Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Dinnseanchas.
Title
Dinnseanchas.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1900
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
29 South Parade, Belfast, an 10adh la de Mhárta, 1900. A Fhir an Irisleabhair, Táim ag léigheadh “Foruis Feasa air Eirinn” le tamall maith, agus tá rud ann nach dtig liom do thuig- sint i n-aon chor. Ins an ochtmhadh caibidil de'n cheud leabhar, is é adeir an t-ughdar, ag labhairt ar Ghabháil Cloinne Neimheadh: — “As é raon 'n ar ghabh Neimhidh ag tocht a n-Éirinn dó, ón Scitia ar an bhfairrge gcaoil atá ag teacht ón aigén, dá ngoirthior Mare Euxinum - as í as tórainn idir an leith thiar-thuaidh don Asia agus an leath thoir-thuaidh don Eoraip — agus ar an rinn thiar-thuaidh don Asia atáid Sleibhte Riffe, do réir Pomponius Mela, a gcomhroinn na caol-mhuire do luaidhiomair, agus an aigéin thuaiscceartaigh. Tug láimh ndeis do Shleibhtibh Riffe, go ndeachaidh san aigén budh thuaidh, agus láimh chlí don Eoraip go ráinig a n-Eirinn.” Caidé an raon i n-ar ghabh sé? Ní fhuil fairrge chaol ag teacht ó'n Mare Euxinum, acht amháin an Bosphorus, agus, má's é an Bosphorus an fhairrge chaol, caithfidh a lámh dheas do bheith do'n Eoraip. MAC AN tSEABHACÓRA. [Is cruaidh do-réidhtigh an cheist do chuiris orainn, a mhic an tSeabhacóra. Is beag nach bhfuilmíd 'n-ár gcrannra agat. Is dóigh linn gur tríd a chéile do cuireadh Sliabh gCaucais agus Sléibhte Riffe ag Pompo- nius Mela agus ag an gCéitinneach. Má's fíor dúinn, tá an cheist fuasgailte againn, b'fhéidir. Rud eile, is dócha nár chuireadar Ríoghacht Rois ar áirimh thíortha na hEorpa. Tuig gur ar éigin do leigeadh do Rusach- aibh bheith ar an Eorpacht go haimsir an tSair Pheadair Mhóir, do chuir ar an áirimh sin iad dá ndeoin nó dá n-aindeoin. — F. an I.]
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services