Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Ionmhain an Triúr Théid san Luing
Title
Ionmhain an Triúr Théid san Luing
Author(s)
Mac Taidhg an Gharáin, Domhnall,
Compiler/Editor
Ó Cuív, Brian
Composition Date
1620
Publisher
(B.Á.C.: I.A.B., 1971)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Ionmhain an triúr théid san luing, trí craobha cnuais i gcrobhaing, triar tromdha fá sia 'na socht, Dia dá gcomhdha mar chomplacht. Críost do ceangladh don phiollóir dá gcur go Críoch Éireamhóin, trí héanta fá hannsa leam, réalta gan fhallsa an fhoireann. Is siad sin triúr seirgthe ar gcuim: Conn caoilcheastach Ó Domhnaill, Dálach duinnfhial ré mbí ar mbáidh, 's Uilliam mo chlí Ó Críodáin. Dálach teallach na dtaisteal dtrom, Conn do faighreadh gan fuigheall, Uilliam bláth na haoise i bhfuil snáth na gaoise do ghrádhaigh. Uilliam feallsamh gaoth glan grinn, Dálach ar amas innill, is Conn scríbhneóir clár na gceall, fídhleóir fá lán do léigheann.
Sméar ghrianáin na gcliar Conn, Uilliam inntleacht ná trághann, Dálach geal nár luaidh lochta, mo chean d'uaim na humhlachta. Uilliam iomrádh gach scoile, feallsamh fiochair, diadhaire; tugas grádh don ghroigheach grinn fá lán d'oineach is d'inntinn. Dálach Ó Dálaigh eisean, fear fuartha na n-imrisean maith an dlightheóir réidh reachta fithmheóir séimh na saoidheachta. Comhsnadhmadóir na gceast gcruaidh, mionn scagtha an aignidh fhionnuair, fear sníomhtha cléire ré a chlos, is líomtha, is léire labhras. Trí drithle diadha mar ghoil, trí lonnradh lasta crábhaidh, trí hóir ar dtuirse do thráigh nach dóigh tuisle do theagmháil. Sé gruaidh geanmnaidhe donna, toibre fis na foghlama, freagra nach frithir ag teacht, ithir na heagna a n-inntleacht. Trí coinnle creidimh na gcros, trí hoideadha is áith eolas, croinn chnuais ara beite ar mbrath, 's eite gach cruais do chumhdach. Trí léaghthóire Leasa Cuinn, trí luibhe leighis gach fearainn, trí glanóir dár ghéill gach geall do chéill, d'anóir is d'inneall. Trí colgnáimhde na colla, trí gráinne i ndéis díoghlama; do shín-se i bhféithe go fann tréithe an trír-se dá dtarrang.
Trí dheighbhile an toraidh thruim, triúr is fíréanta foghlaim, trí eithne nach mear i móid mo chean slighthe 'na siobhlóid. Ar fuasgladh ceast, ar a gcur fáidhe, filidh fuair fromhadh, tuar grádh a meabhair nach mall, a slán fá fhearaibh Éireann. Feirrde Éire ó mhuir go muir 'na rachaid 'na leig lóghmhair, triúr céile is blasta beóil, is snasta, is séimhe seanmóir. Díbeoraid a crích na gcreach ól, imirt agus éitheach, annóis dob fhuadraighe túis, glanróis chuardaighe cogúis. Ar an mbóchna is buirbe treas ar fheirg síne gan suaimhneas, na trí gluine na nglac ngeal, Mac an Duine dá ndídean. An triúr-sa ag triall i dtír bíod ar ionchaibh an Airdrígh; re linn na rann-sa is roimhe linn is annsa, is ionmhaine.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services