éire
Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Éire
Author(s)
Feargus Finn-bhéil,
Pen Name
Feargus Finn-Bhéil
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaidhe an tSaoghail Éire Nach greannmhar an sgeul é ná deachaidh Cormac Mac Airt go Lúnduinn ag foghluim dligheadh. B'fhéidir ná raibh leigheas aige air, ó chloisim ná raibh tigh ná treabh ann le linn an duine uasail sin, acht sgeacha agus féitheanna báithte. Ní fhágann sain ná gur thuig- seannach an fear-dlighe Cormac na cháilidheacht féin. Is maith é ó mhuinntir Lúnduinn an dlighe dhéanamh dúinn anois, ó thá reachta Chormaic imthighthe as ár gcuimhne. Má seadh is go daor a chaithtear díol as. Tá dhá cheist as Éirinn fá na gcúram thall an aimsir seo. Teasduigheann ó mhuinntir Bhaile Ath' Cliath teoranta na cathrach a leathanughadh amach, agus teas- duigheann ó lucht dhá bhóthar iarainn i n-íochtar na h-Éireann dul i bpáirt a chéile. Níor cheaduighthe na gnótha sain a chur i gcrích gan billí sa Phárlaimid. Tá bille na mbóthar iarainn dhá phléidh anois le mí ann, agus is é costas atá dhá leanamhaint, idir chostasaidhe dligheadh agus fosuigheachta agus eile, tuairim míle púnt sa ló. Tá sé ráidhte go mbeidh geall le dhá chéad míle púnt d'airgead na hÉireann caithte i Lúnduinn leis an dá bhille seo sul a mbeidh siala na bainríoghna leagtha ortha. Is mór an t-airgead é ar aon dá bhille bheag amháin. Ní mór ná go gcuirfeadh an méid sin árd-sgoil ar a bonnaibh. Is minic sa tseanracht a socruigheadh i nÉirinn fá mholadh bheirte ceist chómh docht chomh snaidhmthe le h-aon cheist díobh-so araon. Bhíodh pléidh agus achrann le fada idir bheirt fear i gCondae Mhuineacháin, comhgarach do Ros-Liath mar gheall ar leithead braithlín de bhlúire talmhan. D'éirigh bruighean eatortha deich lá ó shoin agus mhairbh duine acu an duine eile le píce. Pádraig Mac Mathghamhna dob ainm do'n fhear a mharbhuigheadh. Fuarthas beirt eile fear ar an mbóthar ar an dtaobh eile de'n Chondae sin an tráthnóna ceudna, agus iad sáithte le sgeanaibh. Bhí duine acu marbh agus an fear eile i n-uathacht bháis. Tá brón ar an ndúthaigh mór thimcheall mar gheall ar na feall-bheartaibh seo. Daoine cneasda macánta dob eadh muinntir an Chondae sin i gcomhnuidhe riamh. Léigheadh bille an dara h-uair i dTigh na Feise an cúigeamhadh lá de'n mhí seo chum Búird Talmhan agus Feirmeoireachta do chur ar bun i nÉirinn. Ní bhfuarthas aon chúntas cruinn cionnus thosnóchaidh an Bórd nuadh ar obair. Beidh mórán airgid ag teacht isteach chucha sa mbliadhain, acht bhí an t-airgead ceudna so dhá chur i n-úsáid mhaith i nÉirinn go dtí seo. Ní thaithnigheann leis na Feisiribh as Éirinn an Bórd a bheith dhá chur suas i gCaisleán Bhaile Ath' Cliath le h-ár gcuid féin airgid; acht do bagaradh ortha go leigfidhe an bille ar lár dá gcuiridís na choinne. Is deacair a rádh fós a gcuirfidh an bille cumaoin ar an ndúthaigh, acht tiuc- faidh an dá nidh seo as gan aon dearmad, neartóchaidh sé comhacht an Chaisleáin os cionn na ndaoine, agus cuirfidh sé slighe mhaith bheatha i dtreo na muinntire chuirfear ar an mBórd. Gheobhaidh an leas-uachdarán dhá chéad déag sa mbliadhain as, agus a thuilleadh acu níos mó ná sain. Chuaidh triúr sglábhuighthe ag aeruigheacht i mbád beag fá sheol ar Loch Éirne seachtmhain an Domhnaigh seo ghabh tharainn. Ní raibh aon tuigsint cheart i mbád fá sheol acu, agus bhuail aon t-séideog amháin gaoithe beul an bháid fúithi. Báthadh beirt acu, agus fuair an tríomhadh fear greim ar an mbád gur saoradh é. Thráchtamar tamall ó shoin ar an gcuma fuair na sglábhuighthe leagadh na gcuid cíosa ó'n gComhairle Cheanntair i mBaile Loch gCarmain. Cuireadh sgeula ó Bhaile Ath' Cliath go dtí an Chomhairle an lá fá dheireadh, ó Bhórd an Riaghaltais Áiteamhla, dhá rádh nár thaithin an saghas sain oibre leis an mBórd, agus nár bhfulair do'n Chomhairle an rún a ghabhadar ortha féin a thabhairt fá ndeara an t-ath-uair. D'fhreagair an Chomhairle go raibh an riaghail déanta agus ná rabhadar ar aigne í bhriseadh ar mhaithe leis an mBórd. Is amhlaidh ná leigfidh daoine uaisle an Bhúird seo dhúinn na prátaidhe nuadha bhaint ná gheibhid siad cead a gceann.
Ó's ag trácht thar na prátaidhibh é, níor airigheamar gur bhuail an dubhachán fós i mbliadna iad i n-aon áird d'Éirinn, cé go bhfuil spéir trom tais ós ar gcionn le trí seachtmhaine. Feargus Finn-Bhéil
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services