Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Seadna. (Ar leanamhaint.)
Title
Seadna. (Ar leanamhaint.)
Author(s)
Ua Laoghaire, Peadar,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1896
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
SEADNA. (Ar leanamhaint.) Ar maidin lá ar n-a bhárach, do bhí Séadna agus a lucht oibre ag obair ar a lán-dícheall. Bhí bog-fheadfhail na bhfear, agus mion-bhuillidhe na gcasúr mbeag, agus tarrang agus fásgadh an tsnátha chéaraigh, ar siubhal chomh dian agus dá mbadh ná beidheadh bróg ná buatais dhá dhéanamh i n-aon bhall eile ar thalamh tirm na hÉireann. “Cia hé sin aníos?” arsa duine de na fearaibh. “Thóg gach aon-ne' á cheann acht Miceal. “Seaghán Ceatach go deimhin!” arsa duine eile. Do phreab Séadna 'na shuidhe agus siúd amach é, agus síos i gcoinnibh Sheagháin Cheataigh. Thug an bheirt tamall mór ag gabháil treasna na páirce, anonn agus anall, ag caint agus ag cur thré chéile, acht do bhíodar ró-fhada síos i dtreó nár fhéad aon duine de na fearaibh focal de'n chaint do dhéanamh amach. Fá dheireadh do sgaradar le n-a chéile. Do thug Seaghán Ceatach a aghaidh siar ar a thigh féin, acht i n'ionad filleadh chum a ghnótha, do thug Séadna a aghaidh an bóthar soir chum na sráide. Do léim Miceal, agus chaith uaidh an bhróg do bhí idir lámhaibh aige, agus siúd fá dhéin a thighe féin é ar sodar.
Chomh luath agus tháinig sé ar an dtaobh istigh de dhorus, “A mhathair!” ar seisean, “a leithéid seo — tá cleamhnas déanta!” “Éist do bheul!” ar sise. “Ó go deimhin tá,” ar seisean. “Bhí Seaghán Ceatach féin thuas ó chianaibh, agus bhí sé féin agus Séadna ar feadh uaire an chluig sa' pháirc ag caint, agus annsain d'imthigh Seaghán Ceatach a-bhaile agus tá Séadna im- thighthe soir go tigh an tsagairt.” “Cad a bhí aco dá rádh sa' pháirc?” ar sise. “Ní fheadar,” ar seisean. “Bhíodar ro- fhada uaim.” B'fhíor do Mhiceal é. Bhí Séadna im- thighthe go tigh an tsagairt, acht má 'seadh, ní chum an chleamhnais do chríochnuaghadh é. “Dia dhuit, a Shéadna!” ars' an sagart. “Is cneasda go léir na bróga iad do chuiris chugham an lá fé dheireadh.” “Dia 's Muire dhuit agus Pádruig, a athair! Tá áthas orm mar thaithnidh na bróga leat. Acht is é rud a thug anois chum caint leat mé 'ná mé bheith i gcruadh-chás.” “Go deimhin agus go dearbhtha, a Shéadna, is oth liom sain do chlos; agus ní mé amháin, acht ní'l duine ar fuaid na dúithche, íseal ná uasal, bocht ná saidhbhir, nár bh'oth leó é, agus go deimhin féin, agus ní i dtaobh tu bheith láithreach adeirim é, badh mhaith an ceart dóibh.” “Is iomdha céim cruaidh gur ghabhas tríd le tamall, a athair. Acht sid é an greim is géire dá rug riamh ar mo chroidhe. Tá aithne agat ar inghin Sheagháin Cheataigh?” “Tá gan amhras, a Shéadna. Cia aige ná fuil aithne ar Mháíre? An óig-bhean is creideamhnaighe sa' pharóiste.” “Ní'l a leithéid eile ag siubhal drúchta indiu, a athair, agus is amhlaidh mar tá an sgeul agam-sa le fada, do thabharfainn a bhfuil 'an tsaoghal agam, agus a raibh riamh agus a mbeidh go bráth, ar neart a bheith dham í phósadh.” “Is truagh nár innsis an méid sin dom fad'ó, a mhic ó. Tá a fhios agam-sa, ar shlighe nach misde dhom a innsint duit-se anois, go bhfuil an aigneadh céadna ag Máire dhuit-se atá agat-sa dhi-se.” “Cad é sin agat dá rádh, a athair?” arsa Séadna, agus sgeón ann. “Tá an rud atá ar eolas agam, is é sin gur giorraide a saoghal do Mháire Ghearra muna bpósfar leat-sa í! Tá sí dhá snuigheadh amach os comhair ár súl.” “Ó! Dia le m'anam!” arsa Séadna. “Tá an sgeul níos seacht measa 'ná mar bheartuigheas!” “Airiú, an as do mheabhair ataoi?” ars' an sagart. “Ó! ní has mo mheabhair, a athair, ná as mo chéill. Is ró-chruinn atá gach taobh aco agam. Tá bean bhocht annsúd thiar gur chuireas comaoin bheag uirthi an lá fé dheireadh. Tháinig sí, mar mhaithe liom, dar léi, agus do labhair sí liom ar an ngnó so. Cheapas gur chuireas i n-iúl di, soiléir go leór, ná raibh aon bhreith agam ar chleamhnas do dhéanamh le Máire Ghearra ná le haon mhnaoi eile. Cheapas go gcuirfeadh sise i n-iúl é do Mháire féin agus dá hathair, agus go raghadh an sgeul chum suaimhnis gan cheataighe do dhuine ar bith acht dom féin. I n-a ionad sain, is amhlaidh atá mí-ágh éigin dá thiomáint ar aghaidh agus dá chur chum cinn, dem lom deiridh aimhdheóna. Do tháinig an duine galánta féin i leith de shiubhal a chos ar maidin indiu, dá innsint dom ná raibh aon fhear i nÉirinn dob'fhearr leis mar chleamhain 'ná mé. Agus nuair chuireas i n-iúl dó, chomh réidh agus d'fhéadas é, ná raibh aon bhreith agam ar phósadh choidhche, ba dhóich leat gur bh'í an oidhche do thuig i lár an lae air. Agus anois, mar bharr ar gach ndonas, tuigim uait-se, a athair, go bhfuil díoghbháil shláinte dhá déanamh do Mháire Ghearra féin. Is truagh an sgeul é! Is truagh 's is tiubaisteach an sgeul é!” D'fheuch an sagart air. “A Shéadna,” ar seisean, “is tu an fear is éagsamhlaighe d'ar bhuail riamh fós umam i n-aon taobh d'ar thugas m'aghaidh. Nuair
thánaighis isteach, do thuigeas uait á raibh nídh ar bith ag briseadh do chroidhe acht gan neart a bheith dhuit Máire Ghearra do phósadh. Anois, sin é a hathair, le n-a lán-toil féin, dá mbronnadh suas ort, agus ní'l agat le rádh acht gur truagh agus gur tiubhaisteach an sgeul é! Cadé mar shaghas duine thu? Nó cad tá uait?” “Ní hiongnadh tu ag cur na ceisde sin, a athair,” arsa Séadna. “Is deacair a rádh cadé an saghas duine mé, nó cad tá uaim. Pé saghas duine mé, tá an méid seo agam le rádh i dtaobh an chleamhnais seo: badh shaoire do Mháire Ghearra an bás is dona dá bhfuair daonnaidhe riamh 'ná mise dhá pósadh. Sin é an saghas duine mé. Dá bhféadfainn teacht suas le duine éigin do labharfadh léi, agus do nochtfadh an sgeul sin di, agus do thabharfadh comhairle a leasa dhi .i. mise do chur as a haigneadh agus as a croidhe, agus í féin do thabhairt suas do Dhia mar thug sí riamh — sin é atá uaim. Do cheapas go ndéanfadh an bhaintreach é. Má dhin, níor tháinig léi. D'iarras ar Sheaghán Cheatach féin ó chianaibh é dhéanamh. Is baoghal liom ná feadair an duine cad is maith dhó do dhéanamh. Do thána' chughat-sa, a athair, ag brath air, as méid do thaithighe agus do thuigsiona agus do mheabhrach cinn féin, go ndéanfá é, nó go gcomhairleóchthá cad is fearr do dhéanamh sa' chás.” “Tá eagla orm, a Shéadna,” ars' an sagart, “go bhfuil éagcóir throm agat dhá déanamh ort féin. Tá aithne mhaith agam ort le fada. An lá is dealbha dá rabhais, níor airigheas luach feóirlinge ag aon-ne' dá chur id leith. An lá is neamh-spleadhaighe dá rabhais, níor habradh riamh gur rinnis éagcóir ar cheardaidhe, ná go raibh a chuid alluis agat gan díol as. Dealbh ná saidh- bhir, níor airigheas duine riamh dhá rádh go bhfeadaidh sé thú ag teacht abhaile ar meisge, sáithte i mbruighin, ná ag comhluadar le droch-chuideachtain. Ní'l goid ná fuadach le cur id leith. Ní'l dlighe ná clampar ná achrann le cur id leith. Na daoine go bhfuil do chuid aco, badh dheacair a n-áireamh. Níor chlos fós gur dhian tu dá éileamh ortha. Do chlos go minic gur bh'olc an díol ar chuid aco puinn chomhaoine do chur ortha. Ní féidir liom a dhéanamh amach — a' dtuigeann tu me? — cadé an chúis gur shaoire dhi bás d'fhagháil 'ná tusa dhá pósadh.” “Ná déan a thuilleadh taighdidh ar an sgeul, a athair,” arsa Séadna. “Is ag duine féin is fearr a fhios cá luigheann an bhróg air. Do thána' ag iarraidh do chomhairle chum an chleamhnais seo do bhriseadh. Bris é, muna mian leat í do chur dá losgadh i nIfrionn! Táir ag áireamh mo mhaitheas- aidhe. Is suarach le háireamh iad. Pé tairbhe atá déanta agam, is ar aon aigneadh amháin do rinneas é. Do rinneas ar son an tSlánuightheóra é, — ní dhá mhaoi- dheamh ar Dhia é! Acht cadé an tairbhe dhom é, má dhéanaim an éagcóir seo anois?” “A Shéadna,” ars'an sagart, “ceapaim go dtuigim an sgeul fé dheireadh. Tuigtear id aigneadh dhuit go ndéanfá éagcóir ar Mháire Ghearra, dá bpósfá í. Táir ag diúltadh do'n éagcóir sin ar son an chirt. Táir ag gabháil de chosaibh id chroidhe féin ar son an tSlánuightheóra — .” Ní raibh sé d'uain aige a thuilleadh do rádh. Ní túisge d'airigh Séadna an focal sain — “ar son an tSlánuightheóra” — 'ná bhí sé de léim ar an dtaobh amuigh de dhorus agus imthighthe. (leanfar de seo.)
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services