Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Air an m-Bás.
Title
Air an m-Bás.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Pléimeann, Seán (Fleming, John)
Composition Date
1887
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
AIR AN M-BÁS. A Sermon spoken literally as below very recently. Soisgeul an xv. Domhnaigh deís Cíngcíse ann so:— “'San am san, etc.” Ní'l sé ró fhada a dhr. ó righne me an soisgeul so do mhíniugadh do reír a chéille spioradálta, thugas teagasg díbh air bhás spioradálta an anma, agus air an b-peacadh a chuireann 'san riocht-san é: andiu is mían liom beagán focal a rádh air an m-bás nádúrtha a tá i n-dán dúinn go léir. Tá sé ceapuighthe do gach n-aon de'n chine daonda bás do fhaghail aon uair amháin, agus tar éis an bháis tagann an breitheamhnas. Ni'l
nídh air bith is fírinnighe 'ná go bh-fuilmíd go léir ag tríall air an t-síorruidheacht gach lá do eirgheann orrainn, acht cá h-am 'ná cá h-áit a thiocfas an ghlaodhach orrainn ní'l aon fhios againn; mar do réir ár Slánuightheóra “tiocfas an bás i gan-fhios mar ghaduidhe 'san oídhche.” Dá réir sin tiocfas an lá úd orrainn go leír — orraibh-si a dr. agus orm- sa — nuair a chaithfimid imtheacht as an sao- ghal so; tiocfas an t-am nuair nach m-bheidh- míd le feicsin níos mó; beidhthear ag guidhe le 'n ár n-anam, agus beidh trácht orrainn ameasg na g-comharsan air feadh tamaill, beidh daoine ag eug-caoineadh orrainn, agus ár muinntir feín ag caoi-ghul air feadh sgathaimh, cuirfeas sgeula ár m-báis úaig- neas air dream, agus uathbhás air dream eile, acht ní sheasochaidh so i bh-fad, mar tar éis dúinn a bheith as radharc tamall beidhmíd go luath as chuimhne chomh maith; an san ní bheidh trácht ná tuairisg orrainn agus deun- faidh an saoghal 'n ár n-eugmais chomh maith a's nar rabhamar aríamh ann. Acht a dr. an g-cuirfeas an bás deire linn go h-iomlán? Cuirfidh sé deire le 'n ár m-beatha san sao- ghal so acht is é tionnsgnughadh an t-saogail eile é. Tá an bás mar dhoras air an t-síorruidheacht — doras a g-caithfimíd go léir dul tríd — doras a fhosgaileann amach air bhealach do bheurfas sinn i látair Dé, chum seilbh do fhaghail ann, nó é chailleamhuin go bráth a's choídhche. O! nach cuma dhuinn an san dé 'n t-slighe beatha bhí aguinn air an saoghal so, muna righne sé sinn do threo- rughadh chum Dé. Nach cuma dhúinn cia aca saoghal fada nó saoghal gairrid a bhí aguinn, cia aca i rachmas nó i n-anachra a chaitheamar é, cia aca rathamhail no gan rath a bhí ár saothar, cia aca fé mheas a bhídheamar nó fé tharcaisne, mar anois atá deire go brath leis na neithibh seo, tá ár d-turas tabhartha, tá ár saothar deunta. O! nach mairg dúinn nach nglacamaoid cómhairle ó n m-bás mar is é an comhairleóir maith é. “Cuimhnigh air do chrích a's ní thuitfidh tu san b-peacad go bráth.” Anois chum an uair chrith- eaglach san do thabhairt chum ár n-inn- tinn go soilleír measamaoid go b- fuilmíd i láthair duine a tá ag faghail bháis. Tá an sagart tar eís a bheith i n-a fhochair, tá sé tar éis a fhaoisidín do éisteacht agus an ola bheannuighthe a chur air, agus atá an deoraidheach bocht ag fanacht leis an órdughadh chum imtheacht as an saoghal so. Feuch air sínte síar go tréith lag, agus duagh an bháis air. Tá a bhrígh a's a lúth ag imtheacht as, tá sé ag cailleamhuin a mheamhrach a's a mhothuighthe, agus ag tionsgnughadh ag speamh- raighde; tá a anáil gairrid agus a ucht ag eirghe agus ag tuitim leis an ualach atá air a chroidhe. Tá sgáil ag teacht air a shúilibh agus an solus ag imtheacht asta, agus a mhala fliuch le fuar-allus. Ta fuacht ag teacht 'na rathachaibh agus a chuid féitheach ag crapadh. Ta grothal an bháis ag teacht 'na sgórnach, agus le h-osnadh fada dochrach imthigheann an t-anam as. Seo radharc a dhr. chidhmíd go minic, agus beidh sé mar chás aguinn féin go luath. Deunamaoid anois an t-anam do lean- mhuin air imtheacht do as an g-colann. Tar éis dúiste dho air an d-taobh thall de'n m-bás faghann sé é feín ann dúithche uaig- neach, ait, gan fios aige cá bh-fuil sé dá threorughadh. Airigheann sé 'na thimchioll glórtha neamhchoitionnta mar fuaim na fairge, agus gutha i g-cosamhlacht le siol- laidhibh gaoithe. Chidheann sé (d'réir mar a mheasamaois san saoghal so) go bh-fuil sé 'na sheasamh air bhruach faille, cois fairge fraochmhaire teinne, agus í sin gan cuan gan caladh, gan port gan tráigh. Chidheann sé ag snámh san daigheagán sin anamnacha daoineadh do imthig roimhe as an saoghal so, agus íad dá luasgadh anonn 's anall i n-gaisidhibh teinne. Ós a cheann anáirde tá soillseacht glóire agus Iosa Críost ag teacht air chathaoir solais chum breith- eamhnas do thabhairt air. Ós a chomhair amach atá leabhar ann a bh-fuil sgríobhtha síos go soilléir a pheachaidhe uile gan mear- bhal ná dearmad. Tá na droich-spioraid
taobh leis ag íarradh an chúis a chur na choinne agus na spioraid mhaithe ag plé air a shon. Níos luaithe ná is feídir é d'innsint tá an bhreitheamhnas tabhartha, agus d'réir mar atá peacaidhe a shaoghail glanta amach le h-aíthrighe agus le leórghníomh nó mar a thug sé leis go d-tí an saoghal eile íad gan a bheith maithte dho ionnta, beirthear suas é chum árais na n-aingeall, nó sgiobtar sios é go d-tí ifrionn na n-deamhan chum a b-pianta do fhulaing air feadh na síarrui- dheachta. O a bháis! O a bhreitheamhnais! dé chúis nach g-cuimhnighmíd orraibh níos mionca? Cad fá a dhr. a bh-fuilmíd ag ruith i n-díagh ár g-cinn asteach i m-beul an leoghain agus i g-clab na péiste? Íarramaois air Dhía na trócaire grása thabhairt dúinn go g-cuimh- neoghamaois le tairbhe air an m-bás agus air an t-síorruidheacht, chum go m-beidhmís ullamh, 'nuair a thiocfas an ghlaodhach orrainn, dul i láthair Íosa Críost ár n-Día agus ár m-breitheamh. Cuirimís sinn féin fé choimire na Maighdeana Muire, iarramaois uirre sinn a threorughadh i m-bealach ár leasa, 'san saoghal so; sinn a chosaint air chealgaibh an namhad gach tráth, agus go mór mhór le linn ár m-báis, agus fé thearmann mháthar mhic Dé beidhmíd gan bhaoghal ag dul go breith- eamhnas, agus le cungnamh Dé ní dheunfaidh ár Slánuightheóir sinn do dhaoradh.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services