Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cormac Óg.
Title
Cormac Óg.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1895
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cormac Óg. Bhí an ghrian ag taithneamh air Ard Aodha agus leanbh ag bailiughadh sleagán air bhruach an chuain. Bhí a máthair, láimh léi, ag cur buimpéis air stoca, agus gan glór 'ná gea- rán ag briseadh ciuinis an tráthnóna samh- raidh acht liúgh na bhfaoileann ag eiteallaigh 'san aer ós cionn na mara, agus anois 's arís taosgáin sáile ag damhas 's ag gáire ameasg gainimhe agus mion-chloch na trágha, mar rinneadar ar feadh míle míle bliadhan. Bhí faoileann ghob-dhearg agus crios ghlas timcheall a muiníl dhá goradh féin ar bhárr créige. Chuir sé goic air féin, do leath sé a sgia- tháin, agus do chuir sé sgread chomh geur as, gur baineadh preab as an mnaoi.
Dia linn 's Muire! cad a chonnaic sí? — a leanbh 'sa' bhfairrge dhá múchadh, agus a craobh- fholt leaithte air bhárr na tuinne. Ail-i-liú! do bhuail sí a basa, agus do nós mná buile do léim sí 'sa' bhfairrge ag iarraidh a hinghine do shaoradh. Ó, an iongnadh tar iongnadhaibh an domhain, iomad grádha máthar dá leanbh! Ní tomhuisfear an grádh so go bruinne an bhrátha. Níor bh'fhéidir di aon bhille amháin do shnámh, ach ar a shon sin do rinne sí iarracht. Cabhair! cabhair! tá sí féin dá báthadh leis an inghin. Mo leun 's mo chúmha, fá cheann nóimit eile beidh siad araon 'sa tsaoghal eile! Do leig faoileann an mhuiníl ghlais sgread gheur arís as, agus chualaidh buachaill óg a bhí ag iasgaireacht 'n-a chorach fá bhinn na créige an sgread so, agus ins an am cheudna liúgh bhrónach na mná. Cúl, cúl! tóg leis an mbórd deas, a Chormaic Óig, gabh do mhaide rámha go treun tiugh, mar tá dhá anam a gcontabhairt bháis. Bhí Cormac Óg ar láthair agus chuaidh sé fá dhéin na mná, acht d'impigh sisi air gan í féin do bhac acht an leanbh do shaoradh. Faire go bráth, a Chormaic Óig, do chaillis an leanbh an iarracht so, ó chuaidh sí faoi, acht mar dobharchú bhí sé fá uisge 'n-a diaidh, agus fá cheann nóimit bhí barróg aige air a caol. Le sgiub eile bhí sí ins an chorach, agus greim ar ghruaig na máthar aige mar an gceudna. Nár mheathaidh do chuisle threunmhar neart- mhar go bráth, a Chormaic Óig! D'fhás Cormac Óg 'n-a ógánach, agus Una ní Shúilliobháin 'n-a bruinnil chraobhaigh áluinn. “Nár thuirsighidh do cholpa go deo', a Chor- maic Óig,” adeireadh na sean-daoine ag rinnceadh an chros-bhóthair. “Mo mhíle greann tu,” adeireadh cuid eile acu, lá comórtais na g-camán, 'nuair a thógadh sé an liathróid ameasg na n-iománaidhthe, agus chuireadh sé an báire orra i bhfiadhnuise liúgh áthais do chritheadh na cnoic. 'Nuair a shéideadh an gharbh-shíon, agus an líon iasgtha amuigh 'sa' mhuir, ní raibh iasgaire ba dháine ná Cormac Óg. Do chloisfeá ar gach taoibh an tsiosmarnaigh so, “Molaim do mhargadh, a Una; is breagh an fear calma atá ad' chomhair, acht is fiú thú é mar nuachar. Aon lá amháin d'éirigh an ghrian go glan taithneamhach ós cionn Áird Aodha agus mheas Úna cuairt do thabhairt tarsna an chuain chum Droma Móire, mar a raibh cara aici. 'Nuair a chonnairc Cormac Óg an dá bhádóir 'gá rámha tarsna an chuain, bhí fonn air dul dhá treorúghadh, acht dubhairt sé leis féin, “Tá mo chroidhe i n-aoinfheacht léi, acht ar a shon sin, bheidheadh daoine ag caint nár chóir dam dul dhá tiúnnlucan chum a carad fós. Seachtmhain bheag eile, a chéile rúin, agus beidh- míd araon d'aon fheoil amháin le congnamh na Tríonóide. Bhí Úna ag imtheacht uaidh le gach buille dá dtugadh na bádóiridhe. “Is fada liom go bhfíllfir, acht go dtugaidh Dia slán tu; tá an lá go háluinn agus an fhairrge ciúin,” ar seisean. An tráthnóna ceudna bhí Una ag filleadh. Bhí an uain chomh ciuin go mbeurfá coinneal ar lasadh tar bárr cnoic. Bhí eunlaith na tíre ag dul chun suain a gcoilltibh cnó, agus eunlaith na mara ag grágarlaigh agus a' damhas ar a chéile, an ghealach ag éirghe gan smúit 'sa' domhan thoir agus sgáil Chuim Ceathchain a bhfad amach ar an bhfairrge. Fá cheann leath-uaire an chloig, tháinic sgamal ar aghaidh na geal- aighe agus dorchadas ar an spéir. Do chogair an ghaoth aniar ar dtús, agus annsin do thos- nuigh sí ar chrónán. Bhí an dorus ar leathadh i n-Árd Aodha, agus teine ghiuisighe ag bladhmadh 'sa teinnteán mar cho- mhartha do n bhád. Chualaidh an mháthair crónán na gaoithe, acht níor chuir sí suim ann ar dtús. Chualaidh sí fuaim agus fothram thiar theas. “Ta tóirneacha chugainn,” ar sisi. Fá cheann nóimit do phreab a croidhe 'n-a cliabh 'nuair a chonnairc sí splanc dhearg-ruadh agus chualaidh sí srann ó'n bhfhairrge mar thiubhradh ull-phéist uathmhar éigin do dhúiseochthaidhe go hobann as a suan. Do bhéic an t-anfadh thríd an gcoill, lúb bile leamhuin a cheann 's do ghearán sé le neart
na gaoithe móire; agus annsin do strac agus do sgoilt an chaor 'n-a dhá leith é. Bhí an fhairrge anois ar dearg-bhuile ag caitheamh cubhráin bháin ar tír. “A Rí na Cruinne, saor m'inghean!' ars' an mháthair bhocht. Rith sí air scáth falla fá dhéin tighe Chormaic Óig ag bualadh bas — “Cá bhfuilir, a Chormaic Óig? cá bhfuilir?” Cá bh-fhuil sé, mo leun? chualaidh sé an t-anfadh chomh luath leis an máthair. Tá a chorach i n-athchomair do'n bhád anois. O m'anam! d'iompuigh an tonn uathbhásach sin an bád beul-fúithe. Tá an bhean óg agus an dá bhádóir faoi uisge, tá an chorach ag snámh fós. Mo ghreann do chuisle a Chormaic Óig! tá greim agat ar láimh do, ghrádha gus beidh sí 'sa' chorach fós. Iarracht eile — sin é — go mbuaidhidh Dia leat! Tá do ghrádh ins an chorach anois. Seachain! — Chugat an tonn bhuile sin na muinge gile! Éist le n-a fotham ar an mbórd chlé! Tabhair d'aghaidh uirri, a fhir neamh- eaglaig thréin. Tá an chorach ag crith ar bhárr na tuinne. Ó a Thighearna! do bhris an tonn 'sa' lár, agus tá an chorach 'n-a híochtar. Tá tonn níos mó fós anuas orra. Dia leat, a Chormaic Óig! ní éireochair go bruinne an bhrátha. Tháinic splanc do bhain fuaim as na cnocaibh 's do las aghaidh na mara, — an splanc úd do bhris an bile lea- mhuin. Chonnairc fear leis an solus so cath Chormaic Óig leis na tonnaibh. “Olagón,” ar seisean, “faire go bhráth, tá an bheirt acu báidhte fá'n am so!” Chualaidh an mháthair na focail so, leig sí gáire beag, geárr, greannmhar aisti, agus do sceinn sí uaidh le sgreid. Do sceinn sí le cosaibh fiadh thríd an gcoill, síos cois bruaich na fairrge, a gruaig do bhí ar sileadh léi a séideadh ag an ngaoith. Mathghamhain Chinn Mhara. [Tuilleadh].
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services