Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Aiste ar Bhrian Bhoroimhe.
Title
Aiste ar Bhrian Bhoroimhe.
Author(s)
Ó Laoghaire, Donnchadh,
Composition Date
1904
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
AISTE AR BHRIAN BHOROIMHE Donnchadh Ó Laoghaire Do scríobh. (Ar leanmhaint.) Tháinig anois an mhaidin éachtach úd n-a raibh an Cineadh Gaedhlach chum buille dian do bhualadh ar son a gCreidimh is a ndúithche. Ghluaiseadar anois ó n-a longphort go moch ar maidin agus an laoch groidhe agus an Rí óirdhearc ar a gceann. Bhí sé chum a shluagh do stiúradh san ngleó, acht d'impidh a chlann agus a cháirde air, toisc é bheith chómh haosta gan aon pháirt do thógaint san gcath, acht an príomh-theidioll do thabhairt dá mhac Murchadh. Nuair do thángadar cómhgarach d'áit an choinne, do stad an sluagh agus do shiubhail Brian ó roinn go roinn agus crois n-a láimh aige, chum a chuir i n-umhail dóibh gur i gcuimhneamh an lae sin do fuair ár dTighearna Íosa Críost bás ar a son. D'impidh sé ortha comhrac ar son a gCreidimh agus a dtíre. Thug sé comhartha dhóibh annsoin cath do bhualadh, agus chuaidh féin ar gcúl chum a chábáin. Níor bh'iongnadh gur árduigh Brian croidhthe a laoch groidhe leis na béo- fhoclaibh bríoghmhara dár labhair sé leó n-a rosc-chatha. Aon duine do léigh no d'airigh a rosc-chatha ó pheann an Athar Peadar Ua Laoghaire, déarfaidh nár cumadh caint ó chruthughadh an domhain mar í. Thosnuigh an cath dásachtach anois, fear i n-aghaidh fir, agus do throid na taoisigh ag cliathán a gcuid fear. An tráthnóna roimhe sin chuir Lochlannach dar bh'ainm Platt fógra chum an airm Gaedhlach, go dtiubhradh sé comhrac éin-fhir don bhfear a b'fhearr a bhí aca, agus thóg Dómhnall an Stíobhard Mór suas é. Do léim an Loch- lanach ar aghaidh sul ar buaileadh aon bhuille agus ghlaoidh sé amhach trí huaire: "Cá bhfuil Domhnall?" "Táim annso a chladh- aire," arsa Domhnall. Do comhraiceadar annsoin ós cómhair an tsluaigh, agus thuit an bheirt ar an láthair sin, agus a gclaidhmhte tré chroidhthibh a chéile agus a lámh a i n-acharann i bhfolt a chéile. B'iad na céad ranna do bhuail le chéile ná Clann Chais agus na Danair Allmhurdha. Annsoin na Connachtaigh agus Lochlannaigh Bhaile Átha Cliath, acht ní ró-fhada go raibh an cath coitcheann eatortha. Ó mhaidin go hoidhche do lean an cath gan sos gan staonadh. Thug na Gaedhil togha na haire don mhíle Lochlannach i gcótaibh iarainn, agus níor fhágadar duine dhíobh beó gan blúirí beaga dhéanamh dhíobh, mar nár b'aon chumhdach a sciatha a gcoinnibh tuagh- anna troma Cloinne Chais. Bhí Sitric ag faire ar an ngleó anois ó n-a dhún, agus chuir sé i gcompráid é le buainteóirí ag buaint arbhair. Shaoil Sitric aon uair amháin go raibh na Danair ag fághail an lámh-uachtair ar an muinntir eile, agus dúbhairt sé le n-a mhnaoi, inghean Bhriain, gur mhaith an díol ar na hAllmhuraigh an gort do bhuaint, acht dubhairt sise leis fanamhaint go deireadh an lae agus go mbeadh a fhios aige annsoin cia'r bh'iad na buainteóirí. Deirthear gur dhein Murchadh éirleach ar na hAllmhuraigh agus gur ghaibh sé tríotha trí huaire i ndiaidh a chéile, dá ngearradh anuas ar gach taobh dhe, mar bhí claidheamh trom in gach láimh leis ná fágfadh fuigheal béime n-a dhiaidh. San deireadh do tháinig sé ar Shigurd do bhí ag déanamh éirligh ar Chloinn Chais. Deirthear go raibh bratach aige seo, do dhein a mháthair do le
bárr draoidheachta. Bhí cuma féich dhuibh air agus nuair a shéid an ghaoth, do chroith- eadh sé a sciatháin. Thug sé buadh chum Siguird i gcómhnuidhe, acht duine ar bith d'iomchuróghadh é, bhí an bas i ndán do, acht anois i láthair sluagh Críostuidhthe chaill sé fearta an bhuadha, acht níor chaill sé an mí-ádh do bhí i gcómhair an té go mbeadh sé aige. Chuaidh Murchadh chum cinn agus do mhairbh sé an duine go raibh sé aige, agus bhí comhrac dian idir é féin agus Sigurd. Ghlaoidh Sigurd amach chun Harfin Ruadh dhá rádh leis an bratach do thógaint, acht dúbhairt Harfin leis a dheamhan féin d'iom- chur. Thóg Sigurd annsoin é is chuir sé fé n-a chlóca é, agus d'iompuigh sé thar n-ais ar Mhurchadh. Bhuail Murchadh buille le n-a láimh dheis air, do bhain dhe a sciath, agus leis an láimh chlé leag sé fuar marbh ar an dtalamh é. Ag déanamh amach ar an dtráthnóna thug na Gaedhil ruathar nimhneach fútha agus b'éigin dhóibh teicheadh rompa. Deirthear gur sheasaimh Maolsheachlainn agus fir na Midhe ar leathtaoibh ar feadh an lae. Deallruigheann sé ná raibh grádh ró-mhór aige do Bhrian, agus go raibh sé ar aigne rud éigin do dhéanamh dho féin. Bhí a fhios aige um an am so go raibh an buadh leis an sluagh Gaedhlach, agus nuair a chonnaic sé na Lochlannaigh ag teicheadh chum a long, sháruigh sé féin agus fir na Midhe iad. Bhí na Lochlannaigh anois mar a bheadh girrfhiadh idir chonaibh. Bhí an taoide istig san am chéadna, i dtreó go raibh a luingeas i bhfad amach uatha. Bhíodar teanntuighthe ag Maolsheachlainn ar an dtaobh eile agus annsoin bhí Clann Chais n-a ndiaidh ar séideadh. Dheineadh smiotaí beaga díobh ar an áit sin, agus an chuid do theich ón gclaideamh cluithcheadh isteach san bhfairrge iad agus báthadh iad. Sé an áit is mó dheineadh éirleach ortha ná ó Dhroichead Bhaile Bhocht go dtí na Cheithre Cúirteanna. Bhí radharc breágh ar an ruaig ó Dhún na Lochlannach, agus cad é an t-áthas do bhí ar Ghormfhlaith, bean Shitric, nuair a chonnaic a muinntir féin go caithréimeach ag ruag- airt a námhad. B'é a hiarracht-sa labhairt anois, is dubhairt sí gur bh'fhollus di féin go raibh na hAllmhuraigh ag déanamh ar an áit gur dhual dóibh bheith, agus gur chosmhuil iad le scata bó bheadh ag ruith le faoibín lá samhradh, acht ná féachaid mar bha d'fhan- fadh chum a gcrúidhte. 'Sé an freagra thug Sitric uirthi na buille thabhairt fá'n mbéal di, do bhris ceann dá fiaclaibh. Tá an taobh is brónaighe de'n scéal le hinnsint fós, agus má bhí an buadh le muinntir na hÉireann dhíoladar go daor as. An tubaist do thárlaidh an lá soin, tá sé ag goilleamhaint ar an dtír mhí-ádh- bharaigh seo fós, agus is baoghlach go mbeidh go fóill. Tar éis an ruaig do chur ar na Lochlannaigh, do rith fo-cheann aca annso agus annsúd, agus pé áit na mbuaileadh duine úmpa, mharbhóghaidís é. Casadh Murchadh ar cheann aca so, agus bhí sé chómh tnáithte ó chomhrac an lae, ná raibh sé ar a chumas a lámha d'árdach. Dhein an Lochlann ach so dar bh'ainm Annrud air go fiadhain agus go dána. Do rug Murchadh greim daingean air, agus bhuail sé fé thíos é, agus rug sé ar chlaidheamh an Lochlannaigh agus chuir sé trí huaire tre n-a chroidhe go talamh é. Thug Annrud rop dá scin do Mhurchadh san gcliathán agus é an uair sin ag lúb- arnaigh i bpiantaibh báis, agus níor mhair Murchadh acht go dtí an mhaidin do bhí chughainn dá dheascaibh. Fuarathas mac Mhurchadh, Toirdhealbhach, i ndiaidh an chatha báidhte ag corainn na Tolcha, is a lámha i
n-acharann i mbathas cinn Lochlannaigh aige. Acht bhí scéal ní ba dhona ná iad so le hinnsint fós. An fhaid do bhí an cath fuil- teach ar siubhal d'fhan an Rí oirdhearc n-a chábán ag guidhe go dúthrachtach ar feadh na haimsire. Bhí giolla aige dar bh'ainm Laitean agus do fhan sé so ag an doras ag féachaint ar an gcath agus tamall amach ón gcábán bhí gárda láidir dá fhaire. Go luath san lá d'fhiafraigh an Rí dá ghiolla cion- nas mar bí an cath. D'fhreagair Laitean go raibh an dá shluagh meascaithe tre chéile, is gur chosmhuil fuaim a mbuillí le sluaighte do bheadh ag gearradh Coill Thómair le tuaghanna. "Cím brat Mhurchadh go buacach agus bratacha Chlann Chais len' ais." Tar éis tamaill eile d'fhiafraigh sé cionnas mar bhí an scéal aca, acht dubhairt a ghiolla leis go rabhadar chómh meascaithe sin tre chéile, agus clúduighthe le fuil is smúit, na haithneóghadh an t-athair a mhac. Go raibh mórán tar éis tuitim, acht go raibh brat Mhurchadh i n-áirde fós. "Is maith é sin," ar san Rí, "chómh fada gus chífidh fir Éireann é sin troidfid go misneamhail." D'fhiafraigh sé an tríomhadh uair den ngiolla cionnus mar a bhí aca. Dubhairt seisean gur cuma é anois, agus dá mbeadh Coill Thómair ar lasadh, agus na sluaighte ag gearradh anuas na mion-chranna, agus ag fágaint na gcrann mhór n-a ndiaidh. Atá an lá fagháltha ar na hAllmhuraigh, acht tá brat Mhurchadh tar éis tuitim." "Is olc na scéala iad so," ar san sean-rí, "má tá Murchadh tar éis tuitim, tá cródh- acht bhfear nÉireann imthighthe, agus ní feicfid go deó laoch mar é." Do chrom sé síos agus ghuidh go dúthrachtach. Nuair a chonnaic an gárda do bhí ag Brian an ruaig dá chur ar na Lochlannaigh, shíleadar go raibh Brian ó bhaoghal anois, agus leanadar an fiadhach. Do tháinig scannradh ar laitean nuair a chonnaic sé go raibh fágtha in' aonar le Brian. Dubhairt sé go raibh mórán de sna hAll- mhuraigh timcheall ortha is go mb'fhearra dhóibh brostughadh go dtí an longphort mar a mbeidís sábhálta. "Ní fhéidir dhúinn teicheadh mar tá fhios agam ná fágfad an áit seo beó, agus sé mo léan mé bheith beó i ndiaidh Mhurchadh im' sheanóir, agus i ndiaidh laochraidhe eile Chloinne Chais." Dhein sé uadhacht annsoin i láthair a ghiolla, agus do bhronn a mhaoin ar an eaglais, agus d'órduigh a chorp d'adhlacadh i nÁrd Macha. Do lean air annsoin ag rádh a phaidreacha. Do thárlaidh gur theich Bródar agus cuid dá cháirde ón gcath agus dhein- eadar ar an gcábán. "Cím daoine éigin ag teacht," arsa Laitean. "Cé an saghas daoine iad?" d'fhiafraigh an Rí. "Daoine glasa lomnochtaithe," ars an giolla. "Sin iad na Lochlannaigh i gcótaíbh iarainn," ar san Rí, agus leis sin léim sé n-a shuidhe, ag tarraing a chlaidhimh. Do léim Bródar chuige agus tuagh-chatha dhá-fhaobhair aige, acht d'aimsigh an Rí é le buille dhá chlaidh- eamh do sciob an dá chois dhe. Acht ar linn don nDanair fhiadhain tuitim do tharraing sé a thuagh ar Bhrian ag baint an chinn ón gcolainn de. D'fhill an gárda thar n-ais gan moill, acht bhíodar déidheanach. Bhí an tubaist agus an léir-scrios déanta rómpa. Bhí an Rí oirdhearc agus an laoch groidhe annsúd gan lúth n-a bhallaibh, sínte go faon-lag rómpa, agus a dhúnmhairbhtheóir len' ais ag fulang cruadh-phianta bháis. Deirtear gur rugadh ar Bhródar agus gur ceangladh de chrann é, agus fágadh ann é ag búithrigh mar a bheadh beithidheach allta chum gur stracadh amach a ionathar. Nuair airigh Maolmórdha Árd-Easpog
Árd Macha a bhás tháinig sé féin agns a mhanaigh go Sórd Chuilm Cille chum an cuirp d'iomchar go hÁrd Macha. Bhí tórramh i n-Árd Macha ar feadh dhá lá dhéag. 'N-a dhiaidh-san d'adhlacadh Brian ar an dtaobh thuaidh do'n árd-altóir i gcomhrainn chloiche. Do hadhlacadh an mac ar an dtaobh theas san gcill chéadna. Do cuireadh Toirdhealbhach agus mórán de sna taoisigh eile i reilg Chíll Mhaghnáin. Chómh luath agus bhí na cuirp curtha aca, ghluais Donnchadh agus Clann Chais go Ceann Corradh, ag iomchur na muinntire a goin- eadh ar chliathachaibh. Tháinig Mac Giolla Phádruig rómpa ar an slighe agus sluagh láidir aige, chum cath do chur ortha. Dhein Donnchadh é féin d'ollmhughadh láith- reach buill chum cath do thabhairt do. An mhuinntir a bhí gointe d'orduigheadar teannta do chur sa talamh le gach duine aca, agus go gcomhraiceóidís acht beirt shlána do chuir ar gach taobh dhíobh. Deineadh amhlaidh. Nuair a chonnaic Muinntir Osraidhe cródhacht na laoch, ghaibh eagla iad, agus d'eitigheadar cóirmáireach a dtaois- each chum cath do thabhairt uatha, i dtreó nár bacadh le Cloinn Chais. Má bhuaidh Brian an lá ar na Lochlannaigh ag Cluain Tairbh do chaill sé ar shlighe eile, mar i ndiaidh a bháis bhí gach éinne n-a mháighistir agus gan éinne n-a mháighistir n-a dhiaidh-san. Ní'l aon amhras ná go raibh Brian ar aigne gach aon treabhchas do dhlúthughadh le chéile, agus teidioll Ríogh bheith ag treibh éigin le hoighreacht. Dá maireadh a mhac, Murchadh, b'é sin an t-oighre ceart chum ceannais na hÉireann d'fhagháil, agus ní'l aon amhras na gur do-san bhí Brian ag oibriughadh ar feadh a bheathadh agus dá shliocht mar an gcéadna. An té go raibh na smuainte sin ag ruith in' aigne, is deacair aon mhilleán do thabhairt air, agus rud eile, má bhain Brian amach ceanas na hÁrd-Righe le laochas dob' fhiú é an teideal agus an oifig sin, agus do thaisbeáin sé gur laoch agus rí é, agus go raibh sé ar a chumas an t-oileán do ríaghlugh- adh. Níor thoirmisctheóir é, ná aon rud dá shórd, mar dá mb'eadh, do choimeádfadh sé a chlann agus clann a chloinne ar an dtaobh sábhálta den tor. Ní go minic a thuiteann, trí ghlúine den tsliocht chéadna ar pháirc an bhualaidh, acht thárlaidh so ag Cluain Tairbh. Thuit Brian, a mhac, agus mac a mhic, agus leó-san i dtriúr do thuit clú agus cródhacht Chloinne Chais. De bhrígh ná raibh aon oighre dleaghthach i i ndiaidh Bhriain, thoiligh na flatha eatortha féin chum Maolsheachlainn do ríoghughadh gan cead do Mhuinntir Chúige Mumhan. Do thaisbeáin Maolseachlainn le cródhacht agus laochas go raibh sé ábalta ar an tír do ríoghlughadh. Níor dísceadh ar fad na Lochlannaigh ag Cluain Tairbh, acht do lag- uigheadh chómh mór san a misneach, nár leig eagla dhóibh tabhairt fé sheilbh do ghabháil níos mó. Choimeád Maolsheachlainn fé n-a smacht iad féin agus na Laighnigh. Fuair Maolsheachlainn bás san mbliadhain 1022 ag Cró-Innis, oileán atá i loch i n-aice an Mhuilinn Cheáirr. Tar éis bháis Mhaolsheach- lainn bhí Éire gan Riaghaltóir ar feadh fiche bliadhan. Ní raibh aon fhlaith láidir a dhóthain chum taoisigh na gceanntar eile do smachtugadh, agus uime sin, ar feadh na fiche mbliadhan so, bhi an tír riaghaluighthe ag beirt d'fhearaibh léigheanta: Conn Ua Locháin dob' eadh duine aca, scoláire agus Ardh-Fhile na hÉirinn; agus an ceann eile Corcrán Cléireach, sagart naomhtha bhí n-a chómhnuidhe i Lios Mór. Marbhuigheadh Conn san mbliadhain 1024, agus deirthear
an mhuinntir do mhairbh é gur loghadhar sula bhfuaradar bás. Do riaghluigh Corcrán go bhfuair sé bás (A.D. 1040). I ndiaidh a bháis bhí na flatha i mullaighibh cinn ar a chéile. Bhíodar anois ag réidhtiughadh an bhóthair don Normannach agus don tSas- annach. Dá maireadh Brian agus a mhac i ndiaidh Chluam Tairbh bhíodar ar chumas na nidhthe so do leigheas. Bheadh Éire anois n-a náisiún agus rí cómhachtach do shliocht Bhriain ag riaghlughadh go réimamhail ag Teamhair na Ríogh nó ag dún soilseach Cheann Chorradh na féile. (A chríoch.) --
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services