Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An Déirc dá hIarraidh.
Title
An Déirc dá hIarraidh.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Composition Date
1904
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
AN DÉIRC DÁ hIARRAIDH. Badh shuairc agus badh shultmhar an aiste do b'éidir a scríobhadh ar chúrsaí lucht na déarca d'iarraidh. Acht má theastuigheann greann agus sult dáríribh uainn ní mhór dul siar céad éigin bliadhan. B'in é an uair n-a raibh bacaigh oilte déarscnaite againn. Céird fé leith do b'eadh "Bailiu- ghadh" an uair úd, a dhuine. Agus an bhean tighe ná fuigheadh innti paidir bhacaigh do fhreagairt, ba dhi badh mheasa. Do léigfidhe na liodáin urthi go deas-bhéalach agus go bearrtha. Ní hamháin go raibh bacaigh againn an uair acht bhí treabha éagsamhla dhíobh ann chomh maith. Bhí bacaigh uaisle againn agus bacaigh ísle. I gCúige Mhumhan pé scéal é tá sé ráidhte go raibh saghas connradh nó Trades' Union ar bun eatortha. Bhí uactaráin agus leas-uachtaráin ortha agus ní fuláir nó bhí dlighthe áirithe ceapaithe aca chun a n-ealadha bheathadh a riaghlughadh dá réir. Ar an gcuma so do b'éidir dóibh ana- chuid rudaí a dhéanamh ná beadh sé ar a gcumas iad a chur i gcrích i n-éaghmuis an chonnraidh ghreannamhair úd. Ní fuláir nó uachtarán nó fear mór-chómhachta b'eadh "Bacach Buidhe na Léige" eatortha. D'airi- gheas féin teacht thairis go minic. Saghas file do b'eadh é, nó b'éidir gur "bárd" badh chóra dham a thabhairt air, mar bhí sé go diail chum bárdaidheacht. Is cuimhin linn go léir an aoide a bhagair sé ar an mnaoi tighe ná tabharfadh "prátaí i scéith dhó, nó uibhe na circe léithe." Dó gheall sé dhí "a mhaidí croise" a leigean de "is a cheain- tíní go léireach" is í féin a phléascadh "fan a béil uaidh anonn."
Seo giota eile as eachtradh éigin do theangmhaidh dho "Bhacach na Léige." AN BACACH: 'S a bhean an tighe shéimh Cuir an déirc amach chun an daill Olann nó líon Nó píosa dhen tsoill as an aighean Nó scilling den chíos Mar chíonn Mac Muire san adharc Is ná cuirfidh tú crích air Choidhche ní b'fhearra 'ná a roinnt. BEAN AN TIGHE: 'S a Bhacaigh na Léige Léig-se feasta dhet rann Bhí do bhean annso indé Is taoi féinidh annso le n-a bonn. AN BACACH. Tá mo bhean i gCoill Aodha Go tréith agus leac le n-a ceann Is dá chomhartha-san féin Tá mo léintín dubh ar mo dhrom. BEAN AN TIGHE. Tá mo líon-sa sníomhtha Mo phíosa in' anairt san tseól. 'S tá mo chuid olna go léir Ag an aonach indiu i gCill Úird Ní rug an chearc mhaol Is ní'l laogh ag an ndruimfhionn donn óg 'S ar do chasadh dhuit, glaéidh, Beidh déirc i n-aisce agam romhat AN BACACH. 'S ar mo chasadh dham ghlaodhas Bhí déirc i n-aisce aici romham Rug an chearc mhaol Is bhí dosaon de sna uibhe aici im chóir D'itheas iad go léir Agus léigheas mo shailm di i gcóir Is bhí bean an tighe shéimh Go buidheach beannachtac n-a dheóidh. Tá sé ráidhte i leith Dhiarmada na Bol- gaighe, nuair a bhí sé druidithe go maith san aois agus a bhean san uaigh, gur thóg n-a cheann pósadh arís. Bhí a mhac le fada pósta agus clann óg ag fás do. Níor thaitn leis an mac go mbeadh Diarmaid ag cuimh- neamh ar phósadh arís agus d'éirigh díospóireacht eatortha. Bhí an mac dá chasadh le Seana- Dhiarmaid ná féadfadh Diarmaid é féin agus a bhean a chothughadh. Dubhairt Diarmaid go raghaidís ag lorg na déarca, agus gur dóigh leis féin go mb'fhearr mar chéird é 'ná céird a mhic. Seo mar a thuit sé amach do réir an amhráin: DIARMAID: Fachtar dam mála láithreach is imtheoghaidh mé liúm Ceanastar stáin agus cána go mbeidh biana n-a bhonn Gheobhad ó thuaidh chun chun Uíbh Ráthaigh 's ar ráiseanna fairsing Bh'le Áth Ubhal Agus siúd uait san tsoláthar an rábaire bacaigh ón Mumhain. MAC DIARMADA: Ná himthigh tá an Márta 's an ráithe dubh earraigh seo chughainn. Beidh an rótha fét bhálthaí 's an bháisteach ag stealladh ar do chúl Beidh runadh let chába agus ghráin ar do leacain le clúmh Is nach mór an fonn ráis ort e a rábaire bacaigh ón Mumhain. DIARMAID: Ní fhanfad-sa lá agat a spágaire chrapaithe an ghúit
Is dealbh é t'ádhbhar ní'l sáith do thrí lachain it chúil Táid do páistí ag gárthaigh le gábhtar ag sileadh na súl Is siúd uait san tsol thar an rábaire bacaigh ón Mumhain. Mac D.: Ní'l ort éan-tsásamh gan báb a bheith farat san tsiubhal Tá seana-bhean tsásta sa Láithreach dá dtaithnfadh let shúil Anna Ní Fháilbhe do chomáinfadh an madradh let chúl Is nach mór an fonn ráis ort é a rábaire bacaigh ón Mumhain. DIARMAID: Ní phósfainn go bráth aon chánaire caillighe aca súd Raghad ins an áit n-a bhfuil mná deasa a thaithnfidh lem shúil Gheobhad cailín óg bán go mbeidh fáinne agus raca n-a cúl A chuirfidh críoch ar a sholáthar don rábaire bacaigh ón Mumhain. Mac D.: Níl cailín deas bán go bhfuil fáinne agus raca n-a cúl I n-éan-bhaile le fagháil ó Phortláirge go Daingean Uí Chúis Ná fuil iomard no máchal nó bearna bainte as a clú Sara shiubhloghadh sí láimh leat a rábaire bacaigh ón Mumhain. DIARMAID: Raghad ins an gceardchain go Pádraig ar maidin go humhal Déanfaidh sé biorán dam is fáinne dhen bhfaision so ar siubhal Búcla práis do fháisfidh mo bheilt ar mo chum Agus tabharfad mo shlán fén rábaire bacaigh ón Mumhain. Mac D.: Is 'mdhó fear leathan láidir atá le fada san tsiubhal Ó íochtar Phortláirge 's don stair sin go Daingean Uí Chúis Dá mbeadh sé let shála nuair a thráchtair ar ghaisce gan chúis Do theichfá trí ár uaidh a rábaire bacaigh ón Mumhain. Ba ghnáthach le bacaigh an uair úd sailm- eacha a bheith aca. Ar dteacht isteach i dtigh do dhuine aca chromfadh ar a shailm a léigheamh. Is eól dúinn go léir "An Duine Bocht Uasal" agus aiste Dháith de Barra ar aonach Lios gCúil. Sailmeacha bacaigh is eadh iad-san. Bíos ag póirseáil san Acadaimh an lá fé dheireadh agus do casadh an giota so orm ann. Sailm ó Chonntae an Chláir is eadh mar is san gConntae soin do scríobhadh an leabhar i n-a bhfuil sé. 23 G 10, a chomhartha ar an gclár, agus duine dar bh'ainm Séamus Brún ó Chill Mhichíl i gConntae an chláir a scríbh é, san mbliadhain 1807. Seadh, máiseadh. Ní beag soin. Sid í an tSailm: "Go mbeannuighidh Dia agus Muire agus Pádraig, Micheál Aingealdha, Eóin Baiste, Feidhlim Bacach, Colm Cille, an dá Aspol déag, agus Dia Mór na Glóire dhuit, a bhean uasal mhúinte mhall-triallach, agus a ghéag bhuadhach ghrástamhail gan táir gan tarcuisne, a chraobh uachtair na huaisle, a chnú mholta na saoithe, a árd-mhoguil na maitheasa agus na carthannachta. Dar go deimhin is gnúis deag-mhná atá agat. Tá gean agat ar dhia, agus gean ró-mhór ag
Dia ort. Táim féin ag iarraidh cuid na haimsire seo agus na huaire ná táinig fós, dá impidhe ar dhia, ar Mhuire Bhean- nuighthe, ar Mhicheál Aingeal, ar Eóin Baiste, ar naomh-aspoil is ar ainglaibh an Tighearna, bheith n-a gcliaith chosanta, n-a sciaith lúithrigh, n-a gcómhlainn dín, n-a ngárda coinghbhála is n-a n-adhbhcóidithibh oll-bhuadhacha iongan- tacha ar do shon i n-am glanta na spotaí is i léir-chneasughadh lot agus créachta taithneamhacha i láthair an Tighearna, a shiúir na saoithe; dá iarraidh ar Dhia mar an gcéadna do chumhdach agus do tharrtháil ar thubaist ar anachain ar anfhaithe ar anacra ar aicídibh is ar ghalraibh gríobhdha gonta géar-nimhneacha grod-gháibhtheacha na haim- sire seo agus na haimsire eile atá le teacht. Ná tuig, a bhean mhaith, gur sliocht bodaichín ná bodacháin ná smut ar glúin ná torcán cúinne ná fámaire ná blaoscaire ná sutaire ná glugaire atá ionnam-sa. Ní headh go deimhin; duine bocht mise de shliocht deagh- athrach agus deagh-mháithreach, do geineadh as cródh is as ceadhreanna (caidreamh?) búr, as bothántaibh agus groidh-eachaibh is as mall-tréad muc agus caorach agus iomad óir agus airgid agus iol-mhaoine, bíodh go bhfuilim i n-an-chruth bocht mar is léir duit a shiúr na saoithe. Ná tuig fós gur martra bréige ná preab-chuisleann ná léim rúitín ná cor fá iongain ná sál-bhrudha atá orm. Ní headh go dearbhtha acht duine bocht mise n-a bhfuil ocht gcnámha déag ar fhichid de chnámha mo chuirp adhnactha sa teampoll le seacht mbliadhna, is me fein marbhghlic le(ó?) bheith siubhal ag taisteal na gcríoch, ag saothru- ghadh beathadh, ag cotháil an fhíor-iarmhair mar seo i n-an-chruth bocht mar is léir dhuit, a shiúr na saoithe. Tá na hocht mála déag so atá n-a muirear grod gáibhtheach orm-sa ag tnúth le n-a dtach- tadh le do (tréd?) charthannacht a bhean mhaith, mar atá an pucaide 's an pacaide, an rucht- aire 's an rachtaire, mála an taoibh, mála an tuill is mála mór an tslinneáin, mála beag, mála fada, béal binn, glac a bhfuighir; an priocaire, an gliogaire, wallet, satchel, slasher, slios-mhála, round bag, pilib na stiallóg, portmanteau, receiver, bog éille is an butter-box. Éirigh dá réir sin a ghlé-thobair na carthannacht agus tabhair dham meascán ime nó lomra olna nó criathar cruith- neachta nó oireadh caoirfheólach nó breast mairtfheólach nó scilling d'airgead. Tabhair mar an gcéadna mór-mhórnán taidhbhseach de bhán-lacht do mhór-eallaigh dham. Seachain me ar an dhríodar an chíléir chrosaigh nó ar iarmhar an mhaide mheascaithe, nó ar dheasca ghorm-chiumhsaigh an stopaide do thig go mall-triallach as taobh an dubh-channa. Tabhair dam roinnt de bharra bhuidhe na hoidhche agus do-bhéar (tabharfad) turus speisialta ar do shon i Sceilg Mhichíl i gCathair an Dúna i gCill mac Duach i mBaile Bhúirne i nInis Ceall- trach is i ngach ionad eile n-ar dhual mo ghuidhe dhul chun tairbhe dhuit. Tórna. GLUAIS I gCÓIR NA MAC LÉIGHINN. Céad éigin bliadhan, some one hundred years. Déarsnaite, polished, accomplished. Ná fuigheadh innti, that would not find in her, that had not some notion of. Do léighfidhe na liodáin, litanies would be read, i.e., she would be called by curious names. Go bearrtha, satirically. Ealadha bheathadh, a profession, means of existence. Ní raibh ceárd ná ealadha (pron. alaoí) aige, he had neither trade nor profession. Bárdaidheacht, ryhming, "barging."
Ceaintíní, tin cans. Fan a béil, across her mouth. Dá comhartha san féin, "by the same token." Anairt san tseól, homespun linen in the loom. Cill Úird, Kilworth, Co. Cork. Déirc i n-aiste, for nothing, i.e, plenty of. Diarmaid na Bolgaighe, Diarmaid O'Shea, a West Kerry poet of considerable merit. His face got dis- figured from an attack of bolgach, smallpox, hence the soubriquet. See Conan Maol's "Mac Finghin Duibh." Dá chasadh le Seana Dhiarmaid, "throwing it at" old Diarmaid, reviling. Fachtar, .i. faghthas, Imper. Auton., let ther be got. Ceanastar stáin , a tin canister. Uíbh Ráthach, Iveragh, Kerry. The gen. is now Uíbh Ráthaigh. The correct (old) gen. should be Ó Ráthach (?) B'le Áth' Ubhal, B'le Áth Ubhla, Ballyhooly, Co. Cork. The Races of Ballyhooly must have been famous in those days. Mention is also made of them in a song which was composed about a skirmish that happened in connection with the tithe troubles at Gort Ruadh. San stoláthair, .i. ag bailiughadh na déarca. Rótha, reódh, hoar frost. Bálthaí, big deformed feet. Runadh, dropping, spittle escaping from the mouth. Spágaire, a person with club-feet. T'ádhbhar, a small quantity, your "belongings." Farat, in company with you, along with you; from fara and tú. Prepositional pron. The forms faram, farat, fairis, farainn, faraibh are in common use in Munster. In the 3rd sing. and pl. the forms in' fharraidh, i n-a farraidh, and n-a bhfarraidh are used. With possessives fara mo mhnaoi, along with my wife. Sin é fara n-a mháighistir é, there he is along with his master. Láithreach, ainm áite. Raca, a comb, a "rack" for the hair. Iomard, affliction. Emphasis on 2nd syl. in M. Ag póirseáil, seeking, rummaging. Mall-triallach, slow-moving. Cnú mholta, chosen (praised) fruit. Sciath Lúithrigh, a shield of mail. Oll-bhuadhach, most valiant. Léir-chneasughadh, healing fully. Do tharrtháil, to preserve you. Gríobhdha, fierce, grievous. Grod-gháibhtheach, sudden and terrible. Smut ar glúin, tarnished genealogy. Torcan cúinne, a lazy person. Fámaire, blaoscaire, agus c, terms of contempt. Crodh, cattle. Iol-mhaoin, wealth in different shapes. I n-an chruith, deformed. Preab-chuisleann, some disease of the blood (?). Léim rúitín (?), swollen ankles. Cor fé iongain, a "drop" under the nails. Sál-bhrudha, a bruise on the heel. Adhnachta, buried. Marbh-ghlic, benumbed, prostrate, lifeless. Cotháil, cothughadh. Meascán ime, a lump of butter. Oireadh, a joint, a ham. Mórnán, drink from a wooden vessel. Lacht do mhór eallaigh, milk of your many cows. Cíléir crosach, a streaked "keeler" (for holding milk). Maide meascaithe, the mixing stick. Dríodar, deasca, dregs. Gorm-chiumhsach, with a blue border. Stopaide, the "stopper" of the churn. Cathair an Dúna (?), Caher, Co. Tipp. Cill Mc Dúach, Kilmacduagh. Inis Cealltrach, Scattery Island, on the Shannon. Tá a thuilleadh dhe sna "sailmeacha" scaipithe annso is annsúd ar fuid na tíre. Is mór an truagh gan iad a scríobhadh is a chur i gcló. Tá a léithéidí seo "comhgarach dhon bhfód" i dtuairim daoine áirithe. Mhuise nach mór an truagh nach d'earradh éigin eile a chum Dia n-uile-chomhacht sinn, moladh go deó leis. De mholadh Dé ná bí tuirseach, Bíd a ghrásta ag triall go mall; Mealltar Rí Nimhe mar leanbhán, a Dhé ná bí it leanbhán. *** A Mhuire a Mháthair Mhic na ngrás Do shaothruigh Neamh Is d'fhuiling táir is neamh-chion dáil San Éigipt seal Ar ndul do chách go hionad láithreach Lae na mbreath Go hiomlán ón uile chás Sinn saor beir leat. *** Nach bocht an toisc 's an cor n-a bhfuilim i bpéinn, Mo thuigsint óm thoil 's mo thoil ag druidim óm chéill; Ní thuigtar dom thoil gach locht dom thuigsint is léir, 'S má thuigtar ní toil léi acht toil a tuigseana féin. *** Ní cháinim duine 's ní thugaim mo shláin fí aon. 'S má cháinid mise ní thuigim gur nár dham é An tráth bhíd sultmhar ní sultmhaire cách 'ná mé 'S ní'l cáil i nduine nach duine dhen cháil sin mé.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services