Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Smuainte Cois na Fairrge.
Title
Smuainte Cois na Fairrge.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Compiler/Editor
Ó Gramhnaigh, Eoghan
Composition Date
1892
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
SMUAÍNTE COIS NA FAIRRGE. Leis an gCraoibhin Aoibhinn. Do sheas 's do shuidh mé le h-ais na taoide Air charraig ísill le muinéal crom, Ag deunamh smuaínte 's go síor ag caoineadh Na ndaoine díleas bhí trath liom ann. A Mhuire dhílis! cad fáth nach gcaoinfinn, An uair smuaínim air an dteampoll lom An trath chuimhnighim, mo crádh! air dhaoinibh Atá 'nois sínte faoi fhód glas trom.
Ní'l áit le fághail ann san tsaoghal lán A dhúisgeas crádh agus brón mo chroidhe Mar amharc na fairrge glaise gairbhe O bhárr charraige 's nach áidhbheul í? Is ann sin thagann im' chuimhne chráidhte An t-am budh áluinn, an t-am do bhí, Nuair bhí mé snasta aigeantach gasta Misneamhuil láidir ag siúbhal mo shlighe. Na coille tiugha, na purtaigh dubha, Taobh an locha, an móinfheur bán, An baile-mór, no an tsraíd, nó an bóthar Nó teach an ósta na g-crúisgín lán! Ni féidir leó-san bhaint dhíom mo bhróin-se Tá m'inntinn shócamhuil dul air fán Faoi amharc na fairrge glaise gairge Torranach dathamhuil lasta lán. Go fíor 's go dearbh is rud ró-shearbh Cuimhniughadh na marbh gan maith gan fáth, Aimsir gheanamhuil, cómhradh greannamhail, Breugadh banamhail, gean a's grádh. Acht óró! is brónaighe 'na aon rud chómhairi- gheas Thu do bheith eólach go raibh tú tráth Spórtamhail, seunmhar, aigeantach, éudtrom 'S anois go bhfuil tú gan seun gan ráth.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services