Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An Fear a Chuir Cluain ar an mBás.
Title
An Fear a Chuir Cluain ar an mBás.
Author(s)
Féach aithriseoir,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Contributor
Mhagruadair, Tomás
Composition Date
1900
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
AN FEAR A CHUIR CLUAIN AR AN MBÁS. Bhí fear ionn aon uair amháin agus is cuma gá hacu bhí nó nach rabh. Bhí beirt mhac aige. Nuair a bhí se ag fághail bháis, shoc- ruigh se: d'fhág se a roinn fhéin aige gach fear acu. Thárlaidh fear acu a bheith saidhbhir, agus an fear eile dócrach bocht agus bhí muirighin mhór chloinne aige. Bhí mac óg aige n-a mhnaoi agus chuaidh sé a chuartughadh cáirdeas' Críosta dó. Nuair a chuaidh píosa de'n mbóthar, chas fear in-sa' ród air. D'fhiostruigh se de gá rabh se ag dul. Dubhairt se go rabh se ag dul a chuartughadh cáirdeas' Críosta le haghaidh a churtha faoi n-a mhac. “Tabhair mise leat,” ars' an fear. “Gá hé thusa?” “Mise Rí an Domhnaigh.” “Cha dtugaim-sa thusa liom.” Shiubhail se leis an ród gur chas fear eile air, agus d'fhiostruigh se de gá rabh se ag dul, agus dubhairt se leis go rabh se ag dul a chuartughadh cáirdeas' Críosta le haghaidh a churtha faoi n-a mhac. “Tabhair mise leat.” “Gá he thusa?” “Mise Mac Dé.” “Cha dtugaim-sa thusa liom,” ars' an fear; “tá tusa ag fágáilt móráin de'n tsaoghal aige cuid acu, agus an chuid eile ar ghann-chuid.” Shiubhail se leis an ród gur chas fear eile air agus d'fhiostruigh se de gá rabh se ag dul. Dubhairt se go rabh se ag dul a chuartughadh cáirdeas' Críosta d'á chur faoi n-a mhac. “Tabhair mise leat.” “Gá hé thusa?” ars' an fear. “Mise an bás.” “Tusa an fear a bhearas me liom. Is tú is cniosda ar bith. Bhearann tú leat iad as an éadan ó'n rígh go dtí an bacach. Cha ghlacann tú duais ó aon dhuine.” Chuaidh sé leis an pháisde, le n-a mhac, agus ar a philleadh, dubhairt se leis go bhfuigfeadh se dóigh bheathadh air. Dubhairt se leis go mbéidheadh se 'na dhoctuir, agus duine ar bith a bhfeiceadh se eisean aige n-a chionn gan glacaint le n-a léigheas acht a thabhairt suas le bás, agus duine ar bith a bhfeiceadh se aige n-a chosaibh é, é ghlacadh le n-a léigheas, agus go bhfuigheadh se biseach. Bhí se ag léigheas gach duine as an éadan ar ghlac se le n-a léigheas. Cha rabh doctuir ar bith in-san áit ab' fhearr 'na e, go dtainic se chuige rígh a bhí le bás agus cuireadh fios air le n-a léigheas. Nuair a chuaidh sé chuige, fuair se an bás aige n-a chionn. D'órduigh se ceathrar chuig an leabaidh, agus an rí a thionntodh, agus a chionn a chur chuig an áit i rabh a chosa. Léigheas se an rí annsin, agus nuair a bhí se ar a philleadh a bhaile, chas an bás leis agus dubhairt se leis fághail réidh go dtiocfadh se leis i n-áit an ríogh. Dubhairt se leis téarma eile thabhairt dó go socrachadh se eadra n-a bhean agus a chlann sol mur n-éagfadh se. Thug se téarma eile dó. Nuair a bhí an téarma sin suas, thainic an bás chuige aríst. Dubhairt se leis fághail réidh go dtiocfadh se leis. Dubhairt se leis am a thabhairt dó fá n-a phaidreacha rádh. Dubhairt an bás leis go mbearfadh agus dubhairt se leis an mbás nach ndéarfadh se an phaidir go bráth. Seal 'na dhéidh sin, bhí se ag teacht i n-éis a bheith aige duine uasal d'á léigheas, agus in- sna páirceannaibh glasa chas gasúr beag air
agus é buailte brúighte strócthaí lán-treadhach. Thóg an doctuir suas é agus ghlan se agus nigh se an fhuil de agus d'fhiostruigh se de goidé rug annsin e. Dubhairt se leis gur bhuail a gháid agus a mháthair ar shiubhal e, nuair nach dtiocfadh leis a phaidreacha rádh, agus gur bhuail an tarbh mór sin thall e agus gur sheas se uilig air. Chuaidh an doctuir a fhoghlaimt a phaidreacha dó, agus d'éirigh an bás agus dubhairt se go rabh se an t-am dó éirghe agus a theacht leis anois nuair adubhairt se a phaidreacha. Tagra Tomás Mhagruadair d'innis ar Chairgeach lios na n-áirneach i bhFearnmhuigh. Cáirdeas Críosta, a sponsor. Gann-chuid, scanty possessions or property, poverty. Ní hannamh an comhfhocal so d'á chleachtadh i Muin- eachán. Cniosda (criosda) = cneasda. Bhearann tú = do-bheir tú, nó do-bheirir. As an éadan .i. go hiom- lán. Dóigh bheathadh = slighe bheathadh livelihood. Glac- aint = glacadh. “Liobaidh” atá ann i n-ionad “leabaidh” agus “teanntádh” i n-ionad “tionntódh.” Sol mur = sul, before (with verbs). Go mbearfadh = go dtiubhradh. Lán-treadhach, “torn and sore, covered with wounds;” cf. “Treadhma, wounds,” and perhaps “treaghda, a hurt,” O'R. Bhuail … ar shiubhal: nó dhíbir, &c. Gur sheas se uilig air, that he trampled him all over. A fhoghlaimt = d'fhoghlaim .i. do mhúnadh nó do theagasg ó cheart.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services