Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Adventures of Edmund O'Cleary (Continued).

Title
Adventures of Edmund O'Cleary (Continued).
Author(s)
Ó Neachtain, Seághan,
Compiler/Editor
Pléimeann, Seán (Fleming, John)
Composition Date
1890
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

ADVENTURES OF EDMOND
O'CLEARY.



We have seen in the last journal the terms
on which Miss Propriety Fortune would es-
pouse O'Cleary. The sequel is told below -




Ná bíodh sin 'na anshocrachd ort, ar
Éadhmonn, óir biadh mé chomh dílios duit
agus bhias mé do'n anam atá in mo chliabh.
Do pósadh ann so iad, agus do bhíodar
treall d'á n-aimsir go suaimhneach, socair,
grádhach re chéile; go g-cualaidh Éadhmonn,
lá n-aon, trácht fada fóirleathan air neart
agus air dhochlaoidhteachd an fhathaigh; agus
gur ghlac eud agus tnúth ádhbhal é fo'n
n-angcail agus fo'n d-tásg do bhí go gene-
rálta air neart neamh-chuimhsighthe an athaigh;
agus do chuaidh go mil-bhriathrach do fhoraid
a mhná, agus d'aisc cead uirre fulang do a
chumus d'fheuchain leis an bh-fathach. Do
fhreagair an machaomh-mna go sochmaigh,
stuama, deiscreideach, é, agus a deór air
a gruaidh, aig rádh — ó, a Éadhmoinn, Éadhmoinn,
an í sin do gheallamhain damh-sa, a
Éadhmaoin?



Ar an m-bachul Phádruig, ar Éadhmonn,
gé bé air bith geallamh do thug mé dhuit ní
fhúileona mé sgléip an mheirligh úd d'im-
theacht gan smachtughadh. Ar Fiontuinn, ar
ise, má ghnídh tu sin, ní shínfadsa mo thaobh
deas nó clé leat go forbhruinne an bhrátha.
Ar Fiontuinn, ar e-sean, má ghnídh tú sin
féin, ní stadfaidh sé mise, agus innis dam
cá bh-fuil bunáit an té air a bh-fuil tú
trácht? Srathaigh, sileach, siubhlach, siothbhos-
deach é, ar sí, bhíos le draoigheacht, agus le
dolfa in iliomad d'ionadaibh a n-éinfheacht,
air son, gurab in Áth-Cliath atá a longfort
agus a righ-theaghlach.



Ní chuirfidh do chraobhsgaoileadh fá deara
dhamh-sa mo thionnsgnadh a chur i n-dearmad
[ar sé]; agus ní mó áthróchas (aithreóchas)
mé m'inntinn go comhrach dam leis an
arrachtain sin. Agus ann son do bhain brui-
deadh meanmann ann, gur ghluais gan
mhoill, in aithghiorra gacha conaire, go h-úir
iathbháin leargach Laighean, agus go bántach
biatach droma coll-choille. I. Áth-Cliath,
agus an óigh óg so air laimh leis. Is iomdha
áit air a m-bealach ar shaoil an fathach
éirthe slíghe thabhairt do. Ní raibh ráth no
baile ar ghabh tríd nar chuir an fathach
comhartha agus sighne dubhshlána an uile
thaisdiollach, gidheadh níor fhreagair an curadh
so é, in aon ionad, no go ráinig achadh an
Droma d'a n-goirthear anois sráid Shan
Tomás, i n-dorus Átha Cliath. Do bhí fo'n
am g-céadna a d-táinig an curadh so fo'n
achadh, iomad de chlannaibh ríogh agus ro-
fhlatha; de shaoithibh saora, seod-bhronntacha;
de shloightibh daora díosgar-sluaigh; agus
de mhnáibh seanga siothaille air an tulach;
dár bheannuigh Éadmonn go miochair, muinn-
teardha, aig fiafruígh de gach n-aon fo sheach


L. 18


ar bh'aithnid dóibh an fathach, Cuirm Searbh
a n-Deireadh. Is eól cheana, ar aon de'n
chomhchruinniúghadh: cread í do mhian leis?
Ata ar e-sean, fáth mo thuruis do'n tír-son
a comhlann leis: oir do chualaidh mé teisd
mhór air mhéid a neirt, agus a dhraoidheachta
agus air a mhimhúinteacht. Go deimhin, ar an
cathruightheoir, ní gnath leis an duine sin é
féin do cheilt; agus mo chomhairle dhuit gan
buain uime: oir is fíor anamh do sgaras
duine air bith leis gan cuid d'a chomharthaibh.
Agus má tá dúil agat-sa spáirn no
comhrac do dheanadh leis, rachaidh mise go
toiltionach d'á ghairm chugat. Na téidh, ar
an chumhal do bhí 'na aice an tan sin, .i. an
Iomchuibheacht, Inghean Fortuin, agus má
bhaineann de'n dul so buailfighthear
é; agus fairre sin, sgarfaidh mise leis.
Ar Fiontuin, ar an gaisgidheach, da m-biadh
a neart mar neart Hercules do thóigeadh
na sléibhte; agus a ghaois, mar ghliocas
Chongchulainn, d'fheachainn-si mo neart leis,
gan tlás gan time, agus goirtear air. Do
goireadh air a impidhe an fathach; agus comh
doich agus do tháinig fán toichim agus fa'n
tuarasgbháil sin, d'feuch go claon mailí-
seach air an innilt óig do bhí a bh-fochair an
churaidh, agus a dubhairt go m-biadh aige
féin no go d-tuit[f]eadh leis. An tráth
chonnairc an gaisgidheach méad a shotail, a
dubhairt de bhriathraibh árda, sochlosda, nach
budh leis í gan comhlann teann, tinneas-
nach, thar a ceann. Feuchaim an bh-fuil sin
de mheisneach agad, ar an t-athach. Atá, ar
Éadhmonn. Is ann sin do ionnsuigheadar
an dias sin a chéile, mar dhá leomhan ligthe,
líomhta, lánchalma; nó mar dhá mhathghamhuin
mhillteacha, mhór-uathbhásacha; nó mar dhá
earruadh-thuile ag tuitim a g-cionn a chéile
in aon aill; nó mar dhá ghribhingne mheara
mhoirghniomhacha. Treimhse fada ag spáirn,
agus ag speirlinn ag gabhail de bhasaibh,
agus de dhornaibh i n-aghaidhibh agus i ngnu-
isibh a chéile; seal eile, ag gabhail de
sgeana geura, glasa, i n-inchinnibh agus a
n-asnacha a chéile, agus de phreabaibh diana
deirfeach i n-íochdar bronn agus bolg a
chéile, gan fios ag amhrcaigh, cia dhíobh is
mó air araibh cosamhlach buadha air feadh
seacht n-uaire de ló.



VOCABULARY.



Anshocrachd, uneasiness: ná bíodh sin, let not that be, 'na
a. ort, an uneasiness to thee (in its uneasiness).
Oir b. mé chomh dileas duit, I will be as faithful to
thee; biadh for biaidh, or beidh, fut. tense. Agus as,
do'n = do an, to the anam, soul or life, cliabh,
breast.



Treall, a short space; d'á n-aimsir of their time, go
s. s. g. re céile, peaceful, quiet, loving, together or
to each other, tracht air, talk of, do - chlaoidhteachd,
the unconquerableness; éad agu tnúth, jealousy
and envy. Ead in Munster is pronounced iad, but
not like iad, them: let those who do not speak
Irish get a native to pronounce these words for them.
Adhbhal, great. Fó'n = fa an, on account of the
angcail, great reputation, tasg, renown, neamh-
chuimsighthe, unbounded, very great, athaigh = fhataigh
of the giant. [Mil-bhriathrach, with honied words.
Do fhoraid (fharadh) a mhná, into the presence of his wife.
D'airc cead uirre, he asked leave of her (after verbs
of asking, etc., air is translated by of. Fulang do
(a fhulang do, or é d'fhulang do), to suffer to him
Leig do, ceaduigh dho, let him, allow him, etc. A
chumus d'feuchain leis an bh-fathach, to try his strength
with the giant. Feuch liom é, leis é, try me, him,
with it (at it). O'Don. Gr., top of p. 313.



[Sochmaigh, abstemious; O'R. This is not exactly the
meaning here, sedate, stuama, temperate; an i sin
do gheallamhuin damh-sa, is this what thou didst pro-
mise to me?



Bachul, a crozier; ar = (dar, by) an m-bachul ph., by Patrick's
crozier; geallamh = geallamhuin; ní fuileóna me,
I will not suffer, sgléip, ostentation; we have seen
this word meaning a fight heretofore. Go forbh-
ruinne an Bhrátha, to the time of the judgement.



Bunait, dwelling: srathaigh, a stroller, but I do not
recollect the word; síleach, straying, siboideach,
drunken; iliomad, a great number, d'ionadaibh, of
places; righ-theaghlach, regal residence.



[Cur fá deara, to induce; ní ch. do chraobhsgaoileadh, fa
deara damh fa, your preaching will not induce me.
See Joyce's Gr., p. 118, idiom 6. Tionnsgnadh, a
project, to chur i n-dearmad, to put in abeyance
(into forgetfulness). Agus ní mó, nor; literally,
'and not more;' athrochas me m'intinn, will I alter
my resolution, go comrac dam, until I fight.
Joyce's Gr., p. 118, idiom 4, for dam, leis an arracht
sin, with that spectre.



[Bruideadh, excitement : do bhain bruideadh meanmann
ann. Do bhain = do bhuail, took; excitement of
mind took [possession of] him. The author of
Aonach Beárna na gaoithe, says of a runaway horse
do bhuail raoig [ráig] í a's taom, a frenzy and a fit
took her. By the way, O'R. writes raigh for ráig.
Iathbhán, white-land, leargach, steep, bántach bia-
tach; bántach very likely = iath-bhan, and biatach,
hospitable. Droma gen. of drom, or druim, a
ridge. Coll-choille i of the hazel wood, viz.
Dublin. A little lower he says, Achadh an Droma,
the Field of the Ridge is now Thomas-street. Is
iomdha áit, it is many a place, ar an m-belach, on
the road, ar shaoil an fathach, the giant thought,


L. 19


eirghe slighe thabhairt do, to do him a wrong.
Eirghe slighe is still said in Waterford in this sense of
wrong or injustice, as if a waylaying, or highway
robbery; but instead of tabhairt do, to give him,
they say in Waterford a dheanadh air, to make upon
him. Take particular notice of áit … ar shaoil.
Ar = a which, r. an abbreviation of ro, sign of past
tense, and shaoil, did think, Before ar, the prep.
ann, in, is understood: áit ann ar saoil, a place in
which he thought. This expression áit ar, is so
very common in the langnage that speakers and
writers very seldom express the prep., but it is
always understood. Take notice of it, I say; we
will want it by-and-by.



[Ni raibh ráth ná baile ar ghabh tridh: ar = a, which, and
r. as before; the a is governed by de understood (de
a ro gabh) of those which he passed through,
comhartha agus righne, a token and a sign, dubhshlána
an uile th. of defiance to every traveller, viz., the
sign-board. San Tomás, St. Thomas.



[Fó'n am g-ceadna, at the same time. Ro fhlatha, of real
princes. Seud-bhronnthacha, figt-bestowing, diosgar-
shluagh, the rabble. Seang, slender, or courteous;
sioth-aile, fine, spriritual. Ar bh'aithnídh dóibh an
fathach, did they know the giant; is eól cheana,
indeed we know him. Ceana, already, indeed, is
eól, it is knowledge [to us], i.e., we know him.
Cread í do mhian leis? What is thy wish with him?
A comhlann leis, to fight with him. Míomhinteacht,
in prudence.



[Cathruightheoir, a citizen. Gan buain uime = gan buain
leis, to have nothing to do with him: go tailtionach,
willingly: ma bhaineann = ma bhuaineann, if he does
meddle with him. De'n dul so, on this occasion,
buailfighthear = buailfear, he will be beaten.



[Faire sin = fairis sin, along with that, moreover.
D'fheachainn, I would try. Fa'n toichim, to the place,
fán' tuarasgbhail is a little strange; the meaning
must be at he invitation: it literally means character
or report. Innilt, a handmaid. Sotail, arrogance.
Nach biadh sí leis (aige), that he should not have her;
tinneasnach, powerful. Tar a ceann, for; on ac-
count of.



[Ligthe, in Waterford, licithe, applied to a man, tall, pliant;
mathgamhuin, a bear; eas, a cataract. Grimhingne
(griom), a griffin, ingne, claws. Amharcaigh, spec-
tators.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services