Corpas Stairiúil na Gaeilge
1600 - 1926
Foclóir Stairiúil na Gaeilge
Cuardaigh an Corpas
Cartlann Téacsanna 1600-1926
Adventures of Edmund O'Cleary (Continued).
Teideal
Adventures of Edmund O'Cleary (Continued).
Údar
Ó Neachtain, Seághan,
Bailitheoir/Eagarthóir
Pléimeann, Seán (Fleming, John)
Dáta cumtha
1890
Foilsitheoir
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Cuardaigh Téacsanna
Focal/Frása le cuardach
Cineál Cuardaigh
Ceannfhocal
Caighdeán
Meaitseáil Chruinn
Frása
Cineál Focail
Gach cineál
Aidiacht
Ainmfhocal
Réamhfhocal
Forainm
Briathar
Ainm Briathartha
Prós/Filíocht
Prós agus Filíocht
Prós
Filíocht
Socraigh Dátaí
1600
1926
ADVENTURES OF EDMOND O'CLEARY. We have seen in the last journal the terms on which Miss Propriety Fortune would es- pouse O'Cleary. The sequel is told below - Ná bíodh sin 'na anshocrachd ort, ar Éadhmonn, óir biadh mé chomh dílios duit agus bhias mé do'n anam atá in mo chliabh. Do pósadh ann so iad, agus do bhíodar treall d'á n-aimsir go suaimhneach, socair, grádhach re chéile; go g-cualaidh Éadhmonn, lá n-aon, trácht fada fóirleathan air neart agus air dhochlaoidhteachd an fhathaigh; agus gur ghlac eud agus tnúth ádhbhal é fo'n n-angcail agus fo'n d-tásg do bhí go gene- rálta air neart neamh-chuimhsighthe an athaigh; agus do chuaidh go mil-bhriathrach do fhoraid a mhná, agus d'aisc cead uirre fulang do a chumus d'fheuchain leis an bh-fathach. Do fhreagair an machaomh-mna go sochmaigh, stuama, deiscreideach, é, agus a deór air a gruaidh, aig rádh — ó, a Éadhmoinn, Éadhmoinn, an í sin do gheallamhain damh-sa, a Éadhmaoin? Ar an m-bachul Phádruig, ar Éadhmonn, gé bé air bith geallamh do thug mé dhuit ní fhúileona mé sgléip an mheirligh úd d'im- theacht gan smachtughadh. Ar Fiontuinn, ar ise, má ghnídh tu sin, ní shínfadsa mo thaobh deas nó clé leat go forbhruinne an bhrátha. Ar Fiontuinn, ar e-sean, má ghnídh tú sin féin, ní stadfaidh sé mise, agus innis dam cá bh-fuil bunáit an té air a bh-fuil tú trácht? Srathaigh, sileach, siubhlach, siothbhos- deach é, ar sí, bhíos le draoigheacht, agus le dolfa in iliomad d'ionadaibh a n-éinfheacht, air son, gurab in Áth-Cliath atá a longfort agus a righ-theaghlach. Ní chuirfidh do chraobhsgaoileadh fá deara dhamh-sa mo thionnsgnadh a chur i n-dearmad [ar sé]; agus ní mó áthróchas (aithreóchas) mé m'inntinn go comhrach dam leis an arrachtain sin. Agus ann son do bhain brui- deadh meanmann ann, gur ghluais gan mhoill, in aithghiorra gacha conaire, go h-úir iathbháin leargach Laighean, agus go bántach biatach droma coll-choille. I. Áth-Cliath, agus an óigh óg so air laimh leis. Is iomdha áit air a m-bealach ar shaoil an fathach éirthe slíghe thabhairt do. Ní raibh ráth no baile ar ghabh tríd nar chuir an fathach comhartha agus sighne dubhshlána an uile thaisdiollach, gidheadh níor fhreagair an curadh so é, in aon ionad, no go ráinig achadh an Droma d'a n-goirthear anois sráid Shan Tomás, i n-dorus Átha Cliath. Do bhí fo'n am g-céadna a d-táinig an curadh so fo'n achadh, iomad de chlannaibh ríogh agus ro- fhlatha; de shaoithibh saora, seod-bhronntacha; de shloightibh daora díosgar-sluaigh; agus de mhnáibh seanga siothaille air an tulach; dár bheannuigh Éadmonn go miochair, muinn- teardha, aig fiafruígh de gach n-aon fo sheach
ar bh'aithnid dóibh an fathach, Cuirm Searbh a n-Deireadh. Is eól cheana, ar aon de'n chomhchruinniúghadh: cread í do mhian leis? Ata ar e-sean, fáth mo thuruis do'n tír-son a comhlann leis: oir do chualaidh mé teisd mhór air mhéid a neirt, agus a dhraoidheachta agus air a mhimhúinteacht. Go deimhin, ar an cathruightheoir, ní gnath leis an duine sin é féin do cheilt; agus mo chomhairle dhuit gan buain uime: oir is fíor anamh do sgaras duine air bith leis gan cuid d'a chomharthaibh. Agus má tá dúil agat-sa spáirn no comhrac do dheanadh leis, rachaidh mise go toiltionach d'á ghairm chugat. Na téidh, ar an chumhal do bhí 'na aice an tan sin, .i. an Iomchuibheacht, Inghean Fortuin, agus má bhaineann de'n dul so buailfighthear é; agus fairre sin, sgarfaidh mise leis. Ar Fiontuin, ar an gaisgidheach, da m-biadh a neart mar neart Hercules do thóigeadh na sléibhte; agus a ghaois, mar ghliocas Chongchulainn, d'fheachainn-si mo neart leis, gan tlás gan time, agus goirtear air. Do goireadh air a impidhe an fathach; agus comh doich agus do tháinig fán toichim agus fa'n tuarasgbháil sin, d'feuch go claon mailí- seach air an innilt óig do bhí a bh-fochair an churaidh, agus a dubhairt go m-biadh aige féin no go d-tuit[f]eadh leis. An tráth chonnairc an gaisgidheach méad a shotail, a dubhairt de bhriathraibh árda, sochlosda, nach budh leis í gan comhlann teann, tinneas- nach, thar a ceann. Feuchaim an bh-fuil sin de mheisneach agad, ar an t-athach. Atá, ar Éadhmonn. Is ann sin do ionnsuigheadar an dias sin a chéile, mar dhá leomhan ligthe, líomhta, lánchalma; nó mar dhá mhathghamhuin mhillteacha, mhór-uathbhásacha; nó mar dhá earruadh-thuile ag tuitim a g-cionn a chéile in aon aill; nó mar dhá ghribhingne mheara mhoirghniomhacha. Treimhse fada ag spáirn, agus ag speirlinn ag gabhail de bhasaibh, agus de dhornaibh i n-aghaidhibh agus i ngnu- isibh a chéile; seal eile, ag gabhail de sgeana geura, glasa, i n-inchinnibh agus a n-asnacha a chéile, agus de phreabaibh diana deirfeach i n-íochdar bronn agus bolg a chéile, gan fios ag amhrcaigh, cia dhíobh is mó air araibh cosamhlach buadha air feadh seacht n-uaire de ló. VOCABULARY. Anshocrachd, uneasiness: ná bíodh sin, let not that be, 'na a. ort, an uneasiness to thee (in its uneasiness). Oir b. mé chomh dileas duit, I will be as faithful to thee; biadh for biaidh, or beidh, fut. tense. Agus as, do'n = do an, to the anam, soul or life, cliabh, breast. Treall, a short space; d'á n-aimsir of their time, go s. s. g. re céile, peaceful, quiet, loving, together or to each other, tracht air, talk of, do - chlaoidhteachd, the unconquerableness; éad agu tnúth, jealousy and envy. Ead in Munster is pronounced iad, but not like iad, them: let those who do not speak Irish get a native to pronounce these words for them. Adhbhal, great. Fó'n = fa an, on account of the angcail, great reputation, tasg, renown, neamh- chuimsighthe, unbounded, very great, athaigh = fhataigh of the giant. [Mil-bhriathrach, with honied words. Do fhoraid (fharadh) a mhná, into the presence of his wife. D'airc cead uirre, he asked leave of her (after verbs of asking, etc., air is translated by of. Fulang do (a fhulang do, or é d'fhulang do), to suffer to him Leig do, ceaduigh dho, let him, allow him, etc. A chumus d'feuchain leis an bh-fathach, to try his strength with the giant. Feuch liom é, leis é, try me, him, with it (at it). O'Don. Gr., top of p. 313. [Sochmaigh, abstemious; O'R. This is not exactly the meaning here, sedate, stuama, temperate; an i sin do gheallamhuin damh-sa, is this what thou didst pro- mise to me? Bachul, a crozier; ar = (dar, by) an m-bachul ph., by Patrick's crozier; geallamh = geallamhuin; ní fuileóna me, I will not suffer, sgléip, ostentation; we have seen this word meaning a fight heretofore. Go forbh- ruinne an Bhrátha, to the time of the judgement. Bunait, dwelling: srathaigh, a stroller, but I do not recollect the word; síleach, straying, siboideach, drunken; iliomad, a great number, d'ionadaibh, of places; righ-theaghlach, regal residence. [Cur fá deara, to induce; ní ch. do chraobhsgaoileadh, fa deara damh fa, your preaching will not induce me. See Joyce's Gr., p. 118, idiom 6. Tionnsgnadh, a project, to chur i n-dearmad, to put in abeyance (into forgetfulness). Agus ní mó, nor; literally, 'and not more;' athrochas me m'intinn, will I alter my resolution, go comrac dam, until I fight. Joyce's Gr., p. 118, idiom 4, for dam, leis an arracht sin, with that spectre. [Bruideadh, excitement : do bhain bruideadh meanmann ann. Do bhain = do bhuail, took; excitement of mind took [possession of] him. The author of Aonach Beárna na gaoithe, says of a runaway horse do bhuail raoig [ráig] í a's taom, a frenzy and a fit took her. By the way, O'R. writes raigh for ráig. Iathbhán, white-land, leargach, steep, bántach bia- tach; bántach very likely = iath-bhan, and biatach, hospitable. Droma gen. of drom, or druim, a ridge. Coll-choille i of the hazel wood, viz. Dublin. A little lower he says, Achadh an Droma, the Field of the Ridge is now Thomas-street. Is iomdha áit, it is many a place, ar an m-belach, on the road, ar shaoil an fathach, the giant thought,
eirghe slighe thabhairt do, to do him a wrong. Eirghe slighe is still said in Waterford in this sense of wrong or injustice, as if a waylaying, or highway robbery; but instead of tabhairt do, to give him, they say in Waterford a dheanadh air, to make upon him. Take particular notice of áit … ar shaoil. Ar = a which, r. an abbreviation of ro, sign of past tense, and shaoil, did think, Before ar, the prep. ann, in, is understood: áit ann ar saoil, a place in which he thought. This expression áit ar, is so very common in the langnage that speakers and writers very seldom express the prep., but it is always understood. Take notice of it, I say; we will want it by-and-by. [Ni raibh ráth ná baile ar ghabh tridh: ar = a, which, and r. as before; the a is governed by de understood (de a ro gabh) of those which he passed through, comhartha agus righne, a token and a sign, dubhshlána an uile th. of defiance to every traveller, viz., the sign-board. San Tomás, St. Thomas. [Fó'n am g-ceadna, at the same time. Ro fhlatha, of real princes. Seud-bhronnthacha, figt-bestowing, diosgar- shluagh, the rabble. Seang, slender, or courteous; sioth-aile, fine, spriritual. Ar bh'aithnídh dóibh an fathach, did they know the giant; is eól cheana, indeed we know him. Ceana, already, indeed, is eól, it is knowledge [to us], i.e., we know him. Cread í do mhian leis? What is thy wish with him? A comhlann leis, to fight with him. Míomhinteacht, in prudence. [Cathruightheoir, a citizen. Gan buain uime = gan buain leis, to have nothing to do with him: go tailtionach, willingly: ma bhaineann = ma bhuaineann, if he does meddle with him. De'n dul so, on this occasion, buailfighthear = buailfear, he will be beaten. [Faire sin = fairis sin, along with that, moreover. D'fheachainn, I would try. Fa'n toichim, to the place, fán' tuarasgbhail is a little strange; the meaning must be at he invitation: it literally means character or report. Innilt, a handmaid. Sotail, arrogance. Nach biadh sí leis (aige), that he should not have her; tinneasnach, powerful. Tar a ceann, for; on ac- count of. [Ligthe, in Waterford, licithe, applied to a man, tall, pliant; mathgamhuin, a bear; eas, a cataract. Grimhingne (griom), a griffin, ingne, claws. Amharcaigh, spec- tators.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Úsáid Fianáin
Website developed by Niall O'Leary Services