Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Tighearna Mhúsgraidhe.
Title
Tighearna Mhúsgraidhe.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1902
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
DO CHUM DONNCHADHA AN CHÚIL .I. TIGHEARNA MÚSGRAIDHE. Fuasgail solus-ghort Chonaire, a Rígh Chárthaigh, 'Ua na gCormac bhforasda bhfíor-laidir, Is ruaig ód phortaibh go hobann an chríon- ghrásgar Luaimneach lochartha modartha mínáireach. Nár do mhór-thriath Mhúsgraidhe Gaill ag taisdeal a thíre, An chuaine dhuaibhseach dhúr-chroidheach Atá ag creachadh gach críche. Críoch mo chanta, is riot bhaineas, a Dhonnchadh an Chúil, A ghríobh do'n Chartha-fhuil ghasda 's a phosda na dtrúip; Síth re danaraibh danartha, locfair an chúis, Go ndíbrir Sagsanaigh sheasgaire as clochaibh na Mumhan. Mumhain Chuirc agus Cheallacháin, Níor dhóith danar an cúpla; Ort badh adhbhar achmusáin Gan bheith feasda fút-sa. Fút-sa is clisde do'n fhuirinn-se caoimh- Fhiachra An Mhumha uile do sgiubadh ó dhaoir-fhiachaibh, Cúige shultmhar ghlan chluthmhar ghlas chaoin- riadhta, Is níor chubhaidh led ghairm a fulang ar síor- iasacht. Iasacht do chríoch n-athardha Ó rae Chormaic mhuidhe thamhna Atá fá ollsmacht allmhurdhach Go teacht dhuit-se d'á chabhra. Cabhair na Banba, ghealladar naoimh-fháige Do bhrainnse bheannuighthe dh'araid-fhuil aoird áir súd, Sean-chath saingil, dearbh gur díbh tráchtar, Sgannradh ar Ghallaibh d'á sgaipeadh is d'á síor-bhrácadh. Brácadh gan díth daoir-fhiacail Do bhí ag Gallaibh Fódla, Ag brughadh chloinne chaoimh-Fhiacha, Ag sughadh a gcirt 's a gcóra. Córa dhuit-se 'ná d'fhuirinn an Ghalla-Bhéarla Fódla dhruidim ó iomair na haimléise; Dóigh a dtighthe 's a muilte 's a mbailte daora, Is tógfair tuirse do'n turas sin d'fhearaibh Éireann. Éire iath-ghlas oileánach, Críoch do shean agus do shinsear; Fá'n gcrích n-aoibhinn n-ilcheárdaigh Lán-chuir treasa 'na thimcheall. Timcheall innisfead, cruinnigh-se cath ins gach n-áird; Maoidhfid iorghail, brisfid do Ghallaibh an stáit, Saoirse tugaidh gan filleadh do'n eaglais áin Is daoirse cuiridh ar fhuirinn nach glacann a pháirt. Páirt red ghnúis ghil ghlé ghasda Do bhí ag sean-mhnaoi Bhriain Bhóirmhe: Luighe léi ní héigcneasda dhuit-se Is ní briseadh pósta.
Pós, dlúthuigh red ghnúis ghil Clann tSuibhne an áigh, Pór cubhra nár chúthail i n-am bruighne d'fhás, Leoghain lúthmhara is ionnraic tásg gníomha lámh, Leó súd gaibh dúnta Gall críche Fáil. Fál, géilleadh ó aicme mhúr-Bhreóghain Dual duit-se, a chúil chliarach, Géag do mhear-chineadh úr-Eóghain, Is tú feasda d'á riaradh. Riar, ceangail riot rí Cairbreach 's a n-umhluigheann dó, Is Dia dom' leagadh-sa gur bhfearra dhuit 'ná giúisdís gó; Cliath sgaipightheach bhfíor-achrann is úr faoi ór, Fian mheardha chaoin cheannasach nach cumh- duigheann cóir. Cóir súil re seilg bhfíor-seabhac, Ríoghradh úr sleachta Philib, Cuaine mhaiseach mhín-dhealbhach I dtús gacha catha cruinnigh. Cruinnigh chughat lúth-ealbha ó Bhaoi na mbárc, Fuireann fhionn úr-sgapas fíonta ar dháimh; Na honchoin úd mhúr-chreachas críocha námhad, Cuirfid súd clú a nglaca i suim go sáimh. Sáimh sár-nós Síol Súiliobháin Nach geabhaidh gráin roimh deacair; Tós aco i dtír Chúirseach mblath Agus d'éirgheadh d'á dtaisteal. Taisteal Banba ní deacair dhuit, a rígh Blárnan, Ó cheangail riot ceanna-bhile chaoin Párthais; Is fada sin d'á tharngaire ag príomh-fháigibh, Cath cathardha na Bearbha gur díbh thráchtar. Trácht chugat fá'n tréan-tionól Fian mhaordha Innbhir Leamhna; Deacair dul 'na gcléith-mheadhón Re linn catha do leabhair-chur. Cuir catha le gasradh dod chrú gan cháim, Tuir chalma na Mangartan gan ghrúid roimh chneadhaibh; Cuir gairm ar shliocht Chairbre Mhúisg gan spás, Fir mheardha nach measaidh bheith umhal do'n stát. Stát tíre Uí Thuathaláin, Do bhí áir na Mumhan tillte, Go teacht duit-se mar uachtarán Ag díon tuaithe agus cille. Cill do bhí i ndaor-bhruid is tuath go léir, Gur smuain do ghnaoi ríoghdha so fuasgladh péin; Gaill ag luighe thíos ortha is thuas gach lae, Is gan suim ag druing choimhithigh i n-uaislibh Gaedheal. Gaedhil gan sos d'á ndaor-chiorrbhadh Re claon-bheartaibh fear Sagsan; Níor ghar duit-se éisdeacht riú, A mhic Mhogha Néid neartmhair. Neartmhar an dream campa do bhráithreach Gaoidheal, Aicme leabhair cheannsa na sár-mhac ríogh; Gasradh Gall, sgannraigh tar sáile an bhuidhean; Budh leat-sa Teamhair, Eamhain Mhacha, is tráig an trír. Triar mac do bhí ag caomh-Oileall, Níor ghar a ndaoradh, an triúr-so; Ó taoi-se ar shliocht an saor-thoir- bheart, Ghabh géilleadh agus umhla. Umhluigh, bainidh' 's is dleaghthach do phór do chrú, Dod chúinne gaisge Bunraite 's ní tóim dho súd, Cumha ná gabhaidh i gcreachaibh an Róistigh chughaibh Gan dúnta an Bharraigh do leagadh 's do dhóghadh go húir.
Uir fá ionnmhas Eóchaille Ag clannaibh Eoghain na nguais- bheart; Corcach Mhumhan dhóighfir-se, Leat féin Fódla agus fuasgail. Fuasgail an-bhruid Bhanba, a thriath Chárrthaigh Uasail acfuinnigh chalma chliath-láidir; Do thuathaibh Teamhrach bainidh bhar riaráiste, Sguab a gceannas do Ghallaibh gan phian- ghábha. Fine Ghearailt na slógh síodh, Ceangail re a chéile a gcomhlíon, Saoithe ionnarbtha na dtréad dtrom Laochra ionnarbtha eachtronn. Eachtruinn choidhche i mbruighin má mheasaid do chlódh, Gearaltaigh bíd red thaoibh, a mheanmnaigh mhóir, Gasradh ríoghdha is gníomhach gaisgeamhail comhall Fóill ná dearmaid an dream, Búrcaigh Mumhan na maoileann, Sluagh glan-fholláin síthe séimh, Manannáin chríche chaoimh-Néill. Néal ar Ghallaibh nach measaid bheith umhal do'n rígh. Ó's méin leat sealaid is treasgairt ar Phiúinitíbh; Taobh red phearsainn fá mhachaire Búrcaigh bíd, Géaga gaisge is na cathaibh gan pudhair do ghníd. Ní 'n-ar deireadh do'n d'ioghrais Builtéaraigh bhró oighion-bhrais; Ná caill ar t'fhógra do'n fhuil, Gan chaill Fódla fuasgail.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services