Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Na Bearta Cruadha do Réiteach.
Title
Na Bearta Cruadha do Réiteach.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Composition Date
1903
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Na Bearta Cruadha do Réitheach. TROM, TROM, CAD TÁ ÓS DO CHIONN? Seo cleas do imireann páistí i mBaile Mhúirne. Cuireann siad cipín adhmuid sa teinidh agus fágaid ann é go mbíonn sé dearg; tógaid amach annsoin é agus má bhíonn sé ar lasadh múchaid an solas i dtreó ná bíonn air acht bior dearg ar nós an iarainn do- chífeá dearg ag gabha i gceárdchain go minic. Ann- soin deireann an té go bhfuil sé i n-a láimh aige, leis an té is giorra dho. "Seo mo bhirrín duit." "Cad is fiú do bhirrín"? adeireann an duine eile. An chéad duine. "Birrín beó, birrín marbh, má fhaghann mo bhirrín bhás 'dir do dhá láimh beidh an trom, trom ort. Sicín circe ag siubhal na muinge a coisín briste 's beart uirthi." Annsoin tugann sé do'n duine eile é agus iompuigheann sé sin ar an té is giorra dhó ar an dtaobh eile agus abrann. "Seo mo bhirrín duit." Nuair a bhíonn na focail go léir ráidhte tugann sé dhó é agus deineann sé sin an cleas céadna arís. Gabhann an birínn an timcheall chúcha go léir, b'fhéidir a trí no ceathair d'uairibh mar sin acht bíonn an-dheithneas ag teacht ortha nuair bhíonn an smól ag dul i n-éag agus caithid uatha é chómh luath 's do bhíonn an focal deireannach as a mbéal, acht bíonn sé de mhí-ádh ar dhuine éigin aca go bhfaghann sé bás 'dir a dhá láimh agus annsoin bíonn an trom trom air; is é sin, caitheann sé púicín do chur ar a shúilibh agus a cheann do leogaint anuas ar shuidheachán cathaoireach agus fanamhaint annsoin ar a chromara faid do bheidh na páistí eile ag soláthar gach éan-nídh is maith leó ar fuaid an tighe le cur ar a dhrom. Abair gur fód móna an chéad rud do chuirid ar a dhrom déarfaidh duine aca. "Trom, trom, cad tá ós do chionn?" Measfaidh sé do réir meadhchaint an rud, cadé an saghas é. "Buidéal" adéarfaidh sé. "Fan annsoin a fhóid móna go dtiocfaidh an buidéal" adeárfaidh siad, agus sceartaid go léir annsoin ar gháirídhe agus ar shult agus ar mhagadh fé. Cuirfid siad an ursal ar a dhrom annsoin - "Trom, trom, cad tá ós do chionn?" adéarfaidh siad. "Bata," adéarfaidh sé. "Fan annsoin a ursail go dtiocfaidh an bata," agus bhíonn an liughadh céadna arís aca. Bhíonn siad ag gabháil dó mar sin go dtí go n-innseann sé sa cheart dóibh cad tá curtha ar a dhrom go déidheannach agus annsoin tógtar de an t-ualach go léir. Cuirtear an cipín sa teinidh an t-ath-uair agus tosnuightear an cleas arís ar an nuadh. PÚCA NA nADHARC.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services