Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
A Poem on the Í Néill
Title
A Poem on the Í Néill
Author(s)
Ó Gnímh, Fear Flatha,
Compiler/Editor
Ó Cuív, Brian
Composition Date
1608
Publisher
(B.Á.C.: I.A.B., 1954)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Gearr bhur ccuairt, a chlanna Néill, bhur sealg is cédchor cuiléin; bhur seagh is neart air neimhní, bhur tteacht is eadh imdhighthe. Ionann is cuairt chuire sídh bhur ttáisg chuguinn, cúis dimbrígh, nó bos ríogh na láimhe air láimh, fa-ríor nó sgáile sgátháin.
Is mil dúinn 's as deoch neimhe d'ibhe ar-aon a haon-bhleidhe bhur ccéilidhe is bhur ccúl rinn, a réidhfhine úr Fheidhlim. Do sraonadh oraibh fa-ríor, a shliocht uaibhreach na n-airdríogh, an maidhm-si, mór na héachta; slógh taidhbhse bhur ttaisbéanta. Do teilgeadh do ghuin gháibhthigh, uathadh dhíbh nár dhíoláithrigh, re sluagh Gall na síthbhreacht sibh, fírthearc ann dábhur n-uaislibh. Dábhur loit do léigeadh fúibh do lámhach lucht an iomthnúidh, ós sibh cinn chaomhna an chóigidh, rinn gach aongha urchóidigh. An díle air ndol os bhur ccionn táinic fúibh air fud Éirionn; ag sin tuinn tarsna an achaidh, a chlann-sa Cuinn Chédchathaigh. Díbheirg is díbh bu goire; don tsliabh ard is eagluidhe sneachta fuar, goirmnéal garrtha, smual na soighnén siabharrtha. An chraobh is airde don fhiodh ní héidir dhi fa dheireadh, re mbuain ngaoth n-ardronn impe, nach taoth, tadhall firminte.
Atáid re faobhruibh frithre, d'iarsma éigin innighthe, dá mboing, a chairde, as bhur ccoill na croinn is airde aguinn. Gá ttú acht do iompoigh oruibh; och, mon-uar do íocabhair, a lubhghort dob uaisle d'fhiodh, umhlocht uaibh-si nárbh éidear. Nochtadh fuilt ná feacadh glúin níor chleacht sibh air sén iompúidh; tré bhur neamhsmacht níor nós libh ceannsacht fós ann bhur bhflaithibh. Táinic ann aimsear oile le bhfadhbhthar fuilt órrdhaidhe, téid air ccúl an cleachtadh sin, le bhfeacthar glún gach Gaoidhil. Iobhar re samhaltar sibh do bhí ann aimsir éigin, gur dheacar le comhchur a chleath feacadh a dhromchladh ndíreach. Siomha air a bhéalaibh do bhí; tarla an crann-sa ad-chluintí 's an siomha caol ucht re hucht, a fhiora nár aomh umhlucht. Oidhche don iubhar chédna, fa neart síne soighnénda do shéid ó néallaibh nimhe téid dá phréamhaibh puiblidhe.
Mur do-chí an crann-sa é féin d'éis a bhuain dá bhuinphréimh, a ccruth nár chombádhach leis, do ghuth fhorránach éighmhis. "A ghiolcach caol", air an crann, "atá sgéal iongnadh agam, gaoth dár snímh-ne, a mhaoith mheata, 's do dhírghe ón ghaoith gheimhriota". "Ní hénní acht h'easumhla féin", dob é ris rádh an tsibhnéin, "do leag t'fhiodhradh dá ionadh; beag an t-iongnadh h'íslioghudh". "Tusa ag gleic ris an ngaoith ttinn, misi ag sléachtain", air an sibhinn; "don tsín ghairg dá ngéis doineand mairg tar mh'éis nach umhlaighionn." Tabhraidh d'aire, a aicme Chuinn, gurb é an easumhla is fochainn, do mhéin an chroinn ó chianuibh, 's do bhoing Ua Néill Naoighiallaigh. An bhfacaidh Éire uasuibh fiodhbhadh nach d'fhiodh ionchnuasaigh? bhur ccroinn toirtheacha tiad as, na foichleatha is iad fhásas. Ní chuirfeadh énchlann iad féin ós bhur ccionn-sa, a chlann tsaorNéill; do Dia dá madh ísiol sibh cia lé ttíseadh bhur ttoirnimh?
Do thoirn toirneamh bhur siubhail, a shliocht Gaoidhil Ghlais mhic Niúil, fa eire ó nach éirgheann sibh éindream eile ní éirigh.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services