Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Tar Lear
Title
Tar Lear
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Tar Lear Do léigheas leitir bhreágh Eóin Uí Chathail go dúthrachtach. Cuireann sé áthas croidhe orm nuair do chím leitir ó'n dTír Thall i dteanga ar sean, agus ceapaim ná cuirfinn puinn siume i leitir Eóin dá mbiadh sí
scríobhtha ins an mBéarla Gallda. Muna bhfuil an fhírinne linn i dtaobh na nAmeriocánach, is ortha féin is cóir an milleán do bheith. Bhí báidh agamsa leo i gcómhnuidhe agus is minic do chuireas focal isteach ar a son i Sasana agus i n-aiteannaibh eile. Tá leath-bhrog orm fós leo leis i n-aindeóin an ghnímh ghránna atá curtha 'na leith i nInsibh Filipín. Is maith do sgríobhann Eóin agus is soth liom nach féidir dom réidtiughadh leis i n-aon chor i dtaobh na nInseacha. Sgríobhas féin ó uair go huair alt beag ins an gClaidheamh ar na nInseacha, acht níor nochtas leath droch-ghníomhartha an nAmeriocánach ann. Má tá báidh ag an gcuid is mó againn leis na hAmeriocánacha, nár leigidh Dia go ngeobhamuis a leath-sgéal nuair atáid siad cionntach. Léighim gach seachtmhain dó nó trí de na páipéaraibh Ameriocánach is mó teist i measg ár ndaoine féin las-tall agus ní réidtigheann aon cheann amháin acu le tuairisg Eóin. Deir sé go bhfuilmíd meallta ag na "fir bhuidhe", acht atá páipéir thall go ngairmthear ortha mar leasainm na "Páipéir bhuidhe," gur gnáthach leo Mac Fhionnlaoigh do ghríosadh chum cogaidh agus b'fhéidir gur mhealladar seo Eóin. Tá súil agam dá réir sin go bhfreagróchaidh Éireannach éigin eile ins an tír thall Eóin, agus go mbéidh na fhírinne againn i ndeireadh na dála. Tá fear foraire i Manila agus atá sé riachtanach ar gach eóluidhe páipéir a sgríbhinn do theasbánadh do'n fhear so sul do seoltar an tuairisg ag triall ar pháipéaraibh Ameriocá. Dá dheasgaibh sin ní fhuil le fágháil againn thríd an gcasan sain acht an méid do thaithnigheann leis an bhfear foraire. Tá slighe eile ámh. Sgríobhann na saighdiúirí leitreacha a-bhaile chun a muinntear agus foillsighthear cuid acu so ó am go h-am. Do bhiadh teinneas croidhe ort le n-a léigheadh. Is gnáthach príosúnaigh do ghabháil i mbruighin. "Cad do dhéanfam leis na ceithre príosúnach seo," ars an saighdiúir. "Tá an t-ordúghadh soiléir go leor," do ráidh an ceannphort agus sgaoileadh piléir thríd an gceathrar. Léighmíd go raibh príosúnach nó dhó ar a nglúnaibh uair eile ag iarraidh coimirc d'éis géilleadh, tháinig saighdiúir ar aghaidh gach duine acu amach i nearracht troighe dhóibh, lingeann leath an phlaoisg sa n-aer, spaigeann an inichinn - goilleann sé orm an bheart bhrean go sgríobhadh, acht chuir Eóin chuige mé. Támuid 'nár gcómhnuidhe i Mainistir mhór annso, fiche míle ó Mhanila, adeir saighdiúir eile cuirfeadh geall adeir sé ná feachaidh an mhainistir móra éideadh na sagairt ar chuid acu agus céad coinneall ar lasadh ar an altóir. "Cá bhfuil na sagairt?" adeir an leightheóir leis féin. Táid siad amuich ar na machairibh ag cur 'na h-ola ar na Filipíneachaibh bochta atá ag fagháil bháis d'éis na chatha. Féach ceann acu. Adeir saighdiúr go mórbdhálach, chonncamar sagart ag druidim thríd i nduilleabhar i measg na bhFilipíneach ngonta sgaoile- amar air, bhí ocht liathróidí fichead na chorp agus a dhaosgar sluagh pioc níos measa. Féach na bailtí fá theinidh na Fhilipínigh da ndóghadh istigh ionnta mar ní leigfeadh na hAmeriocánaigh amach iad. Dhá mhíle duine - mná agus páisdí ag siubhal rómpa agus ag gol le h-ocras. "Is mar mhaithe libh do thangamar 'nbhur measg," deir bráthair Seón. "Táid siad aineolach, muinfidh na hAmeriocánaigh iad" adeir Eóin Ua Cathail. "Go saoraidh Dia sinn ar fhóghluim má's í sin an saghas ruda í. Cloisimíd gur cheannuigh na hAmeriocánaigh iad nos scata caorach ar ceithre mhilliún punt. Cia dhíol leo iad? Na Spainnigh? Bhí na Spáinnigh tiomáinte acu isteach go Manila agus go bailtibh puirt eile nuair do tháinig an tAmeriocánach 'na measg. Shaoileadar gur cara dhóibh Mac Fhionnlaoigh, throideadar go cródha le n-a chois agus cuireadh an ruagadh ar na Spáinneachaibh acht do réir an Fhilipínigh "dearbhráthair do Thadhg Dómhnall." Conán Maol
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services