Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Clodhanna Nua.
Title
Clodhanna Nua.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1901
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
CLODHANNA NUA. Celtia. March and April 1901. Tuathal mór an chéad rud do-chímíd ins an bpáipéar so, ar n-a fhosgailt dúinn, sin é "Ionnan" i n-ionad "Ionann". Dá gcuartuigheadh an t-eagarthóir "Na seacht sean-leabhair" agus gach aon leabhar nach iad, ní bhfuigheadh sé bun ná baránta, adhbhar ná ughdarthás le h-"Ionnan." Acht bíodh aige. Is dócha go gceapann sé é bheith go lán-cheart agus é chur i n-urthús an pháipéir. Tá a lán de rudaidhibh taitneamhla ins na huimh- reachaibh seo, go mór-mhór Kan Broaduz Breiz-Izel (dán tíorthamhail na mBreatún) agus tionntodh ó'n mBreathnais ag Tórna. Tá trácht ó'n Ruiséalach ar Leabhar Déir. Ins na sgéilíníbh atá i nGaedhilg Mhan- ann do-chímíd "feur" d'á litriughadhi n-aghaidh "feayr" (fuar). Ní ceart soin. "Faor (för)" an focal do- bheir an Manannach leis. GAELIC LEAGUE PAMPHLETS. No. 10. The Reign of Humbug. By Agnes O'Farrelly, M.A. Seo chugainn ceann eile de na leabhairíníbh foghanta Saicsbhéarla atá ag déanamh oibre maithe i dtaoibh aigeanta na hÉireann do chur ar bhealach a leasa. Ní leigthear a leas an ban-ughdar do mholadh. Tá fhios ag an saoghal gur féidir le n-a leithéid-se ceann maith do chur ar éin-sgéal. Tuigeann sí an galar agus
tuigeann sí cionnus is inléighiste é. Is fíor di gach focal. 'sé Riaghaltas na Ráiméise ar feadh an chéid seo chuaidh thorainn d'fhág Éire i n-anchruth agus i n-anshógh fá mar atá sí anois. Ní'l a athrach de leigheas acht Ath-Ghaedhilgiughadh na hÉireann. I dtaobh na himirce tar lear, tá a lán di sin d'á déanam anois gan fáth ar bith. Is iomdha cailín caoin agus buachaill breagh Gaedhealach chuireas rompa dul go dtí an t-Oileán Úr anois as ucht go bhfuil mórán d'á gcáirdibh gaoil ann, agus ní bhíonn ortha acht dul ag triall ortha agus fanamhaint 'na bhfochair go bhfaghaidh siad obair éigin, agus is minic an dream atá 'na gcomhnaidhe 'san Oileán Úr 'gá thathbhaint ortha teacht anall chuca. Badh cheart go ndéanfaidhe gach aon iarracht ar aos óg na hÉireann do chongbháil 'sa' bhaile, acht is deacair doiligh dhúinn é go fóilín beag. Muna maith linn féin ár dtír chaoin- réidh mhín-sgothach chaomh-álainn féin do bheith i seilbh an Dubh-Shasanaigh nó an Iúdaidhe atá ag síor-theacht isteach innte le fíor-dhéidheanaighe, caithfimíd an iarracht sain do thabhairt uainn. Acht atá súil le Dia againn go bhfuilimíd ag tosnughadh anois ar bheith ar athrach sgéil thar mar do bhímís. Beidh an Gaedheal i n-áirde fós agus ólfar deoch air, dálta mar atá 'sa' tsean-rádh.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services