Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Donegal Gaelic.
Title
Donegal Gaelic.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Ó Gramhnaigh, Eoghan
Composition Date
1893
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
DONEGAL GAELIC COLUM CILLE. III. Do bhí na coillte darach an-chúramach aige, agus nuair a thuiteadh crann darach in a Dhoire dhílis féin, ní leigfeadh sé duine dá chomhair nó ag baint leis go ceann naoi lá. Agus annsin bheirtí cuid dhe mar dhéirce do na daoinibh bochta, cuid eile do na strain- seuraibh (coimhthigheachaibh, aoigheadhaibh), agus an fuigheall do dhaoinibh Dhoire. Nuair a bhí an chill dá chur suas, do bhí sé an-spárálach ar na crannaibh, agus dá dtagadh leis, ní leigfeadh sé baint lé h-aon cheann aca. Acht ní thiocfadh leis gan cuid aca a ghearradh. Ar scór ar bith, do shábháil sé an méid a tháinic leis aca, de bhrigh gur cuireadh suas an chill in áit nach raibh na croinn ró-thiugh. Is iomadh sgeul a chluintear fa d-taobh de naomh Columcille agus Doire, agus so ceann aca. Budh gnáthach dó déirce do thabhairt do chéad duine bocht gach aon lá. Acht an duine do bhí aige air an doras ag tabhairt amach an bhidh, budh chuma leis dá m-beidheadh na bochtáin air shiubhal síos leis an tuille. Mar sin de, duine air bith a thiocfadh mall ní raibh faic aige le fághail agus dá m-beidheadh féin dhruidfeadh an t-ógánach so an doras in a aghaidh, agus ann sin cead aige bogadh leis fá n-a ghnóithe. Do tháinic fear bocht mall, lá amháin, agus druideadh an doras air mar bheidheadh madadh ann. Lá-ar-na-mhárach do tháinic sé in am mhaith, acht ní raibh blas aige le fághail. Do bhí sé ag teacht agus imtheacht mar sin tamall fada, acht cuireadh air shiubhal a g-comhnuidhe é gan greim. Ní thabhairfeadh an dorsóir dó oiread agus chuirfeá air bhárr pionna. Ins an deireadh, chuir an duine bocht sgeul ansoir Cholum- cille dá chomhairliugadh nár chóir dó níos mó, déirce chongbháilt de dhuine air bith fhad agus bheidheadh sé aige. Nuair a chualaid naomh Columcille an sgeul sin, chuir sé móran iongantais (go deó) air. Síor leis féin air an bhomaite (moimeinte) go d-tí an geafta gan clóca, bairéad, nó eile, go bh-fheicfeadh sé an duine chuir cuige an sgeul úd. Nuair a fuair sé go d-tí an geafta ní raibh an duine bocht le fághail. Leis sin, d'imthigh sé na dhiaidh, costárnochtuighthe ceanntárnochtuighthe agus gan clóca! Nuair a fuair sé suas leis, cia do bhara- mhail a righne crathadh láimhe leis acht ar Slánuightheoir é féin! Ann sin nuair a thuit sé síos air a aghaidh aig cosaibh ar Slánughtheora fuair sé déirce rioghamhail, sin mar déarfa solus na bh-flaitheas. Ariamh na dhiaigh do budh sonruightheach go deó an duine do bhí ann. Do thiocfadh leis innseadh dhuit cad é bheidhthea ag smuaintiughadh air, no cad é bhidheadh d'a dheanadh in áit air bith. Bhí a fhios aige le n-a chois sin, caint na n-eun; agus gach comhradh beag d'a g-cluinfead sé aca do thiocfadh leis innsint cad é bhí ag dul an (chum) tosuigh eatorra. An chéad chill a chuir naomh Colum air bun i n-Doire is é an t-ainm tugadh uirri Dubh-Regles; agus is í an áit a rabh sí 'na seasadh an áit a bh-fuil calaisde Naoimh Choluim andiu. Má tá, ní fhuil ballóg no cloch le fhágail dí anois. Do chuir naomh Columcille mórán de chillibh agus de mhainistiribh eile air bun, acht de'n iomlan ní raibh aon cheann aca b-fhearr leis ioná Doire. Faraor! do bhí Doire ann fad ó shoin, acht ní feicthear é níos mó! Ins na laethibh sin do bhí Doire 'na aon choill darach ó bhun go bárr agus ó thaobh go taobh. Aniu ní fhuil oiread agus ceann amháin aca le fághail! A Dhoire aoibhinn na g-craobh! nach tú atá athruighthe! In áit do suaimhneis agus do shúbhailceis, ní chluintear anois acht torman na g-cárr agus callán tighe an óil! Strócadh
do thighthe bheannuighthe le daoinibh gan chéill, agus gan croidhe! Níor fágadh againn acht na faoileoga deasa bána agus an abhainn; beidh siadsan ann go bráth, acht ceól milis na g-cliar agus bururus na n-eun ag leigheadh air dharacaibh Dhoire Columcille, ní chluin- tear iad níos mó! Críoch.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services