Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Clodhanna Nua.
Title
Clodhanna Nua.
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1904
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
-- Clodhanna Nua. LEABHAR URNAIGHTHE. Comhlucht na fírinne Catoilice. Sagart Riaghalta do ghléas. Pinginn a luach. Tá comh-lucht na fírinne Catoilice ag brostughadh ortha féin fé dheóidh chun leabhair d'oirfadh do Ghaedhilgeóiríbh do chur i gcló. Ba mhithid dóibh soin. Go deimhin is fiú an leabhrín seo feitheamh air. Is mór an luach pingne é; tá suas le cheithre fichid leathanach ann. Tá na gnáth-urnaighthe go léir ann, urnaighthe maidne is tráthnóna, urnaighthe ag Aifreann, faoisdin is comaoine, na gnáth-liodáin agus gach rud do b'éidir d'fhagháil i leabhraibh beaga urnaighthe Béarla. Acht fairis sin tá urnaighthe áirighthe eile ná fuighfidhe ins gach éan-áit i leabhraibh Béarla féin. Bhí urnaighthe ag Gaedhil riamh i gcóir gach éan-ocáide. Tá mór- chuid de na sean-urnaighthe seo caillte foríor, acht tá san leabhrín seo a lán d'urnaighthe nua d'oirfidh go maith d'óg is d'aosta na Gaedhealtacht. Níl éan- eagla orainn ná go mbeidh árd-cheannach air. Beidh sé ar fagháil gan amhras san mbosca i ngach séipeal i nÉirinn. -- LEABHAR AN ATHAR EOGHAN. The O'Growney Memorial Volume. Agnes O'Farrelly, M.A. Dublin: M. H. Gill agus Son. Ltd. London: David Nutt. Long Acre. W.C. Sid í an iarracht is mo agus is tábhachtaighe a thugadh fós ar bheathaidh an Athar Eoghan a scríobhadh is a chur os chomhair mhuinntir na hÉireann. Sid é an leabhar is mó, ar cheist ag baint le Connradh na Gaedhilge, dár chuireadh i gcló fós. Ní fuláir nó tuilleann an iarracht so Úna Ní Fhearcheallaigh moladh uainn. Do bhí gábhadh le n-a leithéid so de leabhar. Is iomdha duine atá taréis eolas maith ar an nGaedhilge a phiocadh suas as "Na Ceachta Simplidhe" agus ná raibh a bheag ná a mhór d'eolas aige ar bheathaidh an té do chéad-thosnuigh ortha, an Athair Eoghan féin. Tá an t-eolas soin ar fagháil anois, agus badh cheart do gach fíor-Ghaedheal an cunntas so ar bheathaidh, ar shaothar is ar thréithibh an Athar Eoghan a leigheann is á mheabhrughadh, agus aithris a dhéanamh ortha i n-a bheathaidh féin. Mo mhíle-thruagh-sa a té a léighfadh "Leabhar an Athar Eoghan," agus chífadh an cuma n-ar oibrigh an sagart ciúin seo ar son na Gaedhilge chun go rug an bás greim air, agus 'n-a dhiaidh-san ná déanfadh cíon fir chun na teangain a ghráidh an
tAthair Eoghan a leathnughadh. Ní hag cainnt do bhíodh an tAthair Eoghan. Bhíodh sé ag obair is ag síor- obair. Buidheachas le Dia, chímíd go léir cuid de thoradh na hoibre soin. Má chabhruighmíd le chéile, gach éinne ag obair do réir a ghustail is a aigne féin, is gairid an mhoill go mbeidh an teanga so "sheana-mhná lughaidh" ar láimh sábhála. Is maith an sompla dhúinn le coimeád i gcomhnuidhe os comhair ár n-aigne, beatha an Athar Eoghan. Badh chóir go mbeimís buidheach d'Úna Ní Fhaircheallaigh chionn duadh na hoibre seo a thógaint ar láimh, is de bhrígh gur tré n-a saothar-se go bhfuil an leabhar mór-thairbheach so ar fagháil againn. Dála a leabhair féin tá suas le cheithre chéad leathanach ann. Leathanaigh mhóra is eadh iad leis. Tá sé roinnte n-a thrí chodaibh. San gcéad chuid gheibhmíd cunntas ar shochraid an Athar Eoghan, ó Los Angelos i gCalafúire go hÉirinn, agus ó Bhaile Chuain Chorcaighe go Maigh Nuadhat. San darna cuid tá aistí is ceachtanna ag baint le beathadh an Athar Eoghan, is ag tagairt do na mór-thréithe bhí ann. Fuair sé a chion ó gach éinne idir chléir is tuaith, i nÉirinn is tar sáile. Ní bhfuair acht do réir mar do thuill. San tríomhadh cuid, tá bailighthe le chéile, urmhór de sna rudaíbh a b'fhearr a scríbh an tAthar Eoghan i nGaedhilg is i mBéarla. Tá os cionn deich gcinn is cheithre fichid de phictiúiríbh idir bheag agus mór scaipithe annso is annsúd ar fuid an leabhar. Níor bh'éidir, san mbeagán slighe atá ar ár réir annso, cunntas oireamhnach a thabhairt ar an leabhar so. Tá súil againn go gceannóghaidh gach Gaedhil- geóir cóip de na chóir féin, is gan bheith ag bráith ar chunntas d'fhagháil air i bpáipéaríbh. Is féidir é fhagháil i gclúdach páipéir ar choroin, i gclúdach eadaigh ar thrí leath-choróineacha, acht tá edition de luxe ann a chosnann chúig leath-choróineacha. Is iao muinntir an Chló-Chumainn a chuir i gcló é, agus go deimhin is maith a dheineadar soin. Ní féidir teóra a chur leis an maitheas a dhéanfaidh an leabhar so do'n Ghaedhilg i n-áiteanna áirithe, áit- eanna n-a bhfuil ghábhadh le hobair ar son na Gaedhilge. Dá bhrígh sin cuirimíd fáilte is céad roimh "Leabhar An Athair Eoghan." -- MAC AN IASGAIRE. Sid é an tarna leabhrán de leabhráin Locha Léin. Do b'é "Caoilte Mac Rónáin" do scríbh an scéal so Mhic an Iascaire agus b'é "Oisín" do chuír i n-eagar é; nídh nach iongnadh fuarthas congnamh ó Fhéinnidhigh eile leis, ar shon na hinnistar soin dúinn. Tá Gaedhilg dheas shimplidhe i "Mac an Iascaire." D'oirfadh sé go seóidh do bhuidheanta a bheadh thar an dtríomhadh leabhar de na "Ceachta Simplidhe" nó de na "Ceachta Beaga." Badh mhaith an aise dhúinn tuilleadh leabhráin de'n tsórd so a bheith againn, agus ní baoghal ná go bhfuigheam a thuilleadh dhíobh ó'n bFéinn. -- FOCLA GNÓTHA AGUS A GCORA CAINTE. "Tomás Bán" .i. Tomás Ó Concheanainn do shaothraigh. Ar na chur i gcló do Chonnradh na Gaedhilge, 1904. Leath- raol. Do bhuaidh Tomás bán an duais le hearradh an leabhair seo san Oireachtas, 1902, agus go doimhin is mithid é thrácht i gcló anois. Ní aontuighmíd le cuid de "théarmaíbh" Thomáis, acht ní fhágann soin ná go ndéanfaidh an leabhrán so maitheas. Ba mhór an truaigh nár cuireadh adhbar an leabhair seo i gcló ar dtúis i gceann éigint de sna páipéiríbh Gaedhlacha i slighe go bhfeicfadh gach éinne na focail seo agus go mbeadh díospóireacht againn mar gheall ar chuid aca. N-a dhiaidh-san d'fhéadfaidhe na focail do b'oireamh- naighe a chur san leabhar. Dá bhfaghadh Fear Eagair an Irisleabhair "Bille Seólta" i gcóir £20, cad é an t-áthas a bheadh air dar leis; acht: tar éis an "Bille Seólta" a léigheamh dhó is baoghlach go mbeadh "fad a bhaise bhreill" air! -- AN PLEIDHSEAM: Trí Sgéalta draoidheachta ó Thír Chonaill, Peadar Mac Fhionnlaoich do sgríobh. Baile Átha Cliath: Ó Goill agus a Mhac, agus An Cló-Chumann. Tuistiún comhthrom. Trí chinn de sheana-scealta is eadh iad so. Is amhlaidh a scríobh Séamus Mac Maghnusa síos iad i mBéarla a béalaibh daoine agus annsoin do chuir Peadar Mag Fhionnlaoich Gaedhilg ortha. Do b'fhearr linn iad d'fhagháil san nGaedhilg ar dtúis acht ní fuláir a bheith sásta leis an earradh atá againn. Tá na scéalta so coitchianta i ngachpáirt, den dúthaigh. Tá i ndeireadh an leabhair seo foclóir beag áiseamhail n-a bhfuil míniughadh na bhfocal is cruaidhe ins na trí scéalta. Badh chóir go mbeadh ceannach ar an leabhar so i leath Chuinn go háirithe. -- THE IRISH UNIVERSITY ADVOCATE: Seo páipéar nua atáthar á thabhairt amach uair san mhí fé chúram cumann liagh na hIolscoile Caitlicidhe. Tháinig an chéad cheann amach ar an ochtmhadh lá fichead de Mhárta. Tá roinnt aistí gasta bríoghmhara ann ag tagairt do cheist an Oideachais Uachtaraigh. Is é an Dochtúir Donnchadh Ó Cobthuaigh an fear eagair, is ní dóigh linn go bhféadfaidhe a fhagháil i nÉirinn fear ní b'fhearr chun an ghnó soin. Ní'ltar ag dearmhad na Gaedhilge ann mar tugaimíd fé ndeara alt d'oirfadh go maith do dhochtúirí ins na ceanntair Ghaedhealacha. Badh mhaith linn aistí ó Dhochtuir Ó Luingsigh a fheicsint ins an gcúinne úd. Ní fuláir nó d'eistfidhe le n-a theagasc-san, agus tá taithighe aige ar a ghno a dhéanamh trí Ghaedhilg. Seoltar litreacha i dtaobh Eagarthóireachta go dtí an Fear Eagair; agus litreacha i dtaoibh Bhanistige go dtí Stiúrthóir, Oifig an Chonnartha, 24 Sráid Uachtarach Uí Chonaill, Áth Cliath.
ADVERTISEMENTS Smuainte ar Árainn, I n-a dtugtar cúnntas i nGaedhilg shnasta shimplidhe ar Árainn na Naomh agus ar mhuinntir Ghaedhealaigh na háite sin, agus ar Phátrún, Feis, Aeridheacht, Banais, agus c., Do bhí 'san Inis, maille le fiche íomháigh ag taisbeáint slighe bheatha agus caitheamh-aimsire na ndaoine. Fá pháipéar láidir, 6d.; tríd an bpost, agus d. Fá éadach, I/-; tríd an bpost, I/2. Fá leathar, I/6; tríd an bpost, I/8. Aodh Ó Néill. Drama Úr-nua. Do sgríobh "Conán Maol." An chéad leabhrán do shraith-leabhair "An Chlaidhimh Soluis." Ar Fagháil Ó Rúnaire Connartha na Gaedhilge, Agus ó gach éan reiceadóir leabhar eile, ar thrí pighinne. Agus tríd an bposta, ar thrí pighinne is leith-phighinn.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services