Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Seán Ó Gadhra, File.
Title
Seán Ó Gadhra, File.
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1905
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
SEÁN Ó GADHRA, FILE. I. Tamall ó shoin agus me ag dul tre leabhraibh "Stowe" i nAgadaimh Ríoghmhail na hÉireann do bhuail umam ortha leabhar ó Chúige Chonnacht n-a bhfuil roinnt dántá is amhrán a cheap Seán O Gadhra éigin. Do chuir feabhas a ndéanta iongnadh orm agus dubhart liom féin gur chóir iad a chur i gcló. Tá an chéad cheann i gcló annso agus leanfad ortha go dtí go gcuirfar críoch leo. Dálta an leabhair féin, tá timcheall deich leathanaigh is cheithre fichid ann, den tsaghas go dtugtar quarto beag air. Tá sé áirimhthe ar dhornlaigh leabhar de chuid Stowe, agus I. IV. I. mar chomhartha air. Sid é brollach an leabhair: "Me vero primum dulces ante omnia Musae Quarum sacra fero ingenti perculsus amore." Oibreacha no an chuid is oirdheirce agus is foghlumtha de shaotharaibh Sheáin Óig Uí Ghadhra, (file agus) fallsamh. Ar n-a gcur i n-eagar agus i n-órdughadh, maille leis an deachtughadh dilis (na) Gaoidheilge gan chlaochlódh; le Ruaidhrí Mac Diar- mada, Anno, 1758. Hibernae gentis, nativo idiomate scripsit Res gestas, leges, carmina et historias. Ní fuláir nó scoláire maith Laidne do b'eadh Seán Ó Gadhra mar is é an chéad rud a chuireann Ruaidhrí síos n-a leabhar ná aistriughadh a Gaedhilg i Laidin do rin Seán ar "An áil libh seanchus Shíol gCéin" duain tseanchuis do scríobh Tadhg Dall Ó hUiginn. Do chuir Séamus Ó Gadhra, A.B., éigin Béarla air. Tá Laidion is Béarla, gach re leathanach ann, agus mar sin anuas go dtí leathanach 22. N-a dhiaidh-san tá tosach ar an dán thíos, "Tuireadh na Gaedhilge agus Teascus na hÉireann," agus tá a chríoch ar leathanach 30. Ní dóigh liom gurab é Sean Ó Gadhra a scríobh an roimh-rádh. B'éidir gur ab é Ruaidhrí Mac Diarmada féin a scríobh é. Foríor tá roinnt leathanach i n-easnamh ar an leabhar, agus fágann soin sinn gan críoch an roimh-rádh is gan tosach an tuirimh féin. Níl sé i n-éin leabhar eile san Aga- daimh, nó má tá, níl sé áirimhthe ar Chlár Uí Chomhraidhe. B'éidir go bhféadfam é fagháil i náit éigin fós. Badh mhór an chreach an beagán atá i n-easnamh a bheith caillte go deóidh. Scríbhneóir deas is eadh Ruaidhrí acht is dóigh liom go raibh cairt mhaith roimhe is é ag scríobhadh, leabhar Sheáin féin b'éidir. I gConnachtaibh curtar "uíu" (abair) ar an dáfhoghrach "ao" acht go minic ní thagann "uíu" le fuaim cinn líne mar tá "é" i gceann na línte tríd síos. Gach tráth thuiteann so amach cuireann Ruaidhrí "ae" i n-ionad "ao;" nior mheasas-sa gur chóir dam atharrughadh a dhéanamh air, agus, leanas-sa do litriughadh Ruaidhrí. Tá roinnt nótaí i Laidin is i mBéarla ar imeall na leathanach ag Ruaidhrí. Gheobhthar san ngluais thíos iad. TUIREADH NA GAEDHILGE AGUS TEASTUS NA hÉIREANN. Do gríosuigheadh an file oirdhearc fogh- lumtha Seán Óg Ó Gadhra, ón gCnoc Reamhar, go mór-mhór do-chum an Tuiridh seo do dhéanamh, darab ainm Tuireadh na Gaedhilge agus Teastus na hÉireann, de bhrigh go bhfuil teanga chomh hoirdheirc sin leis an Ghaedhilg fo mhí-mheas, ní hé amháin ag Gallaibh acht ag aithreachaibh dílios na Gaedhilge féin, mar atá na Gaedhil bhunadh- sacha, nach bhfuil n-a nGaedhil acht i n-ainm amháin: oir ní Gaedheal ceart éinneach muna scríobhfaidh, léighfidh, agus muna dtuigfidh sé Gaedhilg. Acht mar tharbh mhaol gan
scéimh na n-adharc nó mar chrann i lubhghort gan toradh maiseamhail áluinn mar ba dhual agusc. Mar sin don Éireannach do thréigeas a theanga dhíleas féin agus do thóg- bhas a urbhul (?erball) go huailmhianach go tíortha eile ag foghluim teangtha choigchrích- each, agus atá fós anbhfann anbhfiosach i n-a bhéarla dhílis féin. Amhail adeir Buchanan le Rígh Séamus I. Ag seo suim a-ndeir leis i n-a litir chuighe gus an bhFrainc: "Tu vis otium aliarum gentium res gestas ad radium scrutari, et omnino domi peregrin- ari, etc". Iodhon: "Tá tú ró-léigthe chum bheith feasach forusta i ngníomha táscamhla chinnte (?chineadhach), acht fós a bheith aineólach san mbaile, .i. in do teangaidh féin." Féach mar imdhearguigheas an t-ughdar barántamhail deagh-mheasta so an rí mór oirdhearc cumhachtach, agus fós lán-fhogh- lumtha .i. Rí Séamus, fá mar do bhí ag tréigean a lingue dhílis, i nAlbainn Ghaedh- lach i ndáil teangtha aisteartha. Mar sin imdheargthar Éireannaigh do thréigeas a lingue mháithreamhail, agus luigheas le teangaidh eile roimpi, go cruaidh le Seán Ó Gadhra, le Dochtúir Céitinn, agus le drong eile d'ughdaraibh barántamhla. Ní áirimhim iomad de phearsanaibh Eagailse, théid fo'n bhFrainc, fo'n Spáinn, fo'n Eadainne, agus fo chríochaibh éagsamhla na hEórpa, ag staidéar agus ag foghluim diadhacht, agus feallsa, thigeas chugainn a bhaile go bláthmhar seascair amhail nathair nimhe do theilgeas a shean-chraiceann san Samhradh dhe agus do chuireas craiceann nuadh san nGeimhreadh air. Mas sin don druing seo; caillid a sean-chóta .i. an t-iarmhar beag den Ghaedhilg do bhí tre bhuntáiste labhartha aca, agus tógaid in' áit, broscar beag de theangthaibh eile nach fearrde iad féin ná sinne. Coinghibhid an phobul i ndorchadas, oir d'easbhaidh na Gaedhilge oireamhnach ní chraobhscaoilid an soiscéal iná nidhthe eile oireamhnach dhon nídh ar a mbíd ag trácht, agus sin féin mar dheora fola ó n-a mbéal mar bhíos an tobar dar chóir a bheith ag gnáth-fhliuchadh le teagasc subháilce agus críostamhlacht, múchta tachttha d'easbhaidh teangadh choitcheann na tíre, .i. an Ghaedhilg liteardha. Chuir an t-ughdar mar an gcéadna ins an réim seo na … (Lacuna san lscr annso.) Nár thaistil acht mír den tír ar éan- chor, Nár léig is nár scríobh síos i nGaedhilg Cambrens, Camden, agus Ushérus, Buchanan, Stanihurst, is Boétius, 5. Do chlaoidh go saothrach a mbréaga Mar is follus i nDíonbhrollach a shaethair. Do rin Cambernsus Eversus an nídh céadna, Seán ó Luingsigh ó Thuaim, an Cléireach; Do chuir Céitinn gan claen i n-a shaethar 10. Mórdhacht is cródhacht a laechradh, Na catha do fearadh ar gach éan- chnoc, A bhfoghluim, a gcomhroinn 's a bhféile, A nEaspuig is cealla na Cléire, Iomad a naomh, is lóin a héigse, 15. Seanchus a huaisle suas tar 'éis sin. Sir Séámus Ware, sás da dhéanamh, Do scríbh i Laidin Stair na hÉireann, Gach gabháltus is fearann a laochradh, Gach mainistir, is talamh a dhéanta, 20. Gach ord dá raibh foirbhthe i léigheann, Gach easpog is talamh a shéde
Is gach giúistís fuair umhlaidheacht i nÉirinn. Do chuir Colganus, do bharr ar gach éan-stair, I Laidin a leabhar go gléasta; 25. Gan acharann gan leathtrom a dtéarma, Mar bheadh sruth mín nach caol 's nach éadtrom Ag sile go domhain gan torann a dhéanta. Do scríobh beathaidhe Phádraig is Chuilm na féile Is Brighde an righ-bhean naemhtha. 30. Is fada bhí taisteal an Chléirigh Ar feadh gach paráiste i bhFionn- chlár Éibhir. Níor fhág cill ná tuath ná cuas gan fhéachain, Beatha a naoimh is díon a chléire, Na gabháltais is seachráin a féinne, 35. Seanchus amhra agus réime; Is do chuireadh ghluais ar chruadhas a saethair Go mbadh mór a shaothar ó aois a chéibhe Ag scríobhadh síos go hais a laethe. Do chuir Peadar Bhailis an teangthach tréitheach 40. A stair go maiseach i mBéarla: Gabháltus Pharthaláin an chéad-fhir; Clanna Neimheadh 's a gcineadh tar 'éis sin; Fir Bholg na gcolg bhfaebhrach; Tuatha Dé Danann, do b'acmhuinneach laechra; 45. Is Clanna Míleadh tháinig i dtír ar éigin. Mac Cuill Mac Ceacht is Mac Gréine, I gcath Tailtean, le gaisceadh na dtréan-fhear Éibhear Fionn Ír is Éireamhon, Lámh ar láimh an seisear féinnigh, 50. Is do dhíbir as an ríoghacht a bhfréamha; Na trí ríoghna do bhí ag na laechraidh Banba mhórdha Fódla is Éire Thug a n-anmanna ar thalamh na Féinne. Do scríobh go cumhra an t-ughdar céadna 55. Beatha na ríghthe síos gan claenadh, A heaspuig is ceannus a cléire Ó Phádraig anall gus an aimsir dhéidheannaigh; Is do bheir Oileán na Noamh ar Éirinn; Is do lean a stíl mar Dhochtúir Céitinn. 60. Is i gConnacht(a) bhí an chuideachta dhéidheannach Bhí cumusach i dtuigse na Gaedhilge, Do chruinnigh gan tuirse gach saethar, Is do scrúdadh na hughdair go freámha: Ruaidhrí Ó Flaithbheartaigh scathmhaire an léighinn 65. Tadhg Ó Roduighe, scoluidhe tréith- each, Is Seán Ó Gadhra nár sháruigh éan- stair I Laidin i Scoitic ioná i mBéarla; Raibín ceanntrom ná meamrum aesta, Na litir láimhe dar tairngeadh, i n-éan-both, 70. Cros ná nod ná locht uirléighte, Ceann fá eite do cheileadh an cléireach, Ná corughadh litre ar son a chéile, Sithrann gan mhaill i gceann a chéile, Dubhtháin Fiontáin is féineachus, 75. Do bhí a bhforus focal ag scoradh gach téarma, Má's Gréigis teann nó Eabhra a fhréamha,
Béarla teibidhe filidhe is féine Is Béarla gnáthach atá ar fuid chlár na hÉireann. Is fíor gur teanga aosta an Ghaedhilg 80. Ó aimsir an Tuir, mar scuir na féinnigh, Is do chuir a chumasc an chuideacht ó chéile. Do b'é Gaedheal mac Eathóir, fileóir tréitheach, Do chuir scoil scathmhairí ar mhachaire Shéanair Is do shaothruigh amach an Teanga Ghaedhilge. 85. Do chuir an triúr as Connacht mar an gcéadna Fios na n-aistí fá ghaistí géara; An dá Rannaigheacht, Deibidhe is Séadna, Casbhairn, Droighneach is Rytémus, Óglachus leanas gach aiste gan saethar, 90. Acht uaithne is amhus, chaithfeas a dhéanamh. Béimeanna an dána nach áil ar éan- chor, Adhmud is duain is stuaim na saethar, S an comhad cumra rún na hÉigse. Duain leanbaidheacht, duain mholta, duain réidhte. 95. Duain chumainn, duain tseachuis gan chlaenadh, Duain deirigh saothair i gcrích an léighinn, Fearacht urlár i mbí compráid idir éigsibh, Is marbhna tar aimsir an éaga, Cro cumuisc i gcumus an tsaethair, 100. Iardhamhnacht bhíos i gcrích an Réama, Aoir, chuireas daoine i n-éagcruth Is thógas builg go borb ar éadan. Ogham, ainm an óigfhir do shaothrúigh Ogham cuill consaine is craebhe, 105. Ogham puinc is ogham éandha, Ogham labhartha i gcantar uirléaghadh Is ogham dúbalta ón ughdar chéadna. Níor chóir dí-mheas ar shaoithibh na hÉireann; Do bhí siad mórdha cródha is tréitheach, 110. Is bronntach ag rannadh na féile. Bhí slabhraidhe óir i gcóir na laechradh, Ór ar cholg is ar bhord na scéithe. Do bhí gach ríoghan líomhtha gléasta Is fleasc óir fá bhórd a céibhe, 115. Péarlaidhe is oscur go brollach gléigeal, Síoda is sróll go leór ar gaethradh, Is bródáil óir go bórd gach séama. Ní caipín, ná aibíd na cléire, Ná funnsa iarainn (aniar) in a n-eadaigh, 120. Ná hata mar bheadh ar chailligh aesta, Na gruag thacair i leabaidh na céibhe, Ná ag fiadhach le Diarmaidh na féinne Mar a bheadh geilt, ón sceilp go chéile; Acht saitín bhíodh ar chailíníbh Gaedhlach, 125. Geanmnaidhe cráibhtheach lán den fhéile. Chuireadar nós na bhfear ar scaith a n-éadaigh, Acht bríste rugadh go mnaoi an mhéire, Is do chuir sí smacht gan a shamhail do dhéanamh; Is go mbadh ceart do mhnaoi bheith fíor dá chéile, 130. Gan costuighe a n-ogthidhe fíon ná taedhradh; Is ó ghéire an smachta do scaip na méirdrigh. Do bhí fíon go líonmhar i nÉirinn, Tortha go leór, feóil is éanlaith, Plúr go húr ag na féinnigh;
135. Bhíodh luingeas ar imeall gach céibhe Imirt is ól ar bhórdaibh éadain, Buadhbhall, orgáin is bunnán séise, Aois dána agus clársach i n-éan- ghuth; Bhíodh fiadhach i ndiamhair na sléibhte 140. Is marcaigheacht ar eachraidh gléasta, Diallaid órdha, is ór na sréantaibh, Is lásaí óir fa bhórd an tséama. Bheiridís ór is cíos as tíortha tréana; Do bhí airgead i nAirgead-ros dá dhéanamh 145. Is i n-áitibh eile ar fuid na hÉireann Gidh falamh tá an aicme go déidh- eannach. 'Sé an Dia bhí an uair sin, an Dia céadna: Do bhí na hóigfir ag foghluim tréithe; Bhí colláiste i gCaiseal, i dTeamhair 's ar Mháigh Shléachta, 150. Is i nÁrdmacha do bheannuigh na cléirigh, I n-a raibh Laidean Scoitic is Béarla Teagasg ríogh agus dlighe na hÉigse, Canóin is seanmóir na cléire: Scoláirí go leór thar bóchna baegh- laigh 155. I muigheo fuair bórd is saeirse. Ó tháinig Naomh Phádraig go hÉirinn Do thug leis tar bóchna go leór cléire, Is do bheannuigh an talamh go naemhtha. 'Sé Laoghaire ba rí ar Éirinn. 160. Is rí Mumhan, an cumusach Aenghus Mac Natfraoich, de shíol Éibhir, Do ghlac baisteadh is beannacht ón Éarlamh. Do bhí teagasc na Laidne ar fuid Éireann, I n-oilein mara 's i mbaile réidhte; 165. Oileán na Naomh a stíl go déidheanach Tre mhórán díobh bheith líomhtha naomhtha, Is níl talamh go cathair Bhiénna Nach bhfuair fearann le mainistre- acha a dhéanamh Is le teagasc na dteangtha go saethrach. 170. Do bhí na draoithe is saoithe na Gaedhilge Dá cur i gcumus, 's do b'fhurus an céim sin: Do bhí sí líonmhar líomhtha is aesta; Do bhí sí frasach i n-eachtra 's i scéalta, I bpuilpíd, i bhfilidheacht 's ag béirse. 175. Tá céad aiste fa seach ag an éigse Le dán díreach is laoithe do dhéanamh, Tomhus siollaí is cúl-uaim dhéidhean- nach; Ní feasach i Laidin ná i nGréigis Leath riaghlach le riama na Gaedhilge, 180. Maighdean ag a bfnil a saidhbhreas déanta; Ní thug is níor ghlac malairt téarma, I litir dar casadh, sé an deachtughadh céadna. Dáimh ná gaol lé draoi den éigse Ní raibh ag na hughdair dubhradh san réim seo 185. Do scríobh gan chlaon ar Ghaedhlaibh, Acht uaisle is stuaim na dtréan- fhear. Ní mhaireann acht aon de na saoithibh céadna, Seán Ó Gadhra, atá gan éitir Mar Oisín liath i ndiaidh na féinne, 190. Ag cur díona ar shaothar na bhféinneach
Is ar a marbhna gan dearmad déanta. Ó tá na staracha i Laidin 's i mBéarla, Beidh na saoithe dá gcaomhnadh i Gaedhilg; Is bíodh an duais ag Luain na n-éigeas, 195. Ta fios chia hiad i n-iathaibh Éireann. Guidhim gach duine chluinfeas mo théma Cuireadh Pater Noster qui es in coélis Le m'anam do shéanadh na péine Tá so críochnuighth' is finem feci Gluais. Roimhradh: - Do gríosughadh, was incited,urged. An Cnoc Reamhar. Tá dhá Chnoc Reamhar i gCo. Mhuigh Eó, agus ceann eile i gCo. Slighigh. Is dóighthí gurab é an C.R. i gCo. Sligigh an áit i n-ar chomhnuigh Seán Ó Gadhra. I gCúil Maoile is eadh chomhnaidheadh Ruaidhrí Mac Diarmada. Gaedhil bhunadhsacha, the original Gael. Go huaillmhianach, arrogantly. Suim a ndeir sé, the substance of what he says. Ro-leigthe, too prone. Forusta, well versed. Imdhearg(uigh)im, I rebuke. Lingue, Lat. lingua, i., teanga. Pearsa Eaglaise, an ecclesiastic. Tá ár gcara buille beag daor ar eaglaisigh a chomh-aimsire. Do b'éigin do dhuine Éire d'fhágaint an uair úd má theastuigh uaidh foghluim i síth, is Uird Bheannuighthe do ghlacadh. Eadainne, Eadáil, Italy. Feallsa, philosophy. Nathair nimhe, a serpent. Tré bhuntáiste, through having the advantage of speaking it. Ta mór-chuid dá leithéidí ann fós, daoine go bhfuil sí aca go maith is gur beag é a meas uirthi. Pobul is masculine in Munster. Neamh-sciamhach, bereft of beauty. Liteardha, literary. The writer's own style is "Liteardha," and shows traces of Keating. Line I. - Mí, a portion. This dán probably opened with references to Keating, his life and works. and mayhap Mac Firbis and the Four Masters. I hope we shall be able to procure the missing portion. It is not at all unlikely that some Connacht Seanchuidhe may have a version of it. Perhaps our WESTERN READERS WOULD KINDLY enquire. 3. - Cambrens, agus rl. The poet here refers to Keating's refutation of Cambrensis, Camden, &c., in his Dionbhrollach to Forus Feaas ar Éirinn. 5. - Do chlaoidh, he refuted. 7. - Cambrensis Eversus. "2nd (author) Mr. Lynch of Tuam. The hd. of his work." R. Mac D. Do rugadh an tAthair Seán ó Luingsigh san nGaillimh timcheall na bliadhna 1599. D'ordnadh n-a shagart é timcheall na bliadhna 1622. N-a dhiaidh-san bhíodh scoil fé n-a riar, is cáil mhór léighinn air. Dheineadh Árd-dheacánach dhe i dTuaim agus do chomhnuidheadh sé i sean-chaisleán Ruaidhrí Uí Chonchubhair san gceanntar soin. Ar ngéilleadh na nGaillimhe d'arm na Parlimint san mbliadh- ain 1652, b'éigin do teicheadh. Chuaidh san bhFrainnc, agus do chomhnuidheadh i dTuaisceart Bhreatan na Frainnce, mar bhfaghadh deóruidhthe ó Éirinn treóir is congnamh puiblidhe an tráth úd. Fuair sé bás i San Malo (?) roimh an mbliadhain 1674. Seo cuid dá shaothair: - (1) Aistriughadh ar "Forus Feasa ar Éirinn" i Laidin. (2) Cambrensus Eversus, .i. Treascradh Chambrens, one of the most valuable works on the History of Ireland," arsa ughdar éigin. (3) Beatha a Oncail Dochtúir Ó Ciardubháin Easpog. I Laidin do scríobhadh sé i gcomhnuide. 8. - Cléireach, igh, m., a clergyman. 12. - A gcomhroinn, their divisions of land. 13. - Cealla, churches. 16. - Sir Séamus Ware, "Sir James Ware, of his works a Summary." R. Mac D. Rugadh Sir Séamus i mBaile Átha Cliath san mbliadhain 1594. Chuireadh i gcomhnuidhe suim i seanchus is i rudaíbh ársa na hÉireann. Bhí aithne mhaith aige ar Dhubhaltach Mac Firbisigh, agus fuair uaidh mórán eóluis i dtaobh staire na tíre seo, agus móran láimhscríbhinne. Tá roinnt díobh-súd san mBritish Museum fé láthair, agus an chuid eile san mBodleian (Rawlinson) in Oxford. Scríobh sé ana-chuid leabhar, i Laidin, ag baint le seanachus is le sean-dálaibh na hÉireann. D'éag san mbliadhain 1666. 20. - Foirbhthe, perfected. 21. - Séde, Lat. Sedes. Generally spelled séata (s broad). 23. - Colganus. "This C-s (Colganus) was a regular of the m-y (monastery) of D-l (Donegall)." R. Mac D., Ughdar "Trias Thaumaturga" (1647), agus "Acta Sanctoram" (1645). Fear mór seanchuis do b'eadh é. D'éag timcheall na bliadhna 1657.
25. - A dtéarma, .i. ré na nGaedheal. 31. Fionn-chlár Éibhir, the Fair-plain of Eibhir, i.e, Éire. 33. - Gan fhéachain, without searching. 34. Seachrán a féinne, wanderings of its heroes. 35. Seanchus amhra, noble history; account of its literature. 36. Gluais ar chruadhas, gloss on its difficult portions. 37. Aois a chéibhe, (?) man's estate. 38. Aois a laethe, (?) aois a léithe. 39. Peadar Bhailis, "Peter Walishe." R. Mac D. Bráthair d'Órd San Phróinsias b'eadh Peadar Bhailis. Rugadh é timcheall na bliadhna 1618 ag Mooretown, Co. Chill Dara. Fuair a thabhairt suas san Lubháin. San mblidhain 1646 tháinig go hÉirinn is chomhnuidheadh i dTigh na mBráthar i gCill Choinne. Fear mór aighnis do b'eadh é. Do mhair sé i ré Chonnradh Chill Choinne is ní beag an pháirt a bhí aige ann. Bhí sé ar thaobh an Iarla Urmhumhan is i gcoinnibh an Nuncio Rinnuccini. D'éag i Lunndain 1687. 44. - Do b'acmhuinneach laechra, whose warriors were mighty. 45. - Ar éigin, with difficulty. 51. Ríoghna, .i. bainríoghna. 59. A stíl, his style. 63. Do scrúdadh, who studied, examined. 64. Ruaidhrí Ó Flaithbheartaigh, .i. Ughdar "Ogygia," "Iar-Connacht," agus rl. Bhíodh coidreamh ag Seán Ó Gadhra leis. Nuair tháinig "Ogygia" amach ar dtúis i gcló chuir Seán dán ag triall air ghá mholadh. 65. - Tadhg ó Roduighe, file agus fear léighinn. Deir Ó hÁrgadáin gur rugadh Tadhg san mbliadhain 1623 i gCo. Liathdroma le hais na háite n-a dtosnuigheann an tSionainn. Bhí aithne aige féin is Seán Ó Gadhra ar a chéile. Fuair bás, do réir Uí Argadáin, timcheall na bliadhna 1706: Irish Minstrelsy. II. 429. - Scoluidhe, fear léighinn, scholiast. 67. - Scoitic, (?) Sanscrit. 68. - Raibín ceanntrom, (?) an ancient style of writing. 70. Nod, a contraction in writing. Uirléigheadh, a composition. 71. Ceann fá eite, a mark used in older MSS. 72. Tá an file ag cur síos ar a thréithibh féin annso, ar a fheabhas chun nod a léigheamh, is ar a eólus ar bhéarlaí na sean-Ghaedhilge. Fágam faoi féin iad. 80. An tur, .i. Tur Nimrod. 81. A chumasc, "Confusio linguarum." R. Mac D. 82. - Fileóir, fear léighinn. 86. Gaiste, a trap, snare (?ba ghaistí géara). 87. - An dá Rannaigheacht. "Varia esse apud Hibernos carminum genera ostendit poeta." R. Mac D. The poet enumerates some of the ancient metres. See the Introduction to Amhráin Chéitinn. Rytémus, rhyme, (?) stressed metres. 94. Duain leanbaidheachta, poem on a person's birth. He gives a summary of different kinds of com- position usual amongst the poets, and of Ogham or occult method of writing. 101. - I n-éagcruth, deformity, mortal terror. 102. Builg, blisters, blotches. 108. - Níor chóir, "Non omnino sunt contemnabiles mag- nates Hibernenses." R. Mac D. 112. - Colg, .i. claidheamh. Bord, rim. 114. - Fleasc, wreath, band. 115. - Oscur, (?) necklace, ornament. 116. - Ar gaethradh, flowing with wind. 117. - Bródáil, embroidery. 118. - Caipín : "The poet's reflections on the English modes in general." R. Mac D. Aibíd, dress, habit. 119. Funnsa, a hoop. 121. - Gruag thacair, false hair. 123. - Ón sceilp go chéile, form cleft to cleft. 125. - Geanmnaidhe, chaste. 126. - Ar scaith a n-eadaigh, on the cut of their dress. 130. - Ní thuigim an líne seo. 135. - Ar imeall gach céibhe, on the brink of every quay. 137. - Buadhbhall, -aill, m., a trumpet. Bunnán séisc, (?) clarionet. 138. - Aois dána, poets, songsters. 139. - I ndiamhair, in the recesses. 141. - Sréantaibh, metric for sriantaibh. 143. - Bheiridís ór, "Vide Quintum Centimachum, Davidem Fiacharium aliosque, quibus magna pars Europœ Occidentalis suberat." R. Mac D. Tá súil agam go n-aithneoghfar Conn Céad-chathach agus Dáithí mac Fiachra fé n-a gcaipín Laidne. 144. - Airgead Ros, ar an bhFeóir i nUíbh Duach Osraighe, i dTuaisceart Cho. Cill Choinne. 153. - Canóin, Canonical law. 155. - "A Mhoighéo" san lscr. "Tempore quo floruerunt Hiberni antiqui, gymnasia plerisque locis in Hibernia presertim Mo. gratis tum Hibernis tum aliis ex gentí- bus peregrinis data." R. Mac D. 162. - An Éarlamh, the Noble one. 165. - A stíl, its name. 168. - Nach bhfuair, .i. nach bhfuair siad ann. 171. - Do b'fhurus an céim sin, that was an easy matter. 174. - I bpuilpíd, in oratory. Béirse, (?) versifica- tion. 176. - Dán díreach, the old metric system. [Tuilleadh ar leathanach 720.
177. - Cúl-uaim, (?) end-rhyme. 179. - Riama, .i. réma, rhyming. 180. - A saidhbhreas déanta, whose wealth is stored up, ready. 181. - Malairt téarma, exchange of terms. 182. - An deachtughadh céadna, the same teaching, law. 183. - Dáimh ná gaol, that is, the authors who have been mentioned in this discourse did not belong to bardic families, nor had they the bardic gift (dáimh). 186. - Acht uaisle, but the rank and purpose of brave men. 188. - Gan éitir, without strength. 190. - Ag cur díona, covering, preserving. 192. - Staracha (Munst. startha), stories. 193. Da gcaomhnadh, guarding, protecting. 194. - Luain na n-éigeas, offspring of the bards. Luan, son, a champion. 196. - Mo théma, my theme, subject. 198. - Le m'anam do shéanadh, that my soul may escape. Tá "Mr. Gara," .i. Máighistir Gara, thíos i ndeir- eadh an dáin, agus ag bun an leathanaigh an nóta so: "Ruadhrí Mac Diarmada do scríobh an tuireadh so, indiu an 25 Lá dAugt. 1758."
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services