Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Irish Translations of Thomas A Kempis's 'De Imitatione Christi'
Title
Irish Translations of Thomas A Kempis's 'De Imitatione Christi'
Author(s)
Anaithnid,
Compiler/Editor
Ó Cuív, Brian
Composition Date
1745
Publisher
(B.Á.C.: I.A.B., 1954)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
AR SMUAINTIOGHADH AN BHÁIS ARNA THARRANG Ó THOMÁS A CEMPIS, LEANMHUINT CHRÍOST. LEABH.I, CAIB.XXIII. Ní fada nó go ttiocfuidh uair an bháis chugad, et mar sin tabhar aire dan staid ina bhfuil tú; aniodh atá an duine anna bheathaidh, et amárach ní bhfuil sé le fagháil.
Ach anuair a thógar as ar bhfiaghnaise é, ar ball fágan sé fós ar ccuimhne. Uch, is cruaidh agus is spadánta croidhe an duine nach smuainighean ach air na neithe atá thugain! Ba chóir duit thu féin iomchar san uile ghníomh agas smuaintioghadh amhail agus mar bheith an ló déigheanach dod bheathaidh. Má bhian coinnsias maith agad ní bhian mórán eagail ort roimhe leis an bhás. Is fearr an peacadh a sheachna nó an bás. Mar bhfuil tú ullaimh aniodh, connas a bhfias tú amhlaidh amárach? Atá an ló márach neimhchinte; ca fios duit an mbéara tú beó ar an ló márach? Créud is feirrde dhúinn a bhfeith bhfad beó anuair is beag a leasaighear ar mbeatha? Och fa-ráor! ní leasaighean an saoghal fada inn go coitcheanta, ach go minic is mó a mhéadaighean sé air ccionnta. Is truadh nach ttig linn an ló amháin dár saoghal a chaitheamh go maith. Is mór an líon a gheallas a mbeatha do leasughadh, et is beag na torrtha nó an biseach a thig orra. Cia gar uathbhásach an raod a' bás, is baoghalaidh nó sin a bheith bhfad beó. Beannaigh an té aiga bhfuil an bás as comhair a shúl do gnáth, et ullmhaitheas é féin go laetheamhuil 'na choinne. Má chonarc tú an duine ariamh a' fagháil bháis, smuainigh go ngéabha tú féin an casán céadna. Aig teachd na maidne saoil nach ttéid tú féin chum na haoidhche, agus fá choineasgar ná geall duit féin a bhfeith beó ar maidin. Mar sin bíodh ullaimh air do choimhád, agus ná beiridh an bás go brách 'do chodladh ort. Iomdha duine a gheibh bás oban gan am aithrigh, ór is ansan uair nach saoiltear a thig Mac an Duine. An tan a thiocfas an bás, smuaineócha tú air do bheathaidh agus guilfe tú go cruaidh ag féuchaint air gach folligh agus air gach muinneachdaigh dá ndearna tú.
Méanar don té a thairgeas a bhfeith an aimsir a shaoighail mar ba mhaith leis a bhfeith uair a bháis. Ór bhéaraidh tarcuisne iomlán an tsaoighail, fonn faobhrach a dhul air aghaidh annsna subháilcibh, grádh na ríaghaltachd, pionús na haithrigh, easguigheachd na humhlachd, diúltughadh dhuine dhó féin, agas iomchar foighideach gach éugcóra agus leatroim mar gheall ar Chríosda, bhféaraidh siad dóchas et muinghin láidir bás beannaigh fhagháil. An fad a bhfeas tú slán is iomdha maith a thig leat a dhéanamh; ach anuair a bhfeas tú tinn, ní adar créud a thig leat a dhéanamh. Is beag a leasaigheas iad féin le linn a ttinnis nó a naomhas iad féin le mórán turais. Ná déana ro-mhuinghin as do chairde nó as do chomharsain, agus ná leig do leas air cairde; óir dhéanad daoine dearmod dhíot nias luithe nó shaoileas tú. Is fearr lón a dhéanamh anois an am agus do dhéirc agus do ghníomharadh maithe a chur romhad nó thu féin a thaobhadh le daoine eile d'éis do bháis. Mar bhfuil cúram agad anois iomad féin, cia chuireas buaireadh air féin do dhiaigh aríst? Is mór luach na haimsire atá láthar. Anois an na haithrigh. So foghmhar an anma. Ach fa-raor! nach bhfreagrann tú an t-am atá agad le haghaidh h'anma. Tiocfudh an t-am a mbeith tú ag iarraidh aon lae amháin nó aon uair amháin le haithreachas a dhéanamh; et ní adar an bhfuighe tú h'athchuingidhe. Och, a chairde ionmhuin', is iomdha eagal et olc is féidir leat a sheachna aige smuainioghadh agus aige coimhéad air a' bhás. Déana díthcheall anois do bheatha a bheith naomhtha agus ní bhian eagal ach luathgháir ort uair a' bháis. Foghlaim anois bás fhaghail don tsaoghal, ionnas go mbeathá an uair úd beó maille le Íosa Críosda. Foghlaim anois an uile ní do tharcuisnioghadh, ionnas go ttiocfa leat a dhul go dána d'ionsaidh Chríosda an uair sin. Smachtuigh anois do chollan le pionnús na haithrigh, ionnos go mbféidir leat muinghin láidir a bheith agad uair do bháis.
Och, amadáin, créud fá smuainighean tú a bheith bhfad beó, agas nach bhfuil aon ló amháin dearbhtha agad? Nach iomdha duine a mhealltar agas fhuadaighear ar siobhal an uair nach saoilean síod? Nach minic a chúala tú dá rádh “thuit an fear sa air a chloidheamh, báthadh fear eile, thuit duine eile et bhris sé a mhuinéal, tochdadh duine eile, et fuair an fear núd eile bás le huabhar”. Tuitean duine le teine, duine le harm, duine le pláigh; marbhadh duine sa chath, et imighean saoghal an duine thort mar sgáile. Cia choimhneóchas ort ndiaidh do bháis, et cia dhéanas guidhe ná urnaighe air do shon? Anois, anois, a charaid, déan an méid et thig leat; ór ní fios duit uair do bháis, nó créud éireóchas duit 'na dhiaigh. An tan atá foill agad déana saidhbhreas et lón síordhaidhe dhuit féin. Ná smáoinigh ach air shláinte h'anma; ná tabhair aire ach do Dia. Tabhar onóir do naomhaibh Dé et déana caruid díobhtha ag tabhart tóruidheachd dóibh, ionnas go ngéubhuidis leat ana longphurtaibh síorrdhaidhe, ag fágáil a' tsaoghail duit. Meas nach bhfuil tú air an talamh ach do dheóraidh bhochd ar céiligh, et gur beag do chuid don tsaoghal. Coinghimh do chroidhe saor et suas chum Dé, óir ní bhfuil baile comhnaigh anso agad. Cuir do ghearán, do dhéara, et do guidhe suas go Flaitheas Dé, ionnas go bhfuigheadh h'anam d'éis do bháis a dhul go glóir shíorrdhaidhe an Tighearna. Amen. Smaoinighmid annso gurab éigin dúinn bás d'fhagháil uair éigin, et déanmaoid díthchioll inn féin a chur annsa staid ann ar mhaith linn a bheith san uair uabhásaigh sin an bháis. Orrtha. A Thighearna Dé ar nach bhfuilmid dearbhtha aige dul a chodladh anochd a' n-éireócham a chaoidhche aríst, tabhair grása dhúinn inn féin a mhionsgriúdagh go fírinech ad
fiaghnaise, ionnas go bhfaiceamois ar lochda et go mbiadh sinn ullaimh a láthar bás et breitheamhnais. A Dia, támaoid sásta an saoghal sa fhágáil an uair, agus air an ghléas is áill leat féin, ach amháin iarrmoid d'athchuinge ort gan breitheamhnas a thabhart air n-aghaidh réir air ngníomharadh, ach ré et am aithrigh a thabhart dúinn, a Thighearna. Dídin agas sábháil inn air bhás oban neamhollmhuighe et tabhar grása dúinn gan smuaintioghadh an bháis a leigint a choidhche as air ccroidhthibh, ionnas, an fad a mhaireamaois, nach déanamois peacadh ar bith marbhtha nó sologhtha dar ndeóin an aghaidh do mhórdhachd neamhdha. Amen.
LORG CHRÍOST. An Chéad Leabhar agus an Chéad Caibidil. Do lorg Chríost agus do dhímheasúghadh dhíomháointais an tsáoighil uille. An tí do leanfas mesi ní shiubhluigheadh sé a nóircheadas Eóin 8.12. Ag siad so focail ar tTigharna Íosa Críost ionna bhfrógradh dhúinn, más miann linn bheith saor ó dhoircheadas et ó dhuille croídhe, aithris do dhéanamh air a bhéasaibh et air a bheatha ró-naomhtha. Tríd sin déinimís díothcholl díbhirceach et machtnamh caoindúthrachtach air bheatha Chríost do leanmhuin. Sáiruígheas teagasg Chríost teagasg na n-uille naomh, et an tí agá bhfuil an spiorraid cheart, do-ghéabhaidh sé an manna falaighthe ínte. Gidheadh atáid a lán ná corruígheas et ná spiorachuígheas gnáthclos an tsoíbhisgéil a n-inntinn ná a ccroidhtheacha mar nách bíodh spioraid Chríost ionnta. Acht an tí dár miann leis focal Chríost do thuigsin go maightheach is dleacht do dhíothcholl dían do dhéanamh et machtnamh cruaidh do dhéanamh ar aithris beatha ró-naomhtha Chríost. Créad an sochar ná an tairbhe dhuit labhairt go doímhinn léaghanta air an tTrínóid, mádh bhíodh an Tríonóid ad t'aíghadh tréad neamhúmhalacht. As fíor nách deinid focail mhóra bláithbhriathracha duine do náomhúghadh, acht is fíor go ttugadh beatha shúibháilceach báoidheachas et greann Dé air. Dob fheárr liom combrúighadh croídhe d'fhullang et do moghthughadh ná bheith fiosach air a léirnochtadh. Dá mbíadh an sgríobhinn dhíadha uile do mheábhair agad do rínn aon fhocal et seannráidhte na n-eagnuídheach et na ndroighthe, créad
a mhaitheas ná shochar duit gan grása et greann Dé. Ó! a dhíomhaoinis an díomhaoinis, et is díomhaoineas an uille, acht seirbhís et greann Dé amháin. Ag sin an eagna is áirde, tré chúl do thabhairt ris an sáoghal so, et tré aíghaidh do thúbhairt air ríogacht naomhtha na bhflaithchios. As díomháoineas don réir sin do neach bheith ag iarraidh ná ag iarracht ar shaídhbhrios diombúan an tsáoghail so, ná a' cur a dhóthchas ann. As díomháoineas bheith aig iarracht air onóir, air ainréim, et air ardionnadaibh. As díobhaoineas bheth aig leanmhuinn anmhianaibh na colna ná ag iarracht ar aon ní eile dobhéarthach pian dian dólásach air an anam bocht dá éis. As díomháoineas bheith aig iarraidh saoighil fhada et faillighe do thubhairt a leas an anma. As díomháoineas aire do thúbhairt do neithibh an tsáoghail so amháin et gan aire do thúbhairt do neithibh atá le teacht. et fá dheóig is díomháointeas greann do thúbhart do neithibh diombuana et gan deithneas do dhéanamh chuim na háite ionna mbíadh uirgháirdeas et sonas síorraidhe. Smuain do shíor air an seanrádh nách fuil an tsúil lán do raídharc ná 'n chluas lán d'éisteacht Eccles. 1.8. Machtnaimh don réir sin do chroídhe et t'inntinn do tharrang ó neithibh talamhuídhe, et iómpaigh air neithibh neámhdha. Óir truadhilíghid an drong do leannas anmhiann a ccoinsías et caillid siad greann díadha Dé. An Dara Caibidil. Do mheas uirísil do bheith aig duine air féin. Do réir nádúir is miann le gach neach bheith eólach, acht créad an tairbhe an t-eólas san gan eagla Dé? Is feárr an túata ísioll úmhal do-ghníodhas réir an Tigharna go dílios dúthrachtach ná an t-eagnuighach uaibhreach eólgach do sgrúdas cúrs na spéire et dothugas faillíghe a leas anma. An tí agá mbiaidh fios ceart air féin is direóil úirísioll 'na shúillibh féin é, et ní binn leis duine
dá mholadh ná dá bhleachain. Dá mbíadh fios agam air an uille ní atá san dómhan mhór et gan bheith a ccarrthanacht leam chómharsain, créad an tairbhe do-dhéanfa dham a raidharc Dé do-bhéarfas breith orm do réir mo mhíodhiompair agus mo ghníomhartha? Léig díot diandúil eóluis; is minic bhíos eólas mór lán do thoirmeasg et do cheilg. Is gnáth le lucht an eólais meas do bheith ortha féin et gur maith leó ainim chríona d'fháighil. Atáid a lán do neithibh dára beag an tairbhe don anam fios do bheith ortha. et is neamhchríonna é an duine dotugas aire do neithibh ná chuiduígheas chuim a shláinaighthe. Ní hiomad focal dá léigheanta do-ghnídh maith don anam; gidheadh do-beir beatha ríaghalta compórd et gáirdeachas don aigne, et coinsias glan muinghin et dóthchas a nDia. As troimide do bhreitheamhas bárr eóluis do bheith agad, muna mbeadh bárr feabhais et naomhthacht air do bheatha dá chionn. Don réir sin ná bíodh uail ort ná séide suas tré aon nath ná ealládha do bheith air eólas agad, acht bíodh eagla et úamhain ort tré n-a bhfuairais d'fhios ortha. Más dóith leat bheith leóreólach ann a lán do neithibh, bíodh a fhios agad san am ccéadna go bhfuil iliomad do neithibh eile tar h'eóllas et tar do thuigsin. Ná bí árdaigiontach Rom.11.20, acht admhuig h'ainbhfhios go fóirleathan. Créad fá ccuirfeadh tusa tú féin tar daoinibh eile 's a liacht duine rómhad féin go hárd a ngéarrchúis et an eólas an reachta? Dá réir sin más míann leat aoin ní d'fhoghluim cuim na toisge sin gean uirísleacht et uaigneas. Ag so an ceacht is airde et is mó sochar: fios fírinneach do bheith aguinn orruinn féin et sinn féin do úrísliúghadh. As mór an chíall et an iomláine anuinn, mímheas do bheith aguinn oruinn féin et meas maith air chách. Dá ttigeadh duit neach air bith d'fhaicsin a bpeacad phuiblidhe nó a ccoir ghráineamhúil, níor cheart duit meas ná mustar do bheith ort féin dá bharr air, óir ní fheadrais créad an fhaid dobheitheá féin air deághstaid. Atámíd uille lag, acht tabhair-si dod aire gan smúaineadh go bhfuil neach beódh is luige ná tu féin.
AN TREAS CHAIBIDIL. DO THEAGASG NA FÍRINNE. As sona an té do teagasgthar ris an bhfírrinne amháin, gan fíoghar gan focal, acht mar atá sí ínte féin. Is minic do mheallas ár cciall et ár ccéadfa féin sinn; ní dhearcamid acht beagán. Créad an gábha an chónnspóid na choinntinn dorchadh deacradh doléire ná fiafrófar dínn air lá an bháis nó an bhreitheamhnais? As mór an leimhe et an mhíchiall dúinn seachmall do thabhairt a neithibh ríochtnacha óircheasacha ró-thairbhtheacha, et cúram gearr do dhéanamh do neithibh deasa dona úirchóideacha. Atáid súile aguinn et ní fhaicmid. Agus créad is gábha dúinn mar sin bheith a úram ceasda ná deismeirtheachta na bhfallsamh ná na n-eagnuídheach. Bíodh an té léa labhras an briathar síoruídhe sáor ó chéadfaibh codrasna. Ó aon bhriathar atá an uille ní; labhras an bríathar sin gach nídh; et asé an bríathar sin túis et tosach gach nídh, et do labhras linne Eoin 8.25. Gan an bríathar so ní thuigeas et ní bhreithnuíghis neach go cóir ná go ceart. As féidir don té agá bhfuil gach nídh an aon nídh, do tairraingach gach nídh chuim aon nídh, et do dhearcas gach nídh an aon nídh bheith soicair do-chorraighthe dingeabhálta ionna chroídhe et ionna aigne, et codla go soilbh sámh suaimhneasach an ucht Dé. Ó! fhírinne, mo Thigharna et mo Dhía, déin aon mar aon leat féin díom a ngean et a bpáirt shíorruídhe. Atáim sgítheach toirseach ó iomad do léighamh agus do chlos; anut-sa amháin atá an uile as toil agus is mhíann liom. Éisteach gach uille theagasgthóir; bíodh an uille chréatúir anna thocht ód radharc; labhair-si amháin liom-sa. Dá mhéid dobhiadh neach cómhaonda ann féin agus neamhdhíobhálach 'na chroídhe, is amhla is mó agus is aírde do thuigfeas neithe gan saothar ná dúadh, do bhrígh
go bhfáigheach solas na tuigse ón árus shuas. Ní bhíodh spiorraid fhorasda áonda fhíorghlan sgaipighthe tré iomad cúraim, óir déinidh an uille nídh an onóir do Dia, agus déinidh díothcheall dian díbhirceach bheith soicair séalta súaimhneach ann féin agus saor ó gach cruinniúghadh cínnte. Cé an col, an cosg, ná an buaireadh is mó ort ná miann do-smachtaighthe do chroídhe féin? Air ttúis cuirreadh an duine cráibhtheach cáoindúthrachtach innioll inmheódhnach air na neithibh so dobhíos age le déanamh go foiriomlach. Agus ní chlaonaid agus ní thairraingid é chuim a ainmhiann, acht lúbaid é chum ríaghail an chirt agus na deighchéille do leanmhúinn. Cé do-ghnídh cómhrac bus tréine ná an té do-ghnídh díothchall air bhuadh air féin? Don réir sin is óircheas dúinn neart laetheamhuil do thinóill ionnár n-aíghadh féin agus beith do shíor ag dul a bhfeábhas et a ró-fheábhas. Ní bhfuil iomláine san tsáoghal so gan neamhiomláine, ná breithnúighadh gan doiléire. As deímhinidídhe an tslighe chuim Dé eólas úmhal do bheith agut ort féin ná an lorg is doimhinne a ndiaigh nath ná ealladheann. Ní ceart uaidh sin dímheas do bheith air fhóghluim ná air eólas aoinnídh atá tairbheach ann féin agus atá achtaighthe órdaighthe le Dia; gidheadh dob fheárr do rogha coínnsias maith et beatha shuibháilceach ná foghluim na cruinne ceathardha. Acht do bhrígh go bhfuil a lán do-ghnídh machtnamh níbhus mó air fhoghluim ná air dheighbheatha, tríd sin is minic do mealltar íad, agus má tugaid torradh air aon chor gurab e an róbheag é. Ó! dá mbeidís daoine cómh díbhirceach cómh dúthrachtach cómh imnuídheach ag préimhsgrios duibháilceadh agus ag síorchur suibháilcidh agus dobhíd aig lúadh agus ag tabhairt cheasta, ní bhiadh oiread uilc, masla, ná sganallach a ccolláisdíbh ná monaistribh. Go fíor air thiachtain do ló dólásach an bhreitheamhnuis, ní as na neithibh do léighmair do cheastnóthar sinn acht ansna neithibh dorinneamuir; ná air eólas ár mbríathara acht air ríaghaltacht air mbeatha. Innis damh cá bhfuillid na hollamhain so annois air a raibh coidreabh agus taithídhe agad inna mbeatha et dobhí árd bláthórnáideach an eólas?
Annois atáid cách a seilbh a mbeatha 's a maoine, et ní fios dúinn a' ccuímhníghid ná smuainíd ortha go bráth. An aimsir a mbeatha do measag mór íad, acht annois ní bhfuil trácht thorsa. Ó! a ghiorracht dobhíos glóire an tsáoighil so ag imtheacht seacha. As trúadh, a Dhé, ná bíodh an bheatha do réir a bhfóghlumtha; as ansin do-dhéanfadís deaghmhachtnamh, deighléighan, agus deighfhóghluim. Ó! créad an mhéid do míltear agus do cáilltear san tsaoghal so tré neamhnaightheacht et tré shuarachas léighain et tré sheachmall, et tré beagaire do thabhairt do sheirbhís Dé? et mar dob fheárr leó bheith taídhbhseach iná úmhal, et d'iompuíghidar báoth éadtrom inna smúaintibh. Atá an duine mór go fírinneach atá mór a ccarthanacht. Atá sé mór go fírinneach atá uirísioll 'na shúillaibh féin, et nách cuirreadh dúil ná suím an árdchéimibh onóra. Atá sé eagnuídhe go fírinneach aig nách fuil acht meas an aoilaicc air neithibh talmhuídhe, ionnas go sroithfeach sé Críost Philip 3. 8. Agus go deibhinn atá sé léaghanta go mór mar do-ghnídh toil Dé et mar do thréigios a thoil féin. CAIBIDIL 4. Do Chianraidharc agus do Chomhaire air ár nGníomharthibh. Ní cóir dúinn creidiomh an gach focal ná an gach fárdal príomháideach dothig san ínntinn ná san aigne; gach nídh do mheas et do mheádhachon go réidh, aireach, imnídheach, do réir toile Dé. Fóríor! atá ar laige comh mór sin gur minice a labharamáoid et do chreidmíd a neithibh uirchóideacha ná a neithibh tairbheacha. Gidhéadh ní thugaid daoine eagnuídhe iomlána creideamhuinn iomláin do gach saobhsgéal suarach do-chloinnid, mar atá fios aco air an luige dhaona atá claon chuim uilc et cailleamhnach a mbríathraibh.
As mór an gaois gan bheith dian dioruisg ná ceanndána ionnár ccéadfadh cínnte féin, ná mar an ccéadna bheith soicreidibh a mbriathraibh dáoine, ná an méid do chreidfamaois d'aithris. Déin cómharle lé duine coinnsiasach ceart; tóg teagasg an tí is fearr fios, agus ná lean h'eidirmheas féin. Déinidh deaghbeatha duine eagnuídhe do réir Dé et clisde ann iomad neithe. Dá mhéid úmhluígheachta dobhiaidh a nduine et dá mhéid do ghéilleas do Dia, is amhla is mó dobhías a shúaimhneas et a shonas, eagna agus a gháois et gach uille nídh. CAIBIDIL 5. Do Léaghadh na Sgríobhinne Diadha. As fírinne agus ní deaghlamhair is ceart do lorg san sgríbhinn dhíadha. Badh ceart an sgríobhinn dhíadha uille do léighadh ris an spiorraid léa ndeárrthnas í. Is mó is ceart dúinn cuardach san sgríobhinn dhiadha air ár ttairbhe spiorrálta ná air géarchúis cainnte. Bo cheart dúinn na mionleabhair chráibhtheacha do léighadh mar na leabhair is doimhinne et is fóirleithne eólas. Ná cuirreadh úghdarás ná úirísleacht an sgríbhinneóra ort tré bheith ísioll ná árd a bhfóghluim, acht seólach greann fíorghluine tú chuim léighte. Ná fiafruidh cé dúbhairt seo, acht túbhair aire don ní a dubhrthas. Imthíd daoine seach, acht mairreadh fírinne an Tígharna go síorruídhe. Labhradh Dia go minic air iomad slighte linn gan beann air neach tar a chéile age. Déinidh ár bhfíorchruinneas et ár gcúiríaltacht cosg oruinn go minic a léigh na sgríbhinne diadha, an tan bo miann linn bun et bárr na neithe sin d'fháighil fá córa dhúinn do leigionn tarrainn. Más maith leat tairbhe d'fháighil léighaidh re húmhluígheacht, le séimhe, et le
creidiomh, et ná bíodh úail ort tré bheith eólach. Iarr fios go deóinaitheach agus éist go ciúin le bríathraibh na naomh: et bí sásta le bríathribh nó cosmhallacht na sean; óir ní labharthar íad gan chúis. CAIBIDIL VI. Do Mhíannaibh Míríaghalta. An tan do chuirreadh neach dúil ann aon ní míríaghalta, tig buaireadh láithreach an' inntinn et an' aigne. Ní bhí an sanntach ná an t-uaibhreach sásta ná soicair-aigiontach go bráth; mairreadh an bocht ríaghalta et an t-úmhal a spioraid a sonas et a síthcháin mhór. As ró-fhurrasa an duine atá a ngar do bheith marbh a chloídhe et do tharrang le súarachas. As deacair don tí atá lag a spiorraid et cláon chuim ainmhiann é féin do tharran go iomlán ó dhúil do bheith a neithibh sáoghalta. et tríd sin is minic doilg dobrónach é iar sgarramhuinn leó; agus má dothig aon ní dá luíghead an aíghaidh.
ÉIRIM BEATHA THOMÁIS A CEIMPIS Tomás Hamerkin, dar bo comhainim Tomás a Ceimpis óna bhreith a cCeimpis, baille beag a bhfairche Cullen san nGearmáinn uachtraicc, tíompcholl na bliadhna d'aois an Tígharna 1380, ó lánmhúin bocht chráibhthicc mhacánta do chuir an aois a thrí bliadhna déag é go Daventry, ceannbhaille Overyssel san talamh íochtrach, áit iona ndearrnaidh Gerardus Mór seallad geárr roímhe sin colláisde agus sgoil do chuir air bun chum droinge d'ógaibh na tíre sin do thabhairt súas a bhfóghluim agus an eagla Dé. Do ghaibh Florentius, uachtrán na colláiste sin, go macnaiseach é, agus le cabhair na sagart eile ríaghalta dobhí ann, a ccionn seacht mbliaghann dá éis sin dobhí sé árdeólach a bhfoghluim dháona et aníbhus áoirde a ngrádh et an eagla Dé, noch is ealládha et is eólas ceart do na naomaibh. A cceann na haimsire sin do smuain sé air uaigneas fá mó do ghabháil do láimh, et air é féin do thiomnúghadh do Dia go hiomlán, et tríd sin do ghluais go Cnoc Agnes, lámh le Swollem, go mainistir bráthar d'ord Naomh Auguistin, et mar a raibh a dhearbhráthar Seaghán 'na luamh. Annso tar éis bheith sé blíaghna 'na nuaidhre, mar fá gnáth san áit sin, do ghaibh sé grádh eagluise et do lonaidh ann 'na scáthán iomlán an uile shuibháilce breis et deich mbliadhna et trí fithchiod. Dobhí do síor et do síor-gnáth ag labhairt air Dia et fhírinnibh naomhtha, amhuil atáid le fáighail san sgríobhinn dhíadha. Ni thugach aire do neithibh eile air bith. Ní éisteach leó. Dob é an céad duine san ccorradh é air na huairibh canónda 'na chuilgsheasamh a' geilfhéichain suas air neamh lena chróidhe, lena shúillibh, et lean íntinn an éinfheacht, amhuil dobheadh chuim eitil súas air an moment sin don ghríanárus beannuighthe. Do sheasaibh sé coga an chínn cheángállaicc le leisge et le díomhaoineas dá luíghead, et ní bhíodh am ná tráth gan bheith air úrnaighthibh, aig léaghthóireacht, ag sgríobhinnóireacht, ná aig déanamh feidhme nó oibre éigin chuim maitheasa coitchinne an tíghe go súaradh ó offic an meodhan oídhche go maidin. Dotugadh sé searmóin uaidh go minic dobhíodh comhlán san do bhuige, do mhíllseacht, et do theasghrádh, go ttigídís daoine ós gach áird aig éisteacht
ris, et ní bhíodh duine díobh sin ná tairbhthígheach óna theagasg. Dobhí a chómhluadar deachteámhuil deághshompladhach, et arruíghe shéimh shochma shítheóilte, et dothugach compórt et cómhfhoirtacht don lucht dobhíodh an amhgar, a mbuairraidh, ná a ccathúghadh. Dobhí oirread san do thainntheamh aige d'uaigneas et do leabhraibh díadha gur ghnáthchanmhúin aige “do shireas súaimhneas ann gach áit et níorbh féidir liom fháighail an aon áit acht a ccúil aonair láim le leabhair”, agus do sgríobhach an ní céadna air chúmhdach leabhar mar dhúbhachómhartha. Do thangmhuígheach do go minic a ccuideachtuinn go moithuígheach cuire inmheódhnach ó Dia chuim cómhluadair discréideach do bheith ris, agus annsin, gibé feidhim nó toisg dá phráinneamhladh dobheidh air, d'íarrfadh go tapaidh et go mómhail cneasta ciúinbhríathrach cead, ag rádh gur theasdaidh sé ó neach 'na dhúirtheach nó 'na cheall. Dobhí sé fadó an' athlúamh, et air uair 'na ríaruídhe nó 'na mhaor mainnistreach san áit sin. Gidheadh mar nár fhóir an cúram céadna déighionnach san dá dhúil an uaigneas ná a síormhachtnamh, d'íarr et dofuair cead a léigionn de. Do thríall sé ón mbeatha so gus an mbeatha mharthanaigh an cúigmheadh lá fithchead do Bhíomhis 1471, an aois a dhó dhéag et cheithre fithchiod. Do cuirreadh a oibreacha a cclódh a Laidion ann Antwerp san mbliadhain 1615, a ttrí n-imleabharaibh, agus an Doway san mbliadhain 1635. Ansa céad imleabhar atáid deich searmóna fithchiod chum na núaidhrídhe, et chúig searmóna et dafhithchiod cuim na riaghaltach. Ansa dara imleabhar atáid cheithre leabhair Loirg Chríost, Uathchómhrádh an Anma, et iomad eile do thráchtaibh cráibhtheacha caondúthrachtacha. Agus annsa treas leabhar atá beatha na hógha naomhtha Lidewiges, beatha Gerardus Mhóir, et beath Florentius a chómhfhorba, mar aon lé beatha a ndeisciobal. Do taoibh na leabhar so Loirg Chríost, is neamhghábhatrarach moladh ná déightheasdas do thabhairt annso ortha. Atáid síad tuille et dá chéad blíaghain a lámhaibh an tsáoighil mhóir, iompaighthe is gach teangain, agus síollaighthe ann gach uille áit ionna bhfuillid Críostaighthe lena bhfáighil, agus iad dá léighiomh et dá ndianmholadh go coitcheann agus go fóirleathan le gach drong agus le gach deilteánach don creidiomh sin uille. Ní bhfuil a thuille aguinn le rádh annso acht guídhe anár ccroídhe go dúthrachtach an spiorruid do stiúruigh ár n-úghdar a' cur an leabhair diadha so le chéile do stiúradh agus do chseóla an léightheóra chuim a thuigsionna agus chuim na tteagasg sáirmhaith bhfíornóirdheirc do chuir a suím agus do chómhlíona. Amen.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services