Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
A Modern Irish Devotional Tract
Title
A Modern Irish Devotional Tract
Compiler/Editor
Ó Cuív, Brian
Composition Date
1600
Publisher
(B.Á.C.: I.A.B., 1950)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
CIONDUS IS CÓIR DON CHRÍOSTAIDHE É FÉIN DO CHOIMHÉD DOCHUM A SHLÁNUIGHTHE? Teccasccoidh Íosa Críost ar Slánuightheóir dúin go bhfuil énní amháin ina riachtanus ar an duine, .i. a shlánughadh dochum ar cruthaighedh agus ar cuiredh ar in saoghal so amháin é. Dá bhrígh sin atá d'fhiachaibh ar gach uile Chríostuighe ó uili chridhe agus inntinn, fonn fiochdha agus mían lasamhuin a shlánuighthe do dhúsacht ina chridhe, agus rún daingen dosgaoilte sesmhach do bheith aige sin d'éirghe leis, agus gnóaighthi a shlánuighthe do dhénamh go daingen innill, gidhbé ar bith ní choisénus sé dhó. Tugadh dá aire nach cúis shúgartha ná is cóir do ghlacadh go hédrom báoth gnóaighthi na síorruighiochta, agus bheith a ríoghacht go síorraidhe mar aón ré hÍosa Críost a nglóir, nó bheith ar lasadh go suthain mar aón ré demhnaibh a teinntibh ifirn. Cuimhnighedh go gér gan éisdecht do thabhairt don diabhal chuirius i gcéill dó go bhfuil saoghal fada aige, go bhfuil sé óg, agus a aoibhnius fós do bhuain as in saoghal, leasughadh a bhethadh do chor ar cáirde, agus go mbéra ar an bhfaoisidin uair in bháis, agus go sláineóchthar é tré mhórthrócuire in Tigherna, agus gan a mhacnus do léigen de fós, agus go bhfuil aimser go lór aige chum gach énneithi. Do bheirimsi a dheimhin dó nach fuil annsin acht mealladh mór agus celg nó gaisde nó líon le hathair na mbrég, .i. an demhan, léna rug sé meillión do mhílltibh anmann Crístaidhe agus uimhir nach éidir d'áiremh annso go hifern, agus agá bhfuil sé anois ag iaraidh a anma san do sheilg dochum ifirn. Coimhédadh sé hé féin air agus tugadh an oired sin d'anmannuibh Críostaidhe robhadh dhó. Másedh
ar go n-éirghedh leis na gnóaighthi ar a bhfuil an oired sin uadha, tugadh dá aire go dúthrachtach, agus cuiredh a ngníomh na neithi so sís. An cédní, ar an adhbhur nach éidir in duine do shlánughadh gan in t-olc do shechna agus in mhaith do dhénamh mur adeir in fáidh, cuiredh roimhe ina inntinn go daingen maille ré grásaibh Dé gan énphecadh amháin marbhtha do dhénamh ar uile mhaithius an talmhan, agus guidhidh sé go minic agus ó chridhe dáríribh an Tigherna fána choimhét ar thuitim a bpecadh mharbhtha. Agus dá tecmhadh tréna loige mhóir agus tréna aibrisge tuitim ann énuair, dénadh a dhíthchell ar aithreachas do dhénamh ann ar in mball, agus iarradh maithmhechus ar Dhía, agus filledh ar chor roimhe arís hé féin do choimhétt níis ferr. Agus ar mhaithius an domhain ná hanadh sé a bpecadh aimsir dá ghiorra. Tugadh roghráin dó ós leis amháin is éidir flaithemhnus Dé do bhuain de agus a bhreith go hifern. An dara ní, dénadh a dhíthchell ar aithentaibh Dé agus a Thigherna do choimhlíonadh, ré a n-abair Día féin: “Madh áil dol is in mbethaidh shuthain, coimhétt na haithenta.” Ar in dá ní rémhráidhte sin atá ar slánughadh. Gidhedh dochum a gcor a ngníomh is éigen congnamh d'iarraidh is na ceithri slighthe thegasgus San Lúcás a nAcduibh na nEsbal. An cédní, bríathor Dé d'éisdecht go minic nó do léghadh a lebhor diadha, maille ré dúthracht mór agus lé fonn dol a sochur spiritálta, agus ní do mhian eóluis do bheith ar neithibh uaignecha aige. An dara ní, urnaighthe mhinic dhúthrachtach do dhénamh dochum ar Tigherna Día ag cor a shlánuighthe agus a uili neitheadh ar a chomairce. In treas ní, faoiside agus comaóin do ghlacadh go minic maille ré hollmhughadh iomchubhaidh, an ní is lugha uair sa mí, agus dá raibhe níis minca a chomhairlechadh réna athair
faoisidnech glic. In cethramhadh ní, é féin do chongbháil do ghnáth a n-oibrighthibh na trócaire, spiritálta agus corpurdha, ag dénamh déirce do réir a acfuinne, ag dénamh cúarta ag prísúnchaibh, agus ag eslánuibh, ag dénamh sídha idir lucht esaónta, agus ag comhairliughadh in mhéid bhus éidir leis Día do ghrádhughadh agus d'fhoghnamh. Ciondus chaithfius an Críostaidhe in lá? Ag musgladh dó ar maidin tógbhadh a chridhe agus a inntinn chum Dé agá choisreccadh féin agus abradh “A Thighern, a mo Dhía, tabhair th'aire dom fhurtacht; a Thigherna, na failligh mo chobhair. Glóir don Athair agus don Mhac agus don Spirit Naomh, fá mur dobhí ar tosach, agus atá anois, agus bhias do shír, a saoghal na saoghal, Amen.” Agus in fad bhias ag gabháil uime moladh agus benduighedh Día ag rádh na cantaice Benedicite omnia opera Domini etcetera, nó Té Deum laúdamus, nó a samhail oili do mholadh do réir mur bhias a fhis aige. Tar éis gabhála uime, léigedh ar a ghlúinibh é a bhfiadhnuise ímháidhe éigin, agus iar na choisreccadh abradh go socair cráibhthech Confitéor co ndoilghius ina phecthaibh. Abradh Paidir agus Avé Maria agus Cré agus Salve Regína. Dénadh 'na dhiaigh so na trí neithi so. An cédní, tugadh buidhechus mór do Dhía ar son a tug d'aisgedhaibh agus do thiodhluicibh geinerálta agus spiritálta dhó, ar son a chruthaighe agus a fhuasluicthe, agus mur dorinne Críostaidhe dhe, agus mur dothug ré n-aithrighe dhó dá choimhéd agus dá chothughadh go soich an uairsin. An dara ní, guidhedh é ar bheatha agus ar bhás agus ar pháis a aoinMhic, agus tré edurghuidhe Muire Óighe ar mBainntigherna agus na n-uili naomh, gan a fhulang dó féin ná d'aóinnech oili tuitim a bpecadh mharbhtha in lá sin. In treas ní, oifráiledh é féin agus a mhuintir uile agus a ghnóaighthe don Tigherna, agus guidhedh
go dúthrachtach é go sdiúradh agus go ndírghedh sé a smuaintighthe agus a chaint agus a ghníomhurtha in lá sin do chum glóire agus anóra Dé agus dochum maithiusa agus slánuighthe anma. Tairgedh aifrinn d'éisdecht gach laói maille ré dúthracht aire agus ré réverens ar a ghlúinibh, agus cuimhnighedh ar bhetha agus ar bhás Íosa Críost atá dá thaisbénadh is in aifrinn, agus ar mhéid grádha in Tígherna dhó, agus a nderna ar a hson, ag cor a anma agus a mhuinntiri uili ar a chomairce. Abradh más éidir leis a Choróin Mhuire do chúicc deichnebhair gach laói. A n-am choda agus dínéir benuighedh in bórd nó cuiredh duine dá bhendughadh, agus tugadh altughadh don Tigherna. Más éidir leis, tabhradh déirc éigin uadha a mbuidhechus na betha sin tug in Tigherna dhó. Ria ndol do chodladh dó, téighedh ar leith leis féin agus dénadh an urnuighthe dorinni ar maidin roimhe sin, agus tucadh in buidhechus cédna do Dhia ar a bhfuair do mhaith uaidh agus go háiridhe ar a bhfuair uaidh in lá sin. Ina dhiaigh sin sgrúdadh sé go friochnamhach a ghníomhartha ó mhaidin anúas, agus féchadh ar thuit a bpecadh mharbhtha ar bith ó smuainedh, ó bhréithir, ó ghníomh. Agus má dho thuit dénadh aithrechus óna uile chridhe san pecadh sin; cuiredh roimhe é féin do lesughadh dáríribh; agus iaradh maithmhechus ar an Tigherna. Agus munar thuit tucadh buidhechus do Dhía do bhrígh gurab é do chongaibh réna láimh é gan tuitim. Agus coimhédadh in Críostaidhe go roighér gan codladh choidhchi a pecadh mharbhtha go bhfios dó féin níis taósga iná dodhénadh sé aithricche ann ar an adhbhor go bhfuil Día uathbhásach adhuathmhur ina bhrethuibh, agus corub mór do dhaoinibh do chodail slán a bpecadh agus ar ar éirigh lá a n-ifern; agus cía léna héidir a dherbhadh dósan nach fuil an ghuais chédna sin atá ós cionn gach aoin ina chend? Agus ar na dhénamh sin, tiomnadh é féin dá aingel choimhdechta, agus codladh a n-ainm Dhé.
As cóir dá gach Críostaidhe mur an gcédna na comhairledha so síos do choimhéd agus do ghabháil, ar is mór an congnamh íatt lénar slánughadh. Ná glacadh sdait shagartacht nó pósta nó duine riaghalta, oificc bhreithemhan nó uachtaránacht ar bith, nó a samhuil sin, agus ná dénadh énní éifiochtach gan a chomhairliughadh réna Chruthuightheóir ó thús agus réna athair faóisidnech nó ré duine éiccin diadha mhuinfius an tslighi dhó. Ag tionnsgnamh gach uili neith mur sin maille ré toil nDé agus réna thoil féin, madh maith leis gach énní d'éirghe leis coimhledh ó dhíthcheld mhór na fíacha atá a ndiagh a sdaide nó a oifice - an sagart a fhiacha féin, mur atá trátha gach laoí do rádha, culaidh chnesta shagairt agus corann do bheith aige agus a samhail oile; an t-esbac a fhiacha féin, mur atá anmhuin ar amharc a thréda, a bpeacaidh phuiblidhi a gcíll agus a tuaith do smachtughadh, bríathra Dé do theguscc nó do chor dá dtegasc dóibh, agus a shamhail oili, agus bídh fios a fhiach ag gach aón díbh. Má tá margaidh nó connartha aige bídh dírech ionnta, agus bídh a fhis aige ó dhaoinibh coinsiasacha foghlumdha an bhfuil síatt do réir chogóis, agus coimhéttadh é féin go maith ó phecadh an aisig nach maitter ar son a rádh amháin sa bfhaoisidin. Dénadh roidhíthchell ar in Tecuscc Críostaidhe do bheith aige, agus ar bésuibh maithi do mhúnadh dá chloinn agus dá mhuinntir, agus cuiredh d'fhiachaibh orrtha iatt féin do choimhéd ó mhionnuibh, ó bhréccaibh, ó dhrochoibrighthibh, ó dhroichitche agus ó aithiomrádh, ó bhriathruibh graosda agus ó imirt; agus ná tucadh a thoil pecadh marbhtha do bheith a n-aonionad fris ná diomdha a Chruthuightheóra do thuillemh 'na thigh; agus cuiredh d'fhiachaibh ar a mhuinntir más éidir leis uair san mí a
bfhaoiside do dhénamh, - nó an ní is lugha fá Nodluicc agus fá Cháisc agus fá Chincccís, agus a paidrín do rádha gacha laói. Dlighidh gach Críostaidhe hé féin agus a mhuinnter do choimhéd co maith ó dhrochcomhluadur, agus ó dhímhaoinius, agus ó shicair in phecaidh. Is romhaith in chomhairle don Chríostaidhe a thiomna do bheith dénta aige roimh ré, agus gan a chúrum do bheith air a bpunc an bháis, in tráth is cóir dó a uile aire do bheith ar a shlánughadh ar nach fuil breith ón uair sin suas aige. MODH AITHGHERR DOCHUM FAOISIDI BHLIADHNA NÓ BETHA DO DHÉNAMH GO MAITH. Atáitt trí ranna san aithricche fhíre, .i. aithrechus cridhe agus faoiside bheóil agus lórghníomh oibre. Gidhbé lérab áil a fhaoiside do dhénamh go maith caithfidh coimhlíonadh leo sin a triúr, agus do bhrídh gurab grása speicíalta agus trócuire ór Tigherna aithricche fhíre do dhénamh, is chuige féin is cóir dúin bheith dá hiarraidh. Ar an adhbhur sin iar na léigen ar a ghlúinibh don aithrighthech, roimh gach énní abradh .v. Paidreacha agus cúic Avé Maria go ndúthracht a n-anóir .v. gcrécht agus páisi ar Tigherna Íosa Críost, dá ghuidhe go humhal ar son a chrécht agus a pháisi, agus tré etturghuidhe Muire Óighi ar mBainntigherna agus na n-uili naomh, fá chuimhni do thabhairt dó ar a phecaidhibh agus fá dhólás fhíre agus aithrechus ionnta. Ina dhiaigh sin tógadh aimmsir nemhghnóaighthech do chum smuaintighthe ar a phecaidhibh fá mur dobheith ocht lá dochum pecadh bliadhna dho chuimhniughadh, nó gidhbé aimser mhúinfius a résún dó ina mesfa féin
go gcuimhneóchadh orrtha, d'eccla go n-anfadh gan a fhaoisidin co maith d'uiriusbaidh a ollmhaighthe nó díthchill, óir dá n-anadh aón phecadh dá phecthaibh d'uiriusbaidh a ollmhaighthe atá an fhaoiside gan fhoghnamh. Féchadh mur sin gá mhéd atá uaidh air. Másedh dochum cuimhnighthe ar a phecaidhibh tógadh dá úair nó an ní is lugha uair gach láoi do na hocht laithibh sin adubhramar remhoinn, agus ag dol leis féin ar fód fó leith cuiredh na haithenta ina fhiadhnuise, agus féchadh cionnus nó gá mhéd uair do thuild oirbhire Dé in gach aithne dhíbh fá leith ó smúaintighthibh, ó bhréithir, nó ó ghníomh, agus cruinnighedh a phecaidh 'na chuimhni mur sin. Dobhéra congnamh dóchum cuimhnighthe ar a phecaidhibh a fhéchain ina inntinn cía hiatt na hionuitt agus na bailte ina roibhe, cía hiatt na persain agus na daoini dobhí 'na chomhluadur, créd hé an t-ualach nó an oifig dobhí aige, agus créd hé in techt aníos mur an gcédna. Agus iar cruinniughadh a phecadh mur sin ina chuimhne dhó, ionnus nach éidir cuimhniughadh níis mó, smuainedh arís truime agus métt gach pecaidh díbh, agus mur do thuill gach pecadh díbh oirbhire agus diomdha an Chruthuightheóra, agus nach raibhe ionnta acht trétúirecht, agus adhaltrannus, dúnmharbhadh agus goid, a n-aghaidh Dé. Smuainedh gur rec sé Íosa Críost mur Iúdás oili ag dénamh gach pecaidh díbh sin in mhéitt dob éidir leis, gur ghabh air do bhosuibh agus do sheilidhibh agus do sgiúrsadhaibh, agus gur chroch mur in gcinedh Iúdaidhe é. Beiredh breithemhnus ar thruma gach pecaidh dá nderna, ag smúainedh mur do damnadh Luicfer go síorraidhe a teintibh ifirn ar son aonphecaidh, agus gach aingel d'ainglibh an iomarbhuis ar son aonphecaidh do shír, ag smuainedh mur do chaill Ádhamh agus Ébha, ar sinnsir, grása agus párrthus ar son énphecaidh, agus ag smuainedh
gurab iomdha meillión do mhíltibh anmann téitt co hifern ar son in énphecaidh sin Ádhaimh, .i. na leinbh ar nach beirinn baisdedh; ag smuainedh gurab iomdha anam a n-ifern ó bhreithemhnus dubhaigénach Dé dá phianadh anois agus bhias do shír in fedh bhias Dia ina Dhía ar son énphecaidh mharbhtha. Smuainedh arís ar thruma in phecaidh mharbhtha agus ar thruma in bhreithemhnuis atá orduighthi ar a hson, óir is comhdherbhtha ré ar creidemh, a n-aghaidh gach aonphecaidh mharbhtha dá ndiongnann in duine, go gcaillenn sé glóir a bhflaithemhnus agus co caithfe bheith a teintibh ifirn do shír dá mbeire bás gan aithricche air. Smuainedh mur sin iar mbeith 'na mhac Dhé agus 'na oighre ar fhlaithemhnus dó tré ghrásuibh, cionnus dorinne sé modh agus serbfhoghantaidh dhe féin don diabhal, cionnus do chaill sé flaithemhnus, cionnus atá damanta dochum ifirn, agus nach fuil leighius ar bith aige acht a dhoilghius fíre agus a thoirsi. Másedh guiledh sé agus léigedh osnadh tréna chommór sin d'olc. Ós éiccen so dochum chora ar gcúl, caithedh sé réd éiccin aimsire ar in modh sin nó go mothaighi dólás éiccin fíre ina chridhe agus rún rodhaingen dáríribh ina chridhe dochum gan pecadh do dhénamh ó sin súas, agus dochum a bhetha do lesúghadh. Agus má dochí gur bhen sé a chlú nó anóir nó a mhaithius saoghalta do dhuine, dénadh aisec ann ria ndol a bfhaoisidin nó iar bhfaoisidin go luath más éidir leis, nó ní bhia foghnamh ar in bfhaoisidin. Agus má tá a ngúais pecaidh do dhénamh, mur atá i ndrochcomhluadur nó a n-éntigh ré mnaoi ar a raibhe imthecht aige agus í gan phósadh, fágbhadh in baoghal sin ag sechna in drochcomhluadair, ag cor na mná as éintigh ris nó agá pósadh, nó ní héidir esbulóitt do thabhairt dó. Má tá fuath nó esccairdes idir hé féin agus a chomhursa, dochum go madh éittir esbulóitt do thabhoirt dó, léiccedh an fuath dhe agus taisbénadh comhartha muinnterruis dó.
Tar éis a ollmhaighthe ar in modh so dó, éirghedh dá fhaoisidin go luath, agus ná cuiredh cáirde ar a chommór sin do ghnóthaibh. Iar na léiccen ar a ghlúinibh dó benadh a hata nó a chaipín de, agus bídh ag feithemh na talmhan co humhal ecclach a bhfiadhnuisi a athor faóisidnech amhail dobheith a fhiadhnuisi Ísa Críost, agus abradh Per signum sancte crucis ag gerradh croisi ar a édan agus ar a bhél agus ar a ucht agus coisreccadh hé féin ag rádh In nomine Patris, agus abradh ina dhiaigh sin Confiteor go soich Ideo precor. Abradh iar sin na briathra so: - “Cionntuighim mé féin, a athair, nach tigim dochum na sacraminte naomhtha so leis in ollmhughadh do budh cóir disi agus dob iomchubhaidh damhsa do thabhairt lem.” I ndiaigh sin inniseadh gach peacadh dá nderna fá leith ag techt trítt na haithentaibh mur adubhramur remhuinn, agus na hanadh 'na thosd ag anmhuin ris in sagart d'fhiafraighe a phecadh dhe, óir is mór an sechrán nó in t-ainbhfios do chuid do na sagartoibh símplidhe dobheir fulang do lucht na haithrighi gan éinphecadh d'innisin acht an pecadh fiafruighther dhíbh. Is cóir dóibh a bpecaidh do chuimhni amhail adubhromair remhuinn agus a n-innisin gan fhiafruighe nó ní héidir esbulóid do thabhoirt dhóibh. 'Na dhiaigh sin is éidir don mhéid acco ina mbía léghthóirecht an eisiomláir so síos no n-aithenta do léghadh, nó dhon tsagurt a léghadh dóibh go minic do lesughadh ar an gcuimhni, ionnus co tiocfa 'na cuimhni dá clos so má dorinnedur a leithéid do phecadh riamh. In chédaithni: “adhair do Thigherna agus do Dhia féin.” Pecaighi a n-aghaidh na haithni so gach aonnech chreidius ainChríostuidhe eiritigech; an tí 'gá bhfuil conntabhairt
'na chreidemh; an tí nach fuil ollamh chum énneith do chreidemh acht an ní is éidir do dherbhadh lé résún; gach aon dá dtugann foghur nó congnamh d'eiritigibh, chongbhus aige nó léighius lebhor eiriticechta nó na leabhoir atá toirmisgthe ón Ecluis, doní piseóga, dernadóirecht, néladóirecht, gesadóirecht, slinnénacht, nó a samhail, nó chreidis dóibh, doní connradh nó muinnterrus ré diabhal nó ghoiris hé ós ísil nó ós áird, dhiúltus a chreidemh ó bhréithir nó ó chomhartha dá mbeith nach diúltfadh hé ó inntinn, imdhergus nó iomcháinius Día agus na naoimh, nó tharcuisnighis nó ainmnighius a mboill go hesanórach; gidhbé téitt a n-édóchus a shlánaighthi agus na slighedh atá chum a shlánuighthe, mur tá maithmhechus ina phecaidhibh lesughadh a bhetha agus a samhail oili; gidhbé hsaoilius flaithemhnus d'fhagháil gan aithrechus nó chuirius a aithrechus ar cáirde dochum uáire a bháis nó dochum arsuidhiochta; gidhbé dobheir grádh romhór do na neithibh saoghalta nó chuirius roimhe ó eccla shaoghalta diomdha Dhé do thuillemh, nó doní seirbhís ó dhrochcrích, mur atá ó ghlóir dhímhaóin; gidhbé 'gá mbía gráin ar neithibh diadha; gidhbé léigius de seirbhís do dhénamh do Dhía nó an urnuighthe atá d'fhiachaibh air do rádh; gidhbé atá a n-ainbfhios na neithi agá bhfuil d'fhiachaibh air a bhfios do bheith aigi dochum a shlánuighthe, mur tá in Tecuscc Críostaidhe, agus na deich n-aithenta Dé, agus cúig aithenta na hEgluisi, secht sacraminte na hEguilsi, secht pecaidh mharbhtha, Paidir, agus Cré. An dara haithne: “ná tabhair ainm Dé go dímhaoin”. Pecuighther a n-aghaidh na haithni si mur so: ag mionnughadh Dhé nó naomh a mbréig, nó ag mionnughadh gan rún a ccomhuill, nó ag mionnughadh neith agá bhfuil conntabhairt an fír é; ag mionnughadh fá phecadh do dhénamh nó fá dhrochní do ghénamh; ag mionnughadh go merdhánta nó
go hesanórach tré hsúgradh agus gan chúis; ag tabhairt luathmhionn gan a fhéchain roimhe an fír an ní lé bhfuil ag mionnughadh, dá teccmhadh go teccmhuisach go madh fír é; ag tabhairt mhóidi ré ní neimhdhlistinach nó ré ní dlistinach ar son drochcríchi; gidhbé nach coimhlínann tréna mhaidniochtaighe féin na neithi do ghell ó mhionnuibh; gidhbé nach coimhlíonann a mhóid. In treas aithni chum a tairngther cúic aithenta na hEguilsi: “tabhair anóir don tSaóire”. Pecuighther a n-aghaidh na haithni si mur so: ag brisedh hSaóiri d'oibrighibh daóra nó tairmisccthi ón Egluis, nó gidh bé chuirfius d'fhiachaibh a ndénamh; ag caithemh na Soéire a ndímhaoinius; ag gabháil nó ag minusdráltacht na sacraminte go holc, .i. a bpecadh mharbhtha nó a gcoinnelbháthadh nó tar éis dol ó chédlongadh; ag éistecht tráth nó urnaighthi nó aifrinn más duini coinniolbháite hé; ag dénamh comuinn ré duine coinniolbháite; má do chuir duini ar a mbeith bang nó susbeint nó míriaghaltacht é féin is na neithibh atá toirmisge air; ag truailledh egluisi nó reilgi ó dhortadh fola nó ó hsílni; ag sárughadh comuirci egluisi ag tarrang énneith eiste go foiréignech nó ag dénamh neithi toirmisgthi innte; ag tabhairt esanóra do thaisibh nó do dhelbhaibh na naomh nó do neithibh benduighthi; ag bualadh, ag dénamh foirnirt, ag buain chísa éignigh do phersanaibh Eccuilsi; ag dénamh pecaidh na colna a ndiaigh móidi genmnuighechta nó grádh coisreacctha do ghlacadh; ag anmhain ó aifrinn a nDomhnuighibh agus a laithibh Saóiri, nó ag éistecht aifrinn go nemhmodhuil ag caint; ag brisedh troisge, ag ithi bídh fá dhó dá mbeith nach íosadh arán, nó ag ithi bídh thoirmisge mur tá feóil agus uighe sa Chorghus agus Dia hAóini, feóil a Satharn agus a vhigledhuibh agus a gCatairibh, feóil Dia Cédaoin, feóil ar énchuid Chorghuis agus Aíne gan toil an esbaic; ag drochdhíol na dechmhaidhi; ag tabhairt maidnechtnuighe a
sacramint in bhaisdidh esbaic; ag léigen de gan faoisidin do dhénamh 'na ham féin, agus go háirighthi an ní is lugha dhe uair sa mbliadhain agus gach uair bhias a nguais nó a mbaoghal bháis; ag léiccen commaoinech thairis, agus go háirighthi idir Dhomhnach na Slat agus Domhnach Minchásg agus gach uair bhias a nguais bháis, nó ag caithemh commaoinech go holc, mur tá a bpecadh mharbhtha nó tar éis dol ó chédlongadh; ag léigen na hoifige dobhí d'fhiachaibh air dhe, nó ag smuainedh go bfhios dó féin ar neithibh oili in fedh dobhí agá rádh, nó agá chor féin a nglés nach arbh éittir dhó aire do thabhairt dóibh, nó ag fágbháil deiredh na bhfocal amuigh. An cethramhadh aithne: “tabhair anóir dot athair agus dot mháthair”. Is mar so pecuighther a n-aghaidh na haithni si: gidhbé mhianuighius bás a aithrech nó a uachtarán nó a charad do mhian techt ina n-oighrecht nó ó chúis oili; gidhbé bhís gruama nemhfhoighidnech nemhanórach dhóibh; gidhbé dobheir briathra borba dá láthair nó aithiomrádh ar a gcúl dóibh; gidhbé bhís 'na dhroichcend dá n-aithribh, dá n-uachtaránaibh, dá mnáibh, dá gcloinn, dá muinntir; gidhbé nach tugann furtacht agus sólás dóibh ina riachtanus, agus gidhbé nach coimhlíonann tiomna a n-aithrech agus a bhráithreach agus a ghaoil a n-aimsir a mbáis; gidhbé nach anann a n-umhla agus a n-urruim dá phréláidibh agus dá phrionnsuighibh agus dá thighernuibh tuaithi agus don lucht atá a ndínitibh ós a chionn, agus nach umhluighenn do dhlighthibh agus do staitiúidibh an ionuid a fhuil, agus nach roinninn a
iomarcaidh ris an bochtaibh agus ris na daoinibh atá 'na riachtanus. An cúiccedh aithni: “ná déna marbhadh”, dochum a tairngther in t-ochtmhadh aithni: “ná déna fiadhnuise bhréige a n-aghaidh do chomharsan”. Sáruighther an aithni si mur so: ag fuathughadh; ag ordughadh ó inntinn, ó bhréithir, ó ghníomh, bás, búaladh, lot, míchlú, ná esanóir do dhuini oili; ag ordughadh innighthi nó díghaltais do thecht air; ag forbfháiltechus fána olc agus ag dénamh doilghis fá mhaith d'éirghe dhó; nemhfhonn a n-ainm nó a gclú do chlos air; fonn a n-ulc do thegmháil dó a n-anam, a gcorp, a n-anóir; a bhriathra, a ghníomhartha, a chogós do lochtughadh, agus dol a n-amharus air gan résún, agus an chiall is messa do bhuain as a bhriathraibh nó as a ghníomharthaibh; ferg do dhénamh ris agus fonn a bháis; comhairli nó ímpidhe do thabhairt chum a uilc; fiadhnuissi nó gerán brégach do dhénamh air; in fhírinni dobhí ag dol a sochur dó do cheilt, nó brég do dhénamh a ndamuint a anma dá chlú nó dá chorp; aithiomrádh do dhénamh air nó a éistecht go fonnmhor; masla, troitt, imreasan, magadh, mallughadh, drochitche, sibhsóga lé ngluaister fuath agus esccáirdius na ccomharsan; a ainimh nó locht do chor ina leith ar a chúl nó dhá láthair; a mholadh ar son pecaidh do dhénamh agus a mholadh as a chomhair féin; marbhadh, bualadh, prísúnacht, pianta, díbert a n-aghaidh cirt; lenamh do chongbháil a nguais a mhúchda nó dho mhúchadh, agus glés do dhénamh chum beith aimhritt nó chum toirrchisa do mhilledh ria n-anam nó iar n-anam do thecht ann; escáirdius do bheóughadh nó do mhédughadh; dol go fesach dó féin a gcogadh éccóir, nó uadha féin a gcogadh agá bhfuil conntabhairt ina chóir; píanta do thabhairt do chintaibh ós cinn chóra; daoini do tharrung lé briathraibh fochuidmhecha nó lé magadh ó oibreachaibh na trócuire agus
ó chrábhadh, agus daoine do tharrung chum pecaidh ar bith; a shaoghal do gherradh lé meisge nó lé neithibh toirmmisgthe oili; é féin do bhualadh ó fheirg ná áonní do dhénamh a n-aghaidh coinsíasa agá bhfuil nó agá soeilionn conntabhairt aige gurab pecadh é; é féin do chor a nguasacht pecaidh; gan furtacht do thabhairt, más éidir hé, don tí atá a nguais anma nó a chuirp; gan clú a chomhursan do chosnamh; gan síthcháin do dhénamh ris na daoinibh ór thuill diomdha, ag iarraidh maithmhechuis orra, nó agá thabhairt dóibh más iatt iarfus; gan na pecaidh do smachtughadh mur is cóir, má atá a ndiaigh a oificce. An seisedh aithni: “ná déna drúis”, chum a tairngther an naomhadh aithni: “ná sanntaigh ben do chomharsan”. Pecuighther a n-aghaidh na haithni si mur so: smuainedh maille ré fonn na drúisi ná a n-aónní dá mbenann ré drúis, agus t'aire ort féin; briathra graosda do rádh nó d'éisdecht chum drúisi nó ar mhodh oili; litrecha, techtairecht, comhurthadha nó séd suirghe, sgéimh agus sdrabháilli éduighe nó culuidhecha chum inntinne ban do bhuain; póga, glacuirecht mhíonáirech idir dhaoinibh nemhphósta; luighe ré mnaói nemhphósta gé dobhedh sí dálta, nó ré fer pósta nó ré mnaói pósta; nó dáil duine oile ré lucht gaoil nó cuil, ré maighdenuibh, ré feroibh, nó ré mnáibh riaghalta ar a bhfuil móid; nó cionntughadh ré mnaói a n-aghaidh nádúra; ben fpósta do dhiúltadh a fir nó a fer dá diúltadh si, an tan iarfus a cert; fonn do bheith agad a ngrádh mhailísech do bheith ag mnáibh ort, gé dobheith rún agad gan cor 'na dhiaigh ó ghníomh. An sechtmhadh aithni “ná déna goid” chum a tairngther in dechmhadh aithni “ná sanntuigh cuid do chomharsan.” Is mar so hsáruighther an aithni si: mian mór agus míshuaimhnius ag iaraidh na neithi saoghalta; saint a maithius na hEgluisi nó a maithius oili tré shlighthibh mídhlisdinacha;
ainmian glacadh nó chongbháil choda dhuini oili; gach uili ghoitt agus an mhéitt dá gach ní do gheibhther go holc nó go hégóir, mur tá tré shimontacht, nó do chuid luingis daoini oili bhaidhter, nó tré mhealladh a reic nó a gcendach, in tráth bhís mealdadh annsin do réir substainte nó cháilidhichta nó chainndighichta nó a luacha; ag dénamh úsmhuirichta nó mhalarta mídhlisdenuighi; ag fuadach neith ar éiccin óna dhuine féin nó ón tí agá bhfuil shealbh co socoir; ag cor airgit bhréguidh amach dá mbeith go mealdfaidhe é féin and; ag congbháil neith fuair ag dol amugha óna dhuine féin; ag cor lethtroim ar a chomhcherrbhach; ag dénamh dochair do chuid a chomharsan; ag buain chíosa éigcirt amach nár ghnáthaigh shinnsir; ag iarraidh déirce gan riachtanus a n-ainm boicht; ag tabhairt a choda go mímhesardha dá dhíol nó dá nemhdhíol; ag dénamh ciste don ní budh cóir do chaithemh; ag diúltadh aisig do dhénamh. Mur an gcédna is éidir smuainedh ar na secht bpecaidh mharbhtha, agus gach uair mhesfus sé hé féin do thuitim ionnta d'innisin don sagart, mur tá díomus, saint, drúis ferg, craós fá tuicther meisge do chor ort féin nó ar dhuini oili, tnúth, leisge seirbhísi do dhénomh do Dhia, nó na mbreithemhnus aithrighe do cuiredh air do dhíol. Tugadh in pecthach so dá aire. Abradh a fpecaidh is in bhfaoisidin ó bhriathraibh soilsi sothuigsina glana gan timcheld gan leithsgél gan aithbher a phecadh do chor ar nech oili acht ar féin, gan pecaidh dhuini oile d'innisin, gan disbóirecht réna athair faoisidnech, gan
bhréic; agus ós cionn gach uile neith ná ceiledh pecadh ar bith ina fhaoisidin ó egla ná ó náire, óir dá nderntaói ní bheith foghnamh ar an bfhaoisidin ná ar fhaoisidin oile dá ndéntaói 'na diaigh. Ní budh lór arís mur leighis ar sin an pecadh do ceilfidhe a bfhaoisidin d'innisin a bfhaoisidin oile, óir is éiccen a fhaoiside uile agus gach uile fhaoiside dá nderna 'na diaigh d'innisin munab ré haonsagart dodhéna a fhaoisidin gach uair díobh. Féchadh ar in adhbhaor sin an té cheilius aonphecadh ina hfaoisidin, créd an ghuais damanta a gcuirionn sé é féin. Is romhaith rodhaingen in chomhuirle mur sin faóiside gheinerálta do bhetho do dhénamh énuair do lesughadh má do tharla locht is na faoisidnechaibh oile, agus dochum duine dá chor féin as a chonntabhairt agus as a chridhecla a' nderna a fhaoisidin go maith go soichi sin nó a' nderna in t-ollmhughadh nó an sgrúdadh dobhí d'fhiachaibh air. Coimhlíonadh in breithemhnus aithriche do cuiredh air maille ré devosión mór agus mur is luaithe is éidir leis; dénadh a dhíthcheld ar bheith a sdait na ngrás in fedh bhias agá chomhalt, agus tar éis a fhaoisidni téighedh do thabhairt bhuidhechuis don Tigherna ar son in tidhluicthe mhóir tug do, .i. a fhuirch réna fhaoisidin do dhénamh co maith. CIONNUS IS CÓIR DON CHRÍOSTAIDHE COMMAOIN DO CHAITHEMH? Smuainedh in té bhís ag dol do chaithemh chomaoinech dá mbeith duini uasal mór ag techt dochum a thighe cionnus do ollmhóchadh in tegh roimhi. Másedh tuigedh sé go bhfuil in t-ardDia agus Tigherna nimhe agus talmhan ag techt chuige, oibreóchus a bhretha agus a thrócaire ann do réir an
oldmhaighthe lé a ngebhthur é. Dá bhrídh sin ré ndol dochom commaoinech dó, smuainedh na trí neithi si: cia atá sé do ghlacadh, cia ghlacus, agus créd fá nglacann. Ag so an té atá sé do ghlacadh - Íosa Críost, Dia fíre agus duini, in té dorugadh ó Mhuire Óigh, agus an té dobhí trí bliadhna déc ar fhichit beó ar in soeghal sa, agus fuair bás a gcroich ag cendach in chinidh daóna, agus atá anois ag sdiúradh a fhlaithiusa a bhflaithemhnus, agus adhruit na huile aingel agus archaingeal agus naomh. Féchadh mur thig a chomór sin do phrinnsa dochom a chommór sin do phecthach. An té atá dá ghlacadh - ní fhuil ann acht pecthach broghach beginmhech do thuild ar a phecadh míle ifern, robhocht rolag roeslán, lán don uile olc. Ar in adhbhur sin umhluighedh sé hé féin go uirísil agus admhadh sé a neimhdhiongbhála chum a ghabhtha. Créd fá ngabhann sé hé? Dochum a uilc uili go sgris uaidh agus dochum maithiusa dho thabhairt dó, agus dochum a shlánuighthe, agus a phecaidh uile do bhuain de agus a ghrása dho thabhairt dó chum a chothaighi agus betha do thabhairt dó, agus do chum iompaidh ó sherbhóntacht in diabhail dochum beith ina mhac Dé ó ghrásoibh, agus dochum comhartha gill do bheith aige ris in mbethaidh suthain. Másedh cuimhnighedh ar in ngrádh mór tug in Tigherna dhó i mbás d'fhagháil ar a hson agus é féin do thabhairt is in tsacramint naomhtha, agus dá bhrígh sin mosgladh ina chridhe grádh mór míanghusach agus dúthracht dochum a ghabhtha. Coimhédadh sé é féin go gér dochum gan techt a bpecadh mharbhtha go bhfios dó féin dochum na sacraminte naomhtha so, ós betha do dhaoinibh maithe agus is bás do dhrochdhaoinibh hí, agus go ngabhuid na daoini ghabhus go mídhingmhála hí damuint sírraidhe agus breithemhnus. Bídh in suipér éttrom an oidhchi ré ndol dochom na comaoinech agus connmhadh é féin glan lá na commaoinech ó chorp agus ó
anam. Éisdedh aifrinn go dúthrachtach, agus tigedh dá gabháil iar sin go ciúin tromdha maille ré reverens mór. Ag techt don Tigherna chuige, abradh ina inntinn “Atá do Chruthuightheóir ag techt, éirigh dá ghlacadh, a anaim si agam féin.” Tógbhadh a aghaidh, osgladh a bhél, sínidh a thenga agus gabhadh innte an Tigherna. Congmhadh mur sin go maothaidhe an abhlann, agus léigedh sís iar sin, agus dénadh a dhíthchell iar sin gan a hseile do chor amach go cend lethuaire. D'éis chomaoinech do chaithemh téighedh ar fód fó leith, agus tugadh buidhechus dá Thigherna, ag gairm ar a bhfuil d'ainglibh agus do naomhuibh a bhflaithemhnus agus ar créatúiribh in talmhan um chongnamh leis buidhechus do thabhairt dó. Iaradh tiodhluicthi ar a Thigherna ó tharla aige ina thigh hé, agus dénadh a dhíthchell ar hé féin do chongmháil in lá sin ó neithibh dímhaoinchi. Do budh cóir dá gach uile Chríostaidhe dévosión specialta do bheith aige don Trínóitt, Athair, Mac, Spirit Naomh, agus é féin do chor ar a ccomairce gach laói, d'Íosa Críost, d'ar Slánuightheóir, dá pháis naomhtha agus dá chréchtuibh, agus do shacramint uasail na haltóra, do Bhainnríoghain fhlaithemhnuis do Mhuire Óigh, do Mhíchél naomhtha, d'Eóin Baisde bennuighthi, do na naomhesbalaibh Pedur agus Pól, d'airdesbag na hÉirinn naomh Pádruicc, dá aingel choimhdechta, do noemh do bhannaomhuibh a chomhanma. Do budh cóir don Chríostaidhe coimhét do bheith aige Dia do ghuidhe gach laói ar son a naomMáthur Eguilsi, fá nertughadh leis in gcreidimh gCatholicha, fá sgris eiriticechta agus ainChrísduighichta, fá shídhcháin na prinnsuighthe Críostuighthe, ar son a bhfuil a bpecadh mharbhtha ar in saoghal agus a bhfuil d'anmannoibh a Purgadóir. Do budh cóir mur an gcédna do na Críostoighthibh a n-altughadh buidhe d'Íosa Críost ar son a ndlighend
díbh agus dá ghrádh, an tráth do theigémhadh dá chéili ar na sráidibh nó a slighthibh nó a n-oirechtus iatt bennughadh dá chéili ag rádh “Moladh d'Íosa Críost go síorraidhe” nó “Amen”. Ag so in mhéitt don Tegusg Chríostaidhe atá d'fhiachaibh ar gach Críostaidhe do bheith ina chuimhni fá phéin a dhamanta. Atáit ceithri hairtecoil dég inar gcreidemh, a secht díbh bhenus ré diadhacht, agus a secht bhenus ré daonacht Íosa Críost, ar dTigherna. Ag so in secht bhenus ré diadhacht. An cédairtecal a chreidemh go bhfuil aónDia amháin ann. An dara hairtecal a chreidimh go bhfuil an tAthair uilechumhachtach 'na Dhia. An treas airtegal a chreidimh go bhfuil Íosa Críost, Mac Dé Bhí 'na Dhía. An .4. airtegal a chreidemh go bhfuil an Spirit Naomh 'na Dhia. Tuicther assin go bhfuil in tAthair 'na Dhia, agus in Mac 'na Dhia, agus an Spirit Naomh 'na Dhía, agus nach trí dé íatt acht aónDia a trí persanuibh agus a n-aónnádúir agus a substaint. An .5. airtegal a chreidimh gurab hé in Dia so dho chruthaigh nemh agus talamh. An .6. airtegal a chreidemh gurab é ar Slánuightheóir hé. An .7. airtegal a chreidimh gurab hé ar nGlóruightheóir hé. Na secht n-airtegail bhenus ré dáonacht. An cédairtecal a chreidimh gur gabhadh ar Tigherna Íosa Críost ón Spirit Naomh. An dara airtegal a chreidemh go rugadh hé ó Mhuire Óigh gan truailledh a hóghachta. An .3. airtegal chreidemh gur crochadh, agus go bfhuair bás, agus gur hadhnacadh é. An .4. airtegal chreidemh go ndechaidh sé sís go hifern. An .v. airtegal chreidemh gur éirigh ó mharbhoibh in treas lá. An .6. airtegal chreidemh go ndechaidh sé suas ar nimh agus go bhfuil 'na
hsuidhe ar deis Dé Athar. An .7. airtegal chreidemh go tiocfa do bhreith breithe ar bheóaibh agus ar mharbhuibh. Tuigther na ceithri hairtecuil dég sa fá dhá airtecal dég, agus ní lór don Chríostaidhe a mbeith do mhebhair aige ina Chré muna thuigi an ní atá agá rádh aige. Atáitt deich n-aithenta ann d'aithentaibh rechta Dé. An chédaithne “Dia d'adhradh, do ghrádhughadh ós cionn gach uile neith.” An dara haithne “gan a ainm do thabhairt a mbréig”. An .3. aithne “in tSaóire d'anórughadh agus do choimhéd”. An .4. aithne “anóir do thabhairt dot athair agus dot mháthair”. An .v. aithne “ná déna marbhadh”. An .6. “ná déna drúis”. An .7. aithne “ná déna goid”. An .8. “ná déna fiadhnuisi bhréige”. An .9. aithne “ná sanntoigh ben duini oili”. An .x. aithne “ná sanntaigh duid duini oile”. Atáitt cúic aithenta ag an Egluis. An chédaithne “aifrinn d'éistecht is na Domhnuighibh agus is na laithibh Saóire atá toirmisge ó obair”. An .2. aithne “faoiside do dhénamh an ní is lugha dhe uair sa bliadhuin”. An .3. aithne “comaoin do ghlacadh an ní is lugha dhe uair sa bliadhain, agus sin do chaithemh fá Cháisg ocht lá roimpe nó 'na diaigh”. An .4. aithne “in Corghus agus vigledha agus Cataoirecha Tímpir do throsgadh, agus an Sathurn agus an Aoini ar fheóil”. An .v. aithne “dechmhadh agus prímhide do dhíol”. Atáid secht sacraminte ag an Egluis. An chédshacramint in baisdedh. An .2. sacramint dol fá láimh esbaig. An .3. sacramint an aithricche. An .4. sacramint corp Críost. An .v. sacramint na grádha coisreagtha. An .6. sacramint an pósadh. An .7. in t-ongadh déighenach. Atáitt secht bpectha mharbhtha ann: - díomus, saint, drúis, tnúth, craos, ferg, leisce.
Atá d'fhiachaibh ar gach uile Chriostaidhe an Phaidir agus an tAve Maria do bheith do mhebhair aige mur an gcédna. Gidhbé lenab áil na hairtecuil si an chreidimh agus na haithenta agus sacraminte na hEguilsi agus na pecaidh mharbhtha do thuicsin níis ferr, léghadh an Teguscc Críostuidhe atá a nGaoidhilg agá bfhuighe sé iatt níis líonmhuiri iná mur táitt annso.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services