Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Marann Phádhraic.
Title
Marann Phádhraic.
Author(s)
Féach aithriseoir,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Contributor
Mag Ruaidhrí, Mícheál
Composition Date
1902
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
MARANN PHADHRAIC. RÉIMHSGÉAL. Bhí searbhfhoghantaidhe ag Naomh Pádhraic, agus bhí sí an-diaganta agus bhí Naomh Pádhraic amuigh an lá seo agus thainic coisidhe isteach agus d'iarr sé greim le n'ithe ar an searbhfhoghan- taidhe agus thug sí dhó é, agus nuair a d'ith sé an t-arán thosuigh sé ag caint léithi. D'orduigh sise amach é, agus rug sé greim tobann uirthi timcheall a láir, agus le comh diaganta agus bhí sí, chuaidh sí i laige, agus rith sé sin ar siubhal annsin, agus níor thainic sí ó'n laige sin go bhfuair sí bás, agus thainic na comhursana isteach agus chuir siad os cionn cláir í, agus nuair a thainic Naomh Pádhraic a bhaile agus chonnaic sé a shearbhfhoghantaidhe i ndiaidh bas fhághailt, rinne sé an marann seo os a cionn agus mhol sé ins an mharann a maitheas agus d'fhág sé ag na daoinibh 'na dhiaidh le n-a rádh 'ach uile ghábhadh agus dainséar agus go dtiocfadh siad slán as an ngábhadh sin. AN MARANN. Mise agus Aonghus armghlas dís nár bh'ionann creideamh dhúinn. Naomh-bheatha ar an talamh agus beannacht leis an anam bhí i gcorp Anna cháidh. Gach éinneach d'á mbéidh mo mharann aige, beannacht Dé 'gá ghrádhughadh, aghaidh chaoin chorparach, corp buaidh sean-chubhartha. 'Sí an bhean chaoin í agus an bhean áluinn; 'sí an bhean chiallmhar agus an bhean áigh í. Cé gur le feart a claoi, barraidhe na féile fírinneach. NA BEANNACHTA. I. An té déarfadh mo luighe luirc i n-Éirinn lán-uasail, bana' lae 'g dul go neamh, agus ní baoghal di Rí an Uabhair. II. An té déarfadh mo mharann do bhean ó chianaibh, go mbudh chóir slán soineannta thiocfadh sí ó n-a saothar. III. An té déarfadh mo mharann do mhnaoi óig ag dul i muine 'g dul i gcionn céile 'gus cloinne, go mbudh ró-mhaith a d'éireochadh an turus sin léithi. IV. An té déarfadh mo mharann 'g dul 'un tighe úir dó, níor bhaoghal dó corp thabhairt as, fhad is béidh cleath fó thigh. V. An té déarfadh mo mharann ag dul ar an tuinn mhara dhó, níor bhaoghal dó múchadh ná báthadh. VI. An té déarfadh mo mharann ag dul 'uig ár ná cléir dhó, cia casfaidhe dhó 'san arm ghaisge acht mise beó le prí(mh)iúilteach, Pádhraic prí(mh)iúilteach.
Fágaim buaidh gach anfha ar mharann Anna, neamh [do] gach éinneach d'á meabhróghaidh í agus ar éinneach ná ceiltear. AN MARANN. Nach í sin an aisge b'fheárr d'á gcualas ariamh a léigheadh as Leabhar na gceall (nó ngeall), Críost a thabhairt 'un sochair lé n-a chéasadh as crann. Crochadh Cuimín Mac na hÓighe i bpéin (?) ceannachtain (?) saoghail Éabha (?), i bpéin (?) liom siubhal 'measg dall i gcoill thrí n-a hIndiachaibh go dtainic an duine donn dall i láthair. 'S mór a' gníomh, a dhaill, a rinne tú, nuair a chuir tú an tsleagh thrí lár ar dTighearna. Thainic na trí Muire, na trí réalta donna (nó dubha), tuirse mór fó n-ar dTighearna, corp fó n-a cheann, corp fó n-a chois, [an] treas corp faoi ghnúis Mhic Dé. Bráithlín geal ar Naomh Fionn eidir sinne agus teinneas na sluagh bána. An té déarfadh mo mharann uair 's gach tráth, Níor bhaoghal dó leac Ifrinn a choidhche ná go bráth.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services